EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 — tacaíocht d’fhorbairt tuaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Maidir leis an rialachán:

  • leagtar amach an chaoi a rannchuidíonn an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) le forbairt limistéar tuaithe agus earnáil na talmhaíochta le linn na tréimhse 2014-2020 chun bheith:
    • athléimneach, iomaíoch agus nuálach,
    • neamhdhíobhálach don aeráid agus cothrom ó thaobh an chomhshaoil de,
    • cuimsitheach go sóisialta;
  • leagtar síos na rialacha lena rialaítear tacaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) d’fhorbairt tuaithe, arna maoiniú ag CETFT;
  • ina mínítear cuspóirí CETFT agus an dóigh a n-oibríonn sé.

Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2017/2393, lenar tugadh isteach sraith modhnuithe teicniúla ar na cúig rialachán a bhaineann le comhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT):

Rinneadh é a leasú tuilleadh le Rialachán (AE) 2020/2220, lena leagtar síos, i measc nithe eile, forálacha idirthréimhseacha chun CETFT a chur chun feidhme, lena n-áirítear acmhainní sonracha chun cabhrú le téarnamh earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais tar éis phaindéim COVID-19.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Tá sé d’aidhm ag CETFT an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar iomaíochas sa talmhaíocht;
  • a chinntiú go ndéanfar acmhainní nádúrtha a bhainistiú go hinbhuanaithe agus go gcuirfear bearta i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide go héifeachtach;
  • forbairt chríochach chothromúil a bhaint amach i gceantair thuaithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear fostaíocht a chruthú agus a chothabháil.

Tosaíochtaí

Tacaíonn an tAontas Eorpach le gníomhaíocht chun sé chuspóir tosaíochta a bhaint amach:

  • méadú ar aistriú eolais agus nuálaíocht;
  • feabhas a chur ar inmharthanacht agus iomaíochas gach cineál talmhaíochta agus ar bhainistíocht inbhuanaithe na bhforaoisí;
  • cur chun cinn eagrú an tslabhra bia, lena n–áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh, leas ainmhithe agus bainistiú riosca;
  • na héiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlanú, a chaomhnú agus a fheabhsú;
  • éifeachtúlacht acmhainní agus an t–aistriú go geilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn;
  • cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn.

Féadfaidh Ballstáit agus réigiúin an Aontais aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo ina réimse féin amhail:

  • feirmeoirí óga;
  • feirmeacha beaga;
  • limistéir shléibhe;
  • mná i limistéir thuaithe;
  • maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus an bhithéagsúlacht.

Buiséad

  • Bhí buiséad CETFT socraithe ag €99.3 billiún in 2015. Ní mór 30% ar a laghad den mhéid sin a úsáid le bearta a dhéanamh chun aire a thabhairt don chomhshaol agus chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, agus coimeádtar 5% le haghaidh straitéisí forbartha áitiúla.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/791 déantar athbhreithniú ar mhiondealú an bhuiséid ar thacaíocht AE do chláir forbartha tuaithe (Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013).

Leasú 2017 ar an rialachán

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2017/2393, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018, rochtain feirmeoirí ar mhaoiniú faoi CBT a shimpliú agus a fheabhsú. I measc nithe eile, tugtar isteach leis an méid seo a leanas:

  • uirlis nua cobhsaíochta ioncaim earnáil-shonrach lena soláthraítear cúiteamh d’fheirmeoirí a mbíonn tionchar ag titim mhór ina n–ioncam orthu;
  • tacaíocht do chonarthaí árachais i gcásanna ina scriostar níos mó ná 20% de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora, mar shampla de dheasca drochaimsire.

Cur chun feidhme

Ceanglaítear sa rialachán seo go mbeidh beartas forbartha tuaithe comhsheasmhach le beartais eile sa réimse seo. Tá rialacha agus comhaontuithe ar leibhéal AE i bhfeidhm lena áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as maoiniú AE, agus forluí agus neamhréireachtaí a íoslaghdú.

