EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Lipéad Oidhreachta Eorpach

An Lipéad Oidhreachta Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE lena mbunaítear an Lipéad Oidhreachta Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Bunaítear leis Lipéad Oidhreachta Eorpach a bhronntar ar láithreáin atá lonnaithe in AE a bhfuil ról tábhachtach acu i stair agus cultúr na hEorpa chomh maith le lánpháirtíocht na hEorpa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is í an aidhm leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach:

  • aird a tharraingt ar chomhoidhreacht Eorpach chun comhuintearas na saoránach le AE a láidriú; agus
  • idirphlé idir chultúir a threisiú.

Trí thurasóireacht chultúrtha ach go háirithe, bíonn ról tábhachtach ag an oidhreacht i bhforbairt eacnamaíoch réigiúin na hEorpa, a bhaineann tairbhe as próifíl mhéadaithe.

Toisc go ndírítear ar an luach siombalach ó thaobh na hEorpa de atá ar na láithreán agus ar a ngné oideachais, tá an lipéad Eorpach éagsúil ó na tionscnaimh oidhreachta atá curtha ar bun ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (Unesco) (e.g. Liosta Oidhreachta DomhandaLiosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe na Daonnachta) agus ag Comhairle na hEorpa.

Critéir dámhachtana

Féadfar iarratais a dhéanamh i dtaca leis na nithe seo a leanas:

  • séadchomharthaí;
  • láithreáin nádúrtha, faoi uisce, seandálaíochta, tionsclaíochta nó uirbeacha;
  • tírdhreacha chultúrtha;
  • áiteanna cuimhneacháin;
  • earraí agus réada cultúrtha (i.e. rudaí a bhfuil luach ealaíne, stairiúil nó seandálaíochta orthu do thír ar leith); agus
  • oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann le háit (e.g. traidisiúin bhéil, deasghnátha, taibh-ealaíona), lena n-áirítear oidhreacht chomhaimseartha.

Is féidir leo seo a leanas comhiarratais a chur isteach:

  • láithreáin trasnáisiúnta, atá lonnaithe i roinnt tíortha AE agus atá dírithe ar théama sonrach amháin; agus
  • láithreáin théamacha náisiúnta a áiríonn roinnt láithreán atá dírithe ar théama sonrach amháin sa tír chéanna.

Ní mór do láithreáin a dhéanann iarratas ar an lipéad a léiriú go gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

  • a nádúr trasnáisiúnta nó uile-Eorpach, trí thaispeáint conas a shíneann a dtionchar agus a dtarraingteacht níos faide ná teorainneacha náisiúnta;
  • a n-áit agus a ról i stair agus comhtháthú na hEorpa agus an bhaint atá acu le heachtraí, pearsantachtaí nó gluaiseachtaí tábhachtacha na hEorpa;
  • a n-áit agus a ról i bhforbairt agus cur chun cinn na luachanna coiteanna ar a bhfuil AE tógtha (e.g. Pálás na Síochána sa Háig, an Ísiltír).

Ina theannta sin, ní mór do na láithreáin a dhéanann iarratas togra a chur isteach ina dtugann siad geallúint:

  • feasacht na saoránach a mhéadú maidir le gné Eorpach an láithreáin
  • gníomhaíochtaí oideachais a eagrú;
  • an t-ilteangachas a chothú;
  • páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí líonraithe na láithreán ar a bhfuil an lipéad bronnta; agus
  • an láithreán a chur chun cinn ar leibhéal na hEorpa.

Ní mór plean oibre a chur i láthair freisin a ina dtaispéantar conas a shásóidh na hiarrthóirí roinnt coinníollacha amhail bainistiú athchóirithe an láithreáin, caomhnú an láithreáin a ráthú agus rochtain don líon is mó daoine agus is féidir.

Nós imeachta roghnúcháin

Is iad tíortha AE a dhéanann láithreáin a roghnú roimh ré, agus féadfaidh siad suas le dhá láithreán a roghnú gach 2 bhliain. Ansin, cuirtear an liosta faoi bhráid phainéil Eorpaigh de shaineolaithe neamhspleácha a roghnaíonn láithreán amháin ar a mhéad in aghaidh na tíre. Agus moltaí an phainéil déanta, ainmníonn an Coimisiún Eorpach na láithreáin ar a mbronnfar an lipéad.

Déantar monatóireacht rialta ar na láithreáin d’fhonn a chinntiú go leanann siad de na critéir a shásamh agus go gcuireann siad a dtograí agus pleananna oibre i gcrích. Más rud é nach amhlaidh an cás, féadfaidh an painéal leasuithe a mholadh i gcomhar leis an tír atá i gceist. Mura gcuirfear na bearta riachtanacha i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún an lipéad a tharraingt siar.

Bronnadh na lipéid ar dtús in 2013.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 23 Samhain 2011.

CÚLRA

Agus é anois ina thionscnamh foirmiúil AE agus ina chuid de Chlár Eoraip na Cruthaitheachta (2014-2020), seoladh an Lipéad Oidhreachta Eorpach ar dtús sa bhliain 2006 mar thionscnamh idir-rialtasach ina raibh 18 dtír AE pháirteacha.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 1194/2011/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh (IO L 303, 22.11.2011, lgh. 1-9)

Nuashonraithe 04.07.2016

Top