EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) CFAE (Airteagal 81(3) CCE roimhe seo)

Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) CFAE (Airteagal 81(3) CCE roimhe seo)

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagal 81 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh roimhe seo) cuirtear toirmeasc ar chleachtais trádála idir tíortha AE a d’fhéadfadh cosc, srian nó saobhadh a dhéanamh ar iomaíocht. Sainaithnítear sna treoirlínte ón gCoimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil roinnt comhaontuithe sriantacha ann lena bhféadfaí tairbhí eacnamaíocha a bheith mar thoradh orthu lena sáraítear na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le srianadh na hiomaíochta.
  • Leagtar amach sna treoirlínte léirmhíniú ar an gcaoi ar féidir díolúintí a chinneadh agus soláthraítear iontu treoir maidir le conas Airteagal 101(3) a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair.

PRÍOMHPHOINTÍ

Toirmisctear le hAirteagal 101(1) CFAE aon chomhaontuithe idir gnóthais, cinntí a dhéanann comhlachais gnóthas, nó cleachtais chomhbheartaithe a dhéanann difear do thrádáil idir tíortha AE a d’fhéadfadh iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Sainaithnítear in Airteagal 101(3) go bhféadfadh tairbhí eacnamaíocha oibiachtúla a bheith le roinnt comhaontuithe sriantacha lena sáraítear na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le srian ar iomaíocht, agus lena ndíolmhaítear na comhaontuithe sin ó na toirmisc sin.

Is féidir Airteagal 101(3) a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair nó i gcatagóirí comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe trí rialachán blocdhíolúine.

Dírítear leis na treoirlínte ar chásanna aonair agus déantar foráil iontu do gach ceann de na 4 choinníoll chun tásca Airteagal 101(3) a shásamh maidir le conas a chuirfear i bhfeidhm iad.

Is iad a leanas na 4 choinníoll sin:

  • ní mór dó cur le feabhas a chur ar tháirgeadh nó ar dháileadh earraí nó le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn;
  • ní foláir nó go bhfaighidh tomhaltóirí a gcion cothrom de na buntáistí a thiocfaidh as;
  • caithfidh na srianta bheith riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach; agus
  • leis an gcomhaontú ní mór nach dtabharfar aon deis do na páirtithe iomaíocht a dhíchur maidir le gnéithe substaintiúla na dtáirgí atá i gceist.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TEACHTAIREACHTA?

Tá sí i bhfeidhm ón Dé Máirt 27 Aibreán 2004.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra — Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh (IO C 101, 27.4.2004, lgh. 97-118)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir le hiomaíocht arna leagan síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 29.05.2020

Top