Cosaint dhlíthiúil: Topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra
ACHOIMRE AR:
Treoir 87/54/CEE maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Tá sé mar aidhm leis an treoir córas soiléir comhchuibhithe a sholáthar ar fud thíortha AE ar mhaithe le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí* (dearaí leagain amach) táirgí leathsheoltóra*.
- Is é is cuspóir leis an gcineál áirithe sin de cheart maoine intleachtúla cosc a chur ar mhicrishlis bhunaidh nó dearaí ciorcad iomlánaithe a chóipeáil agus a thráchtálú ina dhiaidh sin, mar atá siad, nó in aon táirge ina bhfuil siad corpraithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Coinníollacha chun cosaint a thabhairt ar thopagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra
Maidir le tíortha AE:
- ní mór dóibh reachtaíocht a ghlacadh chun topagrafaíochtaí leathsheoltóra a chosaint sa chás go gcomhlíonann a ndearadh dhá choinníoll:
- tá siad mar thoradh ar iarracht intleachtúil an chruthaitheora féin,
- níl siad coitianta i measc an tionscail leathsheoltóra. Sa chás go bhfuil eilimintí topagrafaíochta táirge leathsheoltóra coitianta sa tionscal, ní féidir é a chosaint ach amháin a mhéid go gcomhlíonann an teaglaim d’eilimintí den sórt sin an coinníoll thuasluaite;
- caithfidh sé an ceart chun cosanta a dheonú don duine a chruthaíonn an topagrafaíocht, más duine aonair é an duine sin atá ina náisiúnach de thír AE nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ansin. Féadfaidh siad a shonrú, áfach, cé dó a ndeonófar an ceart i gcás go gcruthófar topagrafaíocht le linn fhostaíocht an chruthaitheora nó faoi chonradh nach conradh fostaíochta é;
- féadfaidh siad, faoi choinníollacha áirithe, cosaint a dheonú do dhaoine aonair, do chuideachtaí nó do dhaoine dlítheanacha eile a shaothraíonn topagrafaíocht ar bhonn tráchtála den chéad uair, is é sin topagrafaíocht:
- nár saothraíodh ar bhonn tráchtála roimhe sin,
- atá údaraithe go heisiach chun an topagrafaíocht ar fud an Aontais a shaothrú ar bhonn tráchtála ag an duine atá i dteideal é a údarú;
- féadfaidh siad dul i mbun caibidlíochta le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun an ceart chun cosanta a leathnú chuig daoine nach gcumhdaítear sa Treoir. Nuair a dhéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas;
- féadfaidh siad cosaint a dhiúltú nó a bhaint maidir le topagrafaíocht táirge leathsheoltóra i gcás nár cuireadh iarratas ar chlárú i bhfoirm chuí faoi bhráid údarás poiblí laistigh de 2 bhliain ó rinneadh é a shaothrú ar bhonn tráchtála den chéad uair;
- féadfaidh siad a éileamh go ndéanfar ábhar lena sainaithnítear nó lena léirítear an topagrafaíocht a thaisceadh le húdaráis phoiblí. Mar sin féin, ní foláir nó nach gcuirfear an t–ábhar sin ar fáil go poiblí i gcás go bhfuil sé ina rún ceirde.
Cearta eisiacha
Is cearta eisiacha iad na cearta a dheonaítear. Áirítear orthu sin:
- an ceart chun atáirgeadh ar thopagrafaíocht chosanta a údarú nó a thoirmeasc; agus
- an ceart chun saothrú tráchtála nó an t-allmhairiú chun críche topagrafaíochta nó táirge leathsheoltóra a mhonaraítear ag úsáid na topagrafaíochta a údarú nó a thoirmeasc.
Níl feidhm ag an gceart eisiach chun atáirgeadh a údarú nó a thoirmeasc maidir le hatáirgeadh de na cineálacha seo a leanas:
- chun críocha príobháideacha le haghaidh aidhmeanna neamhthráchtála;
- chun anailís nó meastóireacht a dhéanamh ar na coincheapa, na próisis, na córais nó na teicnící a chuimsítear sa topagrafaíocht nó ar an topagrafaíocht féin nó iad a theagasc.
Ní leathnaítear an chosaint a thugtar do thopagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra chuig aon choincheap, próiseas, córas, teicníc nó faisnéis ionchódaithe a chuimsítear sa topagrafaíocht seachas an topagrafaíocht féin.
Clárú
- Sa chás gur coinníoll é clárú na topagrafaíochta chun cearta eisiacha a dheonú, tiocfaidh na cearta sin i bhfeidhm ar:
- ar an dáta a chuirfear an t iarratas ar chlárú isteach; nó
- ar an dáta a dhéanfar an topagrafaíocht a shaothrú ar bhonn tráchtála ar dtús áit ar bith ar domhan, cibé acu is túisce.
