EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint do bhéaróga

Cosaint do bhéaróga

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/74/CE — caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos inti caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint. Níl feidhm aici maidir le hionaid ina bhfuil níos lú ná 350 béaróg nó ionaid ina dtógtar béaróga pórúcháin.
  • Ní foláir nó go gcloíonn tógáil béaróg leis na rialacha ábhartha arna leagan síos le Treoir 98/58/CE maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta agus maidir leo siúd atá leagtha síos san Iarscríbhinn leis an treoir seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Córais mhalartacha

Ó 1 Eanáir 2002, i leith, bhí ar gach córas nuathógtha nó gach córas malartacha atógtha um tháirgeadh agus gach córas um tháirgeadh den sórt sin a cuireadh in úsáid den chéad uair na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ní mór do na córais uile a bheidh feisithe leis na nithe seo a leanas:

    • beathadáin líneacha (10 cm ar a laghad ina aghaidh na béaróige) nó beathadáin chiorclacha (4 cm ar a laghad in aghaidh na béaróige),
    • umair leanúnacha óil (2.5 cm in aghaidh na béaróige) nó umair chiorclacha óil (1 cm in aghaidh na béaróige),
    • 1 nead ar a laghad do gach 7 mbéaróg,
    • faraí leordhóthanacha (15 cm ar a laghad in aghaidh na béaróige),
    • 250 cm2 ar a laghad de láthair eascrach in aghaidh na béaróige;
  • ní mór d’urláir na suiteálacha tacú le gach ceann de chrúba chun tosaigh gach coise;
  • tá rialacha speisialta ann ar chórais maidir le tógáil trínar féidir leis na béaróga gluaiseacht go héasca agus/nó lena gceadaítear rochtain ar chlóis lasmuigh;
  • ní bheidh líon nach mó ná naoi mbéaróg in aghaidh m2 de láthair inúsáidte sa dlús stócála (i gcás go dtagann an láthair inúsáidte leis an dromchla talún atá ar fáil, áfach, tá dlús stócála de 12 bhéaróg in aghaidh m2 údaraithe go dtí an 31 Nollaig 2011 do na hionaid sin a chuir na córas sin i bhfeidhm an 3 Lúnasa 1999).

Bhí ar thíortha AE a chinntiú go raibh na ceanglais sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2007.

Tógáil i gcórais cás neamhfheabhsaithe

  • Ón 1 Eanáir 2003 i leith, bhí ar na cásanna neamhfheabhsaithe uile na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

    • 550 cm2 ar a laghad de láthair cháis a sholáthar do gach béaróg;
    • ní mór umar beathaithe (10 cm ar a laghad ar fad méadaithe faoi líon na mbéaróg), ar féidir úsáid gan srian a bhaint as a sholáthar;
    • ní mór córas óil cuí a bheith i ngach cás;
    • ní mór do na cásanna a bheith 40 cm ar a laghad ar airde thar 65 % de láthair an cháis agus gan a bheith níos lú na 35 cm ag pointe ar bith;
    • ní mór urláir na gcásanna a thógáil chun tacú le crúba gach coise. Má tá an t-urlár ar fhána, ní mór nach mbeidh sé sin níos mó ná 14 % nó 8 % i gcás go bhfuil an t-urlár déanta d’ábhar seachas líontán sreinge;
    • ní mór do na cásanna a bheith feistithe le feistis ghiorraithe crúb.
  • Ón 1 Eanáir 2003 i leith, ní fhéadfaidh cásanna neamhfheabhsaithe a thógáil nó a thabhairt i seirbhís den chéad uair. Tá cosc ar an gcineál sin córais tógála ón 1 Eanáir 2012 i leith.

Tógáil i gcásanna feabhsaithe

Ón 1 Eanáir 2002 i leith, bhí ar na cásanna neamhfheabhsaithe uile na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ní mór an méid seo a leanas a bheith ag gach béaróg:

    • 750 cm2 ar a laghad de chás,
    • nead,
    • bruscar ar an gcaoi gur féidir leo giobadh agus scríobadh,
    • faraí cuí 15 cm ar a laghad;
  • ní mór umar beathaithe ar féidir é a úsáid gan srian a sholáthar. Ba cheart go mbeadh sé 12 cm méadaithe faoi líon na gcearc sa chás ar fad;
  • ní mór córas óil cuí a bheith i ngach cás;
  • ní mór pasáiste íosta 90 cm a bheith idir sraitheanna an cháis agus ní mór spás 35 cm ar a laghad a bheith ar fáil idir urlár an fhoirgnimh agus sraith íochtar na gcásanna;
  • ní mór na cásanna a bheith feistithe le feistis ghiorraithe crúb.

Rialacha deiridh

  • Ní mór d’údaráis inniúla thíortha AE a n-ionaid atá cumhdaithe faoin treoir a chlárú agus uimhir shainiúil a thabhairt dóibh lena gcinntear inrianaitheacht na n-uibheacha a chuirtear ar an margadh lena n-ithe ag an duine.
  • Ní mór dóibh a chinntiú go ndéanfar cigireachtaí faoi fhreagracht an údaráis inniúil lena sheiceáil go bhfuil rialacha na Treorach á gcomhlíonadh. Ní mór dóibh tuarascáil a chur isteach maidir leis na cigireachtaí chuig an gCoimisiún Eorpach, agus ní mór don Choimisiún Eorpach an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (PAFF) a chur ar an eolas ansin.
  • Féadfaidh saineolaithe tréidliachta ón gCoimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis inniúla. Pléitear torthaí na seiceálacha sin leis na húdaráis inniúla, agus déanann siadsan bearta ar bith is gá de réir na seiceálacha ansin.
  • Féadfaidh tíortha AE rialacha níos doichte ná na cinn atá beartaithe leis an treoir seo a choimeád nó a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríocha.

Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla

Le Rialachán (AE) 2017/625, reachtaíocht nua AE maidir leis na rialuithe oifigiúla ar bhia don duine agus bia ainmhithe, leasaítear mionsonraí teicniúla áirithe den treoir. Beidh feidhm leis na hathruithe sin ón 14 Nollaig 2019.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Lúnasa 1999. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 2002.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint (IO L 203, 3.8.1999, lgh. 53-57)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/74/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2002 maidir le clár na n-ionad ina gcoinnítear béaróga, atá cumhdaithe faoi Threoir 1999/74/CE ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2002, lgh. 44–46)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 05.09.2017

Top