EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh dlíthiúil frithpháirteach AE-na Seapáine

Cúnamh dlíthiúil frithpháirteach AE-na Seapáine

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir AE agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla

Cinneadh 2010/616/AE lena dtugtar i gcrích an Comhaontú idir AE agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú comhar níos éifeachtaí a bhunú idir AE agus an tSeapáin sa réimse um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla.

Tá an comhaontú ar an gcéad chomhaontú “neamhspleách” dá leithéid idir AE agus tír neamh-AE. Go dtí go raibh sé tugtha i gcrích, ní raibh comhaontú dá leithéid tugtha i gcrích ag tír aonair AE ar bith leis an tSeapáin.

Tugtar i gcrích leis an gcinneadh an comhaontú thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an gcomhaontú maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a iarraidh agus a sholáthar i ndáil le himscrúduithe, ionchúisimh agus imeachtaí eile in ábhair choiriúla. Níl feidhm aige maidir le heiseachadadh, aistriú imeachtaí* in ábhair choiriúla agus forfheidhmiú pianbhreitheanna, seachas coigistiú.

Cuimsítear sa chúnamh dlíthiúil:

  • fianaisí a ghlacadh, lena n-áirítear trí fhíschomhdháil;
  • earraí a chuardach agus a ghabháil;
  • faisnéis faoi chuntais bhainc a fháil;
  • daoine, earraí nó áiteanna a scrúdú agus a aimsiú nó a aithint;
  • earraí arna sealbhú ag na húdaráis i bpáirtí amháin a sholáthar don pháirtí eile;
  • doiciméid a sheirbheáil (doiciméad dlíthiúil a sholáthar do na páirtithe atá bainteach in imeachtaí dlíthiúla);
  • daoine faoi choimeád a aistriú chun críche fianaise;
  • fáltais a reo nó a ghabháil agus a choigistiú.

Ní mór do gach tír AE agus an tSeapáin údarás láir a ainmniú a bheidh freagrach as iarratais ar chúnamh a sheoladh, a fháil agus freagairt orthu. Tá na húdaráis sin freagrach chomh maith as na hiarratais a chomhlíonadh agus as na hiarratais a tharchur chuig na húdaráis ag a bhfuil an dlínse chun iad a chomhlíonadh.

Iarratais ar chúnamh

Ní mór don tír a bheidh iarratas á dhéanamh aici é sin a dhéanamh i scríbhinn. I gcásanna práinneacha, féadfar an t-iarratas a dhéanamh ar mhodh iontaofa cumarsáide eile. Ní mór faisnéis faoi leith arna leagan amach sa chomhaontú a chuimsiú sna hiarratais.

Féadfaidh an tír iarrtha tuilleadh faisnéise a iarraidh más gá chun an t-iarratas ar chúnamh a chomhlíonadh.

Ní foláir nó go mbeidh aistriú i dteanga oifigiúla na tíre iarrtha nó i dteanga eile a chomhaontóidh an tír sin ag gabháil leis an iarratas, mar aon le doiciméid ar bith eile.

Comhlíonadh iarratas

Maidir leis an tír iarrtha:

  • ní mór di an t-iarratas ar chúnamh a chomhlíonadh chomh gasta agus is féidir agus i gcomhréir lena dlí náisiúnta;
  • féadfaidh sí comhlíonadh an iarratais a chur siar, nó comhlíonadh a chur faoi réir coinníollacha sonracha, dá mba rud é go gcuirfeadh sé isteach ar imscrúdú, ionchúiseamh nó imeacht eile atá ar siúl;
  • ní mór di toradh an chomhlíonta, mar aon le fianaisí nó earraí ar bith a fuarthas, a tharchur chuig an tír iarrthach. Murar féidir léi iarratas a chomhlíonadh go hiomlán nó i bpáirt, ní mór di na cúiseanna leis sin a thabhairt don tír iarrthach;
  • féadfaidh sí diúltú, faoi choinníollacha áirithe, do chúnamh a chur ar fáil, mar shampla má bhaineann an t-iarratas le cion a ngabhann bás mar phionós leis sa tír iarrthach. Agus cúnamh á dhiúltú, ní mór don tír iarrtha na cúiseanna leis sin a thabhairt.

