EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur idir tíortha AE (go dtí 2022)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur idir tíortha AE' for an updated information about the subject.

Doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur idir tíortha AE (go dtí 2022)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil i dtíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis le nós imeachta gasta, slán agus caighdeánaithe maidir le doiciméid bhreithiúnacha* agus doiciméid sheachbhreithiúnacha* in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a chur i bhfeidhm i dtíortha éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 le Rialachán (AE) 2020/1784 (féach an achoimre) ón 1 Iúil 2022 i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Baineann an rialachán seo le cúrsaí sibhialta nó tráchtála sa chás ina bhfuil gá le doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur ó thír AE amháin go tír AE eile.
  • Níl feidhm aige maidir le:
    • ioncam,
    • custaim,
    • gnóthaí riaracháin nó
    • cásanna i dtaca le dliteanas stáit as gníomhartha nó neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit.
  • Níl feidhm leis an rialachán sa chás nach bhfuil seoladh an duine atá le seirbheáil ar eolas.

Tuilleadh feabhais a chur ar sheirbheáil (tarchur) doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach

Tugtar isteach sa rialachán:

  • riail lena n–ordaítear nach mór don ghníomhaireacht fála gach beart riachtanach a dhéanamh chun an doiciméad a tharchur a luaithe agus is féidir agus, ar chaoi ar bith, laistigh de 1 mhí ón uair a fhaightear é;
  • foirm chaighdeánach chun an seolaí a chur ar an eolas faoina gceart diúltú don doiciméad atá le seirbheáil — ag an am a sheirbheáiltear é — nó tríd an doiciméad a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain;
  • riail lena n–ordaítear nach mór do na costais, a tharlaíonn mar thoradh ar dhul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil faoi dhlí na tíre AE a ndírítear uirthi, a bheith ag teacht le táille shocraithe aonair atá leagtha amach ag an tír sin roimh ré, a urramaíonn prionsabail na comhréireachta agus an neamh–idirdhealaithe;
  • coinníollacha comhchoiteanna do sheirbheáil ag seirbhísí poist (litir chláraithe le hadmháil fála nó a coibhéis).

Áirithíonn gníomhaireachtaí laistigh de thíortha AE an tarchur

  • Ainmníonn tíortha AE na gníomhaireachtaí atá freagrach as doiciméid a tharchur agus a ghlacadh. Ní mór dóibh a n–ainmneacha agus seoltaí, na limistéir gheografacha lena mbaineann siad, agus na teangacha a nglacann siad leo agus na bealaí chun doiciméid a ghlacadh a sholáthar don Choimisiún Eorpach.
  • comhlacht lárnach ag gach tír AE chomh maith atá freagrach as faisnéis a sholáthar do na gníomhaireachtaí, aon deacrachtaí a thagann chun cinn a réiteach agus iarratais ar sheirbheáil ón ngníomhaireacht tarchuir a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht fála ábhartha i gcúinsí eisceachtúla.
  • Féadfaidh stát cónaidhme, stát ina bhfuil feidhm ag dlíchórais éagsúla nó stát a bhfuil aonaid chríche féinrialaithe ann breis agus gníomhaireacht amháin nó comhlacht lárnach amháin den sórt sin a ainmniú. Beidh éifeacht leis an ainmniú sin ar feadh tréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan gach 5 bliana.

Luas a chur le seirbheáil doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach

  • Cuireann an t–iarratasóir doiciméid ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht tarchuir agus íocann sé nó sí as aon chostas aistriúcháin sula dtarchuirtear an doiciméad. Ní mór don ghníomhaireacht tarchuir a chur in iúl don iarratasóir, i gcás nach bhfuil an doiciméad i dteanga a thuigeann an seoltaí nó i dteanga oifigiúil na tíre de chuid AE ina ndéanfar an tseirbheáil, gur féidir leis na seoltaithe diúltú don doiciméad.
  • Ní mór doiciméid a tharchur go díreach agus a luaithe agus is féidir idir na gníomhaireachtaí trí aon bhealach tarchuir iomchuí, fad is go bhfuil siad inléite agus dílis don leagan bunaidh. Ní mór iarratas a bhaineann úsáid as an bhfoirm chaighdeánach mar atá i gceangal leis an rialachán a ghreamú i gceann de na teangacha glactha a thugann tíortha AE le fios. Tá na doiciméid díolmhaithe ó reachtaíocht nó ó aon fhoirmiúlacht choibhéiseach. Ní mór don ghníomhaireacht fála admháil a sheoladh laistigh de 7 lá. Ní mór don ghníomhaireacht fála teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht tarchuir a luaithe agus is féidir i gcás faisnéise atá ar iarraidh.

