EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1305

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

OJ L 347, 20.12.2013, p. 487–548 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

487


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1305/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal "CBT as seo go 2020: Na dúshláin a bhaineann le bia, acmhainní nádúrtha agus críocha amach anseo a bhaint amach" leagtar amach na dúshláin, cuspóirí agus treoshuímh fhéideartha le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta ("CBT") i ndiaidh 2013. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart go gcumhdófaí leis an athchóiriú sin príomhionstraimí uile CBT, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (1) ón gComhairle. I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a aisghairm agus téacs nua a chur ina ionad.

(2)

Ba cheart beartas forbartha tuaithe a bhunú chun gabháil le híocaíochtaí díreacha agus bearta margaidh CBT agus chun iad a chomhlánú agus rannchuidiú ar an gcaoi sin le cuspóirí an bheartais mar a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE". Ina theannta sin, ba cheart na príomhchuspóirí beartais a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal "Eoraip 2020 Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020") a bheith comhtháthaithe i mbeartas forbartha tuaithe den sórt sin agus ba cheart an beartas sin a bheith ag luí leis na cuspóirí ginearálta maidir leis an mbeartas comhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta mar a leagtar amach i CFAE é.

(3)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forbairt tuaithe, a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise na nasc idir an fhorbairt tuaithe agus ionstraimí eile CBT, méid na n-éagothromaíochtaí atá ann idir na limistéir thuaithe éagsúla agus na srianta ar acmhainní airgeadais na mBallstát in Aontas méadaithe, agus gur féidir, de bharr na ráthaíochta ilbhliantúla de mhaoiniú ón Aontas agus trí dhíriú isteach ar a thosaíochtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(4)

Chun forbairt inbhuanaithe ar limistéir thuaithe a áirithiú, is gá díriú ar líon teoranta príomhthosaíochtaí a bhaineann le haistriú eolais agus nuálaíocht sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe,, le hinmharthanachta feirme, le hiomaíochas gach cineál talmhaíochta i ngach réigiún agus teicneolaíochtaí nuálaíocha feirmeacha agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn,,leis an mbiashlabhra a eagrú, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a mhargú, leas ainmhithe agus bainistiú riosca sa talmhaíocht, éiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athchóiriú, a bhuanú agus a fheabhsú, le héifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin in earnálacha na talmhaíochta agus an bhia agus na foraoiseachta, agus cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch na limistéar tuaithe a chur chun cinn. Agus é sin á dhéanamh ba cheart éagsúlacht na gcásanna a imríonn tionchar ar limistéir thuaithe ag a bhfuil saintréithe éagsúla nó ina bhfuil catagóirí éagsúla tairbhithe féideartha a chur san áireamh agus na cuspóirí trasnaí maidir le nuálaíocht, comhshaol agus maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chur san áireamh. Ba cheart don ghníomhaíocht mhaolaithe díriú ar astaíochtaí sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht a theorannú i bpríomhghníomhaíochtaí amhail táirgeadh beostoic, úsáid leasacháin agus ar linnte charbóin a chaomhnú agus ar cheapadh carbóin a fheabhsú maidir le húsáid na talún, athrú ar úsáid na talún agus earnáil na foraoiseachta. Tosaíocht an Aontais maidir le forbairt tuaithe a bhaineann le haistriú eolais agus nuálaíocht sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe, ba cheart feidhm a bheith aici go cothrománach i dtaca le tosaíochtaí eile an Aontais maidir le forbairt tuaithe.

(5)

Ba cheart tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus chuspóir an Aontais maidir le cosaint agus fheabhsú an chomhshaoil á chur chun cinn, mar a leagtar amach in Airteagal 11 CFAE, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi na cuspóirí maidir le tacaíocht don athrú aeráide i gcomhréir leis an sprioc 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a chaitheamh chuige sin ag úsáid modheolaíochta arna glacadh ag an gCoimisiún.

(6)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe ("CETFT") agus na hoibríochtaí lena gcuireann sé a bheith comhsheasmhach agus comhoiriúnach le tacaíocht ó ionstraimí eile CBT.

(7)

Chun a áirithiú go dtosóidh cláir forbartha tuaithe láithreach agus go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil iad, ba cheart tacaíocht CETFT a bheith bunaithe ar chreatchoinníollacha riaracháin fónta a bheith ann. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht agus ar chomhlíonadh coinníollachtaí ex ante áirithe. Ba cheart go n-ullmhóidh gach Ballstát clár forbartha tuaithe dá chríoch iomlán nó sraith de chláir réigiúnacha, nó clár náisiúnta agus sraith de chláir réigiúnacha araon. Ba cheart straitéis a shainaithint i ngach clár le haghaidh spriocanna a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a bhaint amach agus rogha beart. Ba cheart tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a chomhlíonadh sa chlársceidealú, agus iad a oiriúnú ag an am céanna do chomhthéacsanna náisiúnta agus beartais eile an Aontais a chomhlánú, go háirithe beartas an mhargaidh talmhaíochta, an beartas comhtháthaithe agus an comhbheartas iascaigh. Ba cheart do na Ballstáit a roghnaíonn sraith de chláir réigiúnacha a ullmhú bheith ábalta creat náisiúnta a ullmhú chomh maith, gan leithdháileadh buiséid faoi leith, chun comhordú a éascú i measc na réigiún chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhorleitheadacha.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta fochláir théamacha a chuimsiú ina gcláir forbartha tuaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainiúla sna limistéir lena gcuireann siad tábhacht faoi leith. Ba cheart d'fheirmeoirí óga, feirmeacha beaga, limistéir sléibhe, cruthú slabhraí soláthair gairide, mná i gceantair thuaithe, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus bithéagsúlacht, i measc nithe eile, a bheith i gceist sna fochláir théamacha. Ba cheart fochláir théamacha a úsáid freisin chun foráil a dhéanamh go bhféadfaí rannchuidiú leis na hearnálacha talmhaíochta a bhfuil tionchar láidir acu ar fhorbairt limistéar tuaithe a athstruchtúrú. Mar mhodh le hidirghabháil éifeachtúil fhochlár téamach áirithe a mhéadú ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh i dtaobh rátaí tacaíochta níos airde maidir le hoibríochtaí áirithe arna gcumhdach ag na fochláir théamacha sin.

(9)

Ba cheart riachtanais an limistéir a chumhdaítear a shainaithint sna cláir forbartha tuaithe agus ba cheart cur síos a dhéanamh iontu ar straitéis chomhchuibhithe chun na riachtanais sin a bhaint amach i bhfianaise thosaíochtaí an Aontais do bheartas forbartha tuaithe. Ba cheart don straitéis sin a bheith bunaithe ar bhunú spriocanna. Ba cheart na naisc idir na riachtanais a shainaithneofar, na spriocanna a shocrófar agus rogha na mbeart a roghnófar lena mbaint amach a bhunú. Ba cheart an fhaisnéis uile a theastaíonn lena gcomhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a mheasúnú a bheith sna cláir forbartha tuaithe chomh maith.

(10)

Bunófar spriocanna i gcláir forbartha tuaithe i gcoinne comhshraith táscairí sprice le haghaidh gach Ballstáit, agus nuair is gá i gcoinne táscairí sonracha do chláir. Chun an cleachtadh seo a éascú ba cheart na limistéir arna gcumhdach sna táscairí seo a shainiú i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe. I bhfianaise chur i bhfeidhm cothrománach thosaíocht an Aontais maidir le forbairt tuaithe a bhaineann le haistriú eolais sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, measfar na hidirghabhálacha faoin tosaíocht seo a bheith bunriachtanach i ndáil leis na táscairí sprice arna sonrú le haghaidh thosaíochtaí eile an Aontais.

(11)

Is gá rialacha áirithe a bhunú le haghaidh cláir forbartha tuaithe a chlársceidealú agus a leasú. Ba cheart nós imeachta níos simplí a sholáthar le haghaidh leasuithe nach ndéanfadh difear do straitéis na gclár nó ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais faoi seach.

(12)

Teastaíonn leibhéal cuí oiliúna teicniúla agus eacnamaíche mar aon le cumas méadaithe chun eolas agus faisnéis a rochtain agus a mhalartú lena n-áirítear scaipeadh na gcleachtas is fearr táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta de bharr theacht chun cinn agus speisialtóireacht na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus de bharr na ndúshlán faoi leith atá os comhair micrifhiontar, fiontar beag agus meánmhéide ("FBManna") i limistéir thuaithe. Níor cheart do ghníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise a bheith i bhfoirm cúrsaí oiliúna traidisiúnta amháin ach ba cheart iad a oiriúnú do riachtanais na ngníomhaithe tuaithe. Dá bhrí sin ní amháin gur cheart ceardlanna, oiliúnú, gníomhaíochtaí taispeánta agus gníomhartha faisnéise a chothú ach ba cheart scéimeanna malartaithe feirme agus foraoise gearrthéarmacha agus cuairteanna a chothú chomh maith. Ba cheart don eolas agus don fhaisnéis a fhaightear cur ar chumas feirmeoirí, sealbhóirí foraoise, daoine atá bainteach le hearnáil an bhia agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a n-iomaíochas agus a n-éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú go háirithe, agus a bhfeidhmiú comhshaoil a fheabhsú agus cur le hinbhuanaitheacht an gheilleagair thuaithe ag an am céanna. Agus tacaíocht á tabhairt do FBManna, tá an deis ag Ballstáit tosaíocht a thabhairt do FBManna a bhfuil baint acu le hearnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta. Chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise éifeachtach maidir leis na torthaí sin a sheachadadh ba cheart a éileamh go mbeadh na hinniúlachtaí cuí ar fad ag soláthraithe na seirbhísí aistrithe eolais.

(13)

Cabhraíonn seirbhísí comhairleacha feirme le feirmeoirí, feirmeoirí óga, sealbhóirí foraoise, bainisteoirí eile talún agus le FBManna i gceantair thuaithe le bainistiú inbhuanaithe agus feidhmiú foriomlán a ngabháltais nó a ngnó a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart spreagadh a thabhairt do bhunú seirbhísí den sórt sin agus ba cheart feirmeoirí, feirmeoirí óga, sealbhóirí foraoise, bainisteoirí eile talún, agus FBManna a spreagadh chun leas a bhaint as an gcomhairle sin. Chun cur le caighdeán agus éifeachtacht na comhairle a chuirtear ar fáil, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cáilíochtaí íosta agus oiliúint rialta na gcomhairleoirí. Ba cheart do sheirbhísí comhairleacha feirme, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cabhrú le feirmeoirí measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú a ngabháltais talmhaíochta agus na feabhsúcháin riachtanacha a aithint maidir leis na ceanglais reachtúla bainistíochta, dálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil, cleachtais talmhaíochta a bheadh tairbheach don aeráid agus don chomhshaol a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus bearta ar leibhéal na feirme dá bhforáiltear sna cláir forbartha tuaithe ina ndíreofar ar nuachóiriú feirmeacha,

feabhsú iomaíochais, lánpháirtiú earnálacha, an nuálaíocht, treocht an mhargaidh mar aon leis an bhfiontraíocht a chur chun cinn. Ba cheart go gcabhródh seirbhísí comhairleacha feirme le feirmeoirí chomh maith na feabhsuithe is gá a shainaithint maidir le ceanglais a leagtar síos chun Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ("An Treoir Réime maidir le hUisce")a chur chun feidhme mar aon leis na ceanglais chun Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur chun feidhme mar aon le hAirteagal 14 de Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go háirithe i ndáil leis na prionsabail ghinearálta maidir le srianadh comhtháite lotnaidí a chomhlíonadh. Nuair is ábhartha, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcomhairle caighdeáin ceirde nó caighdeáin sábháilteachta a bhaineann leis an bhfeirm mar aon le comhairle shonrach d'fheirmeoirí atá ag bunú den chéad uair. Ba cheart go bhféadfaí feirmeoirí óga atá ag bunú, forbairt inbhuanaithe de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghabháltais agus saincheisteanna próiseála agus margaíochta a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch, talmhaíochta agus comhshaoil an ghabháltais nó an fhiontair a chumhdach leis an gcomhairle sin freisin. Féadfar comhairle shonrach a chur ar fáil freisin maidir le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin, maidir leis an mbithéagsúlacht, le cosaint uisce, le slabhraí soláthair gairide a fhorbairt, mar aon leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus le cúrsaí sláinte a bhaineann le feirmeoireacht ainmhithe. Agus tacaíocht á tabhairt do FBMannatá an deis ag na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do FBManna a bhfuil baint acu le hearnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta. Ba cheart go gcabhródh seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme le feirmeoirí bainistiú a ngabháltais a fheabhsú agus a éascú.

(14)

Cuireann scéimeanna cáilíochta an Aontais nó scéimeanna náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d'fheirmeacha, le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia dearbhuithe ar fáil do thomhaltóirí maidir le caighdeán agus tréithe an táirge nó maidir leis an bpróiseas táirgthe a úsáideadh de thoradh na feirmeoirí a bheith rannpháirteach i scéimeanna den sórt sin, cruthaíonn siad luach breise do na táirgí atá i gceist agus cuireann siad leis na deiseanna atá ann dóibh sa mhargadh. Dá bhrí sin ba cheart feirmeoirí agus grúpaí feirmeoirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna scéimeanna sin. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní CETFT go héifeachtach, ba cheart tacaíocht a theorannú d'fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh1307/2013 iad. Ós rud é gurb ag an am a thosaíonn siad ag glacadh páirte i scéimeanna den sórt sin agus sna blianta luatha a bhíonn siad rannpháirteach iontu a fhorchuirtear costais bhreise agus oibleagáidí breise ar fheirmeoirí de thoradh a rannpháirtíochta, agus nach n-aisíocann an margadh go hiomlán iad astu, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine nua atá ag glacadh páirte agus níor cheart go gcuimseodh an tacaíocht tréimhse níos faide ná cúig bliana. Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag cadás mar tháirge feirme, ba cheart scéimeanna cáilíochta don chadás a chumhdach freisin. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun feidhme a bhaineann le táirgí atá faoi chumhdach scéimeanna cáilíochta agus deimhniúcháin a gheobhaidh tacaíocht de bhun an Rialacháin seo.

(15)

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na ngabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe, feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hearnála margaíochta agus próiseála táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear saoráidí mionscála próiseála agus margaíochta a bhunú maidir le slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla, chun bonneagar a sholáthar atá riachtanach d'fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta, agus tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí neamh-chúititheacha atá riachtanach chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach, ba cheart tacaíocht a thabhairt dinfheistíochtaí fisiceacha a chuireann leis na haidhmeanna sin. Cuimsíodh réimse idirghabhálacha éagsúla le bearta éagsúla le linn chlárthréimhse 2007-2013. Ar mhaithe le simpliú ach freisin le ligean do thairbhithe tionscadail chomhtháite a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a mbeadh breisluach níos mó acu, ba cheart go mbeadh beart aonair ann a chumhdódh an chuid is mó d'infheistíochtaí fisiceacha. Ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht sin a dhíriú ar fheirmeacha atá incháilithe chun cabhair a fháil le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d'inmharthanacht feirmeacha a bheadh bunaithe ar thorthaí anailíse ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí ('SWOT') mar mhodh chun an chabhair sin a spriocdhíriú níos fearr. D'fhonn feirmeoirí óga atá ag bunú den chéad uair a éascú, ba cheart go bhféadfaí tréimhse bhreise incháilitheachta a dheonú chun go gcomhlíonfaidh infheistíochtaí caighdeáin an Aontais. D'fhonn cur chun feidhme chaighdeáin nua an Aontais a chothú, ba cheart go mbeadh infheistíochtaí a bhaineann leis na caighdeáin sin a chomhlíonadh incháilithe ar feadh tréimhse breise nuair a bheidh siad éigeantach don ghabháltas talmhaíochta.

(16)

Déanann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais thurraingeacha níos mó damáiste d'acmhainn táirgiúlachta earnáil na talmhaíochta ná mar a dhéanann siad d'acmhainn earnálacha eile. Chun tacú le hinmharthanacht agus le hiomaíochas feirmeacha nuair a tharlaíonn tubaistí nó teagmhais den sórt sin ba cheart tacaíocht a chur ar fáil le cabhrú le feirmeoirí an acmhainn talmhaíochta a ndearnadh damáiste di a thabhairt ar ais. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú chomh maith nach ndéanfar aon róchúiteamh i leith damáistí mar thoradh ar an teaglaim atá ann de scéimeanna cúitimh an Aontais (go háirithe an beart bainistithe riosca faoin Rialachán seo), scéimeanna náisiúnta agus scéimeanna cúitimh príobháideacha.

(17)

Tá sé bunriachtanach don fhorbairt i gceantair thuaithe go mbeidh gníomhaíocht nua eacnamaíoch i bhfoirm feirmeacha nua á cruthú agus á forbairt, go mbeidh éagsúlú ann go gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta lena n-áirítear seirbhísí a chur ar fáil don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte, imeascadh sóisialta agus gníomhaíochtaí turasóireachta. Is féidir le bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní cinigéiteacha aghaidh a thabhairt freisin ar in éagsúlú go gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta. Ba cheart go n-éascódh beart forbartha feirme agus gnó iarrachtaí feirmeoirí óga iad féin a chur ar bun ar dtús mar fheirmeoirí agus coigeartú struchtúrach a dhéanamh ar a ngabháltais tar éis dóibh a bheith curtha ar bun. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé chun cinn iarrachtaí feirmeoirí éagsúlú a dhéanamh agus dul le gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta agus le bunú agus forbairt FBManna neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe. Ba cheart go spreagfaí fiontraíocht na mban i gceantair thuaithe leis an mbeart sin freisin. Ba cheart spreagadh a thabhairt freisin d'fhorbairt feirmeacha beaga a d'fhéadfadh a bheith inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a dtugtar tacaíocht dóibh faoin mbeart sin inmharthana, ba cheart nárbh fholáir dóibh plean gnó a sholáthar chun tacaíocht a fháil. Ba cheart nach dtabharfaí tacaíocht do bhunú gnó den sórt sin ach amháin i rith thréimhse tosaigh an ghnó agus nach ndéanfaí cúnamh oibriúcháin den tacaíocht sin. Dá bhrí sin, i gcás ina roghnaíonn na Ballstáit cabhair a dheonú i dtráthchodanna níor cheart go ndéanfaí na tráthchodanna sin thar tréimhse is faide ná cúig bliana. Ina theannta sin chun athstruchtúrú earnáil na talmhaíochta a spreagadh, ba cheart tacaíocht i bhfoirm íocaíochtaí bliantúla nó aon uaire a sholáthar d'fheirmeoirí atá incháilithe do scéim na bhfeirmeoirí beaga arna bunú le Teideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ("scéim na bhfeirmeorí beaga") agus a thugann gealltanas a ngabháltas iomlán mar aon leis na teidlíochtaí íocaíochta comhfhreagracha a aistriú go feirmeoir eile.

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag feirmeoirí óga a bhaineann le rochtain ar thalamh, tá na Ballstáit in ann an tacaíocht seo a thairiscint freisin i gcomhar le cineálacha eile tacaíochta, mar shampla, trí ionstraimí airgeadais a úsáid.

(18)

Is ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a sheasann geilleagar tuaithe an Aontais. Ba cheart forbairt gnó feirme agus neamhthalmhaíochta a bheith dírithe ar chur chun cinn fostaíochta agus ar phoist ardchaighdeáin a bhunú i limistéir thuaithe, ar na poist atá ann cheana féin a choinneáil, ar luaineachtaí séasúrachta i bhfostaíocht a laghdú, ar earnálacha neamhthalmhaíochta taobh amuigh den talmhaíocht agus de phróiseáil talmhaíochta agus bia a fhorbairt. Ag an am céanna ba cheart go ndéanfaí comhtháthú gnó agus naisc idir earnálacha áitiúla a chothú léi. Ba cheart tionscadail a chuireann talmhaíocht agus an turasóireacht tuaithe le chéile, trí thurasóireacht inbhuanaithe agus freagrach a chur chun cinn i limistéir thuaithe, agus oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha ag an am céanna a spreagadh chomh maith le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite.

(19)

Gnéithe riachtanacha d'aon iarracht acmhainn fáis limistéar tuaithe a áirithiú agus a n-inbhuanaitheacht a chur chun cinn is ea forbairt an bhonneagair áitiúil agus na seirbhísí áitiúla i limistéir thuaithe, lena n-áirítear seirbhísí fóillíochta agus cultúir, athnuachan sráidbhailte agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar athchóiriú agus ar fheabhsú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá ag sráidbhailte agus tírdhreacha tuaithe. Dá bhrí sin ba cheart tacaíocht a dheonú d'oibríochtaí a bhfuil an aidhm sin acu, lena n-áirítear rochtain ar Theicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus forbairt leathanbhanda tapa agus sárthapa. I gcomhréir leis na cuspóirí sin, ba cheart spreagadh a thabhairt d'fhorbairt seirbhísí agus bonneagair as a dtiocfaidh cuimsiú sóisialta agus a d'aisiompódh treochtaí maidir le meath sóisialta agus eacnamaíoch agus bánú na limistéar tuaithe. Chun a áirithiú go mbeidh gach tacaíocht chomh héifeachtach agus is féidir, ba cheart oibríochtaí cuimsithe a chur chun feidhme i gcomhréir le pleananna d'fhorbairt na mbardas agus a gcuid seirbhísí bunúsacha, i gcás ina bhfuil na pleananna sin ann, arna leagan amach ag pobal tuaithe amháin nó níos mó. D'fhonn sineirgí a chruthú agus comhar a fheabhsú, ba cheart d'oibríochtaí naisc uirbeacha-tuaithe a chur chun cinn freisin, i gcás inarb ábhartha. Tá an deis ag Ballstáit tosaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí ó chomhpháirtíochtaí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, agus chuig tionscadail atá faoi stiúir eagraíochtaí de chuid an phobail áitiúil.

(20)

Dlúthchuid den fhorbairt tuaithe is ea an fhoraoiseacht agus i gcás tacaíochta d'úsáid talún atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don aeráid, ba cheart go gcuimseodh an tacaíocht sin forbairt limistéar foraoise agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí. Le linn chlárthréimhse 2007-2013 chuimsigh bearta difriúla na cineálacha éagsúla tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí agus bainistíochta foraoiseachta. Ar mhaithe le simpliú ach freisin ar mhaithe le ligean do thairbhithe tionscadail chomhtháite a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a mbeadh breisluach méadaithe iontu, ba cheart beart aonair a bheith ann a chuimseodh gach cineál infheistíochta agus bainistíochta foraoiseachta. Ba cheart go gcuimseodh an beart sin feabhsú acmhainní foraoise agus cur leo trí fhoraoisiú talún agus trí chórais agrafhoraoiseachta a chruthú ina mbeidh córais fhairsinge talmhaíochta agus foraoiseachta. Ba cheart go gcuimseofaí leis freisin athchóiriú foraoisí a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca dóiteáin nó tubaistí nádúrtha agus dheasca teagmhais thurraingeacha eile agus bearta coiscthe iomchuí, infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua foraoiseachta agus i bpróiseáil, in úsáid agus i margú táirgí foraoise a bheidh dírithe ar fheabhsú fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na sealbhóirí foraoise agus infheistíochtaí neamhchúititheacha a fheabhsaíonn athléimneacht ó thaobh éiceachórais agus aeráide de agus luach comhshaoil na n-éiceachóras foraoise. Níor cheart do thacaíocht an iomaíocht a shaobhadh agus ba cheart di a bheith neodrach ó thaobh an mhargaidh de. Dá bhrí sin, ba cheart teorainneacha maidir le méid agus le stádas dlíthiúil na dtairbhithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart gníomhaíochtaí coiscthe dóiteáin a dhéanamh i limistéir atá aicmithe ag na Ballstáit a bheith mar limistéir mheánriosca nó ardriosca ó thaobh dóiteáin de. Ba cheart gach beart coisctheach a bheith ina cuid de phlean cosanta foraoisí poiblí. Más rud é go dtarlaíonn tubaiste nádúrtha ba cheart d'eagraíocht eolaíochta phoiblí aitheantas foirmiúil a thabhairt dó sula dtabharfar faoi tacaíocht a thabhairt do ghníomhachtaí chun athchóiriú á dhéanamh ar acmhainneacht foraoise a ndearnadh damáiste di.

Ba cheart an beart foraoiseachta a ghlacadh i bhfianaise na ngealltanas a thug an tAontas agus na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ba cheart é bheith bunaithe ar phleananna foraoise náisiúnta nó fo-náisiúnta na mBallstát nó ar ionstraimí coibhéiseacha ar cheart go gcuirfí san áireamh na gealltanais arna dtabhairt sna Comhdhálacha Airí maidir le Cosaint Foraoisí san Eoraip. Ba cheart don bheart rannchuidiú le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoiisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "Straitéis nua Foraoiseachta don Aontas Eorpach: do na foraoiseanna agus d'earnáil na foraoiseachta".

(21)

Cabhraíonn grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí le feirmeoirí aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin a bhaineann le breis iomaíochta agus le comhdhlúthú margaí iarmhartacha i ndáil le margú a gcuid táirgí lena n-áirítear i margaí áitiúla. Dá bhrí sin ba cheart spreagadh a thabhairt do bhunú grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní teoranta airgeadais sa chaoi is fearr níor cheart go mbainfeadh aon dream leas as tacaíocht ach amháin grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí atá incháilithe mar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá an deis ag Ballstáit tosaíocht a thabhairt do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí táirgeora i ndáil le táirgí cáilíochta atá faoi chuimsiú na forála maidir le scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia sa Rialachán seo. Chun a áirithiú go mbeidh an grúpa táirgeoirí nó eagraíocht ina n-aonán inmharthana, ba cheart plean gnó a chur isteach chuig na Ballstáit, mar choinníoll go dtabharfadh na Ballstáit tacaíocht don ghrúpa táirgeoirí nó don eagraíocht,. Ionas nach mbeidh cúnamh oibriúcháin á chur ar fáil agus chun ról dreasachta na tacaíochta a choimeád, níor cheart gur faide ré na tacaíochta ná cúig bliana ón dáta a n-aithneofar an grúpa nó an eagraíocht táirgeora bunaithe ar an bplean gnó.

(22)

Ba cheart ról tábhachtach a bheith i gcónaí ag íocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráide maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe limistéar tuaithe agus freagairt d'éilimh na sochaí atá ag méadú i gcónaí maidir le seirbhísí comhshaoil. Ba cheart d'íocaíochtaí spreagadh breise a thabhairt d'fheirmeoirí agus do bhainisteoirí talún eile freastal ar an tsochaí ina hiomláine trí chleachtais talmhaíochta a chur i bhfeidhm, nó leanúint ar aghaidh á gcur i bhfeidhm, a chabhraíonn le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus atá comhoiriúnach le cosaint agus le feabhsú an chomhshaoil, na tírdhreacha agus a gnéithe, acmhainní nádúrtha, agus na hithreach agus na héagsúlachta géinití. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar chaomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus ar riachtanais bhreise na gcóras feirmeoireachta a bhfuil luach ard acu ó thaobh an dúlra de. Ba cheart do na híocaíochtaí cuidiú le costais bhreise agus ioncam tarscaoilte mar thoradh ar an ngealltanas a rinneadh a chumhdach agus ba cheart nach gcumhdóidís ach gealltanais a théann níos faide ná na caighdeáin agus na riachtanais shainordaitheacha a bhaineann leo, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach n-eascródh cistiú cistiú dúbailte as íocaíochtaí le feirmeoirí faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 araon. Tarlaíonn sé i gcásanna go leor nuair a bhíonn gealltanais ag grúpa feirmeoirí i gcomhar le chéile go méadaíonn na sineirgí a bhíonn ann dá bharr sin an tairbhe don chomhshaoil agus don aeráid. Mar sin féin, gabhann costais bhreise idirbheartaíochta le gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar cheart cúiteamh leordhóthanach a dhéanamh ina dtaobh. Ina theannta sin, chun a áirithiú go bhfuil sé ar chumas feirmeoirí agus bainisteoirí eile talún na gealltanais atá déanta acu a chur chun feidhme i gceart ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige go dtabharfar dóibh na scileanna agus an t-eolas atá riachtanach.

Ba cheart do na Ballstáit leibhéal na n-iarrachtaí arna ndéanamh le linn chlárthréimhse 2007-2013 a chothabháil agus ba cheart go cuirfí de cheangal orthu 30 % ar a laghad de ranníocaíocht iomlán ó CETFT i leith gach cláir forbartha tuaithe a chaitheamh ar mhaolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus ar cheisteanna comhshaoil. Ba cheart caiteachas den sórt sin a dhéanamh trí íocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráide, íocaíochtaí feirmeoireachta orgánaí agus íocaíochtaí i leith limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile ag bagairt orthu, trí íocaíochtaí i leith foraoiseachta, trí íocaíochtaí do limistéir Natura 2000, agus tacaíocht infheistíochta a bhaineann leis an aeráid agus an leis an gcomhshaol.

