EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Protection against organisms harmful to plants
Cosaint i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí
Cosaint i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí
This summary has been archived and will not be updated. See 'Cosaint i gcoinne lotnaidí plandaí' for an updated information about the subject.
Cosaint i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí
ACHOIMRE AR:
Treoir 2000/29/CE ón gComhairle maidir le bearta chun sláinte plandaí AE a chosaint
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Tá sé mar aidhm leis plandaí a chosaint ó orgánaigh dhíobhálacha (lotnaidí agus galair) trína n-allmhairiú isteach in AE a chosc agus teorainn a chur lena leathadh má thagann siad isteach.
PRÍOMHPHOINTÍ
— |
Ní mór do gach tír AE údarás a bhunú a bheidh freagrach as sláinte plandaí agus cosc a chur ar allmhairiú orgánach agus plandaí a mheastar a bheith díobhálach.
|
— |
Cumhdaítear plandaí beo agus síolta sa reachtaíocht, eadhon torthaí, glasraí, bleibeanna, bláthanna gearrtha, géaga, crainn gearrtha agus fíochán planda.
|
— |
Ní mór do tháirgeoirí plandaí a bheith liostaithe ar chlár oifigiúil.
|
— |
Ní mór scrúdú sláinte a dhéanamh ar phlandaí agus ar tháirgí plandaí áirithe a fhástar in AE agus é sin a dhéanamh ar an áitreabh uair amháin sa bhliain ar a laghad.
|
— |
Tugtar deimhniú fíteashláintíochta do phlandaí a shásaíonn an scrúdú. Bíonn marc comhaontaithe le feiceáil orthu (pas planda). Tá sé sin riachtanach do phlandaí atá á n-iompar chuig tír AE eile.
|
— |
Déantar plandaí nach sásaíonn coinníollacha an deimhnithe a chóireáil, a bhogadh chuig limistéar nach gcruthaíonn aon riosca, cuirtear iad i gcomhair próiseáil thionsclaíoch nó scriostar iad.
|
— |
Ní mór d'údaráis náisiúnta seiceálacha randamacha a dhéanamh ar phlandaí nuair a fhástar, stóráiltear, dhíoltar nó nuair a iompraítear iad.
|
— |
Ní mór d'údaráis náisiúnta plandaí áirithe a thagann as tíortha nach bhfuil in AE a sheiceáil. Cumhdaíonn na scrúduithe a bpacáistiú agus na feithiclí a iompraíonn na plandaí.
|
— |
Ní mór do phlandaí allmhairithe pas plandaí a bheith acu, arna eisiúint nach mó ná 14 lá sula ndéantar iad a onnmhairiú. Déantar seiceálacha aitheantais agus sláinte plandaí orthu freisin.
|
— |
I gcás nach gcomhlíonann na plandaí allmhairithe na caighdeáin riachtanacha, ní mór iad a chóireáil, a chur i gcoraintín, a scriosadh nó ní mór an táirge ionfhabhtaithe a thógáil amach.
|
— |
Ní mór do thíortha AE a chéile agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas nuair a aimsítear aon orgánaigh dhíobhálacha agus gach beart is gá a dhéanamh chun iad a scriosadh.
|
I mí na Bealtaine 2013, mhol an Coimisiún rialachán nua AE maidir le sláinte plandaí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tháinig sí i bhfeidhm an 30 Iúil 2000. Bhí ar thíortha AE é a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 20 Eanáir 2002.
CÚLRA
Sláinte plandaí agus bithshlándáil
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Orgánach díobhálach: plandaí nó lotnaidí ainmhí, cosúil le feithidí, fíneoga, baictéar, fungas, víris agus paraisít.
GNÍOMH
Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lgh. 1-112)
Ionchorpraíodh na leasuithe agus na ceartuithe i ndiaidh a chéile a rinneadh ar Threoir 2000/29/CE sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh tagartha amháin.
Nuashonraithe 29.11.2015