EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tractors and agricultural or forestry machinery: braking
Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: coscánú
Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: coscánú
This summary has been archived and will not be updated. See 'Feithiclí sábháilte talmhaíochta agus foraoiseachta' for an updated information about the subject.
Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: coscánú
Leagtar síos sa treoir seo rialacha agus ceanglais ar mhaithe le sábháilteacht ag an obair agus ar na bóithre, le gur féidir an nós imeachta cineálcheadaithe le haghaidh tarracóirí a chur i bhfeidhm maidir le gléasanna coscánaithe.
ACT
Treoir 76/432/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le córais choscánaithe le haghaidh tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí.
ACHOIMRE
Raon
Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le tarracóirí a bhfuil boinn aeir acu, mar aon le dhá acastóir agus uasluas deartha idir 6 agus 40 km/u.
Ní ceadmhach do na Ballstáit diúltú do cheadú an Chomhphobail ná do cheadú náisiúnta a dhámhachtain le haghaidh tarracóra, mar gheall ar ghléasanna coscánaithe, má chomhlíonann na gléasanna coscánaithe seo na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn I go dtí IV a ghabhann leis an treoir. Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le tarracóirí a chlárú, a dhíol, a chur ar sheirbhís agus feidhm a bhaint astu.
Inneachar na nIarscríbhinní:
Athchóirithe maidir le dul chun cinn teicniúil
Na leasuithe a bhí de dhíth chun na hiarscríbhinní a athchóiriú maidir le dul chun cinn teicniúil, glacadh leo i gcomhréir leis an nós imeachta a ndearnadh foráil dó i dTreoir 74/150/CEE, treoir arna haisghairm ina dhiaidh sin agus arna hionadú le treoir 2003/37/CE.
Aisghairm
Aisghairfear Treoir 76/432/CEE agus Treoir 2003/37/CE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeacht ón 1.1.2016.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 76/432/CEE |
8.5.1976 |
1.1.1977 |
IO L 122, 8.5.1976, lch. 1-14 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Treoir 82/890/CEE |
31.12.1982 |
21.6.1984 |
IO L 378, 31.12.1982, lch. 45-46 |
Treoir 96/63/CE |
25.10.1996 |
1.10.1997 |
IO L 253, 5.10.1996, lch. 13-14 |
Treoir 97/54/CE |
30.10.1997 |
22.9.1998 |
IO L 277, 10.10.1997, lch. 24-25 |
Arna haisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta [Iris Oifigiúil L 60, 2.3.2013, lch. 1-51].
Nuashonrú is déanaí: 30.06.2014