(23)

Ba cheart go spreagfadh íocaíochtaí le feirmeoirí maidir le hathrú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach nó cothú na feirmeoireachta orgánaí feirmeoirí chun páirt a ghlacadh i scéimeanna den sórt sin agus ar an gcaoi sin freagairt d'éileamh na sochaí atá ag méadú go mbainfí leas as cleachtais feirme atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go mbeadh ardchaighdeáin leasa ainmhithe ann. Chun sineirgí sa bhithéagsúlacht a mhéadú, ba cheart tairbhí a chuireann an beart feirmeoireachta orgánaí. ar fail, conarthaí comhchoiteanna nó comhar idir feirmeoirí a spreagadh, a d'fhéadfadh a tairbhí limistéir chóngaracha níos leithne a chumhdach. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do bhearta athraithe agus cothabhála chun a áirithiú nach bhfillfeadh líon mór feirmeoirí ar an bhfeirmeoireacht traidisiúnta. Ba cheart do na híocaíochtaí cuidiú chun costais bhreise a thabhaítear agus ioncam tarscaoilte de thoradh ar an gealltanais a chumhdach agus ba cheart nach gcumhdóidís ach gealltanais a théann níos faide ná na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha a bhaineann leo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach n-eascródh cistiú dúbailte as íocaíochtaí le feirmeoirífaoin Rialachán seo agus faoi Rialachán Uimh. 1307/2013. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní CETFT go héifeachtach, ba cheart tacaíocht a theorannú d'fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán Uimh. 1307/2013 iad.

(24)

Ba cheart leanúint de thacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí agus do shealbhóirí foraoise chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí sonracha sna limistéir lena mbaineann de thoradh chur i bhfeidhm Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 92/43/CEE (8) ón gComhairle chun tacú le bainistiú éifeachtach láithreán Natura 2000 agus ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin d'fheirmeoirí le cabhrú maidir le míbhuntáistí i limistéir abhantracha a d'eascair as cur i bhfeidhm na Treorach Réime maidir le hUisce). Ba cheart go mbeadh an tacaíocht nasctha le ceanglais shonracha a bhfuil tuairisc orthu sa chlár forbartha tuaithe a théann thar na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach n-eascródh cistiú dúbailte as íocaíochtaí le feirmeoirífaoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit riachtanais shonracha limistéir Natura 2000 a chur san áireamh agus éirim ghinearálta a gclár forbartha tuaithe á socrú.

(25)

I gcás íocaíochtaí le feirmeoirí i limistéir sléibhe nó i limistéir eile a bhfuil constaicí nádúrtha nó constaicí sonracha eile ag bagairt orthu, ba cheart do na híocaíochtaí sin cuidiú le cothabháil na tuaithe agus le cothabháil agus cur chun cinn modhanna feirmeoireachta inbhuanaithe, trí spreagadh a thabhairt chun talamh talmhaíochta a úsáid go leanúnach. Chun a áirithiú go mbeidh íocaíochtaí tacaíochta den sórt sin éifeachtúil ba cheart iad a thabhairt d'fheirmeoirí mar chúiteamh ar chostais bhreise agus ioncam tarscaoilte a bhaineann le míbhuntáiste an limistéir lena mbaineann. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní CETFT go héifeachtach, ba cheart tacaíocht a theorannú d'fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 iad.

(26)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais go héifeachtach agus go dtabharfar cóir chomhionann d'fheirmeoirí ar fud an Aontais, ba cheart limistéir sléibhe agus limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile ag bagairt orthu a shainiú i gcomhréir le critéir oibiachtúla. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bithfhisiciúl i gcás na limistéar sin a bhfuil srianta nádúrtha ag bagairt orthu agus go mbeadh fianaise dhaingean eolaíoch mar thaca faoi na critéir sin. Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a ghlacadh chun éascú a dhéanamh ar dheireadh a chur, de réir a chéile, le híocaíochtaí sna limistéir sin nach measfar a thuilleadh gur limistéir iad a bhfuil srianta nádúrtha ag bagairt orthu mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcritéar seo.

(27)

Ba cheart leanúint d'fheirmeoirí a spreagadh ardchaighdeáin a ghlacadh maidir le leas ainmhithe trí thacaíocht a sholáthar d'fheirmeoirí a ghlacann caighdeáin maidir le feirmeoireacht ainmhithe a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní CETFT go héifeachtach, ba cheart tacaíocht a theorannú d'fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 iad.

(28)

Ba cheart leanúint de híocaíochtaí a dheonú le sealbhóirí foraoise a sholáthraíonn seirbhísí caomhnaithe foraoise atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid trí ghealltanais a thabhairt maidir le feabhsú bithéagsúlachta, caomhnú éiceachóras ard-luacha foraoise, a n-acmhainneacht maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide a fheabhsú, agus treisiú a dhéanamh ar luach foraoisí i ndáil le creimeadh ithreach a chosc, acmhainní uisce a chothabháil agus guaiseacha nádúrtha a sheachaint. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt do chaomhnú agus do chur chun cinn acmhainní géiniteacha foraoise. Ba cheart go ndéanfaí íocaíochtaí i ndáil le gealltanais comhshaoil foraoise a théann níos faide ná na caighdeáin shainordaitheacha bhainteacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

(29)

Le linn chlárthréimhse 2007-2013 ba é an t-aon chineál comhair amháin ar tugadh tacaíocht dó go sainráite faoin mbeartas forbartha tuaithe comhar maidir le forbairt táirgí, teicneolaíochtaí agus próiseas nua in earnáil na talmhaíochta agus an bhia agus in earnáil na foraoiseachta. Tá tacaíocht le haghaidh an chineáil comhair sin riachtanach i gcónaí ach ba cheart í a chur in oiriúint chun freastal níos fearr ar riachtanais an gheilleagair eolasbhunaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfaí maoiniú a thabhairt do thionscadail le hoibreoir amháin faoin mbeart sin, ar choinníoll go scaipfí na torthaí a gheofaí, agus go mbainfí amach sa chaoi sin an cuspóir maidir le cleachtais, próisis nó táirgí nua a scaipeadh. Ina theannta sin, tá sé soiléir anois má thacaítear le réimse níos leithne cineálacha comhair agus le raon níos leithne tairbhithe, ó oibreoirí níos lú go oibreoirí níos mó, gur féidir cabhrú chun cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach trí chabhrú le hoibreoirí i limistéir thuaithe na míbhuntáistí eacnamaíocha, comhshaoil agus eile a thig as ilroinnt a shárú. Dá bhrí sin, ba cheart an beart sin a leathnú. Ba cheart do thacaíocht d'oibreoirí beaga chun próisis oibre i gcomhar le chéile a eagrú agus chun áiseanna agus acmhainní a úsáid le chéile cabhrú leo a bheith inmharthana ó thaobh an gheilleagair de in ainneoin iad a bheith ag obair ar scála beag. Ba cheart do thacaíocht do mhodhanna cothrománacha agus ingearacha comhair i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair, chomh maith le gníomhaíochtaí a chur chun cinn i gcomhthéacsanna áitiúla feidhmiú mar chatalaíoch chun slabhraí soláthair gairide, margaí áitiúla agus slabhraí bia áitiúla a fhorbairt a bheadh réasúnta ó thaobh an gheilleagair de. Ba cheart do thacaíocht do chur chuige comhchoiteann maidir le tionscadail agus cleachtais chomhshaoil cabhrú chun tairbhí comhshaoil agus aeráide a sholáthar a bheadh níos comhsheasmhaí agus níos nána tairbhí sin a d'fhéadfadh oibreoirí aonair a chur ar fáil agus iad ag gníomhú beag beann ar dhaoine eile (mar shampla, trí chleachtais a chur i bhfeidhm ar limistéir neamhshaothraithe talún níos mó).

Ba cheart tacaíocht a sholáthar i bhfoirmeacha éagsúla. Tá braislí agus líonraí an-tábhachtach maidir le comhroinnt saineolais agus maidir le saineolas, seirbhísí agus táirgí a sholáthar atá speisialaithe agus nua. Uirlisí tábhachtacha iad treoirthionscadail chun infheidhmeacht tráchtála na dteicneolaíochtaí, na dteicnící agus na gcleachtas a thástáil i gcomhthéacsanna éagsúla, agus iad a oiriúnú más gá. Gné ríthábhachtach iad grúpaí oibriúcháin den Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil ("CEN") maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta. Gléas thábhachtach eile iad straitéisí forbartha áitiúla a fheidhmíonn lasmuigh de chreat forbartha áitiúil LEADER - idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha ó limistéir thuaithe agus uirbeacha araon. Murab ionann agus a bhíonn faoi chur chuige LEADER, is féidir a leithéid de chomhpháirtíochtaí agus de straitéisí a bheith teoranta d'earnáil amháin nó d'aidhmeanna forbartha a bheadh réasúnta sonrach, lena n-áirítear iad siúd atá luaite thuas. Tá an deis ag Ballstáit tosaíocht a thabhairt don chomhar i measc eintiteas a bhaineann le príomhtháirgeoirí. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí idir bhrainse incháilithe chun tacaíocht a fháil faoin mbeart seo. Ba cheart go mbeadh tacaíocht den sórt sin teoranta do thréimhse seacht mbliana ach amháin i gcás comhghníomhaíochta comhshaoil agus aeráide i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(30)

Bíonn níos mó rioscaí eacnamaíochta agus comhshaoil ag bagairt ar fheirmeoirí sa lá atá inniu ann de bharr athraithe aeráide agus an mhéadaithe atá tagtha ar luaineacht praghsanna. Tá bainistiú éifeachtach rioscaí níos tábhachtaí d'fheirmeoirí anois sa chomhthéacs seo. Ba cheart, dá bharr sin, beart bainistithe riosca a chur ar bun chun cuidiú le feirmeoirí dul i ngleic leis na rioscaí is coitianta a bhíonn ag bagairt orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don bheart sin cabhrú le feirmeoirí na préimheanna a íocann siad chun árachas barraí, ainmhithe agus plandaí a fháil a chumhdach, agus go gcumhdódh sé freisin ceapadh cistí frithpháirteacha agus an cúiteamh a íocann a leithéid de chistí d'fheirmeoirí de bharr caillteanais a fhulaingíonn siad de dhroim teagmhas díobhálach aeráide, ráigeanna de ghalar ainmhithe nó plandaí, foirgeacht le lotnaidí nó teagmhais comhshaoil. Ba cheart go n-áiríter leis an mbeart freisin uirlis cobhsaithe ioncaim a i bhfoirm ciste fhrithpháirtigh le tacú le feirmeoirí nuair a bheadh titim mór le teacht ar a n-ioncam. Chun a áirithiú go bhfaigheann feirmeoirí cóireáil chomhionann l ar fud an Aontais, nach saobhtar an iomaíocht, agus go dtugtar urraim d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart coinníollacha sonracha a chur ar fáil maidir le tacaíocht a dheonú faoi na bearta seo. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní CETFT go héifeachtach, ba cheart tacaíocht a theorannú d'fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

(31)

Tá sé cruthaithe thar roinnt blianta ag cur chuige LEADER maidir le forbairt áitiúil gur cur chuige éifeachtach é maidir le cur chun cinn fhorbairt na limistéar tuaithe agus bíonn an toradh sin air toisc gur cur chuige ó bhun aníos atá ann a chuireann san áireamh go hiomlán na riachtanais il-earnála le haghaidh fhorbairt inginiúil na tuaithe. Dá bhrí sin ba cheart leanúint de LEADER sa todhchaí agus é a bheith éigeantach é a chur i bhfeidhm maidir le cláir forbartha tuaithe ar leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal réigiúnach.

(32)

Ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an tacaíocht a thugann CETFT d'fhorbairt áitiúil LEADER tionscadail chomhair idir grúpaí i mBallstát nó tionscadail comhair thrasnáisiúnta idir grúpaí i roinnt mhaith Ballstát nó tionscadail chomhair idir grúpaí I mBallstát agus i tríú tíortha.

(33)

Chun a chumasú do chompháiritithe i limistéir tuaithe nach ndéanann LEADER a chur i bhfeidhm go fóill straitéis forbartha áitiúil a thástáil agus ullmhú a dhéanamh dá dearadh agus dá cur chun feidhme, ba cheart "trealamh tosaithe LEADER" a mhaoiniú chomh. Níor cheart go mbeadh tacaíocht coinníollach ar straitéis forbartha áitiúla a bheith curtha isteach.

(34)

Bíonn infheistíochtaí coiteann in go leor de na bearta forbartha tuaithe faoin Rialachán seo agus féadfaidh siad baint a bheith acu le hoibríochtaí atá an-éagsúil. Chun a áirithiú go mbeidh soiléireacht ann maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí sin, ba cheart rialacha comhchoiteanna áirithe a leagan síos i gcomhair gach infheistíochta. Ba cheart a shainmhíniú sna comhrialacha sin na cineálacha caiteachais ar féidir breathnú orthu mar chaiteachas infheistíochta agus a áirithiú nach dtugtar tacaíocht ach do na hinfheistíochtaí a chruthaíonn luach nua sa talmhaíocht agus do na hinfheistíochtaí sin amháin. Chun cur i bhfeidhm na dtionscadal infheistíochta a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ag Ballstáit airleacain a íoc. Lena áirithiú go mbeidh tionchar éifeachtach, cothrom agus inbhuanaithe ag cúnamh CETFT, ba cheart rialacha a leagan síos lena áirithiú go mbeidh infheistíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí buan agus nach n-úsáidtear tacaíocht CETFT chun iomaíocht a shaobhadh.

(35)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta go dtacódh CETFT le hinfheistíochtaí maidir le huisciú chun leas an gheilleagair agus an chomhshaoil, ar choinníoll go áíritheofaí go mbeadh an t-uisciú sin inbhuanaithe. níor cheart, i ngach cás, dá bharr sin, tacaíocht a thabhairt ach má tá plean bainistithe abhantraí i bhfeidhm don limistéar lena mbaineann mar a cheanglaítear faoin Treoir Réime maidir le hUisce, agus má tá méadrú uisce i bhfeidhm cheana ar leibhéal na hinfheistíochta nó má chuirtear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht. Ba cheart go dtiocfadh méadú íosta in éifeachtúlacht uisce, a léireofar mar shábháil uisce a d'fhéadfadh a bheith ann, as infheistíochtaí chun an bonneagar uiscithe nó an trealamh uiscithe atá ann cheana a fheabhsú. Má tá an dobharlach, a bhfuil tionchar ag an infheistíocht air, faoi strus ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce mar a leagtar amach í sa chreat anailíseach a bhunaítear leis an Treoir Réime maidir le hUisce, ba cheart leath den mhéadú in éifeachtúlacht uisce a aistriú go laghdú iarbhír in úsáid uisce ar leibhéal na hinfheistíochta tacaithe, d'fhonn an strus a laghdú ar an dobharlach lena mbaineann. Ba cheart cásanna áirithe a leagan amach áit nach féidir nó nach bhfuil gá le feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le sábhálacha éifeachtacha nó féideartha maidir le huisce a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le hinfheistíochtaí in athchúrsáil nó in athúsáid uisce. Anuas ar thacú le hinfheistíochtaí sa trealamh atá ann faoi láthair a fheabhsú, ba cheart foráil do thacaíocht CETFT le hinfheistíochtaí in uisciú nua faoi réir thorthaí na hanailíse ar an gcomhshaol. Seachas i gcásanna áirithe, bacheart tacaíocht a thabhairt don uisciú nua i gcás ina bhfuil an dobharlach a bhfuil tionchar air faoi strus cheana féin, i bhfianaise an bhaoil mhóir a bheadh ann dá dtabharfaí tacaíocht sna cásanna sin, go gcuirfeadh sé le fadhbanna comhshaoil atá ann cheana.

(36)

I gcás beart áirithe faoin Rialachán seo a bhaineann le limistéir ní mór do na tairbhithe gealltanais a thabhairt a mhairfidh ar feadh cúig bliana ar a laghad. Le linn na tréimhse sin, tá an fheidearthacht ann go dtiocfaidh athruithe ar staid an ghabháltais nó ar staid an tairbhí. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun amn méid is ceart a dhéanamh sna cásanna sin a chinneadh.

(37)

Le bearta áirithe faoin Rialachán seo, déantar tacaíocht coinníollach arna tairbhithe ag tabhairt gealltanas a rachadh thar bonnlíne ábhartha a shainítear i dtéarmaí caighdeán nó ceanglas sainordaitheach. I bhfianaise na n-athruithe a d'fhéadfadh teacht ar an dlí i rith thréimhse na ngealltanas agus a dhéanfadh modhnú ar an mbonnlíne, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú na gconarthaí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll sin i gcónaí.

(38)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní airgeadais le haghaidh forbartha tuaithe ar an mbealach is fearr agus is féidir agus chun díriú ar bhearta faoi chláir forbartha tuaithe atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe ach le ráthú freisin go gcaithfear go cothrom le hiarratasóirí, ba cheart do na Ballstáit critéir roghnúcháin a leagan síos chun tionscadail a roghnú. Níor cheart go mbeadh eisceacht ar an riail seo ach le haghaidh íocaíochtaí faoin aeráid agra-chomhshaoil, faoin bhfeirmeoireacht orgánach, Natura 2000 agus faoin Treoir Réime maidir le hUisce, limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile ag bagairt orthu, leas ainmhithe, seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide agus bearta a bhaineann le bainistíocht riosca. Nuair atá na critéir roghnúcháin á gcur i bhfeidhm ba cheart méid na hoibríochta a chur san áireamh i gcomhréir le prionsabal na comhreireachta.

(39)

Ba cheart do CETFT tacaíocht a thabhairt, trí chúnamh teicniúil, do ghníomhartha a bhaineann le cur chun feidhme clár forbartha tuaithe, lena n-áirítear costais a bhaineann le cosaint na siombailí agus na ngiorrúchán a bhaineann le scéimeanna cáilíochta de chuid an Aontais le haghaidh rannpháirtíochta inar féidir tacaíocht a dheonú faoin Rialachán seo agus costais na mBallstát maidir le teorannú limistéar a bhfuil srianta nádúrtha ag bagairt orthu.

(40)

Tá sé cruthaithe ag líonrú na líonraí, na n-eagraíochtaí agus an lucht riaracháin náisiúnta a raibh baint acu le céimeanna éagsúla de chur chun feidhme an chláir, a eagraíodh i gcomhthéacs an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe, gur féidir leo ról an-tábhachtach a bheith acu ó thaobh fheabhsú cáilíochta na gclár forbartha tuaithe trí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a mhéadú i rialachas na forbartha tuaithe chomh maith le faisnéis a scaipeadh i measc an phobail níos leithne faoi na buntáistí a bhaineann leis. Dá bhrí sin, ba cheart an líonrú a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais mar chuid den chúnamh teicniúil. Chun aird a thabhairt ar riachtanais shonracha na meastóireachta, ba cheart acmhainn meastóireachta Eorpach um fhorbairt tuaithe a chur ar bun mar chuid den ghréasán Eorpach don fhorbairt tuaithe chun na gníomhaithe go léir atá páirteach a thabhairt le chéile agus sa bhealach sin malartú saineolais a éascú sa réimse sin.

(41)

Ba cheart do CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta cuidiú chun cuspóirí Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach. Tá sé tábhachtach go dtabharfar le chéile na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus tuairimí nua á chur os comhair na mBallstát aige maidir le bealaí chun ionstraimí agus tionscnaimh atá ann cheana féin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhordú níos fearr agus chun iad a chomhlánú le gníomhartha nua i gcás inar gá.

(42)

Chun cabhrú chun aidhmeanna CEN (Comhpháirtíocht Eorpach um Nuáil) a bhaint amach maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta, ba cheart gréasán CEN a chur ar bun chun líonrú a dhéanamh ar ghrúpaí oibriúcháin, ar sheirbhísí comhairleacha agus ar thaighdeoirí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme gníomhaíochtaí ina ndíreofar ar nuálaíocht sa talmhaíocht. Ba cheart é a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais mar chuid den chúnamh teicniúil.

(43)

Ba cheart do Bhallstáit cuid de mhéid iomlán gach cláir forbartha tuaithe a chur ar leataobh i gcomhair cúnaimh theicniúil d'fhonn maoiniú a thabhairt do bhunú agus d'fheidhmiú gréasáin náisiúnta tuaithe a thabharfaidh le chéile eagraíochtaí agus lucht riaracháin a bhfuil baint acu le forbairt tuaithe, lena n-áirítear CEN, a bhfuil sé d'aidhm acu a rannpháirtíocht i gcur chun feidhme an chláir a mhéadú agus feabhas a chur ar cháilíocht na gclár forbartha tuaithe. Chun na críche sin, ba cheart do ghréasáin náisiúnta tuaithe plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

(44)

Ba cheart do chláir forbartha tuaithe foráil a dhéanamh do ghníomhaíochtaí nuálacha a chuireann earnáil na talmhaíochta chun cinn a bheadh éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, a bheadh táirgiúil agus a mbeadh astuithe ísle aici, le tacaíocht ón CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an CEN réitigh nuálacha a thrasuí níos tapúla agus níos forleithne sa chleachtas. Ba cheart don CEN breisluach a chruthú trí fheabhas a chur ar roghnú agus ar éifeachtacht ionstraimí a bhaineann le nuálaíocht agus na sineirgí eatarthu a fheabhsú. Ba cheart don CEN na bearnaí a líonadh trí thaighde agus feirmeoireacht phraiticiúil a nascadh le chéile ar bhealach níos fearr.

(45)

Ba cheart do ghrúpaí oibriúcháin tionscadail nuálaíocha maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta a chur chun feidhme i gcomhthéacs CEN lena dtabharfaí le chéile feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí, pobail tuaithe, taighdeoirí, comhairleoirí ENRanna, gnóthais agus gníomhaithe eile ar spéis leo nuálaíocht san earnáil talmhaíochta. Chun a áirithiú go rachaidh torthaí tionscadal den sórt sin chun tairbhe na hearnála ina hiomláine, ba cheart na torthaí a scaipeadh i réimse an mhalairte nuálaíochta agus eolais san Aontas agus le tríú tíortha.

(46)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cinneadh a dhéanamh faoi mhéid iomlán de thacaíocht an Aontais maidir le forbairt tuaithe faoin Rialachán seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse ó 2014 go 2020. Ba cheart go ndéanfaí na leithreasaí a bheidh ar fáil a innéacsú ar bhonn ráta comhréidh i gcomhair clársceidealú.

(47)

Chun bainistiú chistí CETFT a éascú, ba cheart ráta ranníocaíochta aonair a shocrú do EAFRD maidir le clársceidealú forbartha tuaithe i ndáil lecaiteachas poiblí sna Ballstáit. Chun aird a thabhairt ar a dtábhacht nó ar a nádúr ar leith, ba cheart rátaí ranníocaíochta ar leith a shocrú maidir le cineálacha áirithe oibríochtaíleo. Chun maolú a dhéanamh ar na srianta ar leith atá ann de thoradh an leibhéil forbartha, iargúltachta nó toisc iad a bheith ina n-oileáin, ba cheart ráta cuí ranníocaíochta CETFT a shocrú i gcomhair na réigiún tearcfhorbartha agus na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear i CFAE agus i gcomhair na n-oileán Aeigéach is lú, agus i gcomhair na réigiún trasdula.

(48)

Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil a gcuid beart forbartha tuaithe infhíoraithe agus inrialaithe lena n-áirítear forálacha leordhóthanacha a chur ar bun. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht Bainistíochta agus don Údarás Íocaíochta measúnú ex-ante a chur ar fáil agus a ghabháil de láimh chun measúnú a dhéanamh ar bhearta le linn chur chun feidhme an chláir. Ba cheart bearta nach gcomhlíonann an coinníoll sin a choigeartú.

(49)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun bainistiú fónta na gclár forbartha tuaithe a áirithiú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart don Choimisiún bearta agus rialuithe leordhóthanacha a dhéanamhagus ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun feidhmiú fónta a gcórais bainistithe a ráthú.

(50)

Ba cheart d'Údarás Bainistíochta amháin a bheith freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme gach cláir forbartha tuaithe. Ba cheart a chuid dualgas a shonrú sa Rialachán seo. Ba cheart don Údarás Bainistíochta a bheith in ann cuid dá dhualgais a tharmligean agus freagracht a choinneáil as éifeachtúlacht agus as ceartaiseacht an bhainistithe. I gcás ina mbeidh fochláir théamacha mar chuid de chlár forbartha tuaithe, ba cheart don Údarás Bainistíochta a bheith in ann comhlacht eile a ainmniú chun an fochlár sin a bhainistiú agus a chur chun feidhme i ndáil leis na leithdháiltí airgeadais a bheidh aitheanta dó sa chlár agus a áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta airgeadais ar na fochláir sin. Nuair atá níos mó ná clár amháin le bainistiú ag Ballstát, is féidir comhlacht comhair a bhunú chun comhleanúnachas a áirithiú.

(51)

Ba cheart faireachán a dhéanamh go rialta ar gach clár forbartha tuaithe chun súil a choinneáil go rialta ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna bunaithe an chláir. Maidir le tionach agus éifeachtacht agus gníomhaíochtaí faoi CETFT a thaispeáint agus a fheabhsú, tá sé ag brath freisin ar mheastóireacht iomchuí le linn ullmhú agus chur chun feidhme agus tabhairt chun críche cláir, ba cheart dá bhrí sin don Choimisiún agus do na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile córas faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun chun dul chun cinn an bheartais forbartha tuaithe a léiriú agus chun a thionchar agus a éifeachtúlacht a mheasúnú.

(52)

Chun a áirithiú gur féidir faisnéis a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais, ba cheart sraith comhtháscairí a bheith mar chuid den chóras faireacháin agus meastóireachta sin. Ba cheart faisnéis thábhachtach maidir le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe a thaifeadadh agus a chothabháil go leictreonach chun comhiomlánú sonraí a éascú. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-iarrfaí ar thairbhithe an oiread faisnéise sin is lú atá riachtanach a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta.

(53)

Ba cheart an fhreagracht as faireachán a dhéanamh ar an gclár a roinnt idir an tÚdarás Bainistíochta agus Coiste Faireacháin a chuirfear ar bun chun na críche sin. Ba cheart é a bheith de chúram ar an gCoiste Faireacháin an faireachán a dhéanamh ar a éifeachtúla is a chuirfear an clár chun feidhme. Chuige sin, ba cheart a fhreagrachtaí a shonrú.

(54)

Ba cheart é a bheith i gceist le faireachán a dhéanamh ar an gclár go n-ullmhófaí tuarascáil bhliantúil ar an gcur chun feidhme atá le cur chuig an gCoimisiún.

(55)

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar gach clár forbartha tuaithe chun a cháilíocht a fheabhsú agus chun a bhfuil bainte amach a léiriú.

(56)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 CFAE maidir le tacaíocht a thabhairt do na bearta forbartha tuaithe faoin Rialachán seo. Mar sin féin, i bhfianaise saintréithe earnáil na talmhaíochta, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin de chuid CFAE maidir leis na bearta forbartha tuaithe i ndáil le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, a dhéantar faoin Rialachán seo agus i gcomhlíonadh an Rialacháin seo, chomh maith leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena mbeartaítear maoiniú breise náisiúnta a sholáthar d'oibríochtaí forbartha tuaithe a dtugtar tacaíocht ón Aontas dóibh, agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

(57)

Lena chois sin, d'fhonn comhchuibheas a áirithiú leis na bearta forbartha tuaithe atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ón Aontas agus chun nósanna imeachta a shimpliú, i gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit, a bhfuil sé d'aidhm acu maoiniú breise náisiúnta a sholáthar le haghaidh oibríochtaí forbartha tuaithe ar deonaíodh tacaíocht an Aontais dóibh agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ba cheart iad a chur san áireamh sa chlár forbartha tuaithe le measúnú agus le formheas i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Chun a áirithiú nach gcuirtear maoiniú breise náisiúnta chun feidhme ach amháin má tá sé údaraithe ag an gCoimisiún, ba cheart go gcoiscfí ar an mBallstát lena mbaineann an maoiniú breise atá beartaithe le haghaidh forbartha tuaithe a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta. Maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag Ballstáit lena mbeartaítear maoiniú breise náisiúnta a sholáthar d'oibríochtaí forbartha tuaithe a ndeonaítear tacaíocht ón Aontas ina leith agus atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ba cheart iad a chur i bhfios don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) CFAE, mura rud é go dtagann siad faoi rialachán, arna ghlacadh de bhun Rialachán 944/98 (9) ón gComhairle, agus ba cheart go gcoiscfí ar Bhallstáit iad a chur i bhfeidhm go dtí go ndéanann an Coimisiún an nós imeachta sin um fhógra a thabhairt a fhormheas go críochnaitheach.

(58)

Ba cheart córas leictreonach faisnéise a bhunú chun sonraí comhleasa a mhalartú ar bhealach a bheidh slán agus éifeachtúil agus chun príomhfhaisnéis a thaifeadadh, a choinneáil agus a bhainistiú agus chun tuairisciú ar fhaireachán agus ar mheastóireacht.

(59)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(60)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á ullmhú agus á dtarraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéantar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(61)

Ba cheart go chumhdófaí leis an gcumhachtú sin: na coinníollacha faoina measfar duine dlítheanach mar fheirmeoir óg agus tréimhse cairde a shocrú chun scileanna ceirde a fháil, ré agus ábhar scéimeanna malartaithe feirme agus malartaithe foraoisí agus cuairteanna ar fhoraoisí; ba cheart go chumhdófaí leis freisin scéimeanna sonracha an Aontais faoi Airteagal 17(1)(a) agus tréithe na ngrúpaí táirgeora agus na cineálacha gníomhaíochta a fhéadfaidh tacaíocht a fháil faoi mhír 2 d'Airteagal 17, mar aon le coinníollacha a shocrú chun saobhadh iomaíochais chun idirdhealú táirgí a chosc agus chun brandaí tráchtála a eisiamh ó thacaíocht a fháil.

