EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Measúnú ar éifeachtaí áirithe pleananna agus clár ar an gcomhshaol (MSC)

Measúnú ar éifeachtaí áirithe pleananna agus clár ar an gcomhshaol (MSC)

 

ACHOIMRE AR:

Threoir 2001/42/CE — Treoir um Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é is aidhm léi a áirithiú go bhfuil leibhéal ard cosanta comhshaoil ann agus go gcuirtear cúrsaí eile comhshaoil san áireamh nuair atá pleananna agus cláir á n-ullmhú, á nglacadh agus á gcur chun feidhme.
  • Cuirtear forbairt inbhuanaithe chun cinn léi trína áirithiú go ndéanfar measúnacht timpeallachta ar phleananna agus ar chláir áirithe ar dhóigh a mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá na pleananna agus na cláir phoiblí arna gclúdach faoin Treoir um Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) faoi réir measúnacht timpeallachta le linn a n-ullmhúcháin agus sula nglactar iad.
  • Tá feidhm ag an treoir seo maidir leis na pleananna agus na cláir phoiblí seo a leanas (chomh maith lena leasuithe) arna n-ullmhú agus/nó arna nglacadh ag údarás inniúil agus atá faoi réir rialacha dlí, rialála agus riaracháin:
    • pleananna agus cláir arna n-ullmhú le haghaidh earnálacha faoi leith (talmhaíocht, foraoiseacht, iascach, fuinneamh, tionscal, iompar, bainistíocht dramhaíola, bainistíocht uisce, teileachumarsáidí, turasóireacht, pleanáil bhaile agus tuaithe agus úsáid talún) agus lena leagtar síos an creat le haghaidh toiliú don fhorbairt sa todhchaí maidir le tionscadail faoin Treoir um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT);
    • pleananna agus cláir a bhfuil measúnacht riachtanach lena n-aghaidh faoi Alt 6 agus Alt 7 den “Treoir maidir le” Gnáthóga;
    • Pleananna agus cláir lena leagtar síos an creat le haghaidh toiliú don fhorbairt sa todhchaí maidir le tionscadail seachas iad siúd a thagann faoi Threoir MTT (gan a bheith teoranta do na hearnálacha a liostaítear thuas) agus atá sainaitheanta ag tíortha AE gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol. Féadfaidh tíortha AE é sin a chinneadh trí scrúdú de réir cáis nó trí chineálacha pleananna agus clár a shainaithint nó trí mheascán den dá chur chuige sin.
  • Leagtar síos sa treoir nós imeachta agus roinnt beart a leanfar agus plean nó clár lena mbaineann á mheasúnú. Áirítear leis na bearta sin:
    • staidreamh scóipe;
    • an tuarascáil comhshaoil a ullmhú;
    • comhairliúchán poiblí agus rannpháirtíocht ann;
    • cinnteoireacht; agus
    • faireachán.
  • Leis an treoir chomh maith cuirtear an méid seo a leanas faoi réir nós imeachta scagtha:
    • pleananna agus cláir nach hionann iad agus na cinn atá liostaithe in Airteagal 3(2), ach ina leagtar amach an scéim le haghaidh toiliú don fhorbairt sa todhchaí, chomh maith le
    • pleananna agus cláir: lena gcinntear úsáid limistéar beag ar an leibhéal áitiúil agus mionathruithe ar na pleananna agus ar na cláir, ach i gcás, agus sa chás sin amháin, gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha comhshaoil ag baint leo.
  • Tá corrlach le haghaidh lánrogha thíortha AE teoranta leis na critéir shuntasacha atá in Iarscríbhinn II, maidir le pleananna agus cláir áirithe a scagadh. Tá sé teoranta chomh maith le cuspóir foriomlán na treorach — arb é sin ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.
  • Pleananna agus cláir arb é an t-aon chuspóir amháin a bhaineann leo freastal ar chosaint náisiúnta nó ar éigeandáil shibhialta, agus pleananna airgeadais nó buiséid agus cláir nach gclúdaítear faoin treoir seo.
  • Baineann sraith rialacha faoi leith le luathchéimeanna na cinnteoireachta nuair a bhíonn pleananna agus cláir á bhforbairt, i.e. nuair a bhíonn:
    • tuairisc á hullmhú maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dóigh a bheidh ar an gcomhshaol;
    • an pobal agus na húdaráis chomhshaoil á gcur ar an eolas agus nuair a théitear i gcomhairle leo;
    • comhairliúcháin trasteorann ar siúl le tíortha de chuid an AE a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;
