EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Conradh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh

An Conradh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom — an Conradh um Chairt Fuinnimh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe comhshaoil gaolmhara á dtabhairt i gcrích ag na Comhphobail Eorpacha

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idirnáisiúnta agus Cinneadh na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil leis an leasú ar na forálacha a bhaineann le trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Iarscríbhinn I: Leasú ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn II: Cinntí i ndáil le Glacadh an Leasaithe ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 1: An Conradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 2: Cinntí maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCONRADH?

  • Creat iltaobhach le haghaidh comhar fuinnimh is ea an Conradh um Chairt Fuinnimh atá deartha chun slándáil fuinnimh a chur chun cinn trí mhargaí fuinnimh níos oscailte agus níos iomaíche, agus meas á thabhairt ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus na ceannasachta ar acmhainní fuinnimh ar bhonn na bprionsabal sa Chairt Fuinnimh.
  • Leis an gcinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach faomhtar an Conradh um Chairt Fuinnimh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann príomhchlásail an Chonartha um Chairt Fuinnimh le hinfheistíocht a chosaint, trádáil in ábhair agus i dtáirgí fuinnimh, iompar agus réiteach díospóidí.

Tráchtáil, infheistíocht, trádáil agus cosaintí

Cuimsítear i bhforálacha an chonartha:

  • rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta ar théarmaí tráchtála a chur chun cinn, agus go ginearálta margadh oscailte agus iomaíoch a fhorbairt, le haghaidh ábhair agus táirgí fuinnimh;
  • infheistíocht eachtrach a chosaint, bunaithe ar chóir nach lú fabhar ná an chóir a thugtar leis na téarmaí infheistíochta náisiúnta is fearr, agus i gcoinne rioscaí neamhthráchtála;
  • oibriú chun saobhadh margaidh agus bacainní ar iomaíocht a mhaolú i ngníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil fuinnimh;
  • a áirithiú go sreabhfaidh fuinneamh trasteorann iontaofa trí phíblínte, trí ghreillí agus trí chineálacha eile iompair;
  • an tábhacht a bhaineann le margaí oscailte caipitil a aithint agus sreabhadh caipitil chun trádáil a mhaoiniú in ábhair agus táirgí fuinnimh agus infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil fuinnimh a spreagadh;
  • coinníollacha seasmhacha, córa agus trédhearcacha d’infheisteoirí páirtithe eile a spreagadh chun infheistíochtaí sa réimse atá clúdaithe sa chonradh a dhéanamh.

Ceannasacht ar acmhainní fuinnimh

Aithnítear leis an gconradh na cearta ceannais atá ag tíortha ar acmhainní fuinnimh agus athdhearbhaítear ann nach mór iad sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, gan dul i gcion ar an gcuspóir ginearálta maidir le rochtain ar acmhainní fuinnimh, a dtaiscéaladh agus a bhforbairt tráchtála a chur chun cinn.

Gnéithe comhshaoil

  • Aontaíonn na páirtithe sa chonradh go gcuirfidh siad éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn, agus déanfaidh siad iarracht an tionchar atá ag táirgeadh agus úsáid fuinnimh ar an gcomhshaol a íoslaghdú.
  • Ba cheart d’údar an truaillithe, i bprionsabal, íoc as costas an truaillithe, lena n–áirítear truailliú trasteorann, gan infheistíocht sa timthriall fuinnimh nó sa trádáil idirnáisiúnta a shaobhadh.

Trédhearcacht

Ní mór do na páirtithe sa chonradh pointe fiosruithe amháin ar a laghad a ainmniú ar féidir faisnéis maidir le dlíthe, rialacháin, cinntí dlíthiúla agus cinntí ginearálta riaracháin maidir le hábhair agus táirgí fuinnimh a sheoladh chuige.

Réiteach díospóidí

Cuimsítear sa chonradh forálacha maidir le díospóidí idir na stáit rannpháirteacha a réiteach trí bhealach taidhleoireachta agus trí bhinsí ad hoc, agus — i gcás infheistíochtaí — idir infheisteoirí agus stáit aíochta. Mura féidir díospóid infheisteora a réiteach go síochánta faoi cheann 3 mhír, féadfaidh infheisteoirí a roghnú í a chur isteach lena réiteach chuig:

  • na cúirteanna nó binsí riaracháin;
  • nós imeachta réitigh díospóidí ar bith a aontaíodh roimhe sin; nó
  • eadráin nó idir-réiteach idirnáisiúnta.

