EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchóras an Aontais Eorpaigh maidir le cáin bhreisluacha (CBL)

Comhchóras an Aontais Eorpaigh maidir le cáin bhreisluacha (CBL)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/112/CE – comhchóras cánach breisluacha an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Athmhúnlaítear agus aisghairtear léi an séú treoir maidir le cáin bhreisluacha (CBL) chun reachtaíocht CBL reatha san Aontais Eorpach (AE) a shoiléiriú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Gearrtar CBL ar na hidirbhearta uile a dhéantar in AE le haghaidh íocaíocht a dhéanann duine inchánach (i.e. aon duine nó aon ghnólacht a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí le linn a gcuid oibre). Bíonn allmhairí ag duine ar bith faoi réir CBL freisin.

Áirítear ar idirbhearta inchánacha soláthairtí earraí nó seirbhísí laistigh de AE, earraí a fháil idir Ballstáit AE (earraí arna soláthar agus arna seoladh nó arna n-iompar ag gnólacht ó Bhallstát amháin go gnólacht i mBallstát eile) agus allmhairiú earraí isteach in AE ó thíortha nach bhfuil in AE.

  • Braitheann an áit chánachais ar chineál an idirbhirt, ar an gcineál táirge a sholáthraítear, agus cé acu atá iompar i gceist nó nach bhfuil.
    • Soláthar earraí. An áit a soláthraítear na hearraí.
    • Fáil earraí idir na Ballstáit. An áit a seachadtar na hearraí (i.e. an Ballstát ina bhfaightear na hearraí ar deireadh i ndiaidh iad a iompar ó Bhallstát eile).
    • Allmhairiú earraí. An Ballstát chuig a dtagann na hearraí.
    • Soláthar seirbhísí. An áit a ndeirtear go soláthraítear na seirbhísí. Braitheann sé sin ní hamháin ar an gcineál seirbhíse a sholáthraítear, ach freisin ar an gcineál custaiméara a fhaigheann an tseirbhís. Is é an riail ghinearálta go ngearrtar cáin ar sheirbhís san áit ina bhfuil an custaiméir más gnólacht í, nó san áit ina bhfuil an soláthraí, más duine príobháideach an custaiméir. Lena áirithiú go ngearrfar cáin ar an tseirbhís san áit a mbaintear úsáid aisti i ndáiríre, tá eisceachtaí áirithe leis na rialacha ginearálta seo, ar nós:
      • seirbhísí atá nasctha le maoin dhochorraithe (réadmhaoin);
      • iompar paisinéirí;
      • gníomhaíochtaí a bhaineann le cultúr, le spórt, le hoideachas agus le siamsaíocht;
      • seirbhísí bialann.
  • Gearrtar CBL nuair a sholáthraítear na hearraí nó na seirbhísí de réir an chineáil idirbhirt. Féadfar cáin a ghearradh le haghaidh fáil earraí idir na Ballstáit nuair a chuirtear soláthar earraí chuig an mBallstát ábhartha i gcrích. Maidir le hallmhairí isteach in AE, gearrtar CBL nuair a thugtar na hearraí isteach i mBallstát.
  • Áirítear leis an mbonn inchánach le haghaidh earraí agus seirbhísí a sholáthar agus earraí a fháil idir na Ballstáit gach íocaíocht leis an soláthróir. Nuair a dhéantar earraí a allmhairiú, is ionann an méid sin agus an luach a bhaineann leo chun críoch custaim. Áirítear dleachtanna, cánacha agus muirir eile leis an mbonn inchánach, ach ní chuirtear an CBL féin, lascainí praghais ná lacáistí custaiméirí san áireamh ann.
  • Is é 15 % ar a laghad an ráta caighdeánach CBL atá le cur i bhfeidhm ag gach Ballstát ar earraí agus ar sheirbhísí. Is féidir leis na Ballstáit ráta laghdaithe nó dhó de 5 % ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás earraí nó seirbhísí faoi leith atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an treoir. Tá feidhm ag roinnt eisceachtaí ó na rialacha sin (e.g rátaí níos ísle ar earraí nó seirbhísí eile) faoi choinníollacha áirithe.
  • Ceadaítear de réir na treorach díolúintí ó CBL. Is díolúintí an chuid is mó díobh sin gan an ceart chun asbhainte (e.g. cúram leighis, seirbhísí sóisialta nó seirbhísí airgeadais agus árachais). Is ann freisin do dhíolúintí lena mbaineann an ceart chun asbhainte áfach (e.g. soláthar earraí idir na Ballstáit nó earraí a onnmhairiú chuig tír nach tír AE í). Tá formhór na ndíolúintí éigeantach do na Ballstáit, ach tá roinnt díobh roghnach.
  • Féadfaidh an duine inchánach an méid CBL a íoctar ar earraí nó ar sheirbhísí faighte a úsáidtear le haghaidh idirbhearta a ngearrtar cáin orthu sa Bhallstát ina bhfaightear na hearraí nó na seirbhísí sin a asbhaint. Is féidir an t–ionchur CBL sin a asbhaint ó CBL iníoctha ar idirbhearta faoi cháin (e.g. soláthairtí intíre earraí nó seirbhísí). Go ginearálta níl aon cheart ann chun asbhainte i gcás gníomhaíocht eacnamaíoch atá díolmhaithe ó CBL, nó má chuireann an duine inchánach scéimeanna speisialta áirithe i bhfeidhm. I gcásanna áirithe is féidir teorainn a chur le hasbhaint nó é a leasú.
  • Leagtar amach sa treoir dualgais daoine inchánacha agus daoine áirithe nach bhfuil inchánach. De ghnáth, bíonn CBL iníoctha ag aon duine inchánach a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí inchánacha. Áirítear ar dhíolúintí idirbhearta sonracha ina n–íocann an custaiméir CBL (e.g. seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí do ghnólacht i dtír eile, agus idirbhearta inar féidir le Ballstát a roghnú an custaiméir a ainmniú chun CBL a íoc, mar atá le soláthairtí áirithe atá íogair ó thaobh calaoise).
  • Ceadaítear leis an treoir eisceachtaí do Bhallstáit ó rialacha caighdeánacha CBL (e.g. chun cosc a chur ar chineálacha áirithe d’imghabháil cánach). Tá scéimeanna faoi leith CBL ann freisin chun páipéarachas a laghdú (e.g. le haghaidh gnólachtaí beaga agus feirmeoirí).
  • Ina theannta sin, ceadaítear sa treoir do na Ballstáit is mó a mbíonn calaois CBL iontu le haistriú dliteanais CBL ghinearálaithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Is é atá i gceist leis sin an dliteanas chun CBL a íoc a aistriú ón soláthróir chuig an custaiméir. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an beart sin a úsáid ach le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí os cionn tairseach €17,500 in aghaidh an idirbhirt ina dtír féin, go dtí an 30 Meitheamh 2022 amháin, agus faoi choinníollacha an–docht.