- Sa chás nach coinníoll é clárú chun cearta eisiacha a dheonú, tiocfaidh na cearta i bhfeidhm nuair a dhéantar an topagrafaíocht a shaothrú ar bhonn tráchtála áit ar bith ar domhan nó nuair a dhéantar í a fheistiú nó a ionchódú den chéad uair.
Dul in éag na gceart
Rachaidh na cearta eisiacha in éag 10 mbliana ó dheireadh na bliana féilire inar saothraíodh an topagrafaíocht ar bhonn tráchtála den chéad uair. Nuair a bhíonn clárú ag teastáil, ríomhtar an tréimhse 10 mbliana mar a leanas:
- ó dheireadh na bliana féilire inar cuireadh an t–iarratas ar chlárúchán isteach; nó ó
- dheireadh na bliana féilire inar saothraíodh an topagrafaíocht ar bhonn tráchtála den chéad uair, cibé acu is túisce.
Cosaint dhlíthiúil a leathnú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad
Leathnaíodh cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra chuig daoine aonair, cuideachtaí agus daoine dlítheanacha eile ó:
CMI a fhorfheidhmiú
Le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 maidir le forfheidhmiú údarás custaim ar chearta maoine intleachtúla, lenar aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, rinneadh liosta na gceart cosanta a leathnú chun topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra a áireamh ón 1 Eanáir 2014.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 23 Nollaig 1986 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 7 Samhain 1987.
CÚLRA
Ar leibhéal idirnáisiúnta, laistigh den Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, glacadh Conradh Washington um Chosaint Maoine Intleachtúla i leith Ciorcaid Iomlánaithe in 1989. Foráiltear leis cosaint do thopagrafaíochtaí ciorcad iomlánaithe. Cé nach bhfuil an conradh tagtha i bhfeidhm, corpraíodh a ábhar trí thagairt don Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (ar a dtugtar Comhaontú TRIPS de ghnáth — féach an achoimre) a síníodh faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Topagrafaíocht: i gcás táirge leathsheoltóra (féach an chéad phríomhthéarma eile), sraith íomhánna gaolmhara, cibé dóigh a mbeidh siad feistithe nó ionchódaithe:
- a léiríonn patrún tríthoiseach na sraitheanna dá bhfuil táirge leathsheoltóra comhdhéanta;
- Tá patrún, nó cuid de phatrún, de dhromchla an táirge leathsheoltóra ag gach íomhá sa tsraith ag céim ar bith dá mhonarú.
Táirge leathsheoltóra: is ionann ciorcaid iomlánaithe, ar a dtugtar micrishliseanna (nó sliseanna) freisin, agus foirm dheiridh nó idirmheánach aon táirge:
- ina bhfuil réimse ábhair lena n–áirítear sraith d’ábhar leathsheoltach; agus
- ina bhfuil sraith amháin nó níos mó sraitheanna eile comhdhéanta d’ábhar seoltach, inslitheach nó leathsheoltach, agus na sraitheanna eagraithe de réir patrún tríthoiseach réamhshocraithe; agus
- atá beartaithe chun feidhm leictreoin a fheidhmiú, go heisiach nó in éineacht le feidhmeanna eile.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir ón gComhairle 87/54/CEE an 16 Nollaig 1986 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra (IO L 24, 27.1.1987, lgh. 36-40)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 15-34)
Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch — Iarscríbhinn XVII — Maoin intleachtúil — Liosta dá bhforáiltear in Airteagal 65 (2) (IO L 1, 3.1.1994, lgh. 482-483)
LEATHNÚ AR CHOSAINT DO THÍORTHA NACH TÍORTHA DEN AONTAS EORPACH IAD
Cinneadh 96/644/CE ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra a leathnú chuig daoine ó Oileán Mhanann (IO L 293, 16.11.1996, lgh. 18-19)
Cinneadh na Comhairle 94/824/CE an 22 Nollaig 1994 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra a leathnú chuig daoine ó Chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (IO L 349, 31.12.1994, lgh. 201-202)
Cinneadh 94/700/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1994 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra a leathnú chuig daoine as Ceanada (IO L 284, 1.11.1994, lgh. 61-62)
Cinneadh 93/16/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1992 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra a leathnú chuig daoine as Stáit Aontaithe Mheiriceá agus críocha áirithe (IO L 11, 19.1.1993, lgh. 20-21)
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 93/16/CEE sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 04.11.2020