EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bainistiú baoil tuilte san Aontas Eorpach

Bainistiú baoil tuilte san Aontas Eorpach

Tá tuilte ina mbagairt ar shláinte an duine, ar an oidhreacht chultúrtha, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol. Tá creat á bhunú ag AE anseo maidir le measúnú, mapáil agus pleanáil a dhéanamh ionas go laghdófar an baol tuilte san Eoraip.

GNÍOMH

Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baoil tuilte.

ACHOIMRE

Tá tuilte ina mbagairt ar shláinte an duine, ar an oidhreacht chultúrtha, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol. Tá creat á bhunú ag AE anseo maidir le measúnú, mapáil agus pleanáil a dhéanamh ionas go laghdófar an baol tuilte san Eoraip.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?

Tá sé de chuspóir sa Treoir seo creat a bhunú i gcomhair beart chun an baol tuilte in AE a laghdú trí mheasúnú a dhéanamh ar an mbaol tuilte in abhantracha agus i réigiúin chósta, trí mhapáil a dhéanamh ar limistéir atá tugtha do thuilte suntasacha, agus trí phleananna bainistithe um baol tuilte a dhréachtú a bheidh bunaithe ar dhlúthchomhar idir thíortha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Faoin treoir seo, ceanglaítear ar thíortha AE measúnú a dhéanamh ar an mbaol tuilte i réigiúin chósta agus in abhantracha trí fhaisnéis a bhailiú ar na limistéir sin, amhail stair tuilte agus léarscáileanna ina léirítear teorainneacha, úsáid talún agus topagrafaíocht, agus trí dhóchúlacht tuilte suntasacha amach anseo a chinneadh, mar aon lena n-iarmhairtí. Déanfar na measúnaithe sin, a foilsíodh den chéad uair faoin 22 Nollaig 2011, a athbhreithniú faoin 22 Nollaig 2018 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin.
  • Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE léarscáileanna a tháirgeadh ina sainaithnítear limistéir atá tugtha do bhaol suntasach tuilte agus cásanna a shonrú (ar bhonn dóchúlacht ard, mheánach nó íseal) maidir le tuilte a tharlú sna limistéir sin. Foilsíodh na léarscáileanna sin den chéad uair faoin 22 Nollaig 2013, agus ní mór iad a athbhreithniú gach 6 bliana.
  • Ní mór do thíortha AE pleananna bainistíochta um baol tuilte a bhunú freisin, arna gcomhordú ar leibhéal na habhantraí nó an cheantair chósta. Sna pleananna sin, bunaítear cuspóirí maidir le bainistiú baoil tuilte, agus dírítear go príomha ar chosc (mar shampla, foirgníocht a sheachaint i limistéir ina bhféadfadh tuilte tarlú), ar chosaint (bearta chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh tuilte in áit ar leith) agus ar ullmhacht (an pobal a chur ar an eolas maidir le baol tuilte agus cad le déanamh i gcás tuilte). Ní mór na pleananna sin a bheith curtha i gcrích faoin 22 Nollaig 2015, agus déantar iadsan a athbhreithniú freisin gach 6 bliana.
  • Déantar na léarscáileanna baoil tuilte agus na pleananna bainistíochta araon a chomhordú leis an gCreat-treoir Uisce (CTU). Tá cur chun feidhme CTU, na Treorach seo, agus treoracha eile a bhaineann le huisce faoi threoir ag an gComhstraitéis um Chur Chun Feidhme, a bhfuil sé ina chuspóir léi freisin beartais uisce a chomhtháthú le beartais eile in AE, amhail talmhaíocht, iompartaighde agus forbairt réigiúnach.

CÚLRA

Cé gur feiniméin nádúrtha iad na tuilte nach féidir a chosc go hiomlán, tá an ghníomhaíocht dhaonna ag cur lena ndóchúlacht agus lena dtionchar. Beidh an baol tuilte agus scála an damáiste ag dul i méid sa todhchaí, mar gheall ar an athrú aeráide, bainistíocht mhíchuí abhantracha, foirgníocht i limistéir ina bhfuil baol tuilte agus an méadú ar líon na ndaoine agus na maoine sna limistéir sin.

De bhrí go bhfuil an chuid is mó de na habhantracha san Eoraip comhroinnte idir tíortha, is éifeachtaí í an ghníomhaíocht ar leibhéal AE, ós rud é gur féidir measúnú riosca níos fearr a dhéanamh ar an leibhéal sin agus comhordú a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh ag na tíortha AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar an Treoir ón AE maidir le Tuilte.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2007/60/CE

26.11.2007

25.11.2009

IO L 288, 6.11.2007, lgh. 27-34

Nuashonraithe 22.04.2015

Top