(62)

Chomh maith leis sin, ba cheart go chumhdófaí leis an gcumhachtú sin: an méid ábhair is lú a nglacfar leis i bpleananna gnó agus na critéir atá le húsáid ag na Ballstáit chun na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4) a shocrú; sainmhíniú ar na ceanglais íosta maidir leis an gcomhshaol chun coillearnach a fhoraoisiú agus a chruthú; na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais agra-comhshaoil-aeráide chun an fheirmeoireacht bheostoic a leathnú, mar aon le pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú mar aon leis an sainmhíniú ar oibríochtaí incháilithe chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú, a úsáid go hinbhuanaitheach agus a fhorbairt; an modh ríomha a úsáidfear chun cistiú faoi dhó a sheachaint maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 don agra-chomhshaoil-aeráide, don fheirmeoireacht orgánach, do bhearta faoi Natura 2000 agus do bhearta faoin Treoir Réime Uisce; sainmhíniú ar na limistéir ina dtabharfaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe caighdeáin uasghrádaithe ó thaobh modhanna táirgthe de; cineál na n-oibríochtaí incháilithe le haghaidh tacaíocht a fháil faoin gcaomhnú agus acmhainní géiniteacha foraoise a chur chun cinn agus an sonraíocht ar shaintréithe na dtreoirthionscadal, na mbraislí, na ngréasán, na slabhraí soláthair gairide agus na margaí áitiúla a bheidh incháilithe chun tacaíocht a fháil faoin mbeart comhairchomh maith leis na coinníollacha chun cabhair a dheonú do na cineálacha oibríochta a liostaítear faoin mbeart sin;

(63)

Thairis sin, ba cheart go chumhdófaí leis an gcumhachtú sin: íostréimhse agus uastréimhse na n-iasachtaí tráchtála le cistí frithpháirteacha faoin mbainistíocht riosca faoin Rialachán seo; na coinníollacha faoina bhféadfaí na costais a bhaineann le conarthaí léasaithe nó trealamh athláimhe a mheas mar chaiteachas incháilithe agus an sainmhíniú ar na cineálacha bonneagair don fhuinneamh inathnuaite atá incháilithe le haghaidh infheistíochta; na coinníollacha is infheidhme i leith chomhshó nó choigeartú na ngealltanas faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 28, 29, 33 agus 34, mar aon le cásanna eile a shainiú nach mbeidh aisíocaíocht na cabhrach de dhíth ina leith. Ba cheart go chumhdófaí leis freisin: an t-athbhreithniú ar na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I na coinníollacha faoina bhféadfar tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 a lánpháirtiú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh cúnaimh theicniúil agus na meastóireachtaí ex-post, chun an trasdul a éascú ón gcóras a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 chuig an gcóras a bhunófar leis an Rialachán seo. Chun Conradh Aontachais Phoblacht na Cróite a chur san áireamh, ba cheart go gcumhdódh na gníomhartha tarmligthe sin freisin, i gcás na Cróite, an trasdul ó thacaíocht d'fhorbairt tuaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 (12) ón gComhairle, nuair is gá.

(64)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, a bhaineann le hábhar na gclár forbartha tuaithe agus le hábhar na gcreat náisiúnta, formheas na gclár agus leasuithe orthu, na nósanna imeachta agus na tráthchláir chun na cláir a fhormheas, na nósanna imeachta agus na tráthchláir maidir le leasuithe ar chláir agus ar chreat náisiúnta a fhormheas, lena n-áirítear a dteacht i bhfeidhm agus minicíocht an tíolactha, rialacha maidir le modhanna íocaíochta do chostais na rannpháirtithe i dtaca le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise, coinníollacha sonracha maidir le cur chun feidhme beart forbartha tuaithe, rialacha maidir le struchtúr agus oibríocht na ngréasán a bhunófar leis an Rialachán seo, ceanglais faisnéise agus poiblíochta, an córas faireacháin agus meastóireachta a ghlacadh, agus na rialacha maidir le hoibriú an chórais faisnéise, agus rialacha maidir le cur i láthair na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(65)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé tuairim an 14 Nollaig 2011 (14).

(66)

De dheasca na práinne a bhaineann le cur chun feidhme rianúil na bearta a bheartaítear a ullmhú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(67)

Tá an scéim tacaíochta nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo á cur in áit na scéime tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS STRAITÉIS

CAIBIDIL I

Ábhar agus Sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos na rialacha ginearálta lena rialaítear tacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe, a mhaoinítear leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe ("CETFT") a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013; Leagtar amach ann na cuspóirí sin lena rannchuideofar leis an mbeartas forbartha tuaithe agus ar thosaíochtaí ábhartha an Aontais maidir le forbairt tuaithe; Tugtar breac-chuntas ann ar an gcomhthéacs straitéiseach maidir le beartas forbartha tuaithe; tugtar sainmhíniú ar ghníomhartha atá le glacadh d'fhonn an beartas forbartha tuaithe a chur i bhfeidhm. Leagtar síos ann na rialacha maidir le clársceidealú, le líonrú, le bainistíocht, le faireachán agus le meastóireacht ar bhonn freagrachtaí a roinntear idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus na rialacha lena n-áirithítear comhordú CETFT le hionstraimí eile an Aontais.

2.   Leis an Rialachán seo comhlánaítear forálacha Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag nasainmhínithe ar "clár", "oibríocht", "tairbhí", "straitéis forbartha áitiúla atá faoi stiúir an phobail", "caiteachas poiblí", "FBManna", "oibríocht chríochnaithe", agus "ionstraimí airgeadais" mar a leagtar síos iad nó dá dagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Fairis sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "clársceidealú" an próiseas maidir le heagrú, cinnteoireacht agus na hacmhainní airgeadais a leithdháileadh de réir céimeanna éagsúla i bpáirt leis na comhpháirtithe arb é an aidhm atá ann gníomhaíocht chomhpháirteach an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun tosaíochtaí an Aontais i ndáil le forbairt tuaithe a bhaint amach.

(b)

ciallaíonn "réigiún" aonad críochach a fhreagraíonn do leibhéal 1 nó 2 d'Ainmníocht na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS leibhéal 1 agus 2) de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.;

(c)

ciallaíonn "beart" sraith oibríochtaí a thacaíonn le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe;

(d)

ciallaíonn "ráta tacaíochta" ráta na ranníocaíochta poiblí d'oibríocht;

(e)

'costas idirbhirt': ciallaíonn "costas idirbhirt" costas sa bhreis a bhaineann le gealltanas a chomhlíonadh, ach nach bhfuil inchurtha go díreach leis na costais bhreise nó leis an ioncam ligthe ar ceal a bhfaightear cúiteamh ina leith go díreach agus gur féidir a ríomh ar bhonn costas caighdeánach;

(f)

ciallaíonn "limistéar talmhaíochta" aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil, mar fhéarthailte buan a agus mar fhéarach buan nó le haghaidh barr buan mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(g)

ciallaíonn "caillteanas eacnamaíocha" aon chostas breise arna thabhú ag feirmeoir mar thoradh ar bhearta eisceachtúla arna nglacadh ag an bhfeirmeoir chun soláthar ar an margadh lena mbaineann a laghdú nó aon chaillteanas suntasach táirgeachta;

(h)

ciallaíonn "teagmhas díobhálach aeráide" an aimsir, amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó triomach dian a d'fheadfadh a bheith ina cuid de thubaiste nádúrtha;

(i)

ciallaíonn "galair ainmhithe" galair atá luaite sa liosta galar ainmhithe a bhunaítear ag an Eagraíocht Domhanda um Shláinte Ainmhithe nó san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (17);

(j)

ciallaíonn "teagmhas comhshaoil" imeacht sonrach trína dtarlaíonn éilliú, truailliú, nó díghrádú do cháilíocht an chomhshaoil a bhaineann le teagmhas ar leith agus a bhfuil raon feidhme geografach teoranta aiciach ní chuimsíonn sé rioscaí ginearálta comhshaoil nach bhfuil baint acu le hócáid ar leith, amhail athrú aeráide nó truailliú an atmaisféir;

(k)

ciallaíonn "tubaiste nádúrtha" teagmhas a tharlaíonn go nádúrtha de chineál bitheach nó aibitheach as a dtagann suaití ar chórais táirgthe talmhaíochta nó ar struchtúir foraoisí, a bheadh ina chúis faoi dheoidh le dochar suntasach eacnamaíoch d'earnálacha na talmhaíochta nó na foraoiseachta;

(l)

ciallaíonn "teagmhas turraingeach" teagmhas gan choinne de chineál bitheach nó aibitheach a tharlaíonn de thoradh gníomhaíocht dhaonna de chineál bitheach nó aibitheach as a thagann suaití ar chórais táirgthe talmhaíochta nó ar struchtúir foraoisí, a bheadh ina chúis le dochar suntasach eacnamaíoch d'earnálacha na feirmeoireachta nó na foraoiseachta;

(m)

"slabhra soláthair gairid": ciallaíonn slabhra soláthair ghairide lena mbaineann líon teoranta oibreoirí eacnamaíocha, atá tiomanta do chomhar, d'fhorbairt eacnamaíoch áitiúil, agus do dlúthchaidreamh geografach agus sóisialta idir táirgeoirí, próiseálaithe agus tomhaltóirí;

(n)

ciallaíonn "feirmeoir óg" duine nach bhfuilníos mó ná 40 bliain d'aois aige ag an am a chuirtear isteach an t-iarratas, a bhfuil scileanna ceirde agus inniúlacht leordhóthanach aige agus atá á chur féin ar bun don chéad uair i ngabháltas talmhaíochta mar cheann an ghabháltais sin;

(o)

ciallaíonn "cuspóirí téamacha" na cuspóirí téamacha arna sainiú in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(p)

ciallaíonn an "Comhchreat Straitéiseach" ('CCS') an Comhchreat Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013;

(q)

ciallaíonn "braisle" grúpáil de ghnóthais neamhspleácha, lena n-áirítear- gnóthais nuathionscanta, bheaga, mheánmhéide agus mhóra mar aon le comhlachtaí comhairliúcháin agus nó eagraíochtaí taighde - agus a dheartar chun gníomhaíocht eacnamaíoch/núálach a spreagadh trí idirghníomhaíocht dhian a chur chun cinn, áiseanna a roinnt agus eolas agus saineolas a mhalartú agus trí rannchuidiú le faisnéis a thraschur, le líonrú agus le faisnéis a scaipeadh i measc na ngnóthas sa bhraisle ar bhealach éifeachtach;

(r)

ciallaíonn "foraois" limistéar talún lena gcuimsítear níos mó ná 0,5 heicteár ar a bhfuil crainn níos airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair níos mó ná 10 faoin gcéad, nó crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ agus ní chuimsítear talamh léi atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíocha nó faoi úsáid mar thalamh uirbeach, faoi réir mhír 1a.

2.   Féadfaidh Ballstát sainmhíniú ar fhoraois a chur i bhfeidhm nach é an sainmhíniú i bpointe (r) de mhír 1, a bheidh bunaithe ar an dlí náisiúnta atá ann cheana nó ar chóras fardail. Soláthróidh na Ballstáit nó na réigiúin sainmhíniú den sórt sin sa chlár forbartha tuaithe.

3.   D'fhonn cur chuige comhleanúnach a áirithiú sa bhealach ina láimhseáiltear tairbhithe agus an gá atá ann le tréimhse oiriúnaithe a chur san áireamh, maidir leis an sainmhíniú ar fheirmeoir óg a leagtar síos i mír 1(n)tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis na coinníollacha faoina measfar duine dlítheanach mar 'fheirmeoir óg', agus tréimhse chairde a shocrú chun scileanna ceirde a fháil.

CAIBIDIL II

Misean, cuspóirí, tosaíochtaí agus comhsheasmhacht

Airteagal 3

Misiún

Cuirfidh CETFT le an straitéis Eoraip 2020 trí fhorbairt inbhuanaithe tuaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais ar bhealach a chomhlánaíonn ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta CBT, an beartas ar chomhtháthaithe agus an comhbheartas iascaigh. Cuideoidh sé le hearnáil talmhaíochta san Aontas a fhorbairt a bheidh níos cothromaithe ó thaobh críche agus comhshaoil de, níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus níos athléimní, níos iomaíche agus níos nuálaí. Rannchuideoidh sé freisin le críocha tuaithe a fhorbairt.

Airteagal 4

Cuspóirí

Laistigh de chreat foriomlán CBT, cabhróidh an tacaíocht a thabharfar d'fhorbairt tuaithe, lena n-áirítear do ghníomhaíochtaí in earnáil an bhia, san earnáil neamhbhia agus san fhoraoiseacht, le baint amach na gcuspóirí seo a leanas:

(a)

iomaíochas na talmhaíochta a chothú;

(b)

bainistiú inbhuanaithe a áirithiú ar acmhainní nádúrtha, agus gníomhaíocht ar son na haeráide;

(c)

forbairt chríochach chothromaithe a bhaint amach ar gheilleagair thuaithe agus ar chomhphobail tuaithe lena n-áirítear fostaíocht a chruthú agus a choinneáil.

Airteagal 5

Tosaíochtaí Eorpacha um fhorbairt tuaithe

Déanfar na cuspóirí maidir le forbairt tuaithe, a chuidíonn leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, a bhaint amach trí na sé thosaíocht seo a leanas, ar thosaíochtaí de chuid an Aontais maidir le forbairt tuaithe iad, a chuimsíonn Cuspóirí Téamacha CCS:

(1)

aistriú eolais agus nuálaíocht sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe a chothú, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

an nuáil, an comhar agus forbairt an bhoinn eolais a chothú i limistéir thuaithe;

(b)

na naisc idir an talmhaíocht, táirgeadh bia agus an fhoraoiseacht agus an taighde agus an nuálaíocht a neartú, lena n-áirítear chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an gcomhshaol agus chun go mbeidh feidhmíocht níos fearr ó thaobh an chomhshaoil de ann;

(c)

foghlaim ar feadh an tsaoil agus gairmoiliúint in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chothú.

(2)

cur le hinmharthanacht feirmeacha agus le hiomaíochas gach cineál talmhaíochta i ngach réigiún agus teicneolaíochtaí nuálaíocha feirmeacha a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

cur le feidhmíocht eacnamaíoch na bhfeirmeacha uile agus athstruchtúrú agus nuachóiriú feirmeacha a éascú, go sonrach d'fhonn cur le rannpháirtíocht agus le treoshuíomh an mhargaidh mar aon le héagsúlú talmhaíochta;

(b)

éascú a dhéanamh ar fheirmeoirí atá oilte a ndóthain a bheith ag dul isteach in earnáil na feirmeoireachta agus go háirithe athnuachan glúine.

(3)

eagrúchán biashlabhra, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a mhargú, leas na n-ainmhithe agus bainistíocht riosca sa talmhaíocht a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

cur lena iomaíche atá táirgeoirí tosaigh trína lánpháirtiú níos fearr san agra-bhiashlabhra trí scéimeanna cáilíochta, trí luach a chur le táirgí talmhaíochta, trí chur chun cinn i margaí áitiúla agus ciorcad soláthair gairid, grúpaí agus eagraíochtaí do tháirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe;

(b)

tacú le riosca feirme a chosc agus a bhainistiú.

(4)

éiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlánú, a bhuanú agus cur leo, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

bithéagsúlacht agus riocht thírdhreacha na hEorpa lena n-áirítear i limistéir Natura 2000, limistéir a bhfuil bacainní nádúrtha nó bacainní sonracha eile ag baint leo agus feirmeoireacht a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra uirthi, a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú;

(b)

feabhas a chur ar bhainistiú uisce, lena n-áirítear bainistiú leasacháin agus lotnaicídí;

(c)

creimeadh ithreach a chosc agus feabhas a chur ar bhainistiú ithreach.

(5)

éifeachtúlacht acmhainní agus an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin agus atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chur chun cinn in earnálacha na talmhaíochta agus an bhia agus in earnáil na foraoiseachta, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

éifeachtúlacht úsáide uisce sa talmhaíocht a mhéadú;

(b)

éifeachtúlacht úsáide fuinnimh sa talmhaíochta agus sa phróiseáil bia a mhéadú;

(c)

soláthar agus úsáid acmhainní in-athnuaite fuinnimh, seachtháirgí, cineálacha dramhaíola agus iarmhair agus amhábhar neamhbhia eile a éascú chun críocha an bhithgheilleagair;

(d)

astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus amóinia ón talmhaíocht a laghdú;

(e)

caomhnú agus ceapadh carbóin sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht a chothú;

(6)

cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:

(a)

éagsúlú a éascú, fiontair bheaga a chruthú agus a fhorbairt agus cruthú post;

(b)

forbairt áitiúil i limistéir thuaithe a chothú;

(c)

feabhas a chur le hinrochtaineacht, úsáid agus cáilíocht teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) i limistéir thuaithe.

Cuirfidh na tosaíochtaí sin go léir le cuspóirí trasnaí maidir le nuálaíocht, comhshaol agus maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. Féadfar aghaidh a thabhairt ar níos lú ná sé thosaíocht má tá bonn cirt leo bunaithe ar anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna, bagairtí ("SWOT") agus ar mheastóireacht ex ante. Tabharfar aghaidh ar cheithre thosaíocht ar a laghad i ngach clár. Nuair a chuirfidh Ballstát clár náisiúnta agus sraith de chláir réigiúnacha isteach, féadfar aghaidh a thabhairt ar níos lú ná ceithre thosaíocht leis an gclár.

Féadfar réimsí tosaíochtaí eile a áireamh i gcláir d'fhonn iarracht a dhéanamh ceann de na tosaíochtaí a bhaint amach má tá sé inchosanta agus intomhaiste.

TEIDEAL II

CLÁRSCEIDEALÚ

CAIBIDIL I

Ábhar an Chláirsceidealaithe

Airteagal 6

Cláir limistéar tuaithe

1.   Gníomhóidh CETFT sna Ballstáit trí chláir forbartha tuaithe. Cuirfear chun feidhme leis na cláir sin straitéis forbartha tuaithe chun tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a chomhlíonadh trí shraith beart mar a shainítear i dTeideal III í. Is ó CETFT a lorgófar tacaíocht chun na cuspóirí maidir le forbairt tuaithe arna saothrú trí thosaíochtaí de chuid an Aontais, a bhaint amach.

2.   Féadfaidh Ballstát clár aonair dá chríoch iomlán nó sraith de chláir réigiúnacha, nó i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, clár náisiúnta agus sraith de chláir réigiúnacha a chur isteach. Má chuireann Ballstát clár náisiúnta agus sraith de chláir réigiúnacha isteach, déanfar bearta agus/nó cineálacha oibriúchán a chlársceidealú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus déanfar comhleanúnachas idir straitéisí na gclár náisiúnta agus na gclár réigiúnach a áirithiú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil cláir réigiúnacha acu creat náisiúnta ina bhfuil gnéithe comónta do na cláir sin gan leithdháileadh buiséadach ar leith a chur isteach dá fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 10(2).

Sna creataí náisiúnta de chuid na mBallstát sin a bhfuil cláir réigiúnacha acu, féadfar tábla a bheith iontu lena ndéantar achoimriú, de réir réigiúin agus de réir bliana, ar an ranníocaíocht iomlán ó CETFT don Bhallstát lena mbaineann don chlárthréimhse iomlán.

Airteagal 7

Fochláir théamacha

1.   Agus é mar aidhm rannchuidiú le tosaíochtaí forbartha tuaithe an Aontais a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit fochláir théamacha a áireamh ina gcuid clár forbartha tuaithe, ar fochláir iad lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha. Féadfaidh na fochláir théamacha sin a bheith ag baint, inter alia, leis an méid a leanas:

(a)

feirmeoirí óga;

(b)

feirmeacha beaga mar a dtagraítear dóibh sa tríú fomhír de Airteagal 20(2);

(c)

limistéir sléibhe mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 33(2);

(d)

slabhraí soláthair gairide;

(e)

mná i gceantair thuaithe;

(f)

maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus an bhithéagsúlacht.

Leagtar amach liosta táscach beart agus cineálacha oibríochta a bhfuil ábharthacht áirithe ag baint leo do gach fochlár téamach in Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfar aghaidh a thabhairt sna fochláir théamacha ar riachtanais shonracha a bhaineann le hathstruchtúrú earnálacha na talmhaíochta a bhfuil tionchar suntasach acu ar fhorbairt limistéir thuaithe shonraigh.

3.   Féadfar na rátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a mhéadú de 10 bpointe céatadáin de bhreis i gcás oibríochtaí arna dtacú i gcreat na bhfochlár téamach maidir le feirmeacha beaga agus slabhraí soláthair gairide, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus bithéagsúlacht. I gcás feirmeoirí óga agus limistéar sléibhe, féadfar na huasrátaí tacaíochta a mhéadú i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Mar sin féin, ní sháróidh an t-uasráta tacaíochta comhcheangailte 90 %.

Airteagal 8

Ábhar na gclár forbartha tuaithe

1.   Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, áireofar i ngach limistéar tuaithe:

(a)

an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

anailís SWOT ar an gcás agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach atá clúdaithe leis an gclár.

Déanfar an anailís a struchtúrú thart ar thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe. Déanfar measúnú ar riachtanais shonracha maidir leis an gcomhshaol, maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus an nuálaíocht thar thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, d'fhonn freagairtí ábhartha a shainaithint sna trí réimse sin ar leibhéal gach tosaíochta;

(c)

tuairisc ar an straitéis lena léireofar an méid a leanas:

(i)

leagtar síos spriocanna iomchuí do gach ceann de limistéar éiceolaíocht-dírithe thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirítear sa chlár, ar bhonn comhtháscairí dá dtagraítear in Airteagal 69, agus i gcás inar gá, ar bhonn táscairí is sonrach don chlár;

(ii)

go roghnaítear teaglamaí iomchuí beart maidir le gach ceann de shainréimsí thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirítear sa chlár, bunaithe ar loighic fhónta idirghabhála agus tacaithe ag an meastóireacht ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) agus ón anailís dá dtagraítear i bpointe (b);

(iii)

go bhfuil bonn cirt le leithdháileadh acmhainní airgeadais ar bhearta an chláir agus go bhfuil siad leormhaith chun na spriocanna arna leagan amach a chur i gcrích;

(iv)

go gcuirtear riachtanais shonracha nasctha le coinníollacha shonracha ar leibhéal réigiúnach nó foréigiúnach san áireamh agus tugtar aghaidh go nithiúil orthu trí theaglamaí beart nó fochlár téamach arna gceapadh go leormhaith;

(v)

go ndéanfar a chomhtháthú sa chlár cur chuige iomchuí i ndáil le nuálaíocht d'fhonn tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a bhaint amach, lena n-áirítear CEN do tháirgiúlacht agus d'inbhunaitheacht talmhaíochta, maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear riachtanais shonracha limistéir Natura 2000, agus maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú;

(vi)

gur glacadh bearta chun a áirithiú go bhfuil cumas leordhóthanach comhairligh ann maidir leis na ceanglais rialála agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nuáil;

(d)

do gach coinníollacht ex-ante, a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 19, agus le Cuid 2 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013do na coinníollachtaí ginearálta ex-ante, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, measúnú cé acu de na coinníollachtaí ex-ante a bheidh infheidhme maidir leis an gclár agus cé acu a bheidh á gcomhlíonadh faoi dháta tíolactha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an chláir. I gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex-ante á gcomhlíonadh, beidh cur síos sa chlár ar na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích, mar aon leis na comhlachtaí a bheidh freagrach agus tráthchlár le haghaidh gníomhachtáí den sórt sin i gcomhréir leis an achoimre a thíolacfar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

(e)

cur síos ar an gcreat feidhmíochta a bhunaítear chun críche Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(f)

tuairisc ar gach beart a roghnaítear;

(g)

an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Cuirfidh na Ballstáit dóthain acmhainní ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a sainaithníodh agus chun faireachán ceart agus meastóireacht cheart a áirithiú;

(h)

plean maoinithe a chuimseoidh an méid seo a leanas:

(i)

tábla ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 64(4), ranníocaíocht iomlán CETFT atá beartaithe do gach bliain. Nuair is infheidhme léireofar sa tábla sin ar leithligh laistigh de ranníocaíocht iomlán CETFT na leithreasaí dá bhforáiltear do na réigiúin thearcfhorbartha agus na cistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcur chun feidhme Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Beidh ranníocaíocht bheartaithe bhliantúil CETFT comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil;

(ii)

tábla ina leagtar amach, do gach beart, do gach cineál oibríochta le ráta sonrach ranníocaíochta CETFT agus do chúnamh teicniúil, ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus ráta infheidhme ranníocaíochta CETFT. Nuair is infheidhme, léireofar sa tábla sin ar leithligh ráta ranníocaíochta CETFT do réigiúin thearcfhorbartha agus do réigiúin eile;

(i)

plean táscaire a mhiondealaítear ina sainréimsí, ina gcuimseofar na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 8(1)(c) agus na haschuir a bheartaítear agus an caiteachas a bheartaítear do gach beart forbartha tuaithe a roghnaítear i ndáil le sainréimse comhfhreagrach;

(j)

nuair is infheidhme, tábla ar mhaoiniú breise náisiúnta in aghaidh an bhirt i gcomhréir le hAirteagal 82;

(k)

nuair is infheidhme, liosta na scéimeanna cabhrach a thig faoi Airteagal 81(1) atá le húsáid do chur chun feidhme na gclár;

(l)

faisnéis ar chomhlántacht an chláir forbartha tuaithe le bearta arna maoiniú ag ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus trí na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha ("ESI");

(m)

socruithe chun cláir a chur chun feidhme, lena n-áirítear:

(i)

go n-ainmneoidh an Ballstát na húdaráis uile dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus, i gcomhair faisnéise, tuairisc achomair ar struchtúr bainistíochta agus rialaithe gach údaráis acu sin;

(ii)

tuairisc ar na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, mar aon le comhdhéanamh an Choiste Faireacháin;

(iii)

na forálacha lena áirithiú go bpoiblítear an clár, lena n-áirítear tríd an ngréasán náisiúnta tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54;

(iv)

tuairisc ar an gcur chuige lena leagtar síos prionsabail agus maidir le critéir roghnúcháin a shocrú do thionscadail agus do straitéisí d'fhorbairt áitiúil, a chuireann spriocanna ábhartha san áireamh: sa chomhthéacs sin féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thosaíocht a thabhairt do FBManna a bhfuil baint acu le hearnáil na talmhaíochta nó na foraoiseachta.

(v)

maidir le forbairt áitiúil, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na meicníochtaí lena n-áiritheofar comhleanúnachas idir ghníomhaíochtaí atá beartaithe faoi straitéisí forbartha áitiúla, an beart "um Chomhar" dá dtagraítear in Airteagal 35, agus an beart maidir le "Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhaile i limistéir thuaithe" dá dtagraítear in Airteagal 20 lena n-áirítear naisc uirbeacha-tuaithe;

(n)

na gníomhaíochtaí atá curtha i gcrích chun go bhfuil na comhpháirtithe sin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1303/2013 rannpháirteach agus achoimre ar ar thorthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe;

(o)

nuair is infheidhme, struchtúr an Ghréasáin Náisiúnta Tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54(3), agus forálacha dá bhainistíocht, arbh ionann é agus bonn a phleananna gníomhaíochta bliantúla.

2.   I gcás ina n-áirítear fochláir théamacha i gclár forbartha tuaithe, áireofar i ngach fochlár:

(a)

anailís shonrach ar an gcás bunaithe ar mhodheolaíocht SWOT agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu de réir fochláir;

(b)

spriocanna sonracha ar leibhéal fochláir agus rogha beart, bunaithe ar shainiú críochnúil loighic idirghabhála an fhochláir, lena n-áirítear measúnú ar ranníocaíocht ionchasach na mbeart arna roghnú chun na spriocanna a bhaint amach;

(c)

plean táscaire sonrach ar leith, mar aon le haschuir bheartaithe agus caiteachas beartaithe gach birt forbartha tuaithe ar leith a roghnaítear i ndáil le sainréimse comhfhreagrach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha do chur i láthair na ngnéithe dá dtuairiscítear i mír 1 agus i mír 2 i gcláir forbartha tuaithe agus d'ábhar na gcreataí náisiúnta sin dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

CAIBIDIL II

Cláir forbartha tuaithe a ullmhú, a fhormheas agus a mhodhnú

Airteagal 9

Coinníollachtaí ex ante

I dteannta na gcoinníollachtaí ginearálta ex ante, dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh feidhm ag na coinníollachtaí ex ante dá dtagraítear in Iarscríbhinn V den Rialachán seo maidir le clársceidealú CETFT, más ábhartha agus infheidhme i ndáil leis na cuspóirí sonracha a bheidh le saothrú de réir thosaíochtaí an chláir.

Airteagal 10

Na cláir forbartha tuaithe a fhormheas

1.   Cuirfidh na Ballstáit togra faoi bhráid an Choimisiúin do gach clár forbartha tuaithe, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Formheasfaidh an Coimisiún gach clár forbartha tuaithe trí bhíthin gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 91.