Rinneadh roinnt leasuithe ar Threoir 2006/112/CE, lena n-áirítear roinnt leasuithe mar gheall ar phaindéim COVID-19.

  • Leasaítear an treoir le Treoir (AE) 2020/284, lena dtugtar isteach ceanglais áirithe maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta chun taifid a choinneáil ar íocaíochtaí trasteorann ríomhthráchtála. Ansin cuirfear na sonraí ar fáil d’údaráis chánach náisiúnta faoi dhálaí dochta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cosaint sonraí. Tá feidhm ag na ceanglais sin ón 1 Eanáir 2024.
  • Le Treoir Leasaitheach (AE) 2020/285, tugtar isteach rialacha simplithe chun an t-ualach riaracháin agus na costais chomhlíonta a laghdú do ghnólachtaí beaga, agus chun timpeallacht chánach níos buntáistí a chruthú chun cabhrú leo fás agus trádáil thar theorainneacha ar bhealach níos éifeachtaí. Beidh gnólachtaí beaga in ann cáiliú do rialacha simplithe comhlíonta CBL i gcás ina bhfanfaidh a láimhdeachas bliantúil faoi bhun tairseach arna socrú ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos airde ná EUR 85 000. Faoi choinníollacha áirithe, beidh gnólachtaí beaga ó Bhallstáit eile nach sáraíonn an tairseach sin in ann leas a bhaint as an scéim shimplithe, mura sáraíonn a láimhdeachas bliantúil iomlán in AE ar fad EUR 100 000. Tá feidhm ag na rialacha nua sin ón 1 Eanáir 2025.
  • Tugtar isteach leis an bpacáiste ríomhthráchtála CBL (Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a leasaíonn an dá cheann acu Treoir 2006/112/CE) simplithe nua do chuideachtaí a dhéanann díolacháin trasteorann earraí nó seirbhísí. Cinntítear leis go n–íocfar CBL ar sholáthairtí den sórt sin i gceart le Ballstát an chustaiméara, de réir phrionsabal an chánachais sa Bhallstát is ceann scríbe. Tháinig na chéad bhearta i bhfeidhm in 2015 agus níor chlúdaigh siad ach seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin agus leictreonacha. Is féidir le gnólachtaí a chuireann soláthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin agus leictreonacha gnólacht le tomhaltóir ar fáil in AE CBL a dhearbhú agus a íoc i gcóras simplithe (ionad Ilfhreastail).
  • Mar iarmhairt phaindéim COVID-19, cuirtear dáta theacht i bhfeidhm an dara pacáiste ar athlá le Cinneadh (AE) 2020/1109 ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021 chun níos mó ama a thabhairt do na Ballstáit agus do ghnólachtaí ullmhú do na rialacha úra.
  • Leasaítear Treoir 2006/112/CE le Treoir (AE) 2020/1756, i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe (RA) as AE, lena dtugtar isteach uimhreacha aitheantais CBL i dTuaisceart Éireann le réamhuimhir shonrach chun idirdhealú a dhéanamh idir:
    • daoine inchánacha agus daoine dlítheanacha neamh–inchánacha a bhfuil a n-idirbhearta a bhaineann le hearraí i dTuaisceart Éireann faoi réir reachtaíocht CBL de chuid AE;
    • daoine a dhéanann idirbhearta eile dá ndéantar iad a shainaithint chun críocha CBL sa Ríocht Aontaithe.
  • Leasaítear an treoir le Treoir (AE) 2020/2020 chun rochtain níos inacmhainne ar sholáthairtí vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro (trealamh tástála) a áirithiú mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 san Eoraip. Ón 12 Nollaig 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022, ceadaítear do na Ballstáit leis:
    • díolmhú ó CBL leis an gceart chun asbhainte i ndáil le soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis na vacsaíní agus leis na feistí sin;
    • ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ar fheistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus ar sheirbhís a mbaineann leo, mar atá an cás cheana maidir le vacsaíní.
  • Le Treoir (AE) 2021/1159, leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le díolúintí sealadacha ar allmhairí agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos éasca don Choimisiún Eorpach agus do ghníomhaireachtaí AE earraí agus seirbhísí a cheannach lena ndáileadh saor in aisce (i.e. mar thabhartais) ar na Ballstáit i gcomhthéacs na géarchéime sláinte poiblí leanúnaí.