Doiciméid a sheirbheáil de réir dhlí thír ghlactha AE fála laistigh de 1 mhí

  • Ba chóir don ghníomhaireacht fála an doiciméad a sheirbheáil í féin, nó a áirithiú go seirbheálfar é, laistigh de 1 mhí. Mura bhfuil sé seo indéanta, ní mór don ghníomhaireacht fála an ghníomhaireacht tarchuir a chur ar an eolas agus leanúint le hiarracht a dhéanamh an doiciméad a sheirbheáil. Déantar seirbheáil de réir dhlí thír fhála AE, nó trí mhodh ar leith, má lorgaíonn an ghníomhaireacht tarchuir é seo agus má chloíonn sé leis an dlí náisiúnta. Nuair a dhéanfar an tseirbheáil, ní mór deimhniú um chur i gcrích maidir leis na foirmiúlachtaí atá i gceist a chomhlánú i dteanga a ghlacann tír thionscnaimh AE agus a chur chuig an ngníomhaireacht tarchuir.
  • Is é an dáta seirbheála a bheidh ann an dáta a sheirbheáiltear an doiciméad i gcomhréir le dlí thír AE a ndírítear uirthi, ach amháin sa chás nach mór é a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe i gcomhréir le dlí na tíre sin. Ní fhéadfaidh an tseirbhís costais nó cánacha a thabhú sa tír AE a ndírítear uirthi, ach amháin más rud é go raibh modh seirbhíse ar leith ann nó go ndeachthas i muinín oifigeach breithiúnach ansin. Sa chás sin, is faoin iarratasóir atá sé na costais a íoc. Nó mór do thíortha AE táille aonair a shocrú roimh ré, agus í a chur in iúl don Choimisiún.
  • Féadfar doiciméid a sheirbheáil go díreach freisin trí úsáid a bhaint as post cláraithe le hadmháil nó trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile ón tír AE a ndírítear uirthi, má cheadaíonn an tír atá i gceist é. I gcúinsí eisceachtúla, féadfar doiciméid a sheoladh ar aghaidh chuig gníomhaireachtaí thír AE eile trí bhealaí taidhleoireachta nó consalacha.

An seoltaí a chur ar an eolas faoin gceart an doiciméad atá le seirbheáil a dhiúltú

  • Cuireann an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas go bhféadfadh sé nó sí diúltú an doiciméad a ghlacadh mura bhfuil sé scríofa i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga oifigiúil na tíre AE ina dtarlaíonn an tseirbhís. Ní mór don diúltú tarlú tráth na seirbhíse nó tríd an doiciméad a sheoladh ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain.
  • Más eascaire toghairme é an doiciméad (ordú oifigiúil do dhuine éigin teacht os comhair cúirte dlí) nó doiciméad coibhéiseach agus nach bhfuil an cosantóir i láthair, ní fhéadfar breithiúnas a fhógairt go dtí go mbeidh sé cinnte go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil i gcomhréir le dlí baile thír AE, go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh agus go raibh dóthain ama ag an gcosantóir chun cosaint a chur isteach. Mar sin féin, féadfar breithiúnas a thabhairt más rud é go ndearnadh an doiciméad a tharchur trí cheann de na modhanna a leagtar síos sa rialachán, agus más rud é go bhfuil breis agus 6 mhí caite agus nach bhfuil deimhniú d’aon sórt faighte, in ainneoin go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta ag údaráis inniúla na tíre AE a ndírítear uirthi. Más rud é nach raibh an cosantóir ar an eolas faoin doiciméad in am trátha chun teacht i láthair, is féidir fós iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh laistigh d’am réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.
  • Ba chóir don Choimisiún lámhleabhar a sholáthar agus a nuashonrú go rialta, ina mbeidh an fhaisnéis arna soláthar ag tíortha AE. Faoi 2011, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ní mór dó tuarascáil a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin, agus aird speisialta á cur ar éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí.

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (AE) 1393/2007 le Rialachán (CE) Uimh. 2020/1784 agus cuirfear an Rialachán sin ina ionad ón 1 Iúil 2022 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 13 Samhain 2008, ach amháin Airteagal 23 (i dtaca le faisnéis áirithe á cur in iúl agus á foilsiú ag tíortha AE) a bhfuil feidhm leis ón 13 Lúnasa 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Doiciméad breithiúnach: doiciméad dlí a eisítear le linn cás dlí shibhialta nó thráchtála (mar shampla toghairm, eascaire nó breithiúnas) nach mór a sheirbheáil ar pháirtí.
Doiciméad sheachbhreithiúnach: doiciméad dlí a sheirbheáiltear ach atá lasmuigh den cháschomhad (mar shampla, sonrasc nó fógra díshealbhaithe).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lgh. 79-120)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 11.12.2020

Top