EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit AE agus an Íoslainn agus an Iorua

Nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit AE agus an Íoslainn agus an Iorua

 

ACHOIMRE AR:

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn agus an Iorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

Cinneadh 2006/697/CE maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn agus an Iorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

Cinneadh 2014/835/AE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Poblacht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é is cuspóir leis an gcomhaontú seo feabhas a chur ar chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla idir Ballstáit AE agus an Íoslainn agus an Iorua. Féachtar leis le nós imeachta um thabhairt suas* a chur ar bun chun dlús a chur le haistriú daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine ciontaithe agus chun rialuithe leordhóthanacha a áirithiú maidir le barántais ghabhála.
  • Gabhann na páirtithe sa chomhaontú orthu féin cearta bunúsacha a urramú, sonraí pearsanta a chosaint agus diúltú aon duine a thabhairt suas ar bhonn cúiseanna idirdhealaitheacha. Ina theannta sin, cuireann siad a muinín fhrithpháirteach in iúl ina gcórais dlí agus ina gcumas triail chothrom a ráthú.
  • Faomhtar le Cinneadh 2006/697/CE síniú an chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir é a thabhairt chun críche.
  • Le Cinneadh 2014/835/AE faomhtar an comhaontú maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit AE agus an Íoslainn agus an Iorua.

PRÍOMHPHOINTÍ

Barántas gabhála

  • Féadfar barántas gabhála a eisiúint le haghaidh cionta inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála 12 mhí ar a laghad, nó 4 mhí i gcás go bhfuil pianbhreith tugtha cheana nó go bhfuil ordú coinneála déanta cheana.
  • Tarchuirtear an barántas gabhála ina bhfuil sonraí maidir le haitheantas an duine iarrtha, maidir leis an údarás eisiúna, maidir leis an bpianbhreith agus maidir leis an gcineál ciona a luaithe is a fhaightear an duine iarrtha, agus a chuirtear in iúl do Chóras Faisnéise Schengen (CFS) é nó, más amhlaidh nach féidir é sin a dhéanamh, do Interpol.
  • Má thoilíonn an duine leis an tabhairt suas, ba chóir an cinneadh deiridh an barántas gabhála a fhorghníomhú a ghlacadh laistigh de 10 lá tar éis toiliú a thabhairt. I gcásanna eile, ba cheart an cinneadh deiridh maidir leis an mbarántas gabhála a fhorghníomhú a ghlacadh laistigh de 60 lá tar éis na gabhála. I gcásanna áirithe is féidir é seo a shíneadh 30 lá.

Coiriúlacht dhúbailte

I gcás cionta a ngabhann pianbhreith choimeádta 3 bliana ar a laghad leo mar phionós, is féidir leis na páirtithe a dhearbhú nach dteastaíonn coinníoll coiriúlachta dúbailte* uathu i gcás 32 catagóir cionta fad is a bhfuil pianbhreith 3 bliana ar a laghad i gceist leo.

I measc na gcionta sin tá:

  • rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil,
  • sceimhlitheoireacht,
  • gáinneáil ar dhaoine,
  • teacht i dtír gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,
  • gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha,
  • gáinneáil aindleathach ar airm, muinisin agus pléascáin,
  • éilliú,
  • calaois, lena n–áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE,
  • sciúradh ar na fáltais ó choireacht,
  • góchumadh airgeadra, an euro san áireamh,
  • coireacht atá bainteach le ríomhaireacht,
  • coireacht chomhshaoil, lena n–áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá i mbaol agus ar speicis agus ar chineálacha plandaí atá i mbaol,
  • dul isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú,
  • dúnmharú, mórdhíobháil choirp,
  • trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,
  • fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall,
  • ciníochas agus seineafóibe,
  • robáil eagraithe nó armtha,
  • gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n–áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne,
  • caimiléireacht,
  • cambheartaíocht agus sracaireacht,
  • góchumadh agus píoráideacht táirgí,
  • doiciméid riaracháin a bhrionnú agus frithgháinneáil orthu,
  • brionnú trí mhodhanna íocaíochta,
  • gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
  • gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,
  • gáinneáil ar fheithiclí goidte,
  • éigniú,
  • coirloscadh,
  • coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
  • urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long,
  • sabaitéireacht.

Forais gan barántas gabhála a fhorghníomhú

Forais shainordaitheacha maidir le diúltú:

Diúltóidh údaráis bhreithiúnacha barántas gabhála a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

  • má tá an cion clúdaithe i bpardún;
  • má cuireadh an duine faoi thriail cheana as an gcion céanna agus gur chuir sé nó sí a phianbhreith nó a pianbhreith isteach cheana nó go bhfuil sí á cur isteach aige nó aici;
  • mura féidir an fhreagracht choiriúil a chur ar dhuine i ngeall ar a aois nó a haois.

