EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht táirgí: rialacha ginearálta

Sábháilteacht táirgí: rialacha ginearálta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Ceanglaítear leis an treoir, ar a dtugtar an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí chomh maith, ar ghnóthais a áirithiú go bhfuil na hearraí atá ar díol sábháilte agus beart ceartaitheach a dhéanamh nuair a fhaightear nach bhfuil sin amhlaidh.

Tugtar isteach léi córas mear-rabhaidh AE le haghaidh táirgí* contúirteacha neamhbhia. De dheasca sin féadfaidh na húdaráis náisiúnta faisnéis a chomhroinnt go pras maidir le bearta ar bith a rinneadh chun na táirgí sin a aistarraingt óna ndíol.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní ceadmhach ach táirgí sábháilte a chur ar mhargadh AE.
  • Ní mór faisnéis a shonrú ar na táirgí lenár féidir na táirgí sin a rianú, amhail ainm an mhonaróra agus tagairt táirge. Nuair is gá ar mhaithe le húsáid shábháilte, ní mór rabhaidh, mar aon le faisnéis faoi na bunrioscaí a chur ar fáil in éineacht le táirgí.
  • Má chomhlíonann táirge ceanglais shonracha náisiúnta nó caighdeáin AE, measfar go bhfuil an táirge sin sábháilte. Mura bhfuil ann do cheanglais/chaighdeáin dá leithéid, ní mór measúnú sábháilteachta a dhéanamh atá bunaithe ar na nithe seo:
    • treoirlínte an Choimisiúin;
    • an dea-chleachtas san earnáil lena mbaineann;
    • teicneolaíocht úrscothach;
    • ionchais réasúnta tomhaltóirí maidir le sábháilteacht.
  • Tá cumhacht ag na húdaráis náisiúnta fhorfheidhmithe chun faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht na dtáirgí agus chun beart cuí a ghlacadh i gcoinne earraí neamhshábháilte.
  • Le córas mearmhalartaithe faisnéise, atá á bhainistiú ag an gCoimisiún, féadfaidh na húdaráis náisiúnta a gcontrapháirteanna a chur ar an eolas go tapa faoi tháirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach sláinte agus sábháilteachta. I gCinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2019/417 leagtar amach treoirlínte maidir le bainistiú Chóras um Mearfhaisnéis AE (RAPEX) maidir le sábháilteacht táirgí agus lena chóras maidir le fógra a thabhairt, arna bhunú le Treoir 2001/95/CE. Tá socruithe ar leith curtha i bhfeidhm le haghaidh bia, táirgí míochaine agus feistí míochaine.
  • Nuair a úsáideann údaráis náisiúnta an córas mear-rabhaidh, ní foláir nó go soláthróidh siad faisnéis lenar féidir earra a aithint agus lenár féidir a fháil amach an bhfuil fáil air in áiteanna eile san Eoraip, mionsonraí faoi na rioscaí a bhaineann leis agus beart ar bith a rinneadh chun an pobal a chosaint.
  • Má bhaineann riosca tromchúiseach le táirge áirithe, féadfaidh an Coimisiún glacadh go tapa le bearta (ar féidir iad a athnuachan) ar fud AE ar feadh bliana nó níos lú.
  • Ní bhaineann an reachtaíocht le seandachtaí ná le hearraí atá le deisiú nó le hathchóiriú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 15 Eanáir 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 15 Eanáir 2004.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Táirge: aon earra atá beartaithe lena dhíol le tomhaltóirí, nó ar dóigh go mbainfidh tomhaltóirí úsáid as, cibé an earra nua, an earra caite nó an earra athchóirithe é.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lgh. 4-17)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2001/95/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras um Mearfhaisnéis an Aontais Eorpaigh “RAPEX” arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus lena chóras maidir le fógra a thabhairt (IO L 73, 15.3.2019, lgh. 121-187)

Cinneadh 2010/15/AE ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2009 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras um Mearfhaisnéis an Chomhphobail RAPEX, arna bhunú faoi Airteagal 12, agus an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt, arna bhunú faoi Airteagal 11 de Threoir 2001/95/CE (an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí) (IO L 22, 26.1.2010, lgh. 1-64)

Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaobh chur chun feidhme Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO C 38, 17.2.2009, lgh. 11-14)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur chun feidhme Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (COM(2008) 905 críochnaitheach an 14 Eanáir 2009)

Nuashonraithe 14.09.2015

Top