EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éiceachórais mhuirí sholoite: cosaint ó iascaireacht ghrinnill ar an mórmhuir

Éiceachórais mhuirí sholoite: cosaint ó iascaireacht ghrinnill ar an mórmhuir

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 — maidir le héiceachórais mhuirí sholoite a chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann na rialacha do shoithí iascaireachta, atá cláraithe i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), a úsáideann gléasanna iascaireachta grinnill* ar an mórmhuir lasmuigh de limistéir arna rialú ag eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh nó sa chás nach bhfuil bearta glactha ag na heagraíochtaí sin do na hiascaigh sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh (ERBIanna)

  • I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, eagraíochtaí idirnáisiúnta is ea iad ERBIanna trína gcomhoibríonn stáit chósta agus stáit eile a bhíonn ag iascaireacht ar an mórmhuir chun stoc éisc a chaomhnú agus a bhainistiú, go háirithe stoc éisc mór-imirceach nó traslimistéir*, go háirithe i limistéar geografach.
  • Tá cumhachtaí bainistíochta ag ERBIanna chun bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhunú amhail teorainneacha gabhála agus iascaireachta, bearta teicniúla agus bearta rialaithe.
  • Tá ról gníomhach ag AE, dá ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht, i líon ERBIanna.

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le soithí ina ndéantar gníomhaíochtaí iascaireachta ag úsáid gléasanna iascaireachta grinnill:

  • lasmuigh de limistéar ERBI;
  • i limistéar ina bhfuil ERBI sa chéim fhorbartha agus inar glacadh bearta eatramhacha chun an comhshaol muirí a chosaint.

Ceadanna iascaireachta speisialta

Ní thugtar údarú i leith gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill ach nuair nach bhfuil an baol ann go ndéanfadh siad damáiste d’éiceachórais mhuirí sholoite. Ní mór do shoithí iascaireachta cláraithe in AE a úsáideann gléasanna iascaireachta grinnill sna limistéir sin cead iascaireachta speisialta a fháil. Ní mór plean mionsonraithe iascaireachta a bheith san iarratas ina sonraítear:

  • an réimse gníomhaíochta;
  • na speicis ar a bhfuiltear ag díriú;
  • an cineál gléasanna a úsáidtear agus an doimhneacht ina n-úsáidfear iad;
  • léarscáil de ghrinneall na farraige ina ndéanfar an iascaireacht, mura bhfuil sí ag an údarás eisiúna.

Eisíonn an tír ina bhfuil an soitheach cláraithe na ceadanna. Ní mór d’údaráis fhreagracha na tíre sin:

  • measúnú a dhéanamh ar na sonraí a bhaineann le héiceachórais mhuirí sholoite sa limistéar atá sonraithe sa phlean iascaireachta sula n-eisíonn siad cead. Sa chás nach bhfuil measúnú eolaíoch cuí ar bith déanta agus curtha ar fáil, ní cheadaítear gléasanna iascaireachta grinnill a úsáid;
  • athruithe ar bith ar an bplean iascaireachta a chur in iúl dóibh chun a mheas cibé an gcuirfear na héiceachórais mhuirí sholoite faoi bhagairt nó nach gcuirfear;
  • cead soithí ar bith nach gcloíonn lena bplean iascaireachta a aistarraingt.

Dúnadh limistéar

Ar aon dul le Rún 61/105 ó Chomhthionól Ginearálta NA de 2006, ní mór do thíortha AE na limistéir a aithint ina bhfaightear éiceachórais mhuirí sholoite nó ina bhféadfaí éiceachórais mhuirí sholoite a fháil ar bhonn na faisnéise eolaíche is fearr atá ar fáil, agus na limistéir sin a dhúnadh d’iascaireacht le gléasanna grinnill. Ní mór dúnadh ar bith a chur in iúl don Choimisiún agus iad a chur in iúl do thíortha eile AE ansin.

Monatóireacht

Déanann breathnadóirí monatóireacht ar ghníomhaíochtaí soithí ar tugadh cead iascaireachta speisialta ina leith go dtí go mbeidh an plean iascaireachta curtha i gcrích. Le linn na tréimhse sin, ní mór do bhreathnadóirí:

  • faisnéis maidir leis an ngabháil a thiomsú;
  • athruithe ar an bplean iascaireachta a shonrú;
  • teagmhas ar bith maidir le héiceachórais mhuirí sholoite a shonrú; agus
  • an doimhneacht ina n-úsáidtear an gléas a thaifeadadh.

Ní mór tuarascáil a chur chuig na húdaráis inniúla sa tír AE lena mbaineann laistigh de 20 lá ó chríoch an mhisin. Cuirtear cóip chuig an gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 31 Iúil 2008.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gléasanna grinnill: gléasanna a úsáidtear i ngnáthchúrsa oibríochtaí iascaireachta a dhéanann teagmháil le grinneall na farraige, lena n-áirítear tráil ghrinnill, dreidirí, eangacha geolbhaigh grinnill, spiléir ghrinnill, potaí agus gaistí.

Stoc éisc traslimistéir: acmhainní iascaigh a dhéanann imirce idir na criosanna eisiaimh eacnamaíoch (i.e. crios farraige a bhfuil cearta speisialta ag tír thairis maidir le hacmhainní muirí a shaothrú agus a úsáid) agus an mórmhuir.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais mhuirí sholoite sa mhórmhuir a chosaint ó ainiarsmaí na hiascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lgh. 8-13)

Nuashonraithe 04.10.2016

Top