EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Soláthar poiblí — rialacha do na hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist

Soláthar poiblí — rialacha do na hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/25/AE maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach léi rialacha maidir le dámhachtain conarthaí poiblí ag eintitis atá gníomhach in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist.
  • Tá na rialacha inti bunaithe ar rialacha Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí ginearálta (féach an achoimre), ach cuirtear cineál sonrach na n–earnálacha sin san áireamh inti.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do na heintitis atá gníomhach in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist, ar institiúidí poiblí iad, atá faoi úinéireacht phoiblí nó a bhaineann leas as cearta speisialta nó eisiacha cloí leis na rialacha atá leagtha amach sa treoir.

Tairseacha

Ní mór conarthaí a dhámhachtain de réir rialacha na treorach i gcás go bhfuil na suimeanna lena mbaineann os cionn na dtairseach seo a leanas:

  • €443,000 le haghaidh conarthaí soláthair agus seirbhíse agus comórtais deartha (ó 1 Eanáir 2024);
  • €5,538,000 le haghaidh conarthaí oibreacha (ón 1 Eanáir 2024);
  • €1,000,000 le haghaidh conarthaí seirbhíse do sheirbhísí sóisialta agus seirbhísí sainiúla eile.

Déanann an Coimisiún Eorpach measúnú ar na tairseacha sin gach 2 bhliain de réir oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh.

Gníomhaíochtaí a chlúdaítear

Baineann an treoir le soláthar poiblí maidir le:

  • táirgeadh, iompar nó dáileadh i dtaca leis na hearnálacha gáis agus teasa, leictreachais agus uisce, nuair atá na seirbhísí sin le soláthar don phobal;
  • iompar poiblí ar iarnród, tram, tralaí, bus nó carr cábla;
  • aerfoirt, calafoirt mhuirí nó intíre agus críochfoirt eile le haghaidh iompar aeir, farraige nó canálacha;
  • seirbhísí poist agus gnóthaí eile a sholáthraíonn seirbhísí dá leithéid don phobal a mbaineann imréiteach, sórtáil, ródú agus seachadadh earraí poist leo;
  • baint ola agus gáis agus taiscéaladh d’fhonn gual agus breoslaí soladacha eile a aimsiú agus a bhaint.

Díolúintí

Níl feidhm ag an treoir maidir le:

  • ceannach earraí lena n–athdhíol nó lena léasú;
  • conarthaí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach aid;
  • conarthaí lena mbaineann gnéithe cosanta nó slándála a chlúdaítear i dTreoir 2009/81/CE nó atá eisiata ón treoir sin (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 18 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243–374).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/25/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltas (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1–64).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha d’fhoilsiú fógraí sa réimse soláthair phoiblí agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (r-Fhoirmeacha) (IO L 272, 25.10.2019, lgh. 7–73).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.12.2023

Top