Paindéim COVID-19

  • Le Rialachán Leasaitheach (AE) 2020/872 cuirtear cúnamh éigeandála sealadach eisceachtúil ar fáil d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá gníomhach i bpróiseáil, i margaíocht nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta agus cadáis faoi CETFT.
  • Ní mór do na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá thíos le géarchéim COVID-19, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ar chritéir roghnúcháin oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
  • Caithfear an tacaíocht a dháileadh i bhfoirm íocaíochta cnapshuime atá le híoc faoin 30 Meitheamh 2021, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht a bheidh formheasta ag an údarás náisiúnta inniúil faoin 31 Nollaig 2020.
  • Ní fhéadfaidh an t-uasmhéid tacaíochta a bheith níos mó ná €7,000 in aghaidh an fheirmeora agus €50,000 in aghaidh an FBM.

Tacaíocht shealadach eisceachtúil

  • Le Rialachán Leasaitheach (AE) 2022/1033 tugtar isteach an fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht leachtachta eisceachtúil shealadach faoi CETFT d’fheirmeoirí agus do FBManna mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá sé mar aidhm leis an tacaíocht aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a chuireann leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus gnólachtaí beaga a phróiseálann táirgí talmhaíochta i mbaol — arduithe suntasacha ar chostais ionchuir, go háirithe do ghnóthais beatha agus leasacháin, agus costais fuinnimh mhéadaithe.
  • Beidh feirmeoirí agus FBManna in ann tacaíocht suas le €15,000 agus €100,000 a fháil faoi seach. D’íocfaí é sin faoin 15 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, beidh ar na Ballstáit leasú a chur isteach ar a gcláir forbartha tuaithe nó ar a gcláir forbartha tuaithe lena dtabharfar isteach an beart nua seo.

Rialacha idirthréimhseacha do na blianta 2021 agus 2022

  • Le Rialachán Leasaitheach (AE) 2020/2220 is féidir leanúint de chur i bhfeidhm na rialacha faoi chreat CBT 2014-2020, agus áirithítear leis leanúnachas na n-íocaíochtaí le feirmeoirí agus tairbhithe eile a fhaigheann tacaíocht ó CETFT in 2021 agus 2022, go dtí go mbeidh feidhm ag an gcreat nua ón 1 Eanáir 2023.
  • Ina theannta sin, rachaidh tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá thíos go mór le géarchéim COVID-19 i ngleic le fadhbanna leachtachta leanúnacha a chuireann leanúnachas na feirmeoireachta agus na ngnólachtaí beaga atá gníomhach i bpróiseáil, i margaíocht nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta i mbaol.
  • €26,896,831,880, ar a mhéad, i bpraghsanna reatha a bheidh i méid iomlán na tacaíochta ón Aontas don fhorbairt tuaithe ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
  • Tá méid breise €8,070,486,840 i bpraghsanna reatha le cur ar fáil mar acmhainní breise faoi CETFT le haghaidh théarnamh earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Leagtar síos sa rialachán rialacha mionsonraithe maidir leis an gcaoi ar cheart na cistí sin a leithdháileadh ar thosaíochtaí amhail forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, gníomhú ar son na haeráide, leas ainmhithe, etc.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2014.

CÚLRA

Tá CETFT ar cheann de dhá chiste AE a chuireann airgead ar fáil chun CBT a chur chun feidhme (an ceann eile ná an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta). Féachann sé le forbairt tuaithe a spreagadh ar fud an Aontais, ag obair i gcomhar le tionscnaimh eile sa réimse seo chun a chinntiú go n-úsáidfear maoiniú ón Aontas go héifeachtach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 487–548).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha (IO L 227, 31.7.2014, lgh. 1–17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lgh. 18–68).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lgh. 69–124).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, 20.12.2013, lgh. 320–469).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 549–607).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 608–670).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.01.2023

Top