EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Blastáin bia

Blastáin bia

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 maidir le blastáin le húsáid i mbianna agus ar bhianna

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

  • Leagtar síos ann ceanglais ghinearálta maidir le húsáid shábháilte blastán* i mbia.
  • Áirítear ann freisin ceanglais áirithe maidir le lipéadú, mar shampla, nach mór áird a thabhairt orthu.
  • Tá liosta ann, in iarscríbhinn, de bhlastáin atá ceadaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní bheidh riosca sábháilteachta do thomhaltóirí (bunaithe ar fhianaise eolaíochta atá ar fáil) ag baint le blastáin ná ní chuirfidh siad tomhaltóirí amú.
  • Sainmhínítear sa rialachán cad is blastáin ann, substaintí blaistithe, ullmhóidí blaistithe, blastáin deataigh, blastáin próisis theirmigh, réamhtheachtaithe blais agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu mar shampla.
  • Níl feidhm leis an reachtaíocht i gcás substaintí nach bhfuil ach blas milis (e.g. siúcra), salainn (e.g. salann) nó goirt orthu go heisiach, nó bia amh nó meascáin mar spíosraí agus/nó luibheanna úra, triomaithe nó reoite, nó taenna agus insiltí. Is ionann substaintí a úsáidtear chun blas milis a chur ar bhianna is milseoirí arb ionann iad is catagóir sonrach de bhreiseáin bia.
  • Leagtar amach ann freisin na cineálacha blastán a chaithfidh teacht faoi phróiseas measúnachta agus ceadaithe agus cinn nach gcaithfidh.
  • Ghlac an AE le liosta de shubstaintí blaistithe ceadaithe an 1 Deireadh Fómhair 2012. Níl cead ach na substaintí blaistithe sin a úsáid i mbia agus ar bhia san AE agus a dhíol san AE. Déantar an liosta sin a nuashonrú go tréimhsiúil.
  • Áirítear sa rialachán freisin liosta de 15 shubstaint atá ann go nádúrtha agus ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta. Áirítear orthu sin eistriogóil, meantafúrán, meitileoganól, aigéad hidricianach agus cúmairín agus ní cheadaítear iad a chur amhlaidh i mbia. Leagtar amach uasleibhéil i dtaobh substaintí áirithe atá go nádúrtha i mbia. D’fhéadfadh siad a bheith i mbianna áirithe mar bhianna traidisiúnta nó i ndeochanna meisciúla nó neamh-mheisciúla.
  • Maidir le lipéadú, chomh maith le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bia a chur ar fáil do thomhaltóirí ar lipéadú a chomhlíonadh ní mór do bhlastáin a dhíoltar ó ghnó go gnó nó leis an bpobal rialacha sonracha a chomhlíonadh. Tá na rialacha sonracha maidir le lipéadú blastán ar bhia agus i mbia atá le díol leis an bpobal agus ó ghnó go gnó i gceist sa dá rialachán.
  • Ní féidir an téarma “nádúrtha” a úsáidchun cur síos a dhéanamh ar bhlastán ach amháin maidir le substaintí a eascraíonn díreach ó ábhar ainmhí nó glasraí.
  • Ní mór d’oibreoirí gnó bia (táirgeoirí blastán nó allmhaireoirí nó usáideoirí blastán mar an tionscal bia) tuairisciú chuig an gCoimisiún Eorpach ar na méideanna atá curtha acu i mbianna le tréimhse 12 mhí, má iarrtar sin orthu.
  • Ní mór do tháirgeoir nó úsáideoir blastán aon fhaisnéis eolaíochta nó theicniciúil a bhfuil siad ar an eolas faoi nó teacht acu uirthi agus a mbeadh tionchar aici ar mheasúnú sábháilteachta an bhlastáin a chur in iúl don Choimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Eanáir 2011.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Blastáin: substaintí a úsáidtear chun boladh agus blas a chur ar bhia nó boladh agus blas bia a athrú. Cinntítear le rialacha agus caighdeáin aonfhoirmeacha AE nach mbeidh aon riosca do shláinte an duine ag baint leo agus gur féidir iad a úsáid i dtíortha uile an AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lgh 34-50)

Ionchorpraíodh na leasuithe agus na hathruithe i ndiaidh a chéile a rinneadh ar Iarscríbhinní Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de phríomhtháirgí blastáin deataigh le húsáid i mbianna nó ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (OJ L 333, 12.12.2013, lgh. 54–67)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar le liosta de shubstaintí blaistithe dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar thabhairt isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (OJ L 267, 2.10.2012, pp. 1-161)

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna. (IO L 309, 26.11.2003, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.03.2023

Top