EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dearadh Comhphobail

Dearadh Comhphobail

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 maidir le dearaí Comhphobail a chosaint

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

Faoin rialachán seo, cuirtear córas ar bun ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) chun dearadh Comhphobail a fháil atá faoi chosaint aonfhoirmeach. Leagtar amach ann an nós imeachta a úsáidtear chun dearaí a chlárú leis an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (OHIM).

Tá córais náisiúnta chosanta ann chomh maith. Déantar na ceisteanna nach dtagann faoi raon an rialacháin a chumhdach le dlíthe náisiúnta na dtíortha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon

  • Chun cosaint a fháil, ní mór dearaí nua a bheith ann a bhfuil carachtar ar leith acu (ní mór dóibh a bheith difriúil ó tháirgí reatha).
  • Ní dhéanfar codanna de tháirgí coimpléascacha, a bhfuil na dearaí lena mbaineann bunaithe ar a gcuma (amhail páirteanna infheicthe athsholáthair i ngluaisteáin), a chosaint faoin gcóras seo.
  • D’fhéadfaí páirteanna de tháirgí eile a chosaint, áfach, páirteanna a bhíonn infheicthe agus gnáthúsáid á baint as an táirge ina bhfuil siad comhtháite.

Cearta chun dearaidh Chomhphobail

Bronntar an ceart chun dearaidh Chomhphobail ar an dearthóir nó ar chomharba i dteideal an dearthóra. Déantar foráil do dhá chineál chosanta do dhearaí sa rialachán, a chuirtear i bhfeidhm go díreach i ngach tír AE.

  • 1.

    Dearadh Comhphobail neamhchláraithe:

    • foirmiúlachtaí ar bith;
    • cosaint ghearrthéarmach ar feadh uastréimhse trí bliana ón dáta ar cuireadh an dearadh ar fáil ar dtús don phobal AE, i.e. nuair a cuireadh an táirge ar díol trí bhíthin margaíochta nó réamhbheart foilseacháin.
  • 2.

    Dearadh Comhphobail cláraithe:

    • cláraithe le OHIM;
    • cosaint ar feadh íostréimhse cúig bliana agus uastréimhse 25 bliana.

Tá dearaí cláraithe cosanta ar chóipeáil agus ar fhorbairt dearaí comhchosúla; níl dearaí neamhchláraithe cosanta ach ar chóipeáil.

Teorainn le cearta

Fágtar roinnt gníomhartha ar lár as na cearta, lena n-áirítear:

  • gníomhartha a dhéantar go príobháideach agus chun críocha neamhthráchtála;
  • gníomhartha a dhéantar chun críocha turgnaimh;
  • gníomhartha atáirgthe, amhail chun críocha múinteoireachta.

Ní chuirtear an rialachán i bhfeidhm maidir le trealamh ar longa agus le haerárthaí atá cláraithe i dtír neamh-AE, nuair a thugann siad cuairt go sealadach ar an gcríoch AE.

Dearadh Comhphobail a chlárú

  • Is féidir iarratas chun dearadh Comhphobail a chlárú a chur faoi bhráid OHIM nó oifige náisiúnta um maoin tionsclaíochta.
  • Tarchuirtear gach iarratas chuig OHIM, a dhéanann scrúdú foirmiúil air agus, más infheidhme, a thugann an dearadh Comhphobail don iarratasóir trína iontráil i gclár na ndearaí Comhphobail.
  • Ansin, foilsíonn an oifig an iontráil i bhfeasachán a bhfuil rochtain ag an bpobal air.
  • Chun faisnéis íogair a chosaint, is féidir leis an iarratasóir iarraidh ar fhoilsiú an eolais sin a chur siar 30 mí ón dáta comhdaithe.

Ceadúnais

Is féidir dearadh Comhshaoil a cheadúnú le haghaidh coda den Aontas Eorpach nó don Aontas Eorpach iomlán. Is féidir ceadúnas eisiach nó neamheisiach a eisiúint. Ní mór toiliú a fháil ón sealbhóir cirt.

Cealú

Is féidir dearadh cláraithe Comhphobail a chealú sna cásanna seo a leanas:

  • ní chloíonn an dearadh leis na riachtanais atá leagtha amach le haghaidh dearaidh Chomhphobail;
  • níl ceart chun an dearaidh Chomhphobail ag an sealbhóir;
  • is éard atá i gceist leis an dearadh ná úsáid mhíchuí a bhaint as saothar atá cosanta faoin dlí cóipchirt i dtír AE.

Pionóis

Tá na bearta ar féidir glacadh leo i gcás sáraithe leagtha amach sa rialachán. Áirítear leis na bearta sin táirgeadh a chosc agus táirgí sáraithe a ghabháil. Is féidir leis an gcúirt i dtír AE pionóis eile a ghearradh freisin.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 6 Márta 2002.

CÚLRA

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lgh. 1-24)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 29.02.2016

Top