Fianaisí agus ráitis

Ní fhéadfaidh an tír iarrthach ach fianaisí, ráitis, earraí nó faisnéis a úsáid sna himscrúdaithe, sna hionchúisimh agus in imeachtaí eile ar iarradh iad ina leith agus iad sin amháin.

Féadfaidh an tír iarrtha rúndacht a iarraidh nó coinníollacha eile a fhorchur ar úsáid na sonraí sin. Féadfaidh sí coinníollacha a fhorchur chomh maith ar iompar, ar chothabháil agus ar fhilleadh na n-earraí arna n-iarraidh.

Chun fianaisí nó ráitis a ghlacadh, féadfaidh an tír iarrtha leas a bhaint as bearta comhéigneacha más gá, ar an gcoinníoll go bhfuil bonn cirt leis sin faoina dlí náisiúnta. I gcásanna go bhfuiltear le héisteacht leis an duine lena mbaineann mar fhinné in imeachtaí na tíre iarrthaí, féadfaidh an tír iarrtha cead a thabhairt do na húdaráis inniúla an fhianaise nó ráiteas a ghlacadh trí fhíschomhdháil.

Daoine, earraí agus áiteanna

Más gá agus más féidir údar a thabhairt leis faoina dlí náisiúnta, féadfaidh an tír iarrtha leas a bhaint as bearta comhéigneacha chun earraí a fháil agus chun daoine, earraí nó áiteanna a scrúdú.

Ní mór don tír iarrtha an méid seo a leanas a chur ar fáil don tír iarrthach:

  • faisnéis a bhaineann le cuntais bhainc an duine atá á imscrúdú, sa mhéid is go sealbhaíonn an banc lena mbaineann é;
  • aon earraí atá ar fáil go poiblí atá i seilbh a húdarás reachtach, riaracháin nó bhreithiúnach;
  • aon earraí neamhphoiblí, amhail taifid choiriúla, atá i seilbh n-údarás sin, sa mhéid is go bhfuil siad ar fáil dá húdaráis imscrúdaitheacha agus ionchúisimh agus faoi na coinníollacha céanna a bhfuil siad ar fáil dóibh.

Ní mór don tír iarrtha doiciméid agus toghairmeacha (ordú chun teacht os comhair cúirte) a sheirbheáil ar dhaoine ar iarradh orthu teacht os comhair údaráis inniúla na tíre iarrthaí. Má iarrtar ar an duine faoi choimeád fianaise a thabhairt, féadfaidh an tír iarrtha an duine sin a aistriú go sealadach chuig an tír iarrthach. Ní mór don duine a bheidh le haistriú, áfach, a chead/a cead a thabhairt ar dtús agus caithfidh an t-aistriú a bheith ceadaithe faoi dhlí na tíre iarrtha.

Coigistiú fáltas

Ba cheart don tír iarrtha cuidiú leis an tír iarrthach in imeachtaí a bhaineann le fáltais na coireachta a reo nó a ghabháil agus a choigistiú, a mhéad is go bhfuil sé sin ceadaithe faoina dlí náisiúnta.

Ní mór don tír iarrthach cinneadh cúirte nó údarás breithiúnach eile a chur ar fáil lena bhforchuirtear an coigistiú, mar aon lena hiarratas. Má tá na fáltais faoi choimeád na tíre iarrtha, féadfaidh sí iad a aistriú go hiomlán nó i bpáirt chuig an tír iarrthach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Tá feidhm leis ón 2 Eanáir 2011.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Aistriú imeachtaí: iarratas ó thír amháin go tír eile, ina n-iarrtar ar an tír iarrtha imeachtaí dlíthiúla a thionscamh le haghaidh gnímh ar cion inphionóis é sa tír iarrthach agus sa tír iarrtha.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 39, 12.2.2010, lgh 20-35)

Cinneadh 2010/616/CEón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 271, 15.10.2010, lch 3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Faisnéis maidir le dáta theacht i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 343, 29.12.2010, lch 1)

Cinneadh 2010/88/CBES/CGBón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 39, 12.2.2010, lch 19)

Nuashonraithe 31.07.2018

Top