Forais roghnacha maidir le diúltú:

Is féidir le tíortha diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú sna cásanna a leanas:

  • murar cion iad na gníomhartha sa tír ar iarraidh uirthi an barántas gabhála a fhorfheidhmiú, is é sin an stát forghníomhaitheach (seachas i ndáil le cánacha, dleachtanna, custam agus malartú);
  • má tá an duine á ionchúiseamh nó á hionchúiseamh sa stát forghníomhaitheach as an gcion céanna;
  • má tá breithiúnas críochnaitheach glactha ag an stát maidir leis an gcion céanna, rud a chuireann cosc ar imeachtaí eile;
  • má chinn na húdaráis sa stát forghníomhaitheach gan an duine a ionchúiseamh nó chuir siad stop leis na himeachtaí;
  • má tá an t–ionchúiseamh coiriúil nó an pionós ar an duine iarrtha faoi urchosc le reacht sa stát forghníomhaitheach;
  • más náisiúnach nó cónaitheach den stát forghníomhaitheach é nó í an duine iarrtha agus go bhfuil sé beartaithe ag an stát sin an phianbhreith a chur i gcrích;
  • má rinneadh na cionta lasmuigh den stát eisiúna nó mura gceadaítear lena dhlíthe ionchúiseamh i leith na gcionta sin.

Cearta bunúsacha

Sonraítear sa chomhaontú go n–urramaíonn sé na cearta bunúsacha, agus na bunphrionsabail dhlíthiúla atá leagtha síos sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, nó in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Sonraítear ann chomh maith nár cheart é a léirmhíniú mar thoirmeasc a chur ar dhiúltú dhuine éigin a thabhairt suas:

  • i gcás go bhféadfadh sé gur eisíodh an barántas gabhála ar fhorais inscne, cine, reiligiúin, bunús eitneach, náisiúntachta, teanga, tuairimí polaitiúla nó gnéaschlaonta;
  • i gcás go ndéanfaí dochar do staid an duine sin ar cheann ar bith de na cúiseanna sin.

Eisceacht maidir le cion polaitiúil

D’fhéadfadh sé nach ndiúltódh an stát forghníomhaithe do bharántas gabhála a fhorfheidhmiú ar na forais go measann sé gur cion polaitiúil é an cion. Féadfaidh na páirtithe a chinneadh, áfach, an rogha sin a theorannú do na coireanna a chumhdaítear i dTreoir (AE) 2017/541 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac agus in Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, 1977.

Nós imeachta um thabhairt suas

  • Ní mór an duine gafa a chur ar an eolas nuair a ghabhtar é nó í faoin mbarántas gabhála agus faoina ábhar, faoin bhféidearthacht atá ann toiliú le tabhairt suas don údarás eisiúna, agus faoin gceart chun cúnamh a fháil ó abhcóide dlí agus ateangaire.
  • Féadfaidh an duine fanacht faoi choinneáil nó féadfar é nó í a scaoileadh go sealadach, ar choinníoll go ndéanfar bearta chun éalú a chosc.
  • Déantar an éisteacht faoi dhlíthe an stáit fhorghníomhaithigh agus faoi choinníollacha comhaontaithe.
  • Féadfaidh an duine toiliú le tabhairt suas a roghnú, má dhéantar é sin agus an duine ar an eolas go hiomlán faoi na hiarmhairtí.
  • Ba chóir an duine a thabhairt suas nuair is féidir laistigh de 10 lá ón gcinneadh chun an barántas a fhorghníomhú nó ón dáta don tabhairt suas a chomhaontaigh na húdaráis.
  • Urghabhann agus tugann an t–údarás forghníomhaitheach maoin a fhéadfaidh a úsáid mar fhianaise nó a fuair an duine mar thoradh ar an gcion.
  • Ceadóidh na páirtithe go n–aistreofar duine trína gcríoch, ar choinníoll go bhfuil faisnéis iomlán acu faoin mbarántas.

Caiteachas

Íocann an stát eisiúna na costais go léir, seachas na costais a thabhaítear i gcríoch an stáit fhorghníomhaithigh i ndáil le barántas gabhála a fhorghníomhú.

Díospóidí agus athbhreithniú

Ba cheart aon díospóidí a tharchur chuig cruinniú d’ionadaithe rialtais na bpáirtithe agus iad a shocrú laistigh de 6 mhí.

Leanfaidh na páirtithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairt chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus chásdlí chúirteanna inniúla na hÍoslainne agus na hIorua, agus déanfaidh siad athbhreithniú ar an gcomhaontú tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2019.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Nós imeachta um thabhairt suas: nós imeachta lena gceadaítear do thír duine a thabhairt suas do thír eile chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó chun pianbhreith choimeádta nó tréimhse faoi choinneáil a fhorghníomhú.
Coiriúlacht dhúbailte: i ndlí um eiseachadadh/thabhartha suas, gné trínar féidir le tíortha diúltú do dhaoine a eiseachadadh/a thabhairt suas mura mbeadh an cion coiriúil líomhnaithe sa tír a iarrann eiseachadadh/tabhairt suas ina chion sa tír a n–iarrtar uirthi an t–eiseachadadh/tabhairt suas a dhéanamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Poblacht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua (IO L 292, 21.10.2006, lgh. 2-19)

Cinneadh 2006/697/CE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2006 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua (IO L 292, 21.10.2006, lch. 1)

Cinneadh 2014/835/AE ón gComhairle an 27 Samhain 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Poblacht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua (IO L 343, 28.11.2014, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus an Iorua (IO L 230, 6.9.2019, lch. 1)

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6-21)

Nuashonraithe 06.05.2021

Top