EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoirse gluaiseachta agus cónaithe AE

Saoirse gluaiseachta agus cónaithe AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/38/CE maidir le ceart shaoránaigh AE agus a dteaghlach aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leis an treoir:

  • a lán píosaí reatha reachtaíochta a thabhairt le chéile i ngníomh dlíthiúil amháin inti;
  • leagtar síos na coinníollacha maidir le ceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe (idir shealadach agus bhuan) do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE)* agus a mbaill teaghlaigh*
  • srianta ar na cearta sin ar fhorais beartas poiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí a leagan síos inti;
  • stádas na ndaoine atá fostaithe, féinfhostaithe, atá ina mic léinn nó nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta a shoiléiriú inti.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féadfaidh saoránaigh AE a bhfuil cárta aitheantais nó pas bailí acu:

  • dul isteach i mBallstát eile san AE gan víosa imeachta ná iontrála a bheith acu. Ní theastaíonn ó bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad víosa imeachta ná dul isteach má tá cárta cónaithe bailí acu;
  • cónaí i mBallstát eile ar feadh tréimhse suas le 3 mhí gan aon choinníollacha ná foirmiúlachtaí;
  • cónaí i mBallstát eile ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí faoi réir coinníollacha áirithe, ag brath ar a stádas sa tír óstach:
    • ní chaithfidh iad siúd atá fostaithe nó féinfhostaithe coinníollacha ar bith eile a chomhlíonadh,
    • ní mór do mhic léinn agus do dhaoine eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta, amhail iad siúd atá ar scor, dóthain acmhainní a bheith acu dóibh féin agus dá dteaghlach, ionas nach gcuirfidh siad ualach ar chóras cúnaimh shóisialta na tíre óstaí, agus ní mór dóibh cumhdach cuimsitheach árachais bhreoiteachta a bheith acu;
  • clárú leis na húdaráis ábhartha má tá siad ina gcónaí sa tír ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí. Teastaíonn cárta cónaithe atá bailí ar feadh 5 bliana óna mbaill teaghlaigh, murar náisiúnaigh AE iad;
  • a bheith i dteideal buanchónaithe má tá cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát eile ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis na baill dá dteaghlaigh atá in éineacht leo;
  • an ceart go gcaitear leo faoi mar a chaitear le náisiúnaigh na tíre aíochta. Mar sin féin, níl sé de dhualgas ar na húdaráis aíochta sochair a dheonú ar shaoránaigh AE nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad 3 mhí dá dtréimhse chónaithe.

Ina theannta sin:

  • féadfaidh baill teaghlaigh saoránaigh den AE, faoi choinníollacha áirithe, an ceart a bheith acu leanúint de bheith ina gcónaí sa tír lena mbaineann fiú má fhaigheann an saoránach AE féin bás nó má fhágann siad an tír;
  • Féadfar saoránaigh AE, nó baill dá dteaghlaigh, a dhíbirt má oibríonn siad ar bhealach a chuireann ceann de leasanna bunúsacha na sochaí i mbaol mór;
  • ní féidir srian a chur ar shaoirse gluaiseachta duine de bharr galar ach leis na galair a mheasann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh siad a bheith ina ngalair eipidéimeacha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 30 Aibreán 2004 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 30 Aibreán 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saoránach den Aontas Eorpach. Aon duine ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit den Aontas Eorpach.
Ball teaghlaigh. Áirítear leis sin, mar shampla, an céile, páirtí i bpáirtnéireacht chláraithe le saoránach de chuid an AE agus sliocht díreach faoi bhun 21 mbliana d’aois.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ar cheart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n–aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lgh. 77-123). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 229, 29.6.2004, lgh. 35–48).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/38/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 8–14).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar threoir maidir le Treoir 2004/38/CE a thrasuí agus a chur i bhfeidhm ar shlí níos fearr a bhaineann le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát (COM(2009) 313 críochnaitheach, 2.7.2009).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Gluaiseacht faoi shaoirse shaoránaigh AE agus a dteaghlach: Cúig bheart chun difear a dhéanamh (COM (2013) 837 críochnaitheach, 25.11.2013).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ag cuidiú leis na húdaráis náisiúnta mí-úsáidí maidir leis an gceart chun gluaiseachta faoi shaoirse a chomhrac: Lámhleabhar maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheist póstaí áisiúlachta atá líomhnaithe idir saoránaigh AE agus náisiúnaigh neamh–AE i gcomhthéacs dhlí AE maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh AE (COM(2014) 604 críochnaitheach, 26.9.2014).

Nuashonraithe 03.02.2022

Top