EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí san Aontas Eorpach a chinntiú

Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí san Aontas Eorpach a chinntiú

ACHOIMRE AR:

Threoir 2009/128/CE — gníomh AE chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?

  • Leagtar síos rialacha maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as lotnaidicídí tríd an riosca a bhaineann leo do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú.
  • Cuirtear srianadh comhtháite lotnaidí agus teicnící difriúla, amhail roghanna eile neamhcheimiceacha, chun cinn sa treoir freisin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE):
    • glacadh le pleananna náisiúnta ina leagtar amach cuspóirí, spriocanna, bearta agus amchláir chun na rioscaí sláinte agus comhshaoil a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú;
    • a chinntiú go gcuirtear oiliúint cheart ar úsáideoirí gairmiúla, ar dháileoirí agus ar chomhairleoirí;
    • eolas a chur ar an bpobal i gcoitinne agus feachtais mhúscailte feasachta a chur chun cinn a bhaineann le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le lotnaidicídí;
    • ceanglas a chur i bhfeidhm chun iniúchtaí a dhéanamh go rialta ar an trealamh a úsáidtear chun lotnaidicídí a scaipeadh (uair amháin ar a laghad faoi 2016, gach 5 bliana ina dhiaidh sin suas go dtí 2020 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin);
    • aerspraeáil a chosc;
    • uisce a chosaint ar thionchar lotnaidicídí, go háirithe uisce óil;
    • a chinntiú go n-úsáidtear níos lú lotnaidicídí nó go gcuirtear cosc ar úsáid lotnaidicídí in áiteanna áirithe, amhail páirceanna poiblí, áiteanna súgartha agus páirceanna imeartha nó in aice le saoráidí cúram sláinte;
    • ceanglas a chur ar úsáideoirí gairmiúla chun réamhchúraimí sábháilteachta a leanúint agus lotnaidicídí á láimhseáil agus á stóráil acu agus a bpacáistíocht agus a bhfuílleach á gcóireáil;
    • na bearta is gá a ghlacadh chun srianadh lotnaidí íseal-lotnaidicíde a chur chun cinn.
  • Faoin reachtaíocht, is féidir le tíortha AE úsáid lotnaidicídí a shrianadh nó a chosc i gcúinsí nó in áiteanna áirithe.
  • Bhí ar thíortha AE a bpleananna náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha AE eile faoin 14 Nollaig 2012.
  • Bhí ar an gCoimisiún tuarascáil ar na pleananna náisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 14 Nollaig 2014.
  • Ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 14 Nollaig 2018 maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tíortha AE ó thaobh a gcuspóirí náisiúnta a chur i bhfeidhm.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 25 Samhain 2009. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 14 Nollaig 2011.

CÚLRA

Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.

GNÍOMH

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do chlár gníomhaíochta Comhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 71-86)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2009/128/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 11.04.2016

Top