Comhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach
ACHOIMRE AR:
Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach
Comhaontú lena leasaítear pointe 4 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN GCREAT-CHOMHAONTÚ?
Is é is aidhm leis comhar a eagrú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach. Sainítear na nósanna imeachta dá gcomhar sa chomhaontú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá líon rialacha sa chreat-chomhaontú a bhaineann le heagrú oibre idir an dá institiúid, go háirithe:
- freagracht pholaitiúil an Choimisiúin;
- idirphlé polaitiúil rialta agus éifeachtach a bhunú;
- nósanna imeachta reachtacha a chur chun feidhme.
Freagracht pholaitiúil an Choimisiúin
Tá nasc láidir polaitiúil idir comhdhéanamh an Choimisiúin agus na Parlaiminte:
- Ní mór do Pharlaimint na hEorpa, an tUachtarán agus Comhaltaí eile den Choimisiún (coimisinéirí) a fhaomhadh.
- Téitear i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le ceapadh ionadaithe do choimisinéirí a éiríonn as agus tugtar fógra roimh ré di faoi athdháileadh freagrachtaí ar bith atá beartaithe laistigh den Choimisiún.
- Féadfaidh an Pharlaimint iarratas a dhéanamh chuig Uachtarán an Choimisiúin maidir le héirí as Comhalta den Choimisiún. Ní mór don Uachtarán an t–iarratas a bhreithniú ansin agus míniú a chur ar fáil i gcás ina ndiúltaítear é.
- Féadfaidh Comhaltaí den Choimisiún seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. I gcásanna dá leithéid, sainítear sa chomhaontú na coimircí atá ann le deighilt chuí a ndualgas mar choimisinéirí agus a ngníomhachtaí feachtasaíochta a chinntiú.
I bhfianaise na dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa atá ag teacht aníos, an comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún lena leasaítear pointe 4 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún tugtar cead do Chomhaltaí den Choimisiún seasamh lena dtoghadh chuig Parlaimint na hEorpa gan cead neamhláithreachta a ghlacadh le haghaidh thréimhse an fheachtais.
Idirphlé polaitiúil
Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú comhar éifeachtach a bhunú idir an Coimisiún agus an Pharlaimint. Baintear é sin amach trí:
- cruinnithe rialta a eagrú idir ionadaithe an dá institiúid, amhail idir Coláiste na gCoimisinéirí agus cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha;
- comhaontú an dá pháirtí maidir le scrúdú cúramach a dhéanamh ar iarratas ar bith a dhéanann ceachtar institiúid;
- tiomantas ón gCoimisiún chun an rochtain chéanna is atá ag an gComhairle a ráthú don Pharlaimint maidir le cruinnithe agus doiciméid a bhaineann le nósanna imeachta reachtacha agus buiséadacha;
- ceanglas ar an bParlaimint bheith ar an eolas go hiomlán le linn na hidirbheartaíochta agus conclúidí comhaontuithe idirnáisiúnta ina bhfuil AE ina pháirtí;
- rialacha sonracha le haghaidh comhair maidir le:
- cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;
- comhar le parlaimintí náisiúnta;
- obair na ngrúpaí saineolaithe náisiúnta leis an gCoimisiún.
Comhar i nósanna imeachta reachtacha
Sainítear sa chomhaontú eagrú na hoibre idir an Pharlaimint agus an Coimisiún maidir le nósanna imeachta a chur chun feidhme:
- ní mór don Choimisiún a chlár oibre bliantúil a chur i láthair na Parlaiminte;
- le linn an nós imeachta maidir le gníomhartha a ghlacadh, ráthaítear líon tiomantas sa chomhaontú ó thaobh an dá institiúid de, lena n–áirítear:
- sceidealú tuarascálacha agus tuairimí ag an bParlaimint maidir le tograí le haghaidh reachtaíochta, agus
- scrúdú cúramach ag an gCoimisiún ar leasuithe ar bith arna nglacadh ag an bParlaimint;
- Bíonn comhaltaí den Choimisiún i láthair le linn sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte. Áirítear ar cheann dá sainchúraimí freagairt ar cheisteanna ó Chomhaltaí na Parlaiminte;
- Féadfar éisteacht a thabhairt do chomhaltaí den Choimisiún os comhair na Parlaiminte chomh maith nuair a iarrann siad sin.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (IO L 304, 20.11.2010, lgh. 47-62)
Comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach lena leasaítear pointe 4 den Chreat-chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (IO L 45, 17.2.2018, lch. 46)
Nuashonraithe 12.03.2018