EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gáis cheaptha teasa: astaíochtaí a laghdú 20% nó níos mó faoi 2020

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Gáis cheaptha teasa: astaíochtaí a laghdú 20% nó níos mó faoi 2020

Chuaigh an ghéarchéim eacnamaíoch fhorleathan i gcion ar na spriocanna a leag AE síos dó féin in 2008 maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % faoi 2020. Laghdaíonn sé sin an sprioc mar fhórsa chun geilleagar na hEorpa a nuachóiriú agus é a dhéanamh níos iomaíche. Baineann impleachtaí leis chomh maith maidir le haistriú féideartha AE i dtreo sprioc 30 % mar chuid d’iarracht dhomhanda.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún - Anailís ar na roghanna chun dul thar na laghduithe astaíochta gás ceaptha teasa 20% agus measúnú a dhéanamh ar an riosca um sceitheadh carbóin (COM(2010) 265 final an 26.5.2010).

ACHOIMRE

Chuaigh an ghéarchéim eacnamaíoch fhorleathan i gcion ar na spriocanna a leag AE síos dó féin in 2008 maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % faoi 2020. Laghdaíonn sé sin an sprioc mar fhórsa chun geilleagar na hEorpa a nuachóiriú agus é a dhéanamh níos iomaíche. Baineann impleachtaí leis chomh maith maidir le haistriú féideartha AE i dtreo sprioc 30 % mar chuid d’iarracht dhomhanda.

CAD A DHÉANANN AN CHUMARSÁID SEO

Déantar anailís inti ar na roghanna atá ag AE maidir le dul óna sprioc reatha 20 % go dtí sprioc níos uaillmhianaí de 30 %.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá laghdú tagtha ar na costais absalóideacha maidir leis an sprioc 20 % a bhaint amach. In 2008, bhí siad measta ag €70 billiún in aghaidh na bliana. Faoi 2010, thit siad go dtí €48 billiún.
  • Ní leor an dul chun cinn i dtreo na sprice um laghdú 20 % a aontaíodh in 2008 chun aidhm fhadtéarmach 2050 um laghduithe idir 80-95 % a bhaint amach ar an modh is éifeachtaí. D’fhéadfadh sé sin iarrachtaí AE i ndiaidh 2020 a dhéanamh níos deacra agus níos costasaí.
  • Tá roghanna éagsúla ann chun an sprioc 30 % a bhaint amach. Ina measc tá:
  • Tá costas iomlán an laghdaithe 30 %, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an laghdú 20 %, measta ag €81 billiún nó 0.54 % d’olltáirgeacht intíre AE.
  • Ionsamhlódh sprioc 30 % nuálaíocht theicneolaíoch. D’fhéadfadh sé sin iomaíochas thionscal na hEorpa a mhéadú agus tairbhí sláinte a thabhairt thrí cháilíocht aeir níos fearr.
  • Tá bealaí éagsúla ann chun cosc a chur ar tháirgeoirí baile gáis cheaptha teasa óna ngníomhaíocht a aistriú amach ón AE (sceitheadh carbóin), áit a bhfuil caighdeáin nach bhfuil chomh dian i bhfeidhm. Áirítear orthu sin tionscail dianfhuinnimh a dhíolmhú ó liúntais ETS a cheannach agus tíortha eile a spreagadh chun bearta um laghdú gás ceaptha teasa a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Nuashonraithe 26.03.2015

Top