Sínitheoirí, an Chomhdháil, prótacail agus dearbhuithe maidir leis an gCairt Fuinnimh

  • Áirítear ar shínitheoirí an chonartha tíortha AE agus eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta (amhail an tAontas Eorpach) atá tiomanta do na prionsabail maidir le margaí fuinnimh oscailte agus neamh-idirdhealaitheacha a chomhlíonadh.
  • Tagann na páirtithe le chéile ar bhonn tréimhsiúil sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh ina bhfuil gach páirtí i dteideal ionadaí amháin a bheith acu. Tionóltar gnáthchruinnithe ag eatraimh arna gcinneadh ag Comhdháil na Cairte. Féadfaidh sí idirbheartaíocht na bPrótacal nó na nDearbhuithe maidir leis an gCairt Fuinnimh a údarú chomh maith chun cuspóirí agus prionsabail na cairte a bhaint amach.

Eisceachtaí

Ní dhéanfaidh na páirtithe infheistíochtaí ar bith a bhaineann le trádáil nach dtagann le Comhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) lenar bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), agus níl rud ar bith sa chonradh lena ndíolmhaítear baill EDT ón gcomhaontú.

Ní choisctear sínitheoirí ar bith leis na gconradh ó bhearta:

  • atá riachtanach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí a chosaint;
  • atá riachtanach chun ábhair nó táirgí fuinnimh a fháil nó a dháileadh i gcás go bhfuil ganntanas ann mar gheall ar chúiseanna seachtracha;
  • atá deartha chun dul chun tairbhe infheisteoirí ar daoine dúchasacha nó daoine aonair nó grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta nó eacnamaíoch iad.

An Prótacal um Chairt Fuinnimh

Glacadh an prótacal i gcomhréir leis an gconradh. Áirítear leis na cuspóirí seo a leanas:

  • beartais um éifeachtúlacht fuinnimh atá comhoiriúnach le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;
  • coinníollacha a chruthú do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí maidir le húsáid éifeachtach a bhaint as fuinneamh, agus meas á thabhairt ar an gcomhshaol;
  • comhar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh;
  • beartais um éifeachtacht fuinnimh agus creataí dlíthiúla agus rialála a cheapadh chun sásraí éifeachtacha margaidh a chur chun cinn, lena n–áirítear praghsáil faoi thionchar an mhargaidh.

An Chairt Idirnáisiúnta Fuinnimh

Ghlac agus shínigh os cionn 65 tír agus eagraíocht, lena n–áirítear AE agus tíortha AE Cairt Idirnáisiúnta Fuinnimh úr in 2015. Is é is aidhm leis an gcairt úr seo a mhéad tír úr is féidir a mhealladh a bheidh sásta oibriú i gcomhar sa réimse fuinnimh agus a aithníonn an tábhacht a bhaineann le slándáil fuinnimh le haghaidh tíortha a tháirgeann, a iompraíonn agus a ídíonn fuinneamh. Baintear leas sa chairt úr as Cairt Fuinnimh 1991 agus nuachóirítear an Chairt sin léi.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an Conradh um Chairt Fuinnimh i bhfeidhm ar an 16 Aibreán 1998, agus tháinig leasuithe ar na forálacha a bhaineann le trádáil, chun tagairtí don ETD a chur in ionad tagairtí don GATT go príomha, i bhfeidhm ón 23 Iúil 1998.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe comhshaoil gaolmhara á dtabhairt i gcrích ag na Comhphobail Eorpacha (IO L 69, 9.3.1998, lgh. 1-116)

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idirnáisiúnta agus Cinneadh na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil leis an leasú ar na forálacha a bhaineann le trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Iarscríbhinn I: Leasú ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn II: Cinntí i ndáil le Glacadh an Leasaithe ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh (IO L 252, 12.9.1998, lgh. 23-46)

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 1: An Conradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 2: Cinntí maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh (IO L 380, 31.12.1994, lgh. 24-88)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

An Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh — Rialacha maidir le seoladh idir-réiteach na ndíospóidí iompair (IO L 11, 16.1.1999, lgh. 39-44)

Cinneadh 2001/595/CE ón gComhairle an 13 Iúil 2001 i ndáil leis an Leasú ar na forálacha a bhaineann le trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh á thabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 209, 2.8.2001, lch. 32)

Cinneadh 1999/37/CE ón gComhairle an 26 Samhain 1998 maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal i ndáil leis na rialacha maidir le seoladh idir-réiteach na ndíospóidí iompair a ghlacfaidh an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh (IO L 11, 16.1.1999, lgh. 37-38)

Nuashonraithe 25.05.2020

Top