EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe: cabhair um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil

Comhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe: cabhair um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2001) 231 final — Comhpháirtíocht éifeachtach a fhorbairt leis na Náisiúin Aontaithe sna réimsí maidir le Cabhair um Fhorbairt agus Gnóthaí Daonnúla

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá an chomhpháirtíocht idir AE agus NA bunaithe ar an aidhm chomhroinnte um theacht ar na pobail is leochailí i ngéarchéimeanna ar fud an domhain agus a bhfulaingt a mhaolú.
  • Cé go bhfuil na tionscadail i leith cabhair dhaonnúil agus comhar forbraíochta atá á ndéanamh ag NA comhordaithe go díreach le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh (an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt — EuropeAid) faoi seach, tá EuropeAid freagrach as comhordú foriomlán an chaidrimh idir NA agus an Coimisiún Eorpach.
  • Leagtar síos sa Chreat-Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin (FAFA) a leasaíodh go deireanach in 2014, na rialacha dlíthiúla is infheidhme maidir le gach comhaontú idir AE agus gníomhaireachtaí NA. Féadfaidh AE agus NA a gcur chuige maidir le comhar a oiriúnú trí:
    • ionstraimí cláraithe ilbhliantúil de bheartas seachtrach Eorpacha dhréachtú in aghaidh na tíre;
    • Rialachán Airgeadais úr AE a chruthú chun níos mó solúbthachta a cheadú maidir le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí NA;
    • an FAFA a athchóiriú idir AE agus NA maidir le bainistíocht airgeadais, rialú agus iniúchadh chláir agus thionscadail NA;
    • méadú a dhéanamh ar ionadaíocht agus ar chosaint thosaíochtaí bheartas AE laistigh de NA trí rialachas iltaobhach.
  • Leagtar síos sa teachtaireacht seo dhá phríomhphrionsabal chun comhar idir AE agus NA a neartú:
    • deighilt an tsaothair idir AE, gníomhaireachtaí NA agus a bpáirtithe ag brath ar a n-inniúlachtaí; agus
    • díriú ar ghníomhaíochtaí forbraíochta chun an bhochtaineacht a laghdú.
  • Tugtar le fios sa teachtaireacht chomh maith go dtugann AE tacaíocht d’eagraíochtaí comhpháirtíochta NA a thagann le tosaíochtaí bheartas AE, agus ag an am céanna déantar maoiniú ilbhliantúil ó dheontóirí éagsúla a chomhordú agus calaois a chomhrac.

CÚLRA

Is é AE (nuair a chuirtear ranníocaíochtaí thíortha AE san áireamh) a dhéanann an ranníocaíocht is mó le maoiniú bhuiséad NA. Le chéile, déanann AE agus NA gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar leibhéal domhanda. Leathnaíonn a gcomhar chuig formhór na réimsí atá cumhdaithe faoi bheartas seachtrach AE agus chuig gach réimse atá cumhdaithe faoi Chairt na Náisiún Aonaithe (síocháin, cearta an duine, gnóthaí eacnamaíocha agus sóisialta, cabhair dhaonnúil agus beartas trádála).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Comhpháirtíocht éifeachtach a fhorbairt leis na Náisiúin Aontaithe sna réimsí maidir le Cabhair um Fhorbairt agus Gnóthaí Daonnúla (COM(2001) 231 final, 2.5.2001)

Nuashonraithe 06.12.2016

Top