Athchóiriú ar an gcóras CBL

Mar chuid den athchóiriú a mholtar i bplean gníomhaíochta maidir le CBL an Choimisiúin ó 2016, le Treoir leasaitheach (AE) 2022/542 leasaítear Treoir 2006/112/CE tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • liosta na n-earraí agus na seirbhísí a gceadaítear rátaí laghdaithe CBL ina leith a thabhairt cothrom le dáta (Iarscríbhinn III); mar sin féin, tá líon na n-earraí ar féidir rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm orthu teoranta chun iomadú na rátaí laghdaithe a chosc;
  • na heisceachtaí atá ann cheana a oscailt lena gceadaítear do Bhallstáit áirithe rátaí fabhracha a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe ar na Ballstáit uile, ar choinníoll go bhfuil siad ag luí leis na prionsabail chomhaontaithe;
  • deireadh a chur de réir a chéile le tréimhsí i gcomhair rátaí laghdaithe nó eisceachtaí a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí a bhfuil tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol (e.g. ar bhreoslaí iontaise agus ar earraí eile a bhfuil tionchar comhchosúil acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nach bhfuil feidhm acu a thuilleadh ón 1 Eanáir 2030 ar a dhéanaí, agus ar lotnaidicídí ceimiceacha agus leasacháin cheimiceacha, nach bhfuil feidhm acu a thuilleadh ón 1 Eanáir 2032 ar a dhéanaí);
  • lena gceadaítear do na Ballstáit ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:
    • seirbhísí rochtana idirlín chun dul i ngleic le cumhdach íseal na seirbhísí sin agus chun a bhforbairt a chur chun cinn,
    • painéil ghréine, rothair leictreacha agus seirbhísí athchúrsála dramhaíola a mheastar a bheith ina n-earraí agus ina seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol,
    • earraí agus seirbhísí a fhreastalaíonn ar chuspóirí sonracha beartais shóisialta agus chultúrtha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2006/112/CE ón 1 Eanáir 2007 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 1 Eanáir 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

  • CBL (An Coimisiún Eorpach).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lgh. 1–118).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/112/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lgh. 13–23).

Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta (IO L 62, 2.3.2020, lgh. 7–12).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le plean gníomhaíochta CBL i dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An t-am le cinneadh a dhéanamh (COM(2016) 148 final, 7.4.2016).

Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lgh. 1–18).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena socraítear raon Airteagail 143(b) agus (c) den Treoir 2006/112/CE maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (IO L 292, 10.11.2009, lgh. 5–30).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíoc cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, le daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lgh. 23–28).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2007/74/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 maidir leis an díolúine ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil i gcás earraí a allmhairítear ag daoine agus iad ag taisteal ó thríú tíortha (IO L 346, 29.12.2007, lgh. 6–12).

Treoir 2006/79/CE ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2006 maidir le coinsíneachtaí beaga d’earraí nach de chineál tráchtála iad ó thríú tíortha a dhíolmhú ó chánacha (leagan códaithe) (IO L 286, 17.10.2006, lgh. 15–18).

Nuashonraithe 26.04.2022

Top