    • bearta á sainaithint chun déileáil le tionchair shuntasacha comhshaoil agus chun faireachán a dhéanamh orthu.
  • Ní mór don fhaisnéis seo a leanas, i measc faisnéise eile, a bheith sa tuarascáil chomhshaoil:
    • ábhar an phlean nó an chláir agus na príomhchuspóirí a bhaineann leis chomh maith le naisc le pleananna agus cláir ábhartha eile;
    • na dálaí comhshaoil atá ann agus an fhorbairt is dóigh a dtiocfar orthu sin mura gcuirfear an plean nó an clár chun feidhme;
    • aon fhadhb comhshaoil atá ann faoi láthair agus atá ábhartha don phlean nó don chlár, go háirithe iad siúd a bhaineann le zóin i líonra Natura 2000;
    • na céimeanna atá á mbeartú chun aon drochéifeacht shuntasach ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú agus a chúiteamh;
    • cur síos ar an gcaoi a ndearnadh an mheasúnacht;
    • na bearta faireacháin atá pleanáilte;
    • achoimre neamhtheicniúil ar an eolas thuasluaite.
  • Ní mór an dréachtphlean nó clár agus an tuarascáil chomhshaoil a chur ar fáil do na húdaráis atá freagrach as ceisteanna comhshaoil agus don phobal. Ní foláir nó go mbeidh an deis ag na húdaráis agus ag an bpobal chun a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an dréachtphlean nó maidir leis an dréachtchlár ag an tús agus in am trátha sula nglactar é nó sula gcuirfear faoi bhráid an phróisis reachtaigh é.
  • Ceanglaítear ar an tír AE atá freagrach as an bplean nó as an gclár a ullmhú cóip de, chomh maith le cóip den tuarascáil chomhshaoil, a chur chuig tíortha eile AE:
    • i gcás go meastar gur dóigh go mbeidh éifeachtaí comhshaoil ag an bplean nó ag an gclár ar chríocha thíortha eile AE;
    • ar iarratas ó thíortha eile AE.
  • Ní mór don údarás inniúil an tuarascáil chomhshaoil, na tuairimí a chuireann na húdaráis ábhartha agus an pobal in iúl agus torthaí ar aon chomhairliúchán trasteorann a chur san áireamh le linn dó an plean nó an clár a ullmhú agus sula nglactar leis.
  • Nuair a ghlactar plean nó clár, ní mór don tír AE atá freagrach na páirtithe ar fad lena mbaineann a chuathas i gcomhairle leo a chur ar an eolas agus an méid seo a leanas a chur ar fáil dóibh:
    • an plean nó an clár mar a ghlactar leis;
    • ráiteas ina mbeidh achoimre ar an gcaoi ar gcomhtháthaíodh cúrsaí comhshaoil ann agus an tuarascáil tionchair comhshaoil;
    • tuairimí agus torthaí na gcomhairliúchán;
    • na cúiseanna leis an bplean nó leis an gclár a roghnú mar a ghlacadh é;
    • na bearta faireacháin a rinneadh.
  • Ní chuireann an measúnú comhshaoil a dhéantar faoi Threoir MSC deireadh leis an oibleagáid an measúnú is gá a dhéanamh faoi Threoir MTT nó riachtanais dlíthiúla ar bith eile de chuid AE a chomhlíonadh.
  • Féadfaidh tíortha AE soláthar a dhéanamh do nósanna imeachta comhordaithe nó do chomhnósanna imeachta chun dúbláil ar mheasúnacht comhshaoil a sheachaint maidir le pleananna agus cláir as a dtagann an oibleagáid tabhairt faoi mheasúnuithe ón treoir seo agus ó reachtaíocht eile AE go comhuaineach.
  • Ón 21 Iúil 2006 agus gach 7 mbliana i ndiaidh an dáta sin, leanfaidh anCoimisiún Eorpach le tuarascálacha maidir le cur chun feidhme na treorach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhme léi ón 21 Iúil 2001. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 21 Iúil 2004.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lgh. 30-37)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lgh. 7-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/43/CEE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lgh. 1-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún — Ar chur chun feidhme agus éifeachtúlacht na Treorach um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (Treoir 2001/42/CE) (COM(2009) 469 críochnaitheach, 14.9.2009)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa faoi Alt 12(3) de Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bíonn ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (COM(2017) 234 final, 15.5.2017)

Nuashonraithe 11.10.2018

Top