Airteagal 11

Na cláir forbartha tuaithe a fhormheas

Formheasfar iarratais ó Bhallstáit chun cláir a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leanas:

(a)

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, cinneadh ar iarratais ar chláir a leasú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

athrú ar straitéis an chláir trí athrú níos mó na 50 % in aon táscaire toraidh atá nasctha le sainréimse;

(ii)

athrú ar ráta ranníocaíochta CETFT de bheart amháin nó níos mó;

(iii)

athrú ar ranníocaíocht iomlán an Aontais nó ar a leithdháileadh bliantúil ar leibhéal an chláir;

(b)

I ngach cás eile ina bhfaigheann an Coimisiún iarratais ó Bhallstáit maidir leis na cláir a leasú, agus, go háirithe, maidir le:

(i)

tabhairt isteach nó aistarraingt beart nó cineálacha oibríochta;

(ii)

athruithe ar thuairisc na mbeart, lena n-áirítear athruithe ar choinníollacha incháilitheachta.

(iii)

aistriú cistí idir bearta a cuireadh chun feidhme faoi rátaí éagsúla ranníocaíochta CETFT;

Chun críche pointí (b(i) agus (ii) agus pointe (b(iii) afách nuair is lú ná 20 % den leithdháileadh an t-aistriú airgid agus nuair is lú ná 5 % iomlán ranníocaíocht CETFT leis an gclár, measfar é a bheidh formheasta mura bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir leis an iarratas tar éis thréimhse 42 lá oibre ó fháil an iarratais. Ní áireofar sa tréimhse sin an tréimhse a thosóidh ar an lá i ndiaidh an dáta a gcuirfidh an Coimisiún a chuid barúlacha chuig an mBallstát agus a chríochnóidh an lá mbeidh freagra tugtha ag an mBallstát ar na barúlacha.

(c)

I gcomhair ceartúchán de chineál eagarthóireachta nó cléireachais amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an bheartais ná do chur chun feidhme na mbeart, ní gá cead a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 12

Rialacha maidir le nósanna imeachta agus le tráthchláir

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta agus tráthchláir don mhéid seo a leanas:

(a)

na cláir forbartha tuaithe agus na creataí náisiúnta a fhormheas;

(b)

cur isteach agus formheas moltaí do leasuithe ar chláir forbartha tuaithe agus do thograí agus do leasuithe ar chreataí náisiúnta, lena n-áirítear a dteacht i bhfeidhm agus a mhinicí agus a chuirtear isteach iad le linn na clárthréimhse.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

TEIDEAL III

TACAÍOCHT D'FHORBAIRT TUAITHE

CAIBIDIL I

Bearta

Airteagal 13

Bearta

Clárófar gach beart forbartha tuaithe chun cur go sonrach le baint amach tosaíochta amháin nó níos mó ón Aontas maidir le forbairt tuaithe. Tá liosta táscach beart a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo do thosaíochtaí an Aontais leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 14

Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise

1.   Cumhdóidh tacaíocht faoin mbeart seo gníomhaíochtaí gairmoiliúna agus éadála scileanna, gníomhaíochtaí taispeántais agus gníomhaíochtaí faisnéise. Féadfaidh gníomhaíochtaí gairmoiliúna agus éadála scileanna cúrsaí oiliúna, ceardlanna agus oiliúnú a áireamh.

Le tacaíocht, féadfar malartú gearrthéarma bainistithe feirme agus bainistithe foraoisí a chumhdach mar aon le cuairteanna ar fheirmeacha agus ar fhoraoisí freisin.

2.   Rachaidh tacaíocht faoin mbeart seo chun sochair daoine atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta, an bhia agus na foraoise, bainisteoirí talún agus gníomhaithe eacnamaíocha eile ar FBManna atá ag feidhmiú i limistéir thuaithe.

An soláthraí gníomhaíochta oiliúna nó aistrithe eile eolais agus faisnéise a bheidh mar thairbhí na tacaíochta.

3.   Ní áireoidh tacaíocht faoin mbeart seo cúrsaí teagaisc ná oiliúna, ar cuid de ghnáthchláir nó de ghnáthchórais oideachais ar leibhéal meánscoile nó níos airde iad.

Beidh na cumais iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúint rialta chun an tasc seo a chur i gcrích ag comhlachtaí a chuireann seirbhísí aistrithe eolais agus faisnéise ar fáil.

4.   Beidh costais a bhaineann le heagrú agus le seachadadh na gníomhaíochta aistrithe eolais nó faisnéise ar na costais incháilithe faoin mbeart seo. I gcás tionscadal taispeántais, féadfaidh an tacaíocht costais ábhartha infheistíochta a chumhdach freisin. Beidh costais taistil, cóiríochta agus speansais cothaithe laethúil na rannpháirtithe mar aon le costas athsholáthair feirmeoirí incháilithe le haghaidh tacaíochta freisin. Íocfar na costais ar fad a aithneofar faoin mír seo leis an tairbhí.

5.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh scéimeanna malairte feirmeacha agus foraoisí agus cuairteanna ar fheirmeacha agus ar fhoraoisí indealaithe go soiléir ó gníomhartha cosúla faoi scéimeanna eile Aontais, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le ré agus ábhar scéimeanna malairte feirmeacha agus foraoisí agus maidir le cuairteanna ar fheirmeacha agus ar fhoraoisí.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le módúlachtaí íocaíochta do chostais na rannpháirtithe, lena n-áirítear trí dhearbháin nó foirmeacha eile den sórt sin a úsáid.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

Airteagal 15

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cabhrú le feirmeoirí, feirmeoirí óga mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo, le sealbhóirí foraoisí, bainisteoirí eile talún agus le FBManna i limistéir thuaithe tairbhe a bhaint as seirbhísí comhairleacha um fheabhsú fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil chomh maith le neamhdhíobhálacht don aeráid agus athléimneacht ina taobh a ngabháltais nó a bhfiontair;

(b)

bunú seirbhísí bainistíochta feirme, seirbhísí faoisimh feirme agus seirbhísí comhairleacha feirme, chomh maith le seirbhísí comhairleacha foraoiseachta a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Córas Comhairleach Feirme dá dtagraítear in Airteagail 12 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013/;

(c)

oiliúint comhairleoirí a chur chun cinn.

2.   Soláthraí na comhairle nó na hoiliúna a bheidh mar thairbhí na tacaíochta atá tugtha i mír 1(a) agus (c). Deonófar tacaíocht faoi mhír 1(b) don údarás nó don chomhlacht roghnaithe chun an tseirbhís bainistíochta feirme, an tseirbhís faoisimh feirme, an tseirbhís chomhairleach feirme nó an tseirbhís chomhairleach foraoiseachta a bhunú.

3.   Beidh na hacmhainní iomchuí ag na húdaráis nó ag na comhlachtaí roghnaithe chun comhairle a thabhairt i bhfoirm foirne cáilithe a gcuirtear oiliúint go rialta orthu agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofach maidir leis na réimsí a dtugann siad comhairle ina leith. Roghnófar na tairbhithe faoin mbeart seo trí ghlaonna ar thairiscintí. Beidh an nós imeachta roghnaithe faoi rialú an dlí soláthair phoiblí agus beidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon incháilithe dó. Beidh sé oibiachtúil agus déanfar iarrthóirí a mbeidh coinbhleachtaí leasa ag baint leo a eisiamh leis.

Agus comhairle á tabhairt, déanfaidh seirbhísí comhairleacha na hoibleagáidí neamhnochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a urramú.

4.   Nascfar comhairle d'fheirmeoirí aonair, d'fheirmeoirí óga mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo agus do bhainisteoirí eile talún le tosaíocht amháin ar a laghad ón Aontas maidir le forbairt tuaithe agus cumhdófar inti ceann amháin de na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

oibleagáidí ar leibhéal na feirme a eascraíonn as na ceanglais reachtúla bainistíochta do dhálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil dá bhforáiltear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

(b)

i gcás inar infheidhme, na cleachtais talmhaíochta is tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol mar a leagtar síos i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus cothabháil an limistéir talamhaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(1)Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(c)

bearta ar leibhéal na feirme dá bhforáiltear sna cláir forbartha tuaithe arb é is aidhm dóibh nuachóiriú feirmeacha, feabhsú iomaíochais, lánpháirtiú earnálacha, an nuálaíocht agus treocht an mhargaidh mar aon leis an bhfiontraíocht a chur chun cinn;

(d)

ceanglais mar a shainmhíníonn na Ballstáit le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 11 (3) den Treoir Réime maidir le hUisce;

(e)

ceanglais mar a shainmhíníonn na Ballstáit iad le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe comhlíonadh na bprionsabal ginearálta maidir le srianadh comhtháite lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2009/128/CE; nó

(f)

nuair is iomchuí, caighdeáin sábháilteachta ceirde nó caighdeáin sábháilteachta a bhaineann leis an bhfeirm;

(g)

comhairle shonrach d'fheirmeoirí atá ag bunú den chéad uair.

Féadfar saincheisteanna eile a chumhdach faoi chomhairle freisin agus go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin, leis an mbithéagsúlacht agus le cosaint uisce mar a leagtar síos í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nó saincheisteanna a bhfuil baint acu le feidhmiú eacnamaíoch nó feidhmiú comhshaoil maidir leis an ngabháltas talmhaíochta lena náirítear gnéithe a bhaineann le hiomaíochas. Féadfarcomhairle a áireamh anseo chun slabhraí soláthair gairide a fhorbairt, mar aon leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus le cúrsaí sláinte a bhaineann le feirmeoireacht ainmhithe.

5.   Cumhdófar le comhairle do shealbhóirí foraoiseachta na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE, 92/43/CEE agus an Treoir Réime maidir le hUisce ar a laghad. Féadfaidh sí saincheisteanna a chumhdach freisin a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil an ghabháltais foraoiseachta.

6.   Féadfaidh comhairle d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide saincheisteanna a chumhdach a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil an fhiontair.

7.   I gcás ina mbeidh bonn cirt cuí leis agus inarb iomchuí, féadfar comhairle a thabhairt go páirteach i ngrúpa, agus cásanna úsáideoir aonair na seirbhísí comhairleacha san áireamh.

8.   Beidh an tacaíocht faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) de mhír 1 teoranta do na híosmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Beidh tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1céimlaghdaitheach thar uastréimhse cúig bliana ón mbunú.

Airteagal 16

Scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

1.   Cumhdófar sa tacaíocht faoin mbeart seo rannpháirtíocht nua feirmeoirí agus grúpa feirmeoirí leis an méid a leanas:

(a)

scéimeanna cáilíochta a bhunaítear faoi na Rialacháin agus faoi na forálacha a leanas:

(i)

Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18)

(ii)

Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (19);

(iii)

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(iv)

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 (21) ón gComhairle;

(v)

Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 13082013 ón gComhairle a mhéad a bhaineann sé le fíon.

(b)

scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d'fheirmeacha, do tháirgí talmhaíochta, do chadás nó d'earraí bia, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:

(i)

díorthaítear sainiúlacht an táirge deiridh faoi scéimeanna den sórt sin ó oibleagáidí soiléire chun aon cheann díobh seo a leanas a ráthú:

saintréithe sonracha táirgí,

modhanna sonracha feirmeoireachta nó táirgthe, nó

cáilíocht an táirge deiridh a théann go suntasach thar na caighdeáin tráchtearra tráchtála maidir le sláinte phoiblí, ainmhithe nó plandaí, le leas ainmhithe nó le cosaint an chomhshaoil;

(ii)

tá an scéim ar fáil don uile tháirgeoir;

(iii)

baineann an scéim le sonraíochtaí táirge atá ina gceangal agus fíoraíonn údaráis phoiblí nó comhlacht neamhspleách iniúchta comhlíonadh na sonraíochtaí sin;

(iv)

tá an scéim trédhearcach agus ráthaíonn sé inrianaitheacht táirgí; nó

(c)

scéimeanna deonacha deimhniúcháin do tháirgí talmhaíochta a aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad treoirlínte dea-chleachtais an Aontais d'oibríocht scéimeanna deonacha deimhniúcháin a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia.

2.   Féadfar a chumhdach faoin mbeart seo costais a eascróidh as gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a chuirfidh grúpaí táirgeoirí chun feidhme ar an margadh inmheánach, maidir leis na táirgí a bheidh cumhdaithe ag tacaíocht na scéimeanna cáilíochta i gcomhréir le mír 1.

3.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 mar íocaíocht bhliantúil dreasachta, agus cinnfear leibhéal na híocaíochta de réir leibhéal na gcostas seasta a thagann as rannpháirtíocht sna scéimeanna tacaithe, d'uastréimhse cúig bliana.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn "costais sheasta" na costais a thabhaítear de bharr dul isteach i scéim thacaithe cáilíochta agus an ranníocaíocht bhliantúil do rannpháirtíocht sa scéim sin, lena n-áirítear, más gá, caiteachas ar sheiceálacha a theastaíonn chun comhlíonadh le sonraíochtaí na scéime a fhíorú.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "feirmeoir" feirmeoir gníomhach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 13072013.

4.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasráta tacaíochta agus don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

5.   D'fhonn dlí nua an Aontais a chur san áireamh, a bhfeádfadh éifeacht a bheith aici ar an tacaíocht faoin mbeart seo agus d'fhonn comhleanúnachas a áirithiú le hionstraimí eile an Aontais maidir le bearta talmhaíochta a chur chun cinn agus saobhadh iomaíochais a chosc, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le le scéimeanna sonracha an Aontais atá cumhdaithe faoi phointe (a) de mhír 1;agus tréithe na ngrúpaí táirgeora agus na cineálacha gníomhaíochta a bhféadfadh tacaíocht a fháil faoi mhír 2 lena socraítear coinníollacha chun saobhadh iomaíochais a agus idirdhealú i gcoinne táirgí áirithe a chosc; agus lena socraítear coinníollacha a bhfuil brandaí tráchtála le heisiamh ó thacaíocht a fháil ar a mbonn.

Airteagal 17

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

1.   Cumhdófar sa tacaíocht faoin mbeart seo infheistíochtaí inláimhsithe agus/nó doláimhsithe mar seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí lena ndéanfar feidhmiú foriomlán agus inbhuanaitheacht an ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú;

(b)

infheistíochtaí a bhainfidh le próiseáil, le margaíocht agus/nó le forbairt táirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh nó cadáis, seachas táirgí iascaigh. D'fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta;

(c)

infheistíochtaí a bhainfidh le bonneagar a bhaineann le forbairt, le nuachóiriú nó le hoiriúnú talmhaíochta agus foraoiseachta, lena n-áirítear rochtain ar thalamh feirme agus foraoise, feabhsú agus comhdhlúthú talún, soláthar agus sábháil fuinnimh agus uisce; nó

(d)

infheistíochtaí ar infheistíochtaí neamhtháirgiúla iad atá nasctha le cuspóirí agra-comhshaoil-aeráide mar a shaothraítear faoin rialachán seo iad, lena n-áirítear stádas caomhnaithe bitheagsúlachta speiceas agus gnáthóg chomh maith le cur le luach taitneamhachta poiblí limistéir Natura 2000 nó córais eile a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra aige atá le sainiú sa chlár.

2.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 d'fheirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí.

I gcás infheistíochtaí chun tacú le hathstruchtúrú feirme, díreoidh na Ballstáit an tacaíocht ar na feirmeacha i gcomhréir leis an anailís SWOT a dhéanfar i ndáil le tosaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe "inmharthanacht feirme agus iomaíochas a fheabhsú maidir le gach cineál talmhaíochta i ngach réigiún agus lena gcuirfear teicneolaíochtaí nuálaíocha feirme agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun cinn".

3.   Beidh tacaíocht faoi phointí (a) agus (b) de mhír 1 teoranta do na huasrátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II. I leith feirmeoirí óga, féadfar na huasrátaí sin a mhéadú d'fheirmeoirí óga, d'infheistíochtaí comhchoiteanna, lena n-áirítear na cinn sin a bhfuil baint acu le cumasc Eagraíochtaí Tairgeoirí, agus do thionscadail chomhtháite a bhaineann le tacaíocht faoi níos mó ná beart amháin, d'infheistíochtaí i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta ar leith eile ag gabháil dóibh dá dtagraítear in Airteagal 32 d'infheistíochtaí a bhfuil baint acu le hoibríochtaí faoi Airteagal 28 agus faoi Airteagal 29 agus d'oibríochtaí arna dtacú faoi chreat CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta i gcomhréir leis na rátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II. D'ainneoin sin, ní fhéadfaidh an t-uasráta tacaíochta comhcheangailte a bheith os cionn 90 %.

4.   Beidh tacaíocht faoi phointe (c) agus (d) de mhír 1 faoi réir na rátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

5.   Féadfar tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí óga a bheidh ag bunú don chéad uair i ngabháltas talmhaíochta mar cheann an ghabháltais i leith infheistíochtaí lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais is infheidhme maidir le táirgeacht talmhaíochta, lena n-áirítear sábháilteacht cheirde. Féadfar tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil ar feadh uastréimhse 24 mhí ó dháta an bhunaithe.

6.   Nuair a chuirtear ceanglais nua ar fheirmeoirí faoi dhlí an Aontais, féadfar tacaíocht a dheonú d'infheistíochtaí chun na ceanglais sin a chomhlíonadh ar feadh uastréimhse 12 mí ón dáta a mbeidh siad éigeantach maidir le gabháltas talmhaíochta.

Airteagal 18

Athshlánú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh dochar di trí thubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach

1.   Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:

(a)

infheistíochtaí i mbearta coisctheacha a bhfuil d'aidhm acu iarmhairtí tubaistí nádúrtha dóchúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais thurraingeacha a laghdú;

(b)

infheistíochtaí le haghaidh athchóiriú talamh talmhaíochta agus acmhainneacht táirgeachta a ndearnadh damáiste dóibh de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide agus teagmhas turraingeach.

2.   Deonófar tacaíocht d'fheirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí. Féadfar tacaíocht a dheonú freisin d'eintitis phoiblí i gcás ina bhfuil nasc idir an infheistíocht a dhéanann eintitis den sórt sin agus acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta bunaithe.

3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 30 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha talmhaíochta ina iarmhairt ar an tubaist sin nó ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE (22) ón gComhairle maidir le galar plandaí nó foirgeacht lotnaidí a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.

4.   Ní dheonófar aon tacaíocht faoin mbeart seo do chaillteanas ioncaim a d'eascair ón tubaiste nádúrtha nó ón teagmhas turraingeach.

Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile nó scéimeanna árachais phríobháidigh.

5.   Beidh tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 teoranta do na huasrátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 19

Forbairt feirme agus gnó

1.   Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:

(a)

cabhair nuathionscanta gnó dóibh seo a leanas:

(i)

feirmeoirí óga;

(ii)

gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe;

(iii)

forbairt feirmeacha beaga;

(b)

infheistíochtaí i gcruthú agus i bhforbairt gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta;

(c)

íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí aonuaire d'fheirmeoirí is incháilithe don scéim um fheirmeoirí beaga arna bunú faoi Theideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ("an scéim um fheirmeoirí beaga" anseo feasta) a aistríonn a ngabháltas go buan chuig feirmeoir eile;

2.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1d'fheirmeoirí óga.

Deonófar tacaíocht faoi phointe (a)(ii) de mhír 1 d'fheirmeoirí nó do bhaill de theaghlach feirme a djéanfaidh éagsúlú i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta agus do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus do dhaoine nádúrtha i limistéir thuaithe.

Deonófar tacaíocht faoi phointe 1(a)(iii) de mhír 1 d'fheirmeacha beaga arna sainiú ag na Ballstáit.

Deonófar tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga neamhthalmhaíochta agus do dhaoine nádúrtha i limistéir thuaithe agus d'fheirmeoirí nó do bhaill de theaghlach feirme.

Deonófar tacaíocht faoi phointe (c) de mhír 1 d'fheirmeoirí is incháilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim um fheirmeoirí beaga, tráth a thíolacann siad a n-iarratais ar thacaíocht, ar feadh bliain amháin ar a laghad agus a thugann gealltanas a ngabháltas iomlán a aistriú go buan mar aon leis na teidlíochtaí íocaíochta comhfhreagracha chuig feirmeoir eile. Íocfar an tacaíocht ó dháta an aistrithe go dtí an 31 Nollaig 2020 nó ríomhfar í i leith na tréimhse sin agus íocfar í i bhfoirm íocaíochta aonuaire.

3.   Féadfar duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó grúpa daoine nádúrtha nó grúpa daoine dlítheanacha, pé stádas dlíthiúil a bhronntar ar an ngrúpa agus ar a bhaill ag an dlí náisiúnta, a mheas mar bhall de theaghlach feirme, cé is moite d'oibrithe feirme. I gcás ina meastar gur ball de theaghlach na feirme duine dlítheanach nó grúpa daoine dlítheanacha, ní mór don bhall sin gníomhaíocht talmhaíochta a fheidhmiú ar an bhfeirm tráth an iarratais ar thacaíocht.

4.   Cuirfear de choinníoll ar thacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1go gcuirfear plean gnó isteach. Ní mór cur chun feidhme an phlean gnó laistigh de naoi mí ó dháta an chinnidh lena ndeonaítear an chabhair.

Le haghaidh feirmeoirí a gheobhaidh tacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1, forálfar leis an bplean gnó go gcomhlionann an feirmeoir ógde réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh, 1307/2013 maidir le feirmeoirí gníomhacha laistigh de 18 mí tar éis an dáta a bhunófar é.

Saineoidh na Ballstáit uastairsí agus íostairsí chun rochtain ar thacaíocht faoi phointí (a)(i) agus (a)(iii) de mhír1 a údarú do ghabháltais talmhaíochta. Beidh an íostairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1 níos airde ná an uastairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(iii) de mhír 1. Beidh tacaíocht teoranta, áfach, do ghabháltais a chuimsítear sa sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.

5.   Íocfar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 in dhá thráthchuid ar a laghad thar uastréimhse cúig bliana. Féadfaidh tráthchodanna a bheith ar bhonn céimlaghdaitheach. Cuirfear de choinníoll ar íocaíocht na tráthchoda deiridh, faoi phointí (a)(i) agus (a)(ii) de mhír 1 go gcuirtear an plean gnó chun feidhme i gceart.

6.   Leagtar síos an uas-suim tacaíochta faoi phointe (a) de mhír 1 in Iarscríbhinn I. Saineoidh na Ballstáit an líon tacaíochta faoi phointí (a)(i) agus (a)(ii) de mhír 1 agus cás socheacnamaíoch limistéar an chláir á chur san áireamh.

7.   Beidh an tacaíocht faoi phointe (c) de mhír 1 comhionann le 120 % den íocaíocht bhliantúil is incháilithe don tairbhí a fháil faoin scéim um fheirmeoirí beaga.

8.   D'fhonn go n-áiritheofar go mbainfear leas éifeachtúil as acmhainní CETFT, éifeachtach as acmhainní Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an méid ábhair is lú a nglacfar leis i bpleananna gnó agus na critéir atá le húsáid ag na Ballstáit chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 4 a shocrú.

Airteagal 20

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

1.   Cumhdófar go háirithe sa tacaíocht faoin mbeart seo:

(a)

bunú agus tabhairt cothrom le dáta pleananna chun bardais agus sráidbhailte a fhorbairt i gceantair thuaithe agus na seirbhísí bunúsacha atá acu agus pleananna cosanta agus bainistíochta a bhaineann le láithreáin NATURA 2000 agus le háiteanna eile a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;

(b)

infheistíochtaí i gcruthú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú gach cineáil bonneagair ar mhionscála, lena n-áirítear infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus spáráil fuinnimh;

(c)

bonneagar leathanbhanda, lena n-áirítear a chruthú, a fheabhsú agus a fhairsingiú, bonneagar éighníomhach leathanbhanda agus soláthar rochtana ar réitigh leathanbhanda agus ríomhsheirbhísí poiblí an rialtais;

(d)

infheistíochtaí i mbunú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú seirbhísí bunúsacha áitiúla don daonra tuaithe, lena n-áirítear fóillíocht agus cultúr agus an bonneagar lena mbaineann;

(e)

infheistíochtaí d'úsáid poiblí i mbonneagar áineasa, i bhfaisnéis do thurasóirí agus bonneagar beagscála turasóireachta;

(f)

staidéir agus infheistíochtaí a bhaineann le cothabháil, le hathbhunú agus le huasghrádú oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha sráidbhailte, agus tírdhreacha tuaithe agus láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le gníomhaíochtaí múscailte feasachta comhshaoil;

(g)

infheistíochtaí a dhírítear ar athlonnú gníomhaíochtaí agus athchóiriú foirgneamh nó saoráidí eile lonnaithe laistigh de lonnaíochtaí tuaithe nó gar dóibh, d'fhonn an cháilíocht beatha a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.

2.   Ní bhainfidh tacaíocht faoin mbeart seo ach le bonneagar ar mhionscála, mar a shainíonn gach Ballstát sa chlár. Mar sin féin, féadfaidh cláir forbartha tuaithe foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sonracha ón riail seo d'infheistíochtaí i leathanbhanda agus i bhfuinneamh in-athnuaite. Sa chás seo, cuirfear critéir shoiléire a áirithíonn comhlántacht le tacaíocht faoi ionstraimí eile an Aontais ar fáil.

3.   Beidh infheistíochtaí faoi mhír 1 incháilithe le haghaidh tacaíochta i gcás ina gcuirfear na hoibríochtaí ábhartha chun feidhme i gcomhréir le pleananna d'fhorbairt bardas agus sráidbhailte i limistéir thuaithe agus a seirbhísí bunúsacha, i gcás ina bhfuil na pleananna sin ann agus beidh siad comhsheasmhach le haon straitéis ábhartha forbartha áitiúla.

Airteagal 21

Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú

1.   Bainfidh an tacaíocht faoin mbeart seo leis na nithe seo a leanas:

(a)

foraoisiú agus cruthú coillearnaí;

(b)

córais agrafhoraoiseacht a bhunú;

(c)

damáiste d'fhoraoisí de bharr dóiteán foraoise, tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha a chosc agus a n-athchóiriú, lena n-áirítear ráig de lotnaidí agus de ghalair, agus bagairtí a bhaineann leis an aeráid;

(d)

infheistíochtaí a fheabhsaíonn athléimneacht agus luach comhshaoil chomh maith le hacmhainneacht maolaithe na n-éiceachóras foraoise;

(e)

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú.

2.   Ní bheidh feidhm ag teorainneacha ar úinéireacht foraoisí dá bhforáiltear in Airteagail 22 go dtí 26 maidir le foraoisí trópaiceacha nó fothrópaiceacha agus leis na limistéir faoi chrainn i gcríocha na nAsór, Mhaidéara, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 (23) ón gComhairle an 19 Iúil 1993 agus ranna thar lear na Fraince.

I gcás gabháltais thar mhéid áirithe, a chinnfidh na Ballstáit sa chlár, tabharfar tacaíocht ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí mar atá sainithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993.

Airteagal 22

Coillearnacha a fhoraoisiú agus a chruthú

1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (a) Airteagal 21(1)do shealbhóirí talún poiblí agus príobháidí agus dá gcomhlachais agus cumhdófar ann costais bunaithe agus préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir chun na costais a bhaineann le ioncam talmhaíochta a bheidh ligthe thar ceal agus na costais chothabhála a chumhdach, lena n-airítear glantachán luath agus deireanach, ar feadh uastréimhse dhá bhliain déag. I gcás talún atá faoi úinéireacht stáit, ní fhéadfar tacaíocht a dheonú ach sa chás go bhfuil an talamh sin á bhainistiú ag comhlacht príobháideach nó ag bardas.

Ní chumhdófar leis an tacaíocht chun talamh atá i seilbh údarás poiblí a fhoraoisiú ná do chrainn a fhásann go tapa ach na costais bunaithe amháin.

2.   Beidh talamh talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta araon incháilithe. Oiriúnófar speicis a chuirtear do dhálaí comhshaoil agus aeráide an limistéir agus comhlíonfaidh siad na híoscheanglais maidir leis an gcomhshaol. Ní dheonófar aon tacaíocht do chrainn a chur i gcomhair barrscoitheadh gearruainíochta, do chrainn Nollag a chur ná do chrainn a chur a fhásann go tapa i gcomhair táirgeadh fuinnimh. I limistéir ina bhfuil foraoisiú deacair de bharr diandálaí peidichlíomacha féadfar tacaíocht a thabhairt do chur speiceas eile ilbhliantúil adhmadach amhail toir nó sceacha a oireann do na dálaí áitiúla.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh foraoisiú talún talmhaíochta i gcomhréir le cuspóirí an bheartais comhshaoil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le sainiú na n-íoscheanglas comhshaoil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 23

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú

1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (b) d'Airteagal 21(1) do shealbhóirí talún príobháidí, do bhardais agus dá gcomhlachais agus cumhdófar ann costais bunaithe agus préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir chun costais cothabhála a chumhdach ar feadh uastréimhse cúig bliana.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "córais agrafhoraoiseachta" córais úsáide talún sin ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an talamh chéanna. Cinnfidh na Ballstáit an t-uaslíon agus an t-íoslíon crann in aghaidh an heicteáir ag cur dálaí áitiúla peidichlíomacha agus dálaí comhshaoil, speicis foraoiseachta agus an gá úsáid talmhaíochta inbhuanaithe na talún a áirithiú san áireamh.

3.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasráta tacaíochta atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 24

Dochar d'fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise agus ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú

1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (c) d'Airteagal 22(1) do shealbhóirí foraoise príobháidí agus poiblí agus do chomhlachtaí eile faoin dlí poiblí agus príobháideach agus dá gcomhlachais agus cumhdófar ann na costais do na nithe seo a leanas:

(a)

bunú bonneagair chosanta. I gcás tóitbhearnaí, féadfaidh an tacaíocht cabhair a chuidíonn le costais chothabhála a chumhdach freisin. Ní dheonófar aon tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht i limistéir a chumhdaítear le ceanglais agra-chomhshaol;

(b)

bearta coisctheacha áitiúla, ar mhionscála, in aghaidh dóiteáin nó guaiseacha nádúrtha eile; lena n-áirítear ainmhithe féaraigh a úsáid;

(c)

trealamh cumarsáide agus áiseanna faireacháin ar dhóiteán foraoise, ar lotnaidí agus ar ghalair a bhunú agus a fheabhsú; agus

(d)

acmhainneacht foraoise a ndearnadh dochar di de bharr dóiteán agus tubaistí nádúrtha eile a athchóiriú, lena n-áirítear lotnaidí, galair agus teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann le hathrú aeráide.

2.   I gcás bearta coisctheacha a bhaineann le lotnaidí agus le galair, caithfear tacú leis an riosca go dtarlóidh tubaiste ábhartha trí fhianaise eolaíoch agus caithfidh eagraíochtaí poiblí eolaíochta tacú leis. Nuair is ábhartha, caithfear an liosta de speicis orgánach a dhéanann díobháil do phlandaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le tubaiste a chur sa chlár.

Beidh oibríochtaí incháilithe comhsheasmhach leis an bplean um chosaint foraoisí arna bhunú ag na Ballstáit. I gcás gabháltas thar mhéid áirithe, a chinnfidh na Ballstáit sa chlár, tabharfar tacaíocht ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistiú inbhuanaithe foraoisí mar atá sainmhínithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993 lena sonrófar na cuspóirí coisctheacha.

Beidh limistéir foraoise atá aicmithe mar riosca meánach go hard do dhóiteán foraoise de réir an phlean um chosaint foraoise arna bhunú ag Ballstáit incháilithe le haghaidh tacaíocht a bhaineann le cosc dóiteán foraoise.

3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (d) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit inar tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 20 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha foraoise ina iarmhairt ar an tubaiste sin nó bearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE chun galar plandaí nó foirgeacht lotnaidí a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.

4.   Ní dheonófar aon tacaíocht faoin mbeart seo do chaillteanas ioncaim a d'eascair ón tubaiste nádúrtha.

Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile nó scéimeanna árachais phríobháidigh.

Airteagal 25

Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú

1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (d) d'Airteagal 21(1) do dhaoine nádúrtha, do shealbhóirí foraoise príobháidí agus poiblí, agus do chomhlachtaí eile faoin dlí príobháideach agus do chomhlachtaí poiblí eile agus dá gcomhlachais.

2.   Is é a bheidh mar aidhm ag infheistíochtaí gealltanaisa bhaint amach chun críoch comhshaoil nó chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar agus/nó chun cur le luach taitneamhachta poiblí foraoise agus limistéir faoi chrainn sa limistéar lena mbaineann, nó chun acmhainneacht éiceachóras maidir le maolú ar an athrú aeráide a fheabhsú, gan sochair eacnamaíocha a eisiamh go fadtéarmach.

Airteagal 26

Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú

1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (e) d'Airteagal 21(1) do shealbhóirí foraoise príobháidí, do bhardais agus dá gcomhlachais agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide d'infheistíochtaí a chuireann le hacmhainneacht foraoiseachta nó a bhaineann le próiseáil, le húsáid agus le margaíocht lena gcuirtear le luach táirgí foraoiseachta. I gcríocha na nAsór, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 agus na ranna Francacha thar lear, féadfar tacaíocht a thabhairt d'fhiontair nach fiontair bheaga ná fiontair mheánmhéide iad.

2.   Infheistíochtaí a bhaineann le feabhsú luach eacnamaíoch na bhforaoisí, beidh bonn cirt leo i ndáil le feabhsuithe a thuarfar d'fhoraoisí ar ghabháltas amháin nó níos mó agus féadfaidh siad infheistíochtaí in innealra buainte agus i gcleachtais atá neamhdhíobhálach don ithir agus d'acmhainní a áireamh.

3.   Beidh infheistíochtaí a bhaineann le húsáid adhmaid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh teoranta don uile oibríochtaí oibre roimh phróiseáil thionsclaíoch.

4.   Beidh an tacaíocht teoranta do na huasrátaí tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 27

Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo chun bunú grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a éascú in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta chun na críocha seo a leanas:

(a)

táirgeacht agus aschur táirgeoirí ar baill iad de ghrúpaí nó d'eagraíochtaí den sórt sin a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh;

(b)

earraí a chur sa mhargadh go comhpháirteach, lena n-áirítear ullmhúchán do dhíolachán, lárú díolacháin agus soláthar do bhulc-cheannaitheoirí;

(c)

comhrialacha a bhunú ar fhaisnéis táirgthe, agus aird áirithe ar bhuaint agus ar infhaighteacht; agus

(d)

gníomhaíochtaí eile a d'fhéadfadh grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh, amhail forbairt scileanna gnó agus margaíochta agus eagrú agus éascú próiseas nuálaíochta.

2.   Deonófar tacaíocht do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí táirgeoirí a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit go hoifigiúil iad ar bhonn plean gnó. Beidh sé teoranta do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí táirgeoirí gur FBManna iad.

Fíoróidh na Ballstáit gur baineadh amach cuspóirí an phlean gnó laistigh de chúig bliana tar éis an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí a aithint.

3.   Íocfar an tacaíocht mar chabhair ráta chomhréidh i dtráthchodanna bliantúla ar feadh achair nach faide ná cúig bliana tar éis an dáta ar aithníodh an grúpa nó an eagraíocht táirgeoirí ar bhonn a phlean gnó agus beidh sí céimlaghdaitheach. Ríomhfar í ar bhonn táirgeachta bliantúla arna margú ag an ngrúpa nó ag an eagraíocht. Ní íocfaidh na Ballstáit an tráthchuid dheireanach ach tar éis cur chun feidhme ceart an phlean gnó a fhíorú.

Sa chéad bhliain, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a íoc leis an ngrúpa nó an eagraíocht táirgeoirí arna ríomh ar bhonn meánluach bliantúil na táirgeachta arna margú ag a bhaill thar na trí bliana sula ndeachaigh siad isteach sa ghrúpa. I gcás grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta, féadfar an tacaíocht a ríomh ar bhonn meántáirgeachta arna margú ag baill an ghrúpa nó baill na heagraíochta thar na cúig bliana roimh an aithint, gan an luach is airde ná is ísle san áireamh.

4.   Beidh an tacaíocht teoranta do na huasrátaí agus na huasmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

5.   Féadfaidh na Ballstáit leanúint den tacaíocht do ghrúpaí táirgeoirí a bhunú fiú tar éis dóibh a bheith sainaitheanta mar eagraíochtaí táirgeoirí faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (24).

Airteagal 28

Agra-chomhshaoil-aeráide

1.   Faoin mbeart seo, cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil ar fud a gcríoch, i gcomhréir lena riachtanais agus lena dtosaíochtaí sonracha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla. Beidh an beart seo dírithe ar chaomhnú agus ar chur chun cinn a dhéanamh ar na hathruithe riachtanacha go cleachtais talmhaíochta lena gcuideofar leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Beidh a chuimsiú i gcláir forbartha tuaithe éigeantach ar leibheál náisiúnta nó ar leibheál réigiúnach.

2.   Deonófar íocaíochtaí agra-comhshaoil-aeráide d'fheirmeoirí, do ghrúpaí feirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí agus bainisteoirí eile talún a ghabhfaidh orthu féin, ar bhonn deonach, oibríochtaí a dheanamh, arb ionann iad agus gealltanas agra-comhshaoil-aeráide amháin nó níos mó ar thalamh talmhaíochta a bheidh le sainiú ag na Ballstáit, lena n-áirítear na limistéir thalmhaíochta a shainaithnítear in Airteagal 2 den Rialachán seo ach nach dteorannófar dóibh. Nuair atá údar cuí leis chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, féadfar íocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráide a dheonú do bhainisteoirí eile talún nó do ghrúpaí de bhainisteoirí eile talún.

3.   Ní chumhdóidh íocaíochtaí comhshaoil talmhaíochta ach na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear de bhun Chaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun de phointí (c)(ii) agus (c)(iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus íoscheanglais ábhartha maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí mar aon le ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú le dlí náisiúnta. Aithneofar na ceanglais shainordaitheacha uile den sórt sin seo sa chlár.

4.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar an t-eolas agus fhaisnéis a theastaíonn chun oibríochtaí den sórt sin a chur chun feidhme a chur ar fáil do dhaoine ag tabhairt fúthu. Féadfaidh siad an méid sin a dhéanamh trí, inter aliacomhairle na saineolaithe a bhaineann leis an gceanglas agus/nó trí thacaíocht faoin mbeart seo a bheith coinníollach ar oiliúint ábhartha.

5.   Tabharfar faoi ghealltanais faoin mbeart seo ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. Mar sin féin, más gá chun na sochair chomhshaoil a lorgaítear a bhaint amach nó a chothabháil, féadfaidh Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh. Maidir le gealltanais nua díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra a chinneadh ina gcuid clár forbartha tuaithe.

6.   Deonófar na híocaíochtaí go bliantúil agus tabharfaidh siad cúiteamh do na tairbhithe as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh ar na ceanglais a rinneadh, nó as cuid díobh. Más gá, féadfaidh siad costais na n-idirbheart a chumhdach suas go luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais agra-comhshaoil-aeráide. I gcás go dtugann grúpa feirmeoirí nó grúpaí feirmeoirí agus bainisteoirí eile talún faoi ghealltanais, is é 30 % an t-uasleibhéal a bheidh ann.

Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú faoi dhó de na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a sheachaint.

I gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, maidir le hoibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil, féadfar tacaíocht a dheonú mar íocaíocht ar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid i gcás gealltanas chun úsáid tráchtála a bhaint as limistéir a thréigean, a ríomhfar ar bhonn na gcostas breise a thabhófar agus an t-ioncam a bheidh ligthe thar ceal.

7.   I gcás inar gá, d'fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach an bhirt a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3) do roghnú tairbhithe.

8.   Beidh an tacaíocht teoranta do na híosmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Ní fhéadfar aon tacaíocht faoin mbeart seo a dheonú do ghealltanais atá cumhdaithe faoin mbeart feirmeoireachta orgánaí.

9.   Féadfar tacaíocht a chur ar fáil do chaomhnú agus d'úsáid inbhuanaithe agus d'fhorbairt inbhuanaithe acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht i gcás oibríochtaí nach gcumhdaítear leis na forálacha faoi mhír 1 go 8. Féadfaidh tairbhithe eile seachas iad siúd a luaitear i mír 2 na gealltanais sin a chomhlíonadh.

10.   Chun deimhniú go saineofar na gealltanais faoin mbeart agra-chomhshaoil-aeráide i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, tabharfar de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis an meid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha is infheidhme i ndáil le gealltanais chun fairsingiú a dhéanamh ar fheirmeoireachta beostoic,

(b)

na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú;agus

(c)

an sainmhíniú ar oibríochtaí incháilithe faoi mhír 9.

11.   D'fhonn a áirithiú nach féidir an cistiú dúbailte faoi dhó, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6, a bheith i gceist tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an modh ríomha a bheidh le húsáid, lena n-áirítear i gcás beart chomhionann faoi Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Airteagal 29

Feirmeoireacht orgánach

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo, in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta d'fheirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí a dhéanfaidh, ar bhonn deonach, modhanna agus cleachtais feirmeoireachta orgánaí a chothabháil nó aistriú chuici a ghabháil ar láimh faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus d'fheirmeoirí gur feirmeoirí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

2.   Ní thabharfar tacaíocht ach do na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear de bhun Chaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c)(ii) agus(c)(iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/2013, íoscheanglais ábhartha maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí mar aon le ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú le dlí náisiúnta. Sainaithneofar na ceanglais uile den sórt sin sa chlár.

3.   Déanfar gealltanais faoin mbeart seo ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. I gcás ina ndeonaítear tacaíocht chun tiontú go feirmeoireacht orgánach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse thosaigh níos giorra a chinneadh a fhreagróidh do thréimhse an tiontaithe. I gcás ina ndeonaítear tacaíocht do chothabháil feirmeoireachta orgánaí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina gcláir forbartha tuaithe fadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh. Maidir le gealltanais nua a bhaineann le cothabháil díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos gearra a chinneadh ina gcuid clár forbartha tuaithe.

4.   Deonófar na híocaíochtaí go bliantúil chun tairbhithe a chúiteamh as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh ar na ceanglais a rinneadh, nó as cuid díobh. Más gá, féadfaidh siad costais na n-idirbheart a chumhdach suas go luach 20 % den phréimh a íocadh as an ngealltanas. I gcás go dtugann grúpa feirmeoirí faoi ghealltanais, is é 30 % an t-uasleibhéal a bheidh ann.

Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.

5.   Beidh an tacaíocht teoranta do na híosmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

6.   D'fhonn a áirithiú nach mbeidh an cistiú dúbailte sini gceist, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an modh ríomha a bheidh le húsáid.

Airteagal 30

Natura 2000 agus íocaíochtaí na creat-threorach maidir le hUisce

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart sin go bliantúil agus in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta nó in aghaidh an heicteáir foraoise chun cúiteamh a íoc le tairbhithe as costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal de bharr míbhuntáistí sna limistéir lena mbaineann, a bhaineann le cur chun feidhme Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE agus an Treoir Réime maidir le hUisce.

Agus an tacaíocht faoin mbeart seo á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.

2.   Deonófar tacaíocht d'fheirmeoirí agus do shealbhóirí foraoise príobháidí agus do chomhlachais sealbhóirí foraoise príobháidí faoi seach. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar í a dheonú ar bhainisteoirí eile talún freisin.

3.   Ní dheonófar tacaíocht d'fheirmeoirí, nasctha le Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, ach i ndáil le míbhuntáistí a d'eascair ó cheangaltais a théann thar an dáil mhaith talmhaíochta agus comhshaoil dá bhforáiltear in Airteagal 94 agus in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ón gComhairle, agus na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c) (ii) agus (c) (iii)d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

4.   Ní dheonófar tacaíocht d'fheirmeoirí, nasctha leis an Treoir Réime maidir le hUisce, ach i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais shonracha a tugadh isteach leis an Treoir Réime maidir le hUisce, atá i gcomhréir leis na cláir beart do phleananna bainistíochta abhantracha chun críche cuspóirí comhshaoil na Treorach sin a bhaint amach agus a théann thar na bearta a theastaíonn chun reachtaíocht eile an Aontais a chur chun feidhme do chosaint an uisce;

(b)

ceanglais shonracha a théann thar na ceanglais reachtúla bainistíochta agus an dáil mhaith talmhaíochta agus comhshaoil dá bhforáiltear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c)(ii) agus (iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(c)

ceanglais shonracha a théann thar an leibhéal cosanta i reachtaíocht an Aontais a bhí ann tráth ar glacadh an Treoir Réime maidir le hUisce mar atá leagtha síos in Airteagal 4(9) de Threoir 2000/60/CE; agus

(d)

ceanglais shonracha a fhorchuireann mórathruithe ar chineál úsáide talún, agus/nó mórshrianta ar chleachtais feirmeoireachta a bhfuil caillteanas suntasach ioncaim de thoradh air.

5.   Sainaithneofar na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 sa chlár.

6.   Beidh na limistéir seo a leanas incháilithe le haghaidh íocaíochtaí:

(a)

Limistéir thalmhaíochta agus foraoiseachta Natura 2000 arna n-ainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;

(b)

limistéir chosanta dúlra eile arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil is infheidhme maidir le feirmeoireacht nó le foraoisí agus a chuidíonn le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE ar an gcoinníoll nach. sáraíonn na limistéir sin, de réir an chláir forbartha tuaithe, 5 % de limistéir ainmnithe Natura 2000 a chumhdaítear ina raon feidhme críochach;

(c)

limistéir thalmhaíochta a áirítear i bpleananna bainistithe abhantrach de réir na Treorach Réime maidir le hUisce.

7.   Beidh an tacaíocht teoranta do na híosmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

8.   D'fhonn a áirithiú nach mbeidh cistiú dúbailtei gceist, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an modh ríomha a bheidh le húsáid.

Airteagal 31

Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu

1.   Deonófar íocaíochtaí d'fheirmeoirí i limistéir sléibhe nó i limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha ag gabháil dóibh go bliantúil in aghaidh an heicteáir de limistéar talmhaíochta arna úsáid chun cúiteamh a íoc le feirmeoirí as costais bhreise agus ioncam uile nó i bpáirt ligthe thar ceal a bhaineann leis na srianta do tháirgeacht talmhaíochta sa limistéar lena mbaineann.

Ríomhfar costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal i gcomparáid le limistéir nach bhfuil srianta nádúrtha ná srianta eile sonracha ag gabháil dóibh, ag cur íocaíochtaí de bhun Chaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 san áireamh.

Agus costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal á ríomh, féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, leibhéal na híocaíochta a dhifreáil agus an méid seo a leanas á cur san áireamh:

déine an tsriain bhuain aitheanta a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí feirmeoireachta;

an córas feirmeoireachta.

2.   Deonófar íocaíochtaí d'fheirmeoirí a dhéanfaidh a ngníomhaíocht feirmeoireachta i limistéir ainmnithe de bhun Airteagal 32 a ghabháil ar láimh agus gur feirmeoirí gníomhachaiadde réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

3.   Beidh íocaíochtaí seasta idir an t-íosmhéid agus an t-uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I. Féadfar na híocaíochtaí seo a mhéadú i gcásanna a mbeidh bunús cuí leo agus dálaí sonracha a bheidh le fírinniú sna cláir forbartha tuaithe á gcur san áireamh.

4.   Forálfaidh na Ballstáit do chéimlaghdaitheacht na n-íocaíochtaí thar leibhéal tairsí limistéir in aghaidh an ghabháltais, atá le sainiú sa chlár, ach amháin má chumhdaítear leis an deontas an íosíocaíocht in aghaidh an heicteáir sa bhliain mar a leagtar síos í in Iarscríbhinn II.

I gcás duine dllítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit céimlaghdaitheacht na n-íocaíochtaí a chur i bhfeidhm ar leibhéal na ndaoine dlítheanacha nó bhall na ngrúpaí sin ar an gcoinníoll:

(a)

go ndéanann an dlí náisiúnta foráil do na baill aonair chun glacadh leis na cearta agus na hoibleagáidí atá inchomparáide le cearta agus oibleagáidí na bhfeirmeoirí aonair a bhfuil stádas mar cheann an ghabháltais acu, go háirithe i ndáil lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach; agus

(b)

gur chuidigh na baill aonair sin go mór le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine dlítheanacha nó na ngrúpaí lena mbaineann a neartú.

5.   I dteannta na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin mbeart seo idir 2014 agus 2020 do thairbhithe i limistéir a bhí incháilithe faoi Airteagal 36(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 le linn na clárthréimhse 2007-2013. Maidir leis na tairbhithe sna limistéir sin nach bhfuil incháilithe níos mó i ndiaidh an teorannaithe nua dá dtagraítear in Airteagal 32(3), beidh na híocaíochtaí sin céimlaghdaitheach thar uastréimhse ceithre bliana. Tosóidh an tréimhse seo ar an dáta a chríochnófar an teorannú i gcomhréir le hAirteagal 32(3) agus ar a dhéanaí in 2018. Tosnóidh na híocaíochtaí sin ag méid nach mó ná 80 % den mheáníocaíocht socraithe sa chlár don chlárthréimhse 2007-2013 i gcomhréir le hAirteagal 36(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, agus ag críochnú in 2020 ar a dhéanaí ag méid nach mó ná 20 %. Nuair a shroichfidh leibhéal na híocaíochta 25 EUR de bharr na céimlaghdaitheachta, féadfaidh an Ballstát leanúint leis na híosíocaíochtaí ar an leibhéal sin go dtí go mbeidh an tréimhse ceithre bliana thart.

Tar éis chur i gcrích an teorannaithe, gheobhaidh tairbhithe i limistéir atá incháilithe go fóill íocaíochtaí iomlána faoin mbeart seo.

Airteagal 32

Ainmniúchán limistéar a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile ag gabháil dóibh

1.   Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn mhíreanna 2, 3 agus 4, limistéir incháilithe le haghaidh íocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 31 faoi na catagóirí seo a leanas:

(a)

limistéir sléibhe;

(b)

limistéir, seachas limistéir sléibhe, a bhfuil srianta suntasacha nádúrtha ag bagairt orthu; agus

(c)

limistéir eile a bhfuil tionchar ag srianta sonracha orthu.

2.   Chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Airteagal 32, déanfar limistéir sléibhe a shaintréithriú trí shrian suntasach a chur leis na féidearthachtaí chun an talamh a úsáid agus trí mhórmhéadú ar chostais táirgeachta i ngeall ar na nithe seo a leanas:

(a)

dálaí aeráide thar a bheith deacair, mar gheall ar airde, a bhfuil mar éifeacht orthu an séasúr saothraithe a ghiorrú go substaintiúil;

(b)

ag airde níos ísle, láithreacht thar chuid mhór den limistéar i dtrácht d'fhánaí atá róghéar d'úsáid innealra nó a bhfuil gá le húsáid trealaimh speisialta an-chostasach mar gheall orthu, nó teaglaim den dá fhachtóir sin, i gcás nach bhfuil na srianta a eascraíonn ón dá cheann ar leith chomh géar sin ach go n-eascraíonn srianta cothroma ó theaglaim an dá fhachtóir.

Measfar limistéir ó thuaidh den 62ú líne dhomhanleithid agus limistéir áirithe chóngaracha mar limistéir sléibhe.

3.   D'fhonn a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Airteagal 31, measfar limistéir, seachas limistéir sléibhe, mar limistéir a bhfuil srianta suntasacha nádúrtha ag bagairt orthu má chomhlíonann 60 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta arna úsáid ceann amháin ar a laghad de na critéir atá liostaithe in Iarscríbhinn III ar an luach tairsí léirithe.

Déanfar a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin ar leibhéal na n-aonad riaracháin áitiúil "leibhéal LAU2" nó ar leibhéal aonaid áitiúil atá sainithe go soiléir agus a chlúdaíonn limistéar geografach comhtheagmhálach aonair soiléir a bhfuil féiniúlacht riaracháin agus eacnamaíoch insainithe aige.

Nuair atá teorannú á dhéanamh ar na limistéir lena mbaineann an mhír seo, déanfaidh na Ballstáit cleachtadh mionchoigeartaithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus é mar chuspóir limistéir a chur as an áireamh inar tuairiscíodh srianta suntasacha nádúrtha, dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach gur sháraigh infheistíochtaí nó gníomhaíocht eacnamaíoch iad, nó mar thoradh ar ghnáththáirgiúlacht talún, nó má chúitítear leis na modhanna táirgeachta nó leis na córais feirmeoireachta an t-ioncam a chailltear nó na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 31(1).

4.   Beidh limistéir seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Airteagal 31 má tá tionchar ag srianta sonracha orthu agus i gcás gur cheart leanúint ar aghaidh le bainistiú talún chun an comhshaol a chaomhnú nó a fheabhsú, an tuath a chothabháil chun acmhainneacht turasóireachta an limistéir a chaomhnú nó chun an t-imeallbhord a chosaint.

Is ionann limistéir a bhfuil tionchar ag srianta sonracha orthu agus limistéir feirmeoireachta ina bhfuil na dálaí táirgeachta nádúrtha comhchosúil agus nuair nach sáraíonn a raon iomlán 10 % d'achar an Bhallstáit lena mbaineann.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh limistéir incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoin mír seo, i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas:

go gcomhlíonann ar a laghad 60 % den limistéar talmhaíochta ar a laghad dhá cheann de na critéir atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus gach ceann acu laistigh de chorrlach nach mó ná 20 % den luach tairsí arna léiriú, nó

go bhfuil ar a laghad 60 % den limistéar talmhaíochta comhdhéanta de limistéir a chomhlíonann ar a laghad ceann amháin de na critéir atá liostaithe in Iarscríbhinn III ag an luach tairsí arna léiriú, agus limistéir a chomhlíonann ar a laghad dhá cheann de na critéir atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus gach ceann acu laistigh de chorrlach nach mó ná 20 % den luach tairsí arna léiriú.

Déanfar a áirithiú go n-gcomhlionfar na coinníollacha sin ar leibhéal LAU2 nó ar leibhéal aonaid áitiúil atá sainithe go soiléir agus a chlúdaíonn limistéar geografach comhtheagmhálach aonair soiléir a bhfuil féiniúlacht riaracháin agus eacnamaíoch insainithe aige. Agus limistéir a bhaineann leis an bhfomhír seo á teorannú, tabharfaidh na Ballstáit faoi chleachtadh mionchoigeartaithe mar a shainmhínítear é in Airteagal 32(3). Na limistéir a mheasfar atá incháilithe de bhun na fomhíre sin, cuirfear san áireamh iad chun an teorainn 10 % dá dtagraítear sa dara fomhír a ríomh.

De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na mBallstát sin a measadh go raibh a críoch iomlán ina limistéar a raibh baic shonracha os a comhair faoi Rialachán(AE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/1999.

5.   Ceanglóidh Ballstáit lena gcláir forbartha tuaithe:

(a)

an teorannú reatha nó leasaithe de bhun mhíreanna 2 agus 4;

(b)

teorannú nua na limistéar dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 33

Leas ainmhithe

1.   Faoin mbeart sin, deonófar íocaíochtaí leasa ainmhithe d'fheirmeoirí a ngabhann de láimh, ar bhonn deonach, oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanais maidir le leas ainmhithe amháin nó níos mó, agus d'fheirmeoirí ar fheirmeoirí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

2.   Ní chumhdóidh íocaíochtaí leasa ainmhithe ach na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha arna mbunú de bhun Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile. Aithneofar na ceanglais ábhartha seo sa chlár.

Tabharfar faoi na gealltanais sin ar feadh tréimhse inathnuaite d'aon bhliain go seacht mbliana.

3.   Deonófar na híocaíochtaí go bliantúil agus tabharfaidh siad cúiteamh do na feirmeoirí as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh ar an ngealltanas a rinneadh, nó as cuid de. Más gá, féadfaidh siad costais na n-idirbheart a chumhdach suas go luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais maidir le leas ainmhithe.

Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

4.   Chun a áirithiú go mbeidh gealltanais faoi leas ainmhithe i gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais sa réimse seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 den maidir le sainiú na réimsí inar ceart, leis na gealltanais sin, caighdeáin uasghrádaithe modhanna táirgthe a chur ar fáil.

Airteagal 34

Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo in aghaidh an heicteáir foraoise, ar shealbhóirí foraoise agus ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha iad agus ar chomhlachtaí eile faoin dlí poiblí agus príobháideach agus ar a gcomhlachais a ghabhann ar láimh, ar bhonn deonach, oibríochtaí arb ionann iad agus gealltanas amháin nó níos mó maidir leis an gcomhshaol foraoise agus maidir leis an aeráid. I gcás foraoisí atá faoi úinéireacht stáit, ní fhéadfar tacaíocht a dheonú ach sa chás go bhfuil an fhoraois sin á bhainistiú ag comhlacht príobháideach nó ag bardas.

I gcás gabháltas foraoise thar thairseach áirithe, a chinnfidh na Ballstáit ina gcláir um fhorbairt tuaithe, tabharfar tacaíocht faoi mhír 1 ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistiú inbhuanaithe foraoisí mar atá sainithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993.

2.   Ní chumhdóidh íocaíochtaí leasa ainmhithe ach na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha arna mbunú leis an acht foraoiseachta náisiúnta nó le reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile. Sainaithneofar na ceanglais uile den sórt sin sa chlár.

Tabharfar faoi na gealltanais ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. Féadfaidh Ballstáit tréimhse níos faide a shocrú ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas nuair is gá agus nuair atá údar cuí leis, áfach.

3.   Tabharfaidh na híocaíochtaí cúiteamh do na tairbhithe as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh ar na gealltanais a rinneadh, nó as cuid díobh. Nuair is gá, féadfaidh siad costais na n-idirbheart a chumhdach suas le luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais comhshaoil foraoise. Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le hoibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil, féadfar tacaíocht a dheonú mar íocaíocht ar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid i gcás gealltanas chun úsáid tráchtála a bhaint as crainn agus foraoisí a thréigean, arna ríomh ar bhonn na gcostas breise a thabhaítear agus an t-ioncam ligthe thar ceal.

4.   Féadfar tacaíocht a sholáthar d'eintitis phoiblí agus phríobháideacha as acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a chur chun cinn le haghaidh oibríochtaí nach gclúdaítear faoi mhíreanna 1, 2 agus 3.

5.   Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní buiséadacha CETFT go héifeachtúil, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis na cineálacha oibríochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi mhír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 35

Comhar

1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo d'fhonn cineálacha comhar a chur chun cinn a bhfuil baint ag dhá eintiteas ar a laghad leo agus go háirithe an méid a leanas:

(a)

cineálacha cur chuige comhair i measc gníomhaithe difriúla san earnáiltalmhaíochta, san earnáil foraoiseachta agus sa bhiashlabhra agus foraoiseachta an Aontais, chomh maith leis sa slabhra bia agus gníomhaithe eile a rannchuidíonn chun cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe;

(b)

braislí agus gréasáin a chruthú;

(c)

grúpaí oibriúcháin de chuid CEN i gcomhair táirgiúlachta agus inbhuanaitheachta talmhaíochta dá dtagraítear dóibh in Airteagal 56 a bhunú agus a oibriú.

2.   Bainfidh an comhar faoi mhír 1, go háirithe, leo seo a leanas:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta;

(c)

comhar i measc oibreoirí beaga maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt agus chun seirbhísí turasóireachta a bhaineann le turasóireacht tuaithe a fhorbairt agus/nó a mhargú;

(d)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;

(e)

gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;

(f)

gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéantar d'fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;

(g)

cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh inathnuaite a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;

(h)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise le húsáid i dtáirgeadh bia agus fuinnimh agus i bpróisis thionsclaíocha;

(i)

straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 2(19) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a théann i ngleic le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin a shainítear i bpointe (b) d'Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(j)

pleananna bainistithe foraoise nó ionstraimí coibhéiseacha a tharraingt suas.

(k)

gníomhaíochtaí feirmeoireachta a éagsúlú ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte, le comhtháthú sóisialta, le talmhaíocht arna tacú ag an bpobal agus le hoideachas faoin gcomhshaol agus faoi bhia.

3.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 ach ar bhraislí agus ar ghréasáin nuabhunaithe agus orthusan faoina mbunaítear gníomhaíocht nua.

Féadfar tacaíocht le haghaidh oibríochtaí faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 2 a dheonú freisin ar ghníomhaithe aonair sa chás ina ndéantar foráil don fhéidearthacht seo sa chlár forbartha tuaithe.

4.   Scaipfear na torthaí ó threoirthionscadail faoi phointe (a) de mhír 2 agus ó oibríochtaí faoi phointe (b) de mhír 2 arna ndéanamh ag gníomhaithe aonair mar a fhoráiltear dóibh i mír 3.

5.   Beidh na costais seo a leanas, atá nasctha leis na cineálacha comhair dá dtagraítear i mír 1, incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin mbeart seo:

(a)

costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó, nó plean bainistithe foraoise nó a choibhéis nó straitéis forbartha áitiúil a chur i dtoll a chéile, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

costais bheochan an limistéir lena mbaineann ionas gur indéanta a bheadh tionscadal críche comhchoiteann nó tionscadal a bheadh le cur i gcrích ag grúpa oibriúchán de chuid CEN do Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 56. I gcás braislí, d'fhéadfadh eagrú oiliúna, líonrú i measc na mball agus baill nua a earcú a bheith i gceist le beochan freisin;

(c)

costais reatha an chomhair;

(d)

costais dhíreacha tionscadal sonrach atá nasctha le cur chun feidhme plean gnó, plean don chomhshaol, plean bainistithe foraoise nó a choibhéis, straitéise forbartha áitiúil seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó costais dhíreacha gníomhartha eile atá dírithe ar nuálaíocht, lena n-áirítear tástáil;

(e)

costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn.

6.   I gcás ina gcuirtear plean gnó, plean don chomhshaol, plean bainistithe foraoise nó a choibhéis nó straitéis forbartha chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit an chabhair a dheonú mar shuim uilíoch a chumhdóidh costais an chomhair agus costais na dtionscadal a chuirtear chun feidhme, é sin nó suim a chumhdóidh costais an chomhair amháin agus úsáidfidh na Ballstáit cistí ó bhearta eile nó ó Chistí eile an Aontais le haghaidh cur chun feidhme na dtionscadal.

I gcás ina n-íoctar tacaíocht mar mhéid iomlán agus gur de chineál a chumhdaítear faoi bheart eile den Rialachán seo é an tionscadal a chuirfear chun feidhme, beidh feidhm ag an uasmhéid ábhartha nó an ráta ábhartha tacaíochta.

7.   Beidh comhar i measc gníomhaithe atá lonnaithe i réigiúin nó i mBallstáit dhifriúla incháilithe le haghaidh tacaíochta freisin.

8.   Beidh an tacaíocht teoranta d'uastréimhse seacht mbliana seachas le haghaidh gníomhartha comhchoitinne comhshaoil i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Féadfar an comhar faoin mbeart seo a chur le chéile le tionscadail a bhfuil tacaíocht acu ó chistí an Aontais seachas ó CETFT sa chríoch céanna. Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais.

10.   Chun a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil as acmhainní buiséadacha CETFT, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le tuilleadh sonraíochta ar shaintréithe na dtreoirthionscadal, na mbraislí, na ngréasán, na slabhraí soláthair gairide agus na margaí áitiúla a bheidh incháilithe chun tacaíocht a fháil, agus maidir leis na coinníollacha chun cabhair a dheonú do na cineálacha oibríochta arna liostú i mír 2 den Airteagal seo chomh maith.

Airteagal 36

Bainistiú riosca

1.   Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:

(a)

ranníocaíochtaí airgeadais le préimheanna le haghaidh árachas barr, ainmhithe agus plandaí i gcoinne caillteanas eacnamaíoch d'fheirmeoirí a tharla de dhroim teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe nó plandaí, foirgeachta le lotnaidí, nó teagmhais comhshaoil;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúitimh airgeadais a íoc le feirmeoirí, as caillteanais eacnamaíocha a tharla de dhroim teagmhas díobhálach aeráide nó de dhroim ráige de ghalair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeachta le lotnaidí nó teagmhais comhshaoil;

(c)

uirlis cobhsaithe ioncaim, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, trína gcuirtear cúiteamh ar fáil d'fheirmeoirí le haghaidh titime géire ar a n-ioncam.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "feirmeoir" feirmeoir gníomhach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

3.   Chun críocha phointe (b) agus phointe (c) de mhír 1, ciallaíonn 'ciste frithpháirteach' scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe le haghaidh caillteanas eacnamaíocha a tharla de dhroim ráige de theagmhais dhíobhálacha aeráide nó ráige de ghalair ainmhithe nó phlandaí, foirgeacht le lotnaidí nó teagmhas comhshaoil, nó caillteanais de dheasca ainmhithe fiáine nó le haghaidh […] titim ghéar a bheith ar a n-ioncam.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais nó scéimeanna árachais phríobháidigh.

5.   Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní buiséadacha CETFT go héifeachtúil, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le híostréimhse agus le huastréimhse na n-iasachtaí tráchtála le cistí frithpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(3) agus Airteagal 39(4).

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Airteagail seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2018.

Airteagal 37

Árachas do bharra, d'ainmhithe agus do phlandaí

1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (a) d'Airteagal 36(1) ach le haghaidh conarthaí árachais lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais díobhálaigh aeráide, nó galair ainmhithe nó galair plandaí, nó foirgeachta le lotnaidí, nó teagmhais comhshaoil nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí, nó ar fhoirgeacht le lotnaidí a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear.

Féadfar an tomhas ar mhéid an chaillteanais a tharla a chur in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as an méid a leanas:

(a)

innéacsanna bitheolaíocha (cainníocht an chaillteanais bithmhaise) nó innéacsanna coibhéiseacha caillteanais táirgeachta a bhunaítear ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó

(b)

innéacsanna aimsire (lena n-áirítear cainníocht na báistí agus an teocht) a bhunaítear ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.

2.   Ní mór d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú de theagmhas díobhálach aeráide nó ráig de ghalair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeacht le lotnaidí nó teagmhais comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit, nuair is iomchuí, critéir a bhunú roimh ré faoin mbunús faoina measfar go bhfuil aitheantas foirmiúil den sórt sin deonaithe.

3.   Maidir le galair ainmhithe, ní fhéadfar cúiteamh airgeadais faoi phointe (a) d'Airteagal 36(1)a dheonú ach i leith na ngalar a luaitear sa liosta de ghalair ainmhithe a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe nó san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE.

4.   Ní thabharfaidh íocaíochtaí árachais cúiteamh as níos mó ná iomlán an chostais a bhaineann leis na caillteanais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1)a ionadú agus ní cheanglófar leo cineál nó méid na táirgeachta amach anseo, agus ní shonróidh siad an cineál ná an méid sin.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le méid na préimhe atá incháilithe le haghaidh tacaíochta trí uasteorainneacha oiriúnacha a chur i bhfeidhm.

5.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 38

Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe agus plandaí, foirgeachta le lotnaidí agus teagmhas comhshaoil

1.   Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, beidh an méid seo a leanas ag an gciste frithpháirteach lena mbaineann:

(a)

creidiúnú ón údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

beartas trédhearcach i leith íocaíochtaí isteach agus aistarraingtí amach as an gciste;

(c)

rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.

2.   Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le íocaíochtaí cúitimh a dheonú agus cáilitheacht feirmeoirí i gcás géarchéime agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil do phionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an fheirmeora sna socruithe cistí.

Ní mór d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú de theagmhas a luaitear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) a aithint go foirmiúil mar tharlú den chineál sin.

3.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(b) ach leo seo a leanas:

(a)

na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar trí bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;

(b)

na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime.

Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) d'Airteagal 36(1)ach lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais dhíobhálaigh aeráide nó galair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeachta le lotnaidí nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí nó ar fhoirgeacht le lotnaidí, nó ar theagmhas comhshaoil, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear.

Ní dhéanfar ranníocaíocht ó chistí poiblí i leith stoic caipitil tosaigh.

4.   Maidir le galair ainmhithe, féadfar cúiteamh airgeadais faoi phointe (b) d'Airteagal 36(1)a dheonú i leith na ngalar a luaitear sa liosta de ghalair ainmhithe a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe nó san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE.

5.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasráta tacaíochta atá leagtha síos in Iarscríbhinn II.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis na costais atá incháilithe le haghaidh tacaíochta trí na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

uasteorainneacha in aghaidh an chiste;

(b)

uasteorainneacha oiriúnacha in aghaidh an aonaid.

Airteagal 39

Uirlis um chobhsaíocht ioncaim

1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (c) d'Airteagal 36(1)ach amháin má tá an titim san ioncam níos mó ná 30 % de mheán-ioncam bliantúil an fheirmeora aonair sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Chun críocha Airteagal 36(1)(c), tagróidh ioncam do shuim na n-ioncam a fhaigheann an feirmeoir ón margadh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí de chineál ar bith, lúide costais ionchuir. Tabharfaidh íocaíochtaí ón gciste frithpháirteach le feirmeoirí cúiteamh as níos lú ná 70 % den ioncam a cailleadh le linn na bliana a bheidh an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil.

2.   Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, beidh an méid seo a leanas ag an gciste frithpháirteach lena mbaineann:

(a)

creidiúnú ón údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

beartas trédhearcach i leith íocaíochtaí isteach agus aistarraingtí amach as an gciste;

(c)

rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.

3.   Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú d'fheirmeoirí i gcás géarchéime agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil do phionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an fheirmeora sna socruithe cistí.

4.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) ach leo seo a leanas:

(a)

na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar trí bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;

(b)

na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime. Ní dhéanfar ranníocaíocht ó chistí poiblí i leith stoic caipitil tosaigh.

5.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 40

Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit a mhaoiniú

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí atá incháilithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Beidh feidhm ag na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin freisin maidir leis an tacaíocht atá le deonú faoin Airteagal seo.

2.   Ní rachaidh méid na tacaíochta arna deonú d'fheirmeoir i ndáil leis na blianta 2014, 2015 agus 2016 thar an difríocht idir:

(a)

leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha is infheidhme sa Chróit don bhliain lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013; agus

(b)

45 % de leibhéal comhfhreagrach na n-íocaíochtaí díreacha arna gcur i bhfeidhm ó 2022 amach.

3.   Ní rachaidh ranníocaíocht an Aontais leis an tacaíocht arna deonú faoin Airteagal seo sa Chróit i ndáil leis na blianta 2014, 2015 agus 2016 thar 20 % de leithdháileadh iomlán bliantúil ábhartha CETFT.

4.   Ní rachaidh ráta ranníocaíochta CETFT i ndáil le comhlánú na n-íocaíochtaí díreacha thar 80 %.

Airteagal 41

Rialacha maidir leis na bearta a chur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na mbeart sa roinn seo a ghlacadh i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta maidir le húdaráis nó comhlachtaí a roghnú a thairgeann seirbhísí comhairleacha feirme agus foraoiseachta, seirbhísí bainistithe feirme nó faoisimh feirme agus céimlaghdú na cabhrach faoin mbeart seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

measúnú an Bhallstáit ar dhul chun cinn an phlean gnó, roghanna íocaíochta chomh maith le módúlachtaí maidir le rochtain ar bhearta eile le haghaidh feirmeoirí óga faoin mbeart forbartha feirme agus gnó dá dtagraítear in Airteagal 19;

(c)

comhshó go haonaid eile seachas na haonaid sin a úsáidtear in Iarscríbhinn II, agus rátaí comhshó na n-ainmhithe ina n-aonaid bheostoic (AB) faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 28, 29, 33 agus 34;

(d)

an fhéidearthacht maidir le toimhdí caighdeánacha na gcostas breise a úsáid chomh maith le hioncam a ligtear thar ceal faoi bhearta Airteagal 28 go 31, 33 agus 34 agus na critéir chun é a ríomh;

(e)

méid na tacaíochta a ríomh nuair atá oibríocht incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi níos mó ná beart amháin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

LEADER

Airteagal 42

Grúpaí áitiúla gníomhaíochta LEADER

1.   Sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 féadfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta cúraimí breise arna dtarmligean chucu ag an Údarás Bainistíochta agus/nó ag an ngníomhaireacht íocaíochta a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta réamhíocaíocht a iarraidh ón ngníomhaireacht inniúil íocaíochta má dhéantar foráil maidir le féidearthacht den sórt sin sa chlár forbartha tuaithe. Ní bheidh méid na réamhíocaíochtaí níos mó ná 50 % den tacaíocht phoiblí a bhaineann leis na costais reatha agus bheochana.

Airteagal 43

Pacáiste tionscnaimh LEADER

Féadfar a áireamh ar fhorbairt áitiúil Leader "pacáiste tionscnaimh LEADER" do phobail áitiúla nár chuir Leader chun feidhme sa chlárthréimhse 2007-2013. Is é a bheidh sa "pacáiste tionscnaimh Leader" tacaíocht d'fhorbairt acmhainní agus do threoirthionscadail bheaga. Ní bheidh tacaíocht faoi phacáiste tionscnaimh LEADER coinníollach ar straitéis forbartha áitiúil Leader a chur isteach.

Airteagal 44

Gníomhaíochtaí comhair LEADER

1.   Déanfar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a dheonú do na gníomhaíochtaí seo

(a)

tionscadail chomhair laistigh de Bhallstát (comhar idir-chríochach), nó tionscadail chomhair idir chríocha i roinnt Ballstát nó le críocha i dtríú tíortha (comhar trasnáisiúnta).

(b)

tacaíocht theicniúil ullmhúcháin le haghaidh tionscadal comhair idir chríocha agus thrasnáisiúnta, ar chuntar gur féidir le grúpaí áitiúla gníomhaíochta a léiriú go bhfuil cur chun feidhme tionscadail nithiúil faoi chaibidil acu.

2.   Cé is moite de ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta eile, féadfaidh siad seo a leanas a bheith ina gcomhpháirtithe i ngrúpa áitiúil gníomhaíochta faoi CETFT:

(a)

grúpa de chomhpháirtithe áitiúla poiblí agus príobháideacha i gcrích tuaithe a bhfuil straitéis áitiúil forbartha á cur chun feidhme aici laistigh den Aontas nó lasmuigh de;

(b)

grúpa de chomhpháirtithe áitiúla poiblí agus príobháideacha i gcrích neamh-tuaithe a bhfuil straitéis áitiúil forbartha á cur chun feidhme aici.

3.   I gcásanna nach roghnaíonn na grúpaí áitiúla gníomhaíochta na tionscadail comhair, bunóidh na Ballstáit córas iarratais leanúnaigh.

Poibleoidh siad na nósanna imeachta náisiúnta nó réigiúnacha riaracháin a bhaineann le roghnú na dtionscadal comhair thrasnáisiúnta chomh maith le liosta de na costais incháilithe dhá bliain ar a dhéanaí tar éis dháta formheasa a gclár forbartha tuaithe.

Formheasfaidh an t-údarás inniúil na tionscadail comhair tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta ar cuireadh isteach an tionscadal iarratais.

4.   Cuirfidh na Ballstáit na tionscadail comhair thrasnáisiúnta fhaofa in iúl don Choimisiún.

CAIBIDIL II

Forálacha comhchoiteanna do roinnt beart

Airteagal 45

Infheistíochtaí

1.   I gcás gur dócha go mbeidh drochthionchar ag oibríocht infheistíochta ar an gcomhshaol, chun a bheith incháilithe d'oibríocht infheistíochta tacaíochta CETFT déanfar measúnú roimh ré ar an tionchar ionchasach ar an gcomhshaol. Déanfar an measúnú tionchair sin i gcomhréir le haon dlí a bhaineann go sonrach leis an gcineál infheistíochta sin.

2.   Beidh caiteachas atá incháilithe do thacaíocht CETFT teoranta dóibh seo a leanas:

(a)

réadmhaoin a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú, nó a fheabhsú;

(b)

innealra agus trealamh nua a cheannach nó a cheannach ar léas suas go luach margaidh na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta a bhaineann le caiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtire, innealtóra agus comhairliúcháin, táillí maidir le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir indéantachta. Beidh staidéir indéantachta mar chaiteachas incháilithe i gcónaí, fiú sa chás, bunaithe ar a dtorthaí, nach ndéanfar aon chaiteachas faoi phointe (a) agus pointe (b);

(d)

na hinfheistíochtaí doláimhsithe a leanas: bogearraí ríomhaireachta a fháil nó a fhorbairt agus paitinní, ceadúnais, cóipchearta, trádmharcanna a fháil;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistithe foraoisí agus a gcoibhéis a bhunú.

3.   I gcás infheistíochtaí talmhaíochta, ní bheidh ceannach ceart táirgthe talmhaíochta, teidlíochtaí íocaíochta, ainmhithe, plandaí bliantúla agus iad a phlandáil incháilithe le haghaidh tacaíochta infheistíochta. Mar sin féin, i gcás athshlánaithe ar chumas féideartha táirgthe talmhaíochta a ndearna tubaistí nádúrtha nó teagmhais thurraingeacha damáiste dóibh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 18(1), d'fhéadfadh caiteachas chun ainmhithe a cheannach a bheith ina chaiteachas incháilithe.

4.   Féadfaidh tairbhithe na tacaíochta a bhaineann le hinfheistíocht iarratas a dhéanamh ar réamhíocaíocht de suas le 50 % den chúnamh poiblí a bhaineann leis an infheistíocht chuig na húdaráis íoctha inniúla má tá an rogha sin san áireamh sa chlár forbartha tuaithe.

5.   Maidir le caipiteal oibre atá coimhdeach agus a bhfuil ceangail aige le hinfheistíocht nua in earnáil na talmhaíochta nó earnáil na foraoiseachta, a fhaigheann tacaíocht ó CETFT trí ionstraim airgeadais arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, d'fhéadfadh sé a bheith ina chaiteachas incháilithe. Ní rachaidh caiteachas incháilithe den sórt sin thar 30 % de mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe don infheistíocht. Beidh bunús cuí leis an iarratas ábhartha.

6.   Chun saintréithe cineálacha áirithe infheistíochtaí a chur san áireamh, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir glacadh le costais eile a bhaineann le conarthaí léasaithe, trealamh athláimhe a mheas mar chaiteachas incháilithe agus a shainíonn na cineálacha bonneagair don fhuinneamh inathnuaite a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta.

Airteagal 46

Infheistíochtai in uisciú

1.   Gan dochar d'Airteagal 45 den Rialachán seo, i gcás uiscithe i limistéir uiscithe atá nua agus a bhí ann cheana féin, ní mheasfar ach infheistíochtaí ina gcomhlíonfar na coinníollacha san Airteagal seo mar chaiteachas incháilithe:

2.   cuirfear fógra chuig an gCoimisiún maidir le plean bainistithe abhantracha, mar a cheanglaítear faoi théarmaí na Treorach Réime maidir le hUisce, don limistéar iomlán ina ndéanfar an infheistíocht, chomh maith leis in an aon limistéir eile a mbeidh tionchar ag an infheistíocht ar a gcomhshaol; na bearta a bheidh feidhm acu faoin bplean bainistithe abhantracha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir Reime maidir le hUisce atá ábhartha d'earnáil na talmhaíochta, beidh siad sonraithe i gclár ábhartha na mbeart.

3.   beidh an méadrú uisce lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéil na hinfheistíochta tacaithe i bhfeidhm nó cuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht.

4.   I gcás inar feabhas í infheistíocht ar shuiteálacha uiscithe atá ann cheana nó ar chuid d'infrastruchtúr uiscithe, ní bheidh sí incháilithe ach amháin má dhéantar measúnú ex-ante uirthi go bhfuil sábháil fhéidearthach ar uisce de idir 5 % agus 25 % ar a laghad i gceist i gcomhréir le paraiméadair theicniúla na suiteála nó an infrastruchtúir atá ann cheana.

Má tá éifeacht ag an infheistíocht ar dhobharlaigh nó ar uisce talún a bhfuil a stádas aitheanta mar stádas nach bhfuil go maith sa phlean bainistithe abhantracha ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce

(a)

go n-áirithítear leis an infheistíocht laghdú éifeachtach in úsáid an uisce ag leibhéal na hinfheistíochta, ag iomlán de 50 % den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht; agus

(b)

i gcás infheistíochta i ngabháltas talmhaíochta aonair, beidh toradh air freisin le laghdú ar úsáid iomlán uisce an ghabháltais ag iomlán de 50 % ar a laghad den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar leibhéal na hinfheistíochta. Cuimseoidh úsáid iomlán an ghabháltais uisce atá á dhíol ag an ngabháltas.

Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na coinníollacha i mír 4 ar infheistíocht i suiteáil atá ann cheana agus a bhfuil éifeacht aici ar éifeachtúlacht fuinnimh nó ar infheistíocht a bhaineann le cumar uisce a chruthú nó ar infheistíocht a bhaineann le huisce athchúrsáilte a úsáid nach mbeidh éifeacht aige ar dhobharlach nó ar uisce talún.

5.   Chun críocha phointe (d) de mhír 1, beidh incháilitheacht le haghaidh tacaíocht ó CETFT coinníollach chomh maith ar na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

níl stádas an dobharlaigh aitheanta mar stádas nach bhfuil go maith sa phlean bainistithe abhantracha ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce; agus

(b)

léirítear le hanailís chomhshaoil nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an infheistíocht ar an gcomhshaol; déanfaidh an t-údarás inniúil anailís den chineál sin ar an tionchar ar an gcomhshaol a chur i gcrích nó formheasfaidh sé í agus féadfar tagairt a dhéanamh inti do ghrúpaí gabháltas freisin.

Maidir le limistéir nach bhfuil uiscithe ach ina raibh suiteáil uiscithe gníomhach le déanaí, a bhunófar agus a dtabharfar bonn cirt dó sa chlár, féadfar iad a mheas mar limistéir uiscithe chun críche an glanmhéadú ar an limistéar uiscithe a chinneadh.

6.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 5,féadfaidh infheistíochtaí a mbíonn glanmhéadú ar an limistéar uiscithe mar thoradh uirthi bheith incháilithe do thacaíocht ó CETFT ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an infheistíocht comhcheangailte le hinfheistíocht ar shuiteáil uiscithe atá ann cheana nó le cuid d'infrastruchtúr uiscithe má dhéantar measúnú ex-ante go bhfuil sábháil fhéidearthach ar uisce de idir 5 % agus 25 % ar a laghad i gceist i gcomhréir le paraiméadair theicniúla na suiteála nó an infrastruchtúir atá ann cheana agus

(b)

go n- áirithítear leis an infheistíocht laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, ar leibhéal na hinfheistíochta ina hiomláine, arb ionann é agus 50 % den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht sa suiteáil uiscithe atá ann cheana nó i gcuid d'infrastruchtúr uiscithe.

Thairis sin, mar mhaolú,ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll i bpointe (a) de mhír 5 maidir le hinfheistíochtaí i mbunú suiteála nua uiscithe a sholáthrófar uisce di ó chumar uisce atá ann cheana féin a d'fhormheas na húdaráis inniúla roimh an 31 Deireadh Fómhair 2013 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

aithnítear an cumar uisce atá i gceist sa phlean bainistithe abhantracha ábhartha agus tá sé faoi réir na gceanglas rialaithe a leagtar amach in Airteagal 11(3)(e) den Treoir Réime maidir le hUisce;

an 31 Deireadh Fómhair 2013 bhí uasteorainn i bhfeidhm ar asbhaintí iomlána ón gcumar uisce nó íosleibhéal sreafa a éilítear ar dhobharlaigh a bhfuil éifeacht ag an gcumar uisce orthu;

beidh an uasteorainn sin nó an t-íosleibhéal sreafa sin a éilítear ag cloí leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Treoir Réime maidir le hUisce; agus

ní bheidh asbhaintí os cionn na huasteorann a bhí i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair 2013 mar thoradh ar an infheistíocht atá i gceist ná ní thiocfaidh laghdú ar an leibhéal sreafa i ndobharlaigh a bhfuil éifeacht orthu faoi bhun an íosleibhéil a éilítear, ar íosleibhéal é a bhí i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair 2013.

Airteagal 47

Rialacha le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hachar

1.   Féadfar líon na heicteár a mbeidh feidhm ag gealltanas de bhun Airteagail 29, 30 agus 35 ina leith a bheith éagsúil ó bhliain go bliain sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht seo sa chlár forbartha tuaithe;

(b)

ní bhaineann an gealltanas atá i gceist le dáileachtaí seasta; agus

(c)

ní bheidh baol ann maidir le cuspóir an ghealltanais a bhaint amach.

2.   I gcás ina ndéantar an talamh ar fad faoin ngealltanas, nó cuid de, nó an sealúchas ar fad a aistriú chuig duine eile i rith tréimhse an ghealltanais sin, féadfaidh an duine eile an gealltanas, nó cuid den ghealltanas a fhreagraíonn don talamh a aistrítear a ghlacadh chuige/chuici féin don chuid eile den tréimhse nó féadfar go rachaidh sé in éag, agus ní éileoidh na Ballstáit aisíocaíocht i ndáil leis an tréimhse ina mbeidh an gealltanas i bhfeidhm.

3.   I gcás nach bhfuil tairbhí in ann leanúint de chloí leis na gealltanais a tugadh toisc go ndéantar an gabháltas nó cuid den ghabháltas a roinnt ina dháileachtaí nua nó go bhfuil sé faoi réir ag bearta comhdhlúthaithe talún poiblí nó bearta comhdhlúthaithe talún atá formheasta ag na húdaráis phoiblí inniúla, glacfaidh na Ballstáit na bearta atá riachtanach ionas gur féidir na gealltanais a chur in oiriúint do chás nua an tsealúchais. Más rud é go bhfuil sé dodhéanta cur in oiriúint den sórt sin a dhéanamh, rachaidh an gealltanas in éag agus ní éileoidh na Ballstáit aisíocaíocht i leith na tréimhse ina mbeidh an gealltanas i bhfeidhm.

4.   Ní gá an chabhair a fuarthas a aisíoc i gcásanna force majeure agus i gcúinsí eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

5.   Beidh feidhm ag mír 2 i ndáil leis an ngabháltas iomlán a aistriú agus beidh feidhm ag mír 4 freisin maidir leis na gealltanais faoi Airteagal 33.

6.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar bearta maidir le limistéar a chur chun feidhme go héifeachtúil agus chun leasa airgeadais an Aontais a urrú, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83lena leagtar síos na coinníollacha is infheidhme i leith chomhshó nó choigeartú na ngealltanas faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 28, 29, 33agus 34 agus, lena sonraítear cásanna eile nach mbeidh aisíocaíocht na cabhrach de dhíth ina leith.

Airteagal 48

Foráil athbhreithnithe

Déanfar foráil do chlásal um athbhreithniú d'oibríochtaí arna ngabháil ar láimh de bhun Airteagail 28, 29, 33 agus 34 chun go bhféadfaí iad a choigeartú orthu i gcás leasuithe ar na caighdeáin, ceanglais nó oibleagáidí sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear sna hAirteagail sin nach mór do na gealltanais a shárú. Cumhdófar sa chlásal coigeartuithe a bhfuil gá leo chun cistiú dúbailte na gcleachtas dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimhir. 1307/2013 a sheachaint i gcás leasaithe ar an na cleachtais sin.

Beidh clásal um athbhreithniú in oibríochtaí arna ngabháil ar láimh de bhun Airteagail 28, 29, 33 agus 34 a shíneann thar an gclárthréimhse reatha chun iad a oiriúnú do chreat dlí na tréimhse cláraithe dar gcionn.

I gcás nach nglacann an tairbhí leis an oiriúnú sin, rachaidh an gealltanas in éag agus ní éileoidh na Ballstáit aisíocaíocht le linn na tréimhse ina mbeidh an gealltanas i bhfeidhm.

Airteagal 49

Oibríochtaí a roghnú

1.   Gan dochar do phointe (d) d'Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, saineoidh Údarás Bainistíochta an chláir forbartha tuaithe na critéir roghnúcháin i gcomhair oibríochtaí tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin. Beidh sé d'aidhm ag na critéir roghnúcháin cóir chomhionann i leith na n-iarratasóirí, úsáid fheabhsaithe acmhainní airgeadais agus spriocdhíriú beart i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirithiú. Cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh i leith mhéid na hoibríochta agus critéir roghnúcháin á sainiú agus á gcur i bhfeidhm.

2.   Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n-oibríochtaí, seachas oibríochtaí faoi Airteagail 28 go 31, 33 go 34 agus 36 go 39, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.

3.   I gcás inarb is iomchuí, féadfar na tairbhithe a roghnú ar bhonn glaonna ar thograí, agus critéir éifeachtúlachta eacnamaíche agus comhshaoil á gcur i bhfeidhm.

Airteagal 50

Sainmhíniú ar limistéar tuaithe

Chun críocha an Rialacháin seo saineoidh an tÚdarás Bainistíochta 'limistéar tuaithe' ar leibhéal an chláir. Féadfaidh na Ballstáit sainiú den chineál sin a bhunú le haghaidh birt nó cineál oibríochta más rud é go bhfuil údar cuí leis.

CAIBIDIL III

Cúnamh teicniúil agus líonrú

Airteagal 51

Cúnamh teicniúil a chistiú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 féadfaidh CETFT suas le 0,25 % dá leithdháileadh bliantúil a úsáid chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhaoiniú, lena n-áirítear na costais chun an gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe a bhunú agus a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 52 agus gréasán CEN dá dtagraítear in Airteagal 53, ar thionscnamh an Choimisiúin agus/nó thar a cheann.

Féadfaidh CETFT maoiniú a dhéanamh freisin ar na gníomhartha dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), i ndáil le siombailí agus táscairí scéime cáilíochta an Aontais.

Cuirfear na gníomhartha sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 58 de Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus i gcomhréir le haon fhorálacha eile den Rialachán sin agus dá fhorálacha cur chun feidhme is infheidhme maidir le forghníomhú an bhuiséid.

2.   Ar thionscnamh na mBallstát féadfar suas le 4 % de mhéid iomlán gach clár forbartha tuaithe a thiomnú do chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013, chomh maith le costais a bhaineann le hobair ullmhúcháin le haghaidh teorannú limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile dá dtagraítear in Airteagal 32 ag bagairt orthu.

Ní bheidh costais a bhaineann leis an gcomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013incháilithe faoin mír seo.

Laistigh den teorainn 4 % sin forchoimeádfar méid áirithe do bhunú agus oibriú an ghréasáin náisiúnta tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54.

3.   I gcás clár forbartha tuaithe lena gcuimsítear réigiúin thearcfhorbartha agus réigiúin eile araon, féadfar an ráta ranníocaíochta CETFT do chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 59(3) a chinneadh agus na cineáil is coitianta réigiún á chur san áireamh sa chlár, de réir uimhreach.

Airteagal 52

Gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe

1.   Cuirfear gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe i bhfeidhm do líonrú líonraí náisiúnta, eagraíochtaí agus ranna riaracháin atá gníomhach i réimse na forbartha tuaithe ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

2.   Beidh sé d'aidhm ag líonrú trí bhíthin an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe:

(a)

rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile a mhéadú, go háirithe geallsealbhóirí talmhaíochta, foraoiseachta agus geallsealbhóirí eile forbartha tuaithe i gcur chun feidhme na forbartha tuaithe;

(b)

caighdeán na gclár forbartha tuaithe a fheabhsú;

(c)

ról a ghlacadh maidir leis an bpobal a chur ar an eolas i leith na sochar a bhaineann le beartas forbartha tuaithe.

(d)

meastóireacht na gclár forbartha tuaithe a thacú.

3.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngréasán:

(a)

faisnéis a bhailiú maidir le gníomhú i réimse na forbartha tuaithe, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus í a scaipeadh;

(b)

tacaíocht a sholáthar maidir le próisis meastóireachta, agus sonraí a bhailiú agus a bhainistiú;

(c)

dea-chleachtais forbartha tuaithe a bhailiú, a chomhtháthú agus a scaipeadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le modheolaíochtaí agus uirlisí meastóireachta;

(d)

grúpaí agus/nó ceardlanna téamacha a bhunú agus a reáchtáil d'fhonn malartú saineolais a éascú agus tacú le cur chun feidhme agus faireachán agus forbairt bhreise a dhéanamh ar bheartas forbartha tuaithe;

(e)

faisnéis a sholáthar maidir le forbairtí i limistéir thuaithe an Aontais agus i dtríú tíortha;

(f)

cruinnithe agus seimineáir a eagrú ar leibhéal an Aontais dóibh siúd atá páirteach go gníomhach san fhorbairt tuaithe;

(g)

tacú le tionscnaimh comhair na ngréasán náisiúnta agus trasnáisiúnta agus leis an gcomhroinnt taithí maidir le gníomhaíochtaí i réimse na forbartha tuaithe le gréasáin i dtriú tíortha;

(h)

i gcás grúpaí áitiúla gníomhaíochta go sonrach:

(i)

sineirgí a chruthú leis na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach nó ag an dá leibhéal ag na gréasáin faoi seach ag féachaint do ghníomhaíochtaí forbartha acmhainní agus do chomhroinnt taithí; agus

(ii)

comhoibriú leis na comhlachtaí líonraithe agus leis na comhlachtaí tacaíochta teicniúla d'fhorbairt áitiúil arna mbunú ag CFRE, CSE, agus an CEMI maidir le gníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus comhar trasnáisiúnta.

4.   Glacfaidh an Coimisiún amach gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach struchtúr agus feidhmiú eagraíochtúil an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

Airteagal 53

Gréasán na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht

1.   Cuirfear gréasán CEN i bhfeidhm chun tacú le CEN maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 55, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Cumasóidh sé líonrú grúpaí oibriúcháin, seirbhísí comhairleacha agus taighdeoirí.

2.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar ghréasán CEN:

(a)

malartú saineolais agus dea-chleachtas a éascú;

(b)

idirphlé idir feirmeoirí agus an comhphobal taighde a bhunú agus cuimsiú na ngeallsealbhóirí uile a éascú sa phróiseas ina malartaítear eolas.

3.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar ghréasán CEN:

(a)

feidhm deisce cabhrach a sholáthar agus faisnéis a sholáthar do phríomhghníomhaithe maidir le CEN;

(b)

bunú grúpaí oibriúcháin a spreagadh agus eolas a chur ar fáil maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil de bharr bheartais an Aontais;

(c)

bunú tionscnamh braisle agus treoirthionscadal nó tionscadal léiriúcháin a éascú a bhféadfaidh baint a bheith acu, inter alia, leis an méidseo a leanas leo:

(i)

táirgiúlacht talmhaíochta, inmharthanacht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht, aschur agus éifeachtúlacht acmhainní atá méadaithe;

(ii)

nuálaíocht chun tacú le geilleagar bithbhunaithe;

(iii)

bitheagsúlacht, seirbhísí éiceachórais, feidhmiúlacht ithreach agus uisce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe;

(iv)

táirgí agus seirbhísí nuálaíocha don slabhra soláthair comhtháite;

(v)

deiseanna nua táirgí agus margaidh a chur ar fáil do tháirgeoirí tosaigh;

(vi)

cáilíocht bia, sábháilteacht bia agus aiste bia fholláin;

(vii)

caillteanais iarbhuainte agus cur amú bia a laghdú.

(d)

Faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh i réimse CEN, lena n-áirítear torthaí taighde agus teicneolaíochtaí nua atá ábhartha maidir leis an nuáil agus malartú eolais agus malartuithe i réimse na nuála le tríú tíortha.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach struchtúr agus feidhmiú eagraíochtúil ghréasán CEN. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

Airteagal 54

Gréasán náisiúnta tuaithe

1.   Bunóidh gach Ballstát gréasán náisiúnta tuaithe, a thabharfaidh le chéile na heagraíochtaí agus na ranna riaracháin atá bainteach leis an bhforbairt tuaithe. Beidh an chomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar chuid den ghréasán náisiúnta tuaithe freisin.

Féadfaidh Ballstáit a bhfuil cláir réigiúnacha acu formheas a lorg do chlár sonrach maidir le bunú agus feidhmiú a ngréasán náisiúnta tuaithe.

2.   Beidh sé d'aidhm ag líonrú sa ghréasán náisiúnta tuaithe an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí i gcur chun feidhme na forbartha tuaithe a mhéadú;

(b)

caighdeán cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe a fheabhsú;

(c)

eolas a chur ar fáil don phobal níos leithne agus do thairbhithe féideartha maidir le beartas forbartha tuaithe agus deiseanna maoiniúcháin;

(d)

nuálaíocht a chothú sa talmhaíocht, i dtáirgeadh bia, i bhforaoiseacht agus i limistéir thuaithe.

3.   Bainfear úsáid as tacaíocht CETFT faoi Airteagal 51(3):

(a)

i gcomhair na struchtúr a theastaíonn chun an gréasán a reáchtáil;

(b)

chun plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme ina gcumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

gníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú samplaí de thionscadail ina gcuimsítear gach tosaíocht de chuid na gclár forbartha tuaithe;

(ii)

gníomhaíochtaí a bhaineann le malartuithe téamacha agus anailíseacha a éascú idir geallsealbhóirí forbartha tuaithe, na torthaí a roinnt agus a scaipeadh;

(iii)

gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna agus líonraithe a chur ar fáil do ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta agus go háirithe cúnamh teicniúil maidir le comhar idir-chríochach agus trasnáisiúnta, comhar a éascú idir ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta agus comhpháirtithe a lorg don bheart dá dtagraítear in Airteagal 35;

(iv)

gníomhaíochta líonraithe do chomhairleoirí agus seirbhísí tacaíochta nualaíochta;

(v)

roinnt agus scaipeadh na dtorthaí a fhaightear tar éis faireacháin agus meastóireachta

(vi)

plean cumarsáide lena n-áirítear poiblíocht agus faisnéis maidir leis an gclár forbartha tuaithe i gcomhaontú leis na hÚdaráis Bainistíochta agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide arna ndíriú ar phobal níos leithne;

(vii)

foráil maidir le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe agus rannchuidiú leo.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach rialacha maidir le bunú agus feidhmiú gréasán náisiúnta tuaithe agus maidir le hábhar na gclár sonrach dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

TEIDEAL IV

CEN DO THÁIRGIÚLACHT AGUS INBHUANAITHEACHT TALMHAÍOCHTA

Airteagal 55

Aidhmeanna

1.   Déanfaidh CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta an méid seo a leanas:

(a)

earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní, inmharthana ó thaobh eacnamaíochta, táirgiúil, iomaíoch, a bhfuil astaíochtaí ísle i gceist léi, atá neamhdhíobhálach don aeráid agus athléimneach ina taobh, lena bhfeictear i dtreo córas táirgthe agrai-eiceolaíocha agus a oibríonn i gcomhar leis na hacmhainní nádúrtha fíor-riachtanacha ar a bhfuil an fheirmeoireacht agus an fhoraoiseacht ag brath;

(b)

cabhrú le soláthar seasta, inbhuanaithe bia, beatha agus bithábhar a sheachadadh, lena n-áirítear cinn atá ann cheana féin agus cinn nua;

(c)

próisis a fheabhsú chun an comhshaol a chaomhnú, dul in oiriúint don athrú aeráide agus an t-athrú aeráide a mhaolú;

(d)

nasc a chruthú idir an teicneolaíocht agus eolas ó thaighde cheannródaíoch agus feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí, comhphobail tuaithe, gnóthais, ENRanna agus seirbhísí comhairleacha.

2.   Déanfaidh CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta iarracht a aidhmeanna a bhaint amach mar seo a leanas:

(a)

breisluach a chruthú trí nasc níos láidre a chruthú idir taighde agus cleachtas feirmeoireachta agus úsáid níos leithne na mbeart nuálaíochta atá ar fáil a spreagadh;

(b)

trasuíomh níos tapúla agus níos forleithne de réitigh nuálacha a chur chun cinn; agus

(c)

pobal na heolaíochta a chur ar an eolas maidir leis na riachtanais taighde a bhaineann le cleachtas feirmeoireachta.

3.   Rannchuideoidh CETFT le haidhmeanna CEN i leith táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta trí thacaíocht a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 335, do ghrúpaí oibriúcháin CEN dá dtagraítear in Airteagal 56 agus do ghréasán CEN dá dtagraítear in Airteagal 53.

Airteagal 56

Grúpaí oibriúcháin

1.   Beidh grúpaí oibriúcháin CEN mar chuid de CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta. Is iad gníomhaithe leasmhara amhail feirmeoirí, taighdeoirí, comhairleoirí agus gnóthais atá bainteach leis an earnáil talmhaíochta agus bia a bhunóidh na grúpaí sin, atá ábhartha chun cuspóirí CEN a bhaint amach.

2.   Bunóidh grúpaí oibriúcháin CEN nósanna imeachta inmheánacha lena n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú agus a gcinnteoireacht trédhearcach agus lena seachnófar cásanna coinbhleachta leasa.

3.   Cinnfidh na Ballstáit faoi chuimsiú a gclár a mhéid a thacóidh siad leis na grúpaí oibriúcháin.

Airteagal 57

Cúraimí grúpaí oibriúcháin

1.   Déanfaidh grúpaí oibriúcháin CEN plean a tharraingt suas ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

cur síos ar an tionscadal nuálach atá le forbairt, le tástáil, le hoiriúnú nó le cur chun feidhme;

(b)

cur síos ar na torthaí a bhfuil súil leo agus ar an méid a chuirfidh siad le cuspóir CEN chun táirgiúlacht agus bainistiú acmhainní inbhuanaithe a fheabhsú.

2.   Le linn dóibh a dtionscadail nuálacha a chur chun feidhme, déanfaidh grúpaí oibriúcháin an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh siad cinntí maidir le leagan amach agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí nuálacha; agus

(b)

cuirfidh siad gníomhaíochtaí nuálacha chun feidhme trí bhearta arna maoiniú trí na cláir forbartha tuaithe.

3.   Scaipfidh grúpaí oibriúcháin torthaí a dtionscadail, go háirithe trí ghréasán CEN.

TEIDEAL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 58

Acmhainní agus a ndáileadh

1.   Gan dochar do mhíreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo, is é EUR 84 936 milliún a bheidh mar mhéid iomlán de thacaíocht ón Aontas d'fhorbairt tuaithe faoin Rialachán seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, i bpraghsanna 2011, i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais do na blianta 2014 go dtí 2020.

2.   Úsáidfear 0,25 % de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 chun críocha cuspóirí cúnaimh theicniúil don Choimisiún dá dtagraítear in Airteagal 51(1).

3.   Ar mhaithe lena gclársceidealú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, beidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 innéacsaithe ag 2 % in aghaidh na bliana.

4.   Leagtar amach in Iarscríbhinn I an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 2 a dhéaduchtú.

5.   Déanfar cistí a aistríonn Ballstát faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimhir 1306//2013 a bhaint ó na méideanna a leithdháileadh don Bhallstát sin i gcomhréir le mír 4.

6.   Déanfar na cistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimhir 1307/2013 agus na cistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcomhréir le hAirteagal 10b agus Airteagal 136 de Rialachán (CE) Uimhir 73/2009 (27) ón gComhairle maidir leis an mbliain féilire 2013 a áireamh sa mhiondealú bliantúil dá dtagraítear i mír 4.

7.   Chun na forbairtí a bhaineann leis an miondealú bliantúil dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh, lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear i mír 4a agus i mír 5; chun coigeartuithe teicniúla a dhéanamh agus gan na leithdháiltí ginearálta a athrú; nó chun aon athrú eile dá bhforáiltear i ngníomh reachtach a chur san áireamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 83, chun na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1a athbhreithniú.

8.   Chun críocha leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfar ioncam sannta atá ar fáil arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 do CETFT atá ar fáil a chur leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1303/2013. Leithdháilfear an t-ioncam sannta atá ar fáil ar na Ballstáit i gcionmhaireacht lena sciar den mhéid iomlán tacaíochta ó CETFT.

Airteagal 59

Ranníocaíocht don chiste

1.   Is leis an gCinneadh lena fhormheastar clár forbartha tuaithe a shocrófar an ranníocaíocht uasta ó CETFT le haghaidh an chláir. Sainaithneofar go follasach leis an gCinneadh, más gá, na leithreasaí arna leithdháileadh ar na réigiúin thearcfhorbartha.

2.   Ríomhfar ranníocaíocht ó CETFT ar bhonn shuim an chaiteachais phoiblí incháilithe.

3.   Bunófar leis na cláir forbartha tuaithe ráta ranníocaíochta amháin ó CETFT is infheidhme maidir le gach beart. I gcás inarb infheidhme, bunófar ranníocaíocht ar leith ó CETFT do na réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93, chomh maith leis do réigiúin trasdula. Is é an t-uasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná:

(a)

85 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin thearcfhorbartha, na réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93;

(b)

75 % den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin a bhfuil OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 atá níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27;

(c)

63 % den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin trasdula seachas iad sin a ndéantar tagairt dóibh i bpointe (c) den mhír seo;

(d)

53 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin eile.

Is é an t-íosráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná 20 %.

4.   De mhaolú ar mhír 3, is é an t-uasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná:

(a)

80 % i gcomhair na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 14, 27 agus 35, don fhorbairt áitiúil LEADER dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus i gcomhair oibríochtaí faoi phointe (a)(i) d'Airteagal 19(1). Féadfar an ráta sin a mhéadú go dtí 90 % ar a mhéad do na cláir sna réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 agus do na réigiúin trasdula dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 3;

(b)

75 % do na hoibríochtaí a chuireann leis na spriocanna comhshaoil agus leis na spriocanna maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus maidir le hoiriúnú dó faoi Airteagail 17,faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) d'Airteagal 21(1),faoi Airteagal 28 agus 29,30, 31 agus 34.

(c)

100 % d'ionstraimí airgeadais ar leibhéal AE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) de Rialachán 1303/2013;

(d)

an ráta ranníocaíochtaí is infheidhme maidir leis an mbeart lena mbaineann arna méadú le 10 % bpointe céatadáin de bhreis le haghaidh ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1(de Rialachán 1303/2013.

(e)

100 % i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 7(2) agus Airteagal 14 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(f)

100 % do mhéid EUR 500 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an bPortaingéil agus do mhéid EUR 7 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an gCipir, ar choinníoll go bhfuil na Ballstáit sin ag fáil cúnaimh airgeadais i gcomhréir le hAirteagail 136 agus 143 CFAE an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh, go dtí 2016 nuair a dhéanfar cur i bhfeidhm na forála sin a athmheasúnú.

(g)

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil cúnamh airgeadais á fháil acu an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE, féadfar ráta ranníocaíochta CETFT de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimhir 1303/2013 a mhéadú le 10 bpointe céatadáin de bhreis ar a mhéid suas go huasteorann de 95 %, i ndáil le caiteachas le híoc ag na Ballstáit sin sna chéad dhá bhliain de chur i bhfeidhm an chláir forbartha tuaithe. Urramófar áfach ráta ranníocaíochta CETFT a bheadh feidhm leis gan an maolú seo i ndáil leis an gcaiteachas poiblí iomlán a dhéanfar i rith na clárthréimhse.

5.   Beidh ar a laghad 5 %, agus 2.5 % i gcás na Cróite, den ranníocaíocht iomlán ó CETFT chuig an gclár forbartha tuaithe forchoimeádta do LEADER.

6.   Forchoimeádfar ar a laghad 30 % den ranníocaíocht iomlán ó CETFT chuig an gclár forbartha tuaithe le haghaidh bearta faoi Airteagal 17 d'infheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, faoi Airteagail 21, 28, 29, 30 seachas íocaíochtaí a bhaineann leis an Treoir Réime [Creattreoir?] maidir le hUisce, faoi Airteagail 31, 32 agus 34.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna réigiúin is forimeallaí ná i gcríocha thar lear na mBallstát.

7.   I gcás ina chuireann Ballstát isteach clár náisiúnta agus tacar de chláir réigiúnacha, ní bheidh feidhm ag mír 5 agus mír 6 maidir leis an gclár náisiúnta. Cuirfear an ranníocaíocht ó CETFT chuig an gclár náisiúnta san áireamh chun an céatadán dá dtagraítear i mír 5 agus I mír 6 le haghaidh gach cláir réigiúnaigh a ríomh, i gcomhréir le cion an chláir réigiúnaigh sin den leithdháileadh náisiúnta.

8.   Ní bheidh caiteachas atá cómhaoinithe ag CETFT cómhaoinithe trí ranníocaíocht ó na Cistí Struchtúracha, an Ciste Comhtháthaithe nó aon ionstraim airgeadais eile de chuid an Aontais.

9.   Comhlíonfaidh caiteachas poiblí ar chabhair d'fhiontair na teorainneacha cabhrach atá leagtha síos i leith státchabhrach, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 60

Incháilitheacht an chaiteachais

1.   De mhaolú ar Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist i ngeall ar thubaistí nádúrtha, féadfaidh cláir forbartha tuaithe a fhoráil go bhféadfaidh incháilitheacht an chaiteachais a bhaineann le hathrú ar an gclár a thosú ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha.

2.   Ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT ach amháin i gcás ina dtabhaítear iad i leith oibríochtaí arna gcinneadh ag Údarás Bainistíochta an chláir atá i gceist nó faoina fhreagracht, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49.

Cé is moite de chostais ghinearálta arna sainiú in Airteagal 45(2)(c), maidir le hoibríochtaí infheistíochta faoi bhearta atá faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ní mheasfar a bheith incháilithe ach amháin caiteachas arna thabhú tar éis don iarratas a bheith seolta isteach chuig an údarás inniúil.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil ina gcláir nach mbeidh incháilithe ach amháin caiteachas arna thabhú tar éis don iarratas ar thacaíocht a bheith formheasta ag an údarás inniúil.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 maidir le hAirteagal 51(1) agus (2).

4.   Tacófar le híocaíochtaí ó thairbhithe le sonraisc agus le doiciméid a dheimhníonn an íocaíocht. I gcás nach féidir déanamh amhlaidh, tacófar le híocaíochtaí trí dhoiciméid a bhfuil luach fíorúcháin coibhéiseach acu, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi phointí (b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 1303/2013.

Airteagal 61

Caiteachas incháilithe

1.   I gcás ina bhfuil costais reatha faoi chumhdach tacaíochta faoin Rialachán seo, beidh na cineálacha costais seo a leanas incháilithe:

(a)

costais oibriúcháin;

(b)

costais phearsanra;

(c)

costais oiliúna;

(d)

costais a bhaineann le caidreamh poiblí;

(e)

costais airgeadais;

(f)

costais líonraithe.

2.   Ní bheidh staidéir ina gcaiteachas incháilithe ach amháin i gcás ina bhfuil siad nasctha le hoibríocht ar leith faoin gclár nó le cuspóirí agus spriocanna sonracha an chláir.

3.   Maidir le ranníocaíochtaí chomhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talún agus réadmhaoin nach ndearnadh aon íocaíocht in airgead tirim arna dtacú le sonraisc nó doiciméid de luach fíorúcháin coibhéiseach ina leith, féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 62

Infhíoraitheacht agus inrialaitheacht na mbeart

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn gach beart forbartha tuaithe a bhfuil sé de rún acu iad a chur chun feidhme infhíoraithe agus inrialaithe. Chuige sin soláthróidh Údarás Bainistíochta agus gníomhaireacht íocaíochta gach cláir forbartha tuaithe measúnú ex-ante ar infhíoraitheacht agus inrialaitheacht na mbeart atá le cur san áireamh sa chlár forbartha tuaithe. Gabhfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an ghníomhaireacht íocaíochta ar láimh freisin measúnú ar infhíoraitheacht agus inrialaitheacht na mbeart le linn chur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ex ante agus i measúnú le linn na tréimhse cur chun feidhme na torthaí ó rialuithe sa tréimhse cláraithe roimhe agus sa chlárthréimhse reatha. I gcás ina léirítear sa mheasúnú nach bhfuil ceanglais infhíoraitheachta agus inrialaitheachta comhlíonta, ba cheart go n-oiriúnófaí na bearta lena mbaineann dá réir.

2.   I gcás ina mbíonn cabhair deonaithe ar bhonn costas caighdeánach nó costas breise agus ioncam ligthe thar ceal, áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn na ríomhanna ábhartha leormhaith agus cruinn agus bunaithe roimh ré ar bhonn ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe. Chuige sin, maidir le comhlacht atá ag feidhmiú go neamhspleách ó na húdaráis atá freagrach as an gclár a chur chun feidhme agus a bhfuil an saineolas iomchuí aige, déanfaidh siad na ríomhanna nó deimhneoidh siad leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna. Áireofar ráiteas lena ndeimhnítear leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna sa chlár forbartha tuaithe.

Airteagal 63

Airleacain

1.   Beidh íocaíocht airleacan faoi réir bunú ráthaíochta bainc nó ráthaíochta coibhéisí arb ionann agus 100 % de mhéid an airleacain é. Maidir le tairbhithe poiblí, íocfar airleacain le bardais, le húdaráis réigiúnacha agus le comhlachais díobh, mar aon le comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí.

Measfar gurb ionann áis a sholáthraítear mar ráthaíocht ag údarás poiblí agus an ráthaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar chuntar go ngabhann an t-údarás ar láimh an méid atá clúdaithe ag an ráthaíocht sin a íoc sa chás nach mbunaítear teidlíocht don airleacan arna íoc roimh ré.

2.   D'fhéadfaí an ráthaíocht a scaoileadh nuair a dhearbhaíonn an ghníomhaireacht inniúil íocaíochta go bhfuil méid iomlán an chaiteachais iarbhír atá comhionann leis an rannchuidiú poiblí a bhaineann leis an oibríocht os cionn mhéid an airleacain.

TEIDEAL VI

BAINISTIÚ, RIALÚ AGUS POIBLÍOCHT

Airteagal 64

Freagrachtaí an Choimisiúin

Chun bainistiú fónta airgeadais de réir Airteagal 317 CFAE a áirithiú, i gcomhthéacs bainistithe roinnte, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta agus na rialuithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 65

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Glacfaidh na Ballstáit na forálacha reachtacha, reachtúla agus riaracháin uile i gcomhréir le hAirteagal 58(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun a áirithiú go mbíonn leasanna airgeadais an Aontais arna gcosaint go héifeachtach.

2.   Saineoidh na Ballstáit, le haghaidh gach cláir forbartha tuaithe, na húdaráis seo a leanas:

(a)

an tÚdarás Bainistíochta, a d'fhéadfadh a bheith ina chomhlacht poiblí nó príobháideach ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó an Ballstát féin i gcás ina dtugann sé faoin gcúram sin, le bheith i gceannas ar bhainistiú an chláir lena mbaineann;

(b)

an ghníomhaireacht chreidiúnaithe íocaíochta de réir bhrí Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

(c)

an comhlacht deimhniúcháin de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca le gach clár forbartha tuaithe, gur bunaíodh an córas cuí bainistithe agus rialaithe ar bhealach a dhéanann leithdháileadh soiléir agus deighilt shoiléir feidhmeanna idir an tÚdarás Bainistíochta agus comhlachtaí eile a áirithiú. Beidh na Ballstáit freagrach as a áirithiú go mbeidh feidhm éifeachtach leis na córais le linn thréimhse an chláir.

4.   Saineoidh na Ballstáit go soiléir cúraimí an Údaráis Bhainistíochta, na Gníomhaireachta Íocaíochta agus na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta faoi Leader maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar incháilitheachta agus roghnúcháin agus nós imeachta roghnúcháin an tionscadail.

Airteagal 66

an tÚdarás Bainistíochta

1.   Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach as bainistiú agus as cur chun feidhme an chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus ceart agus go háirithe as an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann le faisnéis staidrimh ar an gclár agus a chur chun feidhme a thaifeadadh, a choinneáil, a bhainistiú agus a thuairisciú, faisnéis atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht agus, go háirithe, faisnéis atá riachtanach le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí sainithe;

(b)

sonraí ábhartha táscaire a sholáthar don Choimisiún, faoin 31 Eanáir agus an 31 Deireadh Fómhair gach bliain den Chlár, maidir leis na hoibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh cistithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le táirgeacht agus maidir le táscairí airgeadais;

(c)

a áirithiú, i gcás tairbhithe agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme oibríochtaí:

(i)

go gcoinnítear ar an eolas iad faoina gcuid oibleagáidí a d'eascair ón gcabhair a tugadh, agus go gcoinníonn siad córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta iomchuí le haghaidh gach idirbheart a bhaineann leis an oibríocht;

(ii)

go bhfuil siad ar an eolas faoi na ceanglais maidir le soláthar sonraí don Údarás Bainistíochta agus taifeadadh aschur agus torthaí;

(d)

a áirithiú go bhfuil an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcomhréir leis an gcóras meastóireachta agus faireacháin agus go nglactar léi agus go gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin í;

(e)

a áirithiú go bhfuil an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 curtha ar bun, go ndéantar an mheastóireacht cláir ex post dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos sa Rialachán sin, a áirithiú go bhfuil an mheastóireachta sin i gcomhréir leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta agus go gcuirtear iad faoi bhráid an Choiste Faireacháin agus an Choimisiúin;

(f)

faisnéis agus doiciméid atá ag teastáil le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir i bhfianaise a shainchuspóirí agus a thosaíochtaí, a sholáthar don Choiste Faireacháin;

(g)

an tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur le chéile, lena n-áirítear táblaí faireacháin comhiomlána, agus, i ndiaidh formheasa ón gCoiste Faireacháin, í a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(h)

áirithiú go bhfaigheann an ghníomhaireacht íocaíochta an fhaisnéis iomchuí uile, go háirithe ar na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm agus ar rialuithe ar bith a thugtar fúthu maidir le hoibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh cistithe, sula gceadaítear íocaíochtaí;

(i)

poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir, lena n-áirítear trí bhíthin an ghréasáin náisiúnta tuaithe, trí thairbhithe a d'fhéadfadh a bheith ann, eagraíochtaí gairmiúla, comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, agus na heagraíochtaí neamhrialtais lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint de réir an chláir agus na rialacha atá ann le rochtain a fháil ar chistiú cláir mar aon le tairbhithe na ranníocaíochta ón Aontas agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin ról atá ag an Aontas sa chlár.

2.   Féadtar go n-ainmneoidh an Ballstát nó an tÚdarás Bainistíochta comhlacht inmheánach amháin nó níos mó lena n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtais, le tabhairt faoi bhainistiú agus faoi chur chun feidhme oibríochtaí forbartha réigiúnaí.

Nuair a tharmligtear cuid dá chúraimí chuig comhlacht eile, coinneoidh an tÚdarás Bainistíochta freagracht iomlán as éifeachtúlacht agus ceartaiseacht bhainistiú agus chur chun feidhme na gcúraimí sin. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go bhfuil forálacha iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh sé ar chumas an chomhlachta eile gach sonraí agus faisnéis is gá a fháil leis na cúraimí seo a chur i gcrích.

3.   I gcás ina n-áirítear fo-chlár téamach, dá dtagraítear in Airteagal 8, sa chlár forbartha réigiúnaí, féadfaidh an tÚdarás Bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear údaráis áitiúla, grúpaí áitiúla gníomhaíochta nó eagraíochtaí neamhrialtais, a ainmniú le tabhairt faoi bhainistíocht agus faoi chur chun feidhme na straitéise sin. Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo.

Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbíonn oibríochtaí agus aschur an fho-chláir théamaigh seo sainaitheanta ar leithligh ar mhaithe leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 67.

4.   Faoi réir ról na ngníomhaireachtaí íocaíochta agus na gcomhlachtaí eile mar a leagtar amach in Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i gcás ina bhfuil níos mó ná clár amháin ag Ballstát, féadfar comhlacht comhordúcháin a ainmniú chun go n-áiritheofar go mbeidh comhsheasmhacht ann sa bhainistiú ar chistí agus chun nasc a chur ar fáil idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta bainistíochta.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos chun go gcuirfear i bhfeidhm na ceanglais faisnéise agus poiblíochta dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1.

TEIDEAL VII

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Roinn 1

Bunú agus Cuspóirí córais faireacháin agus meastóireachta

Airteagal 67

Córas faireacháin agus meastóireachta

I gcomhréir leis an Teideal seo, dréachtófar comhchóras faireacháin agus meastóireachta trí chomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus glacfaidh an Coimisiún an comhchóras sin trí bhíthinn gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

Airteagal 68

Cuspóirí

Beidh sé d'aidhm ag an gcóras faireacháin agus meastóireachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dul chun cinn agus baint amach beartais forbartha tuaithe a léiriú agus tionchar, éifeacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht idirghabhálacha ar bheartas forbartha tuaithe a mheasúnú;

(b)

rannchuidiú le tacaíocht níos spriocdhírithe le haghaidh forbartha tuaithe;

(c)

comhphróiseas foghlama a chothú i dtaca le faireachán agus meastóireacht.

Roinn 2

Forálacha teicniúla

Airteagal 69

Comhtháscairí

1.   Beidh liosta de chomhtháscairí a bhaineann leis an stad tosaigh chomh maith le cur i gcrích airgeadais, aschur, torthaí agus tionchar an chláir agus a bheidh infheidhme maidir le gach clár sainithe sa chóras faireacháin agus meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 67 ionas gur féidir sonraí a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais.

2.   Beidh na comhtháscairí bunaithe ar shonraí atá ar fáil agus nasctha le struchtúr agus le cuspóirí chreat beartais na forbartha tuaithe agus ceadófar leo measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn, ar éifeachtúlacht agus ar éifeacht chur chun feidhme beartais de réir cuspóirí agus spriocanna ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an chláir. Beidh na comhtháscairí tionchair bunaithe ar shonraí atá ar fáil.

3.   Déanfaidh an meastóir tionchar an chláir a mheas arna thomhas leis na táscairí tionchair. Ar bhonn fianaise sna meastóireachtaí ar CBT, lena n-áirítear meastóireachtaí maidir le cláir Forbartha Tuaithe, déanfaidh an Coimisiún agus cabhair á fáil aige ó na Ballstáit comhthionchar ionstraimí uile CBT a mheasúnú.

Airteagal 70

Córas Leictreonach Faisnéise

Déanfar taifead leictreonach ar phríomhfhaisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir, maidir le gach oibríocht arna roghnú le haghaidh cistithe, chomh maith le faisnéis maidir le hoibríochtaí lánchríochnaithe, faisnéis atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht, lena n-áirítear príomh-fhaisnéis maidir le gach tairbhí agus tionscadal, agus coinneofar an fhaisnéis sin go leictreonach.

Airteagal 71

Faisnéis a chur ar fáil

Glacfaidh tairbhithe a fuair tacaíocht ó bhearta forbartha tuaithe agus ó ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta mar chúram orthu féin an fhaisnéis is gá a sholáthar don Údarás Bainistíochta agus/nó do mheastóirí ceaptha nó do chomhlachtaí eile atá tarmligthe chun feidhmeanna a chomhlíonadh ar a shon ionas go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár, go háirithe maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí sainithe a chomhlíonadh.

CAIBIDIL II

Faireachán

Airteagal 72

Nósanna imeachta faireacháin

1.   Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an Coiste Faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faireachán ar chaighdeán chur chun feidhme an chláir.

2.   Tabharfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an Coiste Faireacháin faoi fhaireachán ar gach clár forbartha tuaithe trí bhíthin táscairí airgeadais, aschuir agus spriocanna.

Airteagal 73

Coiste Faireacháin

Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil cláir réigiúnacha acu Coiste Faireacháin náisiúnta a bhunú le cur chun feidhme na gclár seo a chomhordú i dtaca leis an gCreat Náisiúnta agus roghnú sócmhainní airgeadais.

Airteagal 74

Freagrachtaí an Choiste Faireacháin

Deimhneoidh an Coiste Faireacháin dó féin maidir le feidhmíocht an chláir forbartha tuaithe agus éifeachtacht a chur chun feidhme. Chun na críche sin, i dteannta na bhfeidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013:

(a)

rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin agus eiseofar tuairim, laistigh de cheithre mhí ón gcinneadh lena ndéantar an clár a fhormheas, ar na critéir roghnúcháin le haghaidh oibríochtaí maoinithe a ndéanfar a athbhreithniú de réir na riachtanas clársceidealaithe;

(b)

déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú ar na gníomhaíochtaí agus ar an aschur a bhaineann leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme phlean meastóireachta an chláir;

(c)

déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú go háirithe ar ghníomhaíochtaí atá sa chlár a bhaineann le coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh, atá faoi raon feidhme fhreagrachtaí an Údaráis Bhainistíochta, agus a bheith ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le coinníollachtaí eile ex ante a chomhlíonadh;

(d)

glacfaidh an Coiste Faireacháin páirt sa ghréasán náisiúnta tuaithe le faisnéis a mhalartú ar chur chun feidhme an chláir;

(e)

breithneoidh an Coiste Faireacháin na tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme agus déanfaidh sé iad a fhormheas sula gcuirtear chuig an gCoimisiún iad.

Airteagal 75

Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme

1.   Faoin 30 Meitheamh 2016 agus faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2024 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í ar chur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe sa bhliain féilire roimhe sin. Cumhdóidh an tuarascáil a chuirfear isteach in 2016 na blianta féilire 2014 agus 2015.

2.   I dteannta cheanglais Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlíonadh, áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faisnéis inter alia maidir le gealltanais airgeadais agus caiteachas de réir birt, agus achoimre ar na gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh i ndáil leis an bplean measúnachta.

3.   I dteannta cheanglais Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlíonadh, cumhdófar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017 cur síos ar chur chun feidhme aon fhochláir a áirítear sa chlár freisin.

4.   I dteannta cheanglais Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlíonadh, cumhdófar freisin sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2019 cur síos ar chur chun feidhme aon fhochláir a áirítear sa chlár, measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh i leith cur chuige comhtháite a áirithiú maidir le húsáid CETFT agus ionstraimí airgeadais eile de chuid AE chun tacú le forbairt chríochach limistéar tuaithe, lena n-áirítear trí straitéisí áitiúla forbartha.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le cur i láthair na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

CAIBIDIL III

Meastóireacht

Airteagal 76

Forálacha ginearálta

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena sonraítear na heilimintí atá le háireamh sa mheastóireacht ex ante agus sa mheastóireacht ex post dá dtagraítear in Airteagal 55 agus in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus féadfaidh sé na híoscheanglais maidir leis an bplean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a bhunú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na meastóireachtaí I gcomhreir leis an gcur chuige coitianta meastóireachta a comhaontaíodh i gcomhréir le hAirteagal 67, eagróidh siad táirgeadh agus bailiú na sonraí riachtanacha, agus déanfaidh siad na píosaí áirithe faisnéise a sholáthraítear leis an gcóras faireacháin a sholáthar do na meastóirí.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha meastóireachta ar fáil ar an Idirlíon agus déanfaidh an Coimisiún amhlaidh ar a shuíomh Gréasáin.

Airteagal 77

Meastóireacht ex ante

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an meastóir ex ante ar an eolas go luath maidir le próiseas forbartha an chláir forbartha tuaithe, lena n-áirítear forbairt na hanailíse dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b), dearadh loighic idirghabhála an chláir agus bunú spriocanna an chláir.

Airteagal 78

Meastóireacht ex-post

Sa bhliain 2024 ullmhóidh na Ballstáit tuarascáil mheastóireachta ex post le haghaidh gach ceann dá gcláir forbartha tuaithe. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2024.

Airteagal 79

Sintéisí meastóireachtaí

Is faoi fhreagracht an Choimisiúin a ghabhfar ar láimh sintéisí na dtuarascálacha measatóireachta ex ante agus ex post ar leibhéal an Aontais.

Beidh sintéisí na dtuarascálacha meastóireachta críochnaithe ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig den bhliain i ndiaidh thíolacadh na meastóireachtaí ábhartha.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA IOMAÍOCHTA

Airteagal 80

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais

I gcás ina ndeonaítear tacaíocht faoin Rialachán seo d'fhoirmeacha comhair idir ghnólachtaí, ní fhéadfar í a dheonadh ach do na foirmeacha comhair lena chomhlíontar na rialacha iomaíochta de réir mar a bheidh feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 81

Státchabhair

1.   Seachas mar a bhforáiltear dá mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE maidir le tacaíocht a thabhairt don fhorbairt tuaithe ag na Ballstáit.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir leis, ná maidir leis an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 82, faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

Airteagal 82

Maoiniú náisiúnta breise

I gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe maoiniú breise a sholáthar le haghaidh forbartha tuaithe a bhfuil tacaíocht ón Aontas formheasta ina leith tráth ar bith le linn na clárthréimhse, cuirfidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin san áireamh sa chlár forbartha tuaithe de réir mar a fhoráiltear i mír (j) d'Airteagal 8(k) agus, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir faoin Rialachán sin, formheasfaidh an Coimisiún iad.

TEIDEAL IX

CUMHACHTAÍ AN CHOIMISIÚIN, FORÁLACHA COITEANNA AGUS FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Cumhachtaí an Choimisiúin

Airteagal 83

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(5), Airteagal 45(6) and Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 a ghlacadh.

2.   Is go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus (11) Airteagal 29(6) Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5) Airteagal 35(10), Airteagal 36(5), Airteagal 45(6), Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6),Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 a ghlacadh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle í a chúlghairm am ar bith. I gcás go ndéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ó dháta ina dhiaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra comhuaineach ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6),Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 i bhfeidhm ach amháin murar chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 84

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an 'Coiste Forbartha Tuaithe' cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL II

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 85

Malartú faisnéise agus doiciméad

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, córas faisnéise a bhunú chun go bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit sonraí comhleasa a mhalartú ar bhealach slán. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le hoibriú an chórais sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.

2   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann inar féidir an príomhfhaisnéis agus na tuarascálacha fhaireachán agus ar mheastóireacht a thaifeadadh, a choinneáil agus a bhainistiú.

Airteagal 86

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.   Baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta ar mhaithe lena n-oibleagáidí bainistithe, rialaithe, faireacháin agus meastóireachta faoi seach agus a n-oibleagáidí faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh faoin Rialachán seo agus, go háirithe, na hoibleagáidí atá leagtha síos i dTeideal VI agus i dTeideal VII, agus ní dhéanfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach nach luíonn leis an gcuspóir sin.

2.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha faireacháin agus meastóireachta faoi Theideal VII, trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach daingean dá dtagraítear in Airteagal 85, coinneofar anaithnid iad agus ní phróiseálfar iad ach i bhfoirm comhiomlánaithe amháin.

3.   Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha Threoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm lena mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur san áireamh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios do na hábhair shonraí go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as na nithe a leagtar amach sna rialacha maidir le sonraí a chosaint de Threoir 95/46/CE agus de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.

5.   Beidh feidhm ag Airteagail 111 go 114 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 leis an Airteagal seo.

Airteagal 87

Forálacha ginearálta

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo.

CAIBIDIL III

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 88

Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 d'fheidhm a bheith aige maidir le hoibríochtaí atá curtha chun feidhme de bhun clár atá formheasta ag an gCoimisiún faoin Rialachán sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 89

Forálacha idirthréimhseacha

Chun an trasdul a éascú ón gcóras a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 chuig an gcóras arna bhunú ag an Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83, lena leagtar síosna dálaí faoinarbh fhéidir tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 a chomhtháthú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh cúnaimh theicniúil agus na meastóireachtaí ex post. Féadfar leis sna gníomhartha tarmligthe sin foráil freisin do choinnílllacha maidir leis an trasdul ó thacaíocht forbartha tuaithe don Chróit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 chuig tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

Airteagal 90

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. JUKNA


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFC). (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir lar (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo)

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha d'íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoiríar (Féach leathanach 608 den Iris Oifigiúil seo)

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 4.11.2009, lch. 1).

(6)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(7)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le hAirteagal 92 agus Airteagal 93 (anois Airteagal 107 agus Airteagal 108 faoi seach) den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (IO L 142, 14.05.1998, lch. 1).

(10)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), IO L 170, 29.6.2007, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  IO C 35, 9.2.2012 lch. 1

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle. (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo.).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(17)  Cinneadh 2009/470/CE an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta (IO L 155, 18.6.2009, lch. 30).

(18)  Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

(21)  Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíonta cumhraithe agus meanglaim a dhéantar as táirgí fíonta cumhraithe (OJ L 149, 14.6.1991, lch. 1).

(22)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(23)  Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 ón gComhairle an 19 Iúil 1993 lena dtugtar bearta sonracha isteach do na hOileáin Aeigéacha is lú maidir le táirgí áirithe talmhaíochta (IO L 184, 27.7.1993, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (Féach leathanach 671 den Iris Oifigiúil seo.).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochtaí do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE (2014 GO 2020)

(praghsanna reatha in EUR)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN 2014-2020

An Bheilg

78 342 401

78 499 837

78 660 375

78 824 076

78 991 202

79 158 713

79 314 155

551 790 759

An Bhulgáir

335 499 038

335 057 822

334 607 538

334 147 994

333 680 052

333 187 306

332 604 216

2 338 783 966

Poblacht na Seice

314 349 445

312 969 048

311 560 782

310 124 078

308 659 490

307 149 050

305 522 103

2 170 333 996

An Danmhairg

90 287 658

90 168 920

90 047 742

89 924 072

89 798 142

89 665 537

89 508 619

629 400 690

An Ghearmáin

1 178 778 847

1 177 251 936

1 175 693 642

1 174 103 302

1 172 483 899

1 170 778 658

1 168 760 766

8 217 851 050

An Eastóin

103 626 144

103 651 030

103 676 345

103 702 093

103 728 583

103 751 180

103 751 183

725 886 558

Éire

313 148 955

313 059 463

312 967 965

312 874 411

312 779 690

312 669 355

312 485 314

2 189 985 153

An Ghréig

601 051 830

600 533 693

600 004 906

599 465 245

598 915 722

598 337 071

597 652 326

4 195 960 793

An Spáinn

1 187 488 617

1 186 425 595

1 185 344 141

1 184 244 005

1 183 112 678

1 182 137 718

1 182 076 067

8 290 828 821

An Fhrainc

1 404 875 907

1 408 287 165

1 411 769 545

1 415 324 592

1 418 941 328

1 422 813 729

1 427 718 983

9 909 731 249

An Chróit

332 167 500

332 167 500

332 167 500

332 167 500

332 167 500

332 167 500

332 167 500

2 325 172 500

An Iodáil

1 480 213 402

1 483 373 476

1 486 595 990

1 489 882 162

1 493 236 530

1 496 609 799

1 499 799 408

10 429 710 767

An Chipir

18 895 839

18 893 552

18 891 207

18 888 801

18 886 389

18 883 108

18 875 481

132 214 377

An Laitvia

138 327 376

138 361 424

138 396 059

138 431 289

138 467 528

138 498 589

138 499 517

968 981 782

An Liotuáin

230 392 975

230 412 316

230 431 887

230 451 686

230 472 391

230 483 599

230 443 386

1 613 088 240

Lucsamburg

14 226 474

14 272 231

14 318 896

14 366 484

14 415 051

14 464 074

14 511 390

100 574 600

An Ungáir

495 668 727

495 016 871

494 351 618

493 672 684

492 981 342

492 253 356

491 391 895

3 455 336 493

Málta

13 880 143

13 965 035

14 051 619

14 139 927

14 230 023

14 321 504

14 412 647

99 000 898

An Ísiltír

87 118 078

87 003 509

86 886 585

86 767 256

86 645 747

86 517 797

86 366 388

607 305 360

An Ostair

557 806 503

559 329 914

560 883 465

562 467 745

564 084 777

565 713 368

567 266 225

3 937 551 997

An Pholainn

1 569 517 638

1 567 453 560

1 565 347 059

1 563 197 238

1 561 008 130

1 558 702 987

1 555 975 202

10 941 201 814

An Phortaingéil

577 031 070

577 895 019

578 775 888

579 674 001

580 591 241

581 504 133

582 317 022

4 057 788 374

An Rómáin

1 149 848 554

1 148 336 385

1 146 793 135

1 145 218 149

1 143 614 381

1 141 925 604

1 139 927 194

8 015 663 402

An tSlóivéin

118 678 072

119 006 876

119 342 187

119 684 133

120 033 142

120 384 760

120 720 633

837 849 803

An tSlóvaic

271 154 575

270 797 979

270 434 053

270 062 644

269 684 447

269 286 203

268 814 943

1 890 234 844

An Fhionlainn

335 440 884

336 933 734

338 456 263

340 009 057

341 593 485

343 198 337

344 776 578

2 380 408 338

An tSualainn

248 858 535

249 014 757

249 173 940

249 336 135

249 502 108

249 660 989

249 768 786

1 745 315 250

An Ríocht Aontaithe

371 473 873

370 520 030

369 548 156

368 557 938

367 544 511

366 577 113

365 935 870

2 580 157 491

Iomlán AE-28

13 618 149 060

13 618 658 677

13 619 178 488

13 619 708 697

13 620 249 509

13 620 801 137

13 621 363 797

95 338 109 365


Cúnamh teicniúil (0,25 %)

34 130 699

34 131 977

34 133 279

34 134 608

34 135 964

34 137 346

34 138 756

238 942 629

Iomlán

13 652 279 759

13 652 790 654

13 653 311 767

13 653 843 305

13 654 385 473

13 654 938 483

13 655 502 553

95 577 051 994


IARSCRÍBHINN II

MÉIDEANNA AGUS RÁTAÍ TACAÍOCHTA

Airteagal

Ábhar

Uasmhéid in EUR nó ráta

 

15(8)

Seirbhísí comhairleacha, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

1 500

In aghaidh na míre comhairle

200 000

In aghaidh trí bliana i gcomhair oiliúint na gcomhairleoirí

16(2)

Faisnéis agus imeachtaí chur chun cinn

70 %

De chostais incháilithe na gníomhaíochta

16(4)

Scéimeanna cáilíochta nó táirgí talmhaíochta agus earraí bia

3 000

In aghaidh an ghabháltais sa bhliain

17(3)

Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha

 

Earnáil na Talmhaíochta

50 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha agus sna réigiúin uile a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27.

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sa Chróit do chur chun feidhme Threoir 91/676/CEE (1)  (2) ón gComhairle laistigh d'uastréimhse ceithre bliana ó dháta an aontachais de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 5(1) den Treoir sin

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú

40 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú de 20 pointe céatadáin, ar choinníoll nach sáróidh an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte 90 %, le haghaidh:

Feirmeoirí óga mar a shainítear sa Rialachán seo, nó atá tosaithe amach cheana le linn na cúig bliana roimh an iarratas ar thacaíocht;

Infheistíochtaí comhchoiteanna agus tionscadal comhtháite, lena n-áirítear iad sin atá nasctha le cumasc eagraíochtaí táirgeoirí;

Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile ag bagairt orthu, srianta dá dtagraítear in Airteagal 32;

Oibríochtaí a dtugtar tacú dóibh laistigh de chreat CEN;

Infheistíochtaí atá nasctha le hoibríochtaí faoi Airteagal 28 agus Airteagal 29

 

Próiseáil agus margú na dtáirgí dá liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE

50 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha agus sna réigiúin uile a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú

40 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú de 20 pointe céatadáin de bhreis le haghaidh oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh laistigh de chreat CEN nó le haghaidh na n-oibríochtaí sin a bhfuil baint acu le cumasc d'eagraíochtaí tháirgeoirí, ar choinníoll nach sáróidh an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte 90 %

17(4)

Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha

100 %

Infheistíochtaí neamhtháirgiúla agus bonneagar talmhaíochta agus foraoiseachta

18(5)

Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha a athbhunú agus gníomhaíochtaí iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach

80 %

De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí coisctheacha arna ndéanamh ag feirmeoirí aonair.

100 %

De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí coisctheacha arna ndéanamh i dteannta a chéile ag níos mó ná tairbhí amháin.

100 %

De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí chun athchóiriú a dhéanamh ar thalamh talmhaíochta agus ar acmhainneacht táirgeachta a ndearnadh damáiste dóibh de bharr tubaistí nádúrtha agus teagmhas turraingeach.

19(6)

Forbairt feirmeacha agus gnóthaí

70 000

In aghaidh an fheirmeora óig faoi Airteagal 19(1)(a)(i)

70 000

In aghaidh an tairbhí faoi Airteagal 19(1)(a)(ii)

15 000

In aghaidh na feirme bige faoi Airteagal 19(1)(a)(iii)

23(3)

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú

80 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe le córais agrafhoraoiseachta a bhunú

26(4)

Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i bpróiseáil, i slógadh agus i margaíocht táirgí foraoiseachta

65 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí

75 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú

40 %

De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

27(4)

Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú

10 %

Mar chéatadán de tháirgeacht a margaíodh le linn na chéad chúig bliana i ndiaidh aitheantais. Beidh an tacaíocht céimlaghdaitheach.

100 000

Uas-suim in aghaidh na bliana i ngach cás.

28(8)

Agra-comhshaoil

600 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr bliantúil

900 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr speisialaithe ilbhliantúil

450 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh úsáidí eile talún

200 (2)

In aghaidh an aonaid bheostoic ("LU") sa bhliain le haghaidh pórtha áitiúla i mbaol a gcaillte d'fheirmeoirí

29(5)

Feirmeoireacht Orgánach

600 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr bliantúil

900 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr speisialaithe ilbhliantúil

450 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh úsáidí eile talún

30(7)

Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce

500 (2)

Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain sa tréimhse tosaigh nach faide ná cúig bliana

200 (2)

Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain

50 (3)

Íosmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain d'íocaíochtaí na Creat-treorach Uisce

31(3)

Íocaíochtaí le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha ag bagairt orthu

25

Íosmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain ar mheán limistéar an tairbhí atá ag fáil tacaíochta

250 (2)

Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain

450 (2)

Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain i limistéir sléibhe mar a shainítear in Airteagal 32(2)

33(3)

Leas ainmhithe

500

In aghaidh LU

34(3)

Seirbhísí comhshaoil foraoise agus caomhnú foraoise

200 (2)

In aghaidh an heicteáir sa bhliain

37(5)

Árachas barr, ainmhithe agus plandaí

65 %

den phréimh árachais dlite

38(5)

Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe agus plandaí, foirgeachta le lotnaidí agus teagmhas comhshaoil

65 %

de na costais incháilithe.

39(5)

Gléas Cobhsaithe Ioncaim

65 %

de na costais incháilithe


(1)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

(2)  Féadfar na méideanna seo a mhéadú i gcásanna a mbeidh bunús cuí leo agus dálaí sonracha a bheidh le fírinniú sna cláir forbartha tuaithe á gcur san áireamh.

(3)  Féadfar an méid seo a laghdú i gcásanna a mbeidh bunús cuí leo agus dálaí sonracha a bheidh le fírinniú sna cláir forbartha tuaithe á gcur san áireamh.

NB:

Tá leibhéal na cabhrach gan dochar do rialacha an Aontais maidir le státchabhair


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR BHITHFHISICEACHA MAIDIR LE TEORANNÚ ÁITEANNA A BHFUIL SRIANTA NÁDÚRTHA AG BAGAIRT ORTHU

CRITÉAR

SAINMHÍNIÚ

TAIRSEACH

AERÁID

Teocht Íseal (1)

Fad na tréimhse fáis (líon laethanta) arna sainiú ag líon na laethanta le meánteocht laethúil > 5 °C (LGPt5) nó

≤ 180 lá

Suim ama theirmigh (céimeanna-laethanta) le haghaidh na Tréimhse Fáis arna sainiú trí mheánteocht laethúil charnach > 5 °C

≤ 1 500 céim-laethanta

Tirimeacht

Cóimheas na frasaíochta (P) leis an imghalú bliantúil a d'fhéadfadh a bheith ann (PET)

P/PET ≤ 0.5

ITHIR AGUS AERÁID

Ró-thaise ithreach

Líon na laethanta ar thoilleadh réimse nó níos mó ná sin

≥ 230 lá

ITHIR

Draenáil theoranta ithreach (1)

Limistéir leathbháite ar feadh tréimhse suntasaí den bhliain

Fliuch laistigh de 80 cm ón dromchla ar feadh níos mó ná 6 mhí, nó fliuch laistigh de 40 cm ar feadh níos mó ná 11 mhí nó

Ithir le draenáil olc nó fíor-olc nó

Patrún i ndath gléirigh laistigh de 40 cm ón dromchla

Uigeacht agus clochacht neamhfhabhrach (1)

Flúirse choibhneasta cré, síolta, gainimh, ábhair orgánaigh (meáchan %) agus codáin gharbhábhair (toirtmhéadrach %)

≥ Is garbhábhar é 15 % de thoirt bharrithreach, lena n-áirítear lomán carraigeach, bollán nó

Is é gaineamh nó gaineamh gúrabháin í an aicme uigeachta i leath nó níos mó ná leath (go carnach) de 100 cm ón dromchlá, é á shainiú mar:

siolta % + (2 × cré %) ≤ 30 %) nó

Cré throm aicme uigeachta na barrithreach

(≥ 60 % cré) nó

Ithir orgánach (ábhar orgánach ≥ 30 %) de 40 cm ar a laghad nó

Tá 30 % nó níos mó de chré agus airíonna ceartingearacha laistigh de 100 cm ón dromchlá

Doimhneacht Éadomhain Fréamhaithe

Doimhneacht (cm) ón dromchla ithreach go cruacharraig chomhtháiteach nó cruachiseal comhtháiteach

≤ 30 cm

Airíonna Laga Ceimiceacha (1)

Láithreacht salainn, sóidiam inmhalartaithe, aigéadacht iomarcach

Salandacht: ≥ 4 dheici-Shímin in aghaidh an mhéadair (dS/m) sa bharrithreach nó

Tomhas Sóidiam: ≥ 6 Chéatadán Sóidiam inmhalartaithe (ESP) i leath nó níos mó ná leath (go carnach) den 100 cm ón sraith dromchlá ithreach nó

Aigéadacht ithreach: pH ≤ 5 (in uisce) sa bharrithreach

TÍR-RAON

Fána Ghéar

Athrú airde maidir le hachar plánaiméadrach (%)

≥ 15 %


(1)  Ní gá do na Ballstáit comhlíonadh an chritéir seo a sheiceáil ach amháin i gcomparáid leis na tairsighatá ábhartha maidir leis an gcás sonrach a bhaineann le limistéar


IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA TÁSCACH BEART AGUS OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL ÁBHARTHACHT FAOI LEITH AG BAINT LEO MAIDIR LE FOCHLÁIR THÉAMACHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

Feirmeoirí óga:

 

Cabhair nuathionscanta gnó d'fheirmeoirí óga atá ag tosú amach i ngabháltas talún den chéad uair

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

 

Comhar

 

Infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta

Feirmeacha beaga:

 

Cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh feirmeacha beaga a fhorbairt

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

 

Comhar

Infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta

 

Grúpaí táirgeoirí a bhunú

 

LEADER

Limistéir sléