EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí de bhunadh ainmhíoch — sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

Táirgí de bhunadh ainmhíoch — sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/118/CEE — ceanglais sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí maidir le trádáil táirgí áirithe in AE agus allmhairiú díobh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi sláinte ainmhithe agus sláinte an duine a chosaint trí cheanglais a leagan amach maidir le trádáil nó allmhairiú na dtáirgí ainmhithe uile atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine nach bhfuil cumhdaithe go sonrach cheana faoin reachtaíocht a bhaineann le feoil úr agus táirgí feola.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sa treoir seo déantar achoimre ar raon táirgí ainmhithe ilghnéitheacha neamhshonraithe lena gcaitheamh ag an duine, lena n-áirítear cásálacha ispíní (a dhéantar go minic ó shraith stéige ainmhí), cnámha, saill, táirgí fola agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte.
  • Ní mór don Aontas Eorpach (AE) trádáil nó allmhairiú táirge nua ar bith de bhunadh ainmhíoch a údarú agus cloí le, más cuí, tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia.
  • Ba cheart go dtiocfadh táirgí lena dtrádáil ó bhunaíochtaí faofa atá cláraithe leis an tír AE, ag cinntiú go bhfuil urraim á tabhairt do na rialacha maidir le faireachas agus monatóireacht táirgí.
  • Ní fhéadfar táirgí a allmhairiú ach amháin má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
    • ní mór dóibh teacht as tír fhaofa agus rialacha sláinte a bheith ag baint leo atá coibhéiseach leis na rialacha sláinte in AE;
    • ní mór go dtagann siad ó bhunaíochtaí faofa agus ráthaíochtaí a bheith ag gabháil leo go gcomhlíonann siad ceanglais sláinte atá coibhéiseach leis na ceanglais sláinte in AE;
    • i gcásanna áirithe, ní mór deimhniú sláinte ainmhithe nó deimhniú sláinte poiblí a bheith ag gabháil leo.
    • féadfar tuilleadh coinníollacha sonracha a fhorchur, go háirithe chun AE a chosaint ar ghalair andúchasacha áirithe agus ar ghalair is in-tarchurtha chuig daoine.

Áirítear an méid seo a leanas i rialacha sonracha sa treoir.

  • Cásálacha ainmhithe. Ní mór go dtagann siad sin ó mhonarchana monaraíochta faofa agus ní mór go ndearnadh iad a ghlanadh agus a scríobadh agus go ndearnadh iad a shailleadh, a thuar nó a thriomú ansin, agus gur úsáideadh bearta chun ath-éilliú a chosc.
  • Cnámha, adharca agus crúba (agus a dtáirgí) gan mhin san áireamh. Tagann ceanglais sláinte ainmhithe leis na ceanglais maidir le feoil úr de ghnáth.
  • Próitéin ainmhíoch phróiseáilte . Má allmhairítear í ba cheart í a thástáil i gcomhair Salmonella ag an bpointe tionscnaimh agus a chur faoi réir tástáil randamach ag post cigireachta.
  • Fuil úr agus táirgí fola ó eallaí agus éanlaithe clóis. Tagann na ceanglais maidir le trádáil agus allmhairí leis na ceanglais maidir le feoil úr de ghnáth.
  • Geir agus saill leáite. Ba cheart iad sin a theaschóireáil agus a phacáil i gcoimeádáin nua amháin.

Déanfar an treoir seo a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 agus cuirfear ina hionad é le héifeacht ón 20 Aibreán 2021 (féach gníomhartha gaolmhara).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 6 Eanáir 1993. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 1994 (seachas na rialacha maidir le hAirteagail 12(2) agus 17 a chomhlíonadh arbh é an 1 Eanáir 1993 an spriocdháta lena aghaidh).

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/118/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992 lena leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a rialaíonn an trádáil i dtáirgí agus a n-allmhairiú isteach sa Chomhphobal nach bhfuil faoi réir na gceanglas atá leagtha síos i rialacha sonracha an Chomhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A(I) maidir le Treoir 89/662/CEE agus le Treoir 90/425/CEE (IO L 62, 15.3.1993, lgh. 49-68)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Threoir 92/118/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 94/453/CE ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 1994 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear roinnt rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a theastaíonn le aghaidh ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe áirithe a allmhairiú ón bhFionlainn ón Iorua, ón Ostair agus ón tSualainn agus an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch á chur i bhfeidhm (IO L 187, 22.7.1994, lgh. 11-13)

Cinneadh 94/775/CE ón gCoimisiún an 28 Samhain 1994 lena leasaítear Cinneadh 94/143/CE, Cinneadh 94/187/CE, Cinneadh 94/309/CE, 94/344/CE, Cinneadh 94/446/CE agus Cinneadh 94/435/CE lena leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe agus an deimhniú maidir le hallmhairiú táirgí áirithe arna gcumhdach faoi Threoir 92/118/CEE ón gComhairle (IO L 310, 3.12.1994, lgh. 77-78)

Cinneadh 97/199/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 1997 lena leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe agus an deimhniú tréidliachta maidir le bia peataí i gcoimeádáin leáshéalaithe a allmhairiú ó thríú tíortha áirithe a úsáideann córais mhalartacha teaschóireála agus lena leasaítear Cinneadh 94/309/CE (IO L 84, 26.3.1997, lgh. 44-48)

Cinneadh 2003/779/CE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe agus an deimhniú tréidliachta maidir le cásálacha ainmhithe a allmhairiú ó thríú tíortha (fógartha faoi dhoiciméad uimhir C(2003) 3988) (IO L 285, 1.11.2003, lgh. 38-41)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 119/2009 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2009 lena leagtar síos liosta na dtríú tíortha nó codanna díobh, maidir le feoil leipirideach fiáin, mamach talún fiáin agus coiníní feirmshaothraithe a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a thabhairt tríd an gComhphobal agus na ceanglais um dheimhniú tréidliachta (IO L 39, 10.2.2009, lgh. 12-28)

Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh cur chun Feidhme 2014/160/AE ón gCoimisiún an 20 Márta 2014 lena n-aisghairtear liostaí na mbunaíochtaí tríú tíortha óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a glacadh ar bhonn Chinneadh 95/408/CE ón gComhairle (fógartha faoi dhoiciméad C(2014) 1742) (IO L 87, 22.3.2014, lgh. 104-108)

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe sa réimse sláinte ainmhithe (“Dlí Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2016 lena ndréachtaítear liostaí na dtríú tíortha, codanna de thríú tíortha agus na gcríoch óna n-údaróidh na Ballstáit táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas, lena leagtar síos na ceanglais um dheimhniú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2003/812/CE (IO L 126, 14.5.2016, lgh. 13-62)

Nuashonraithe 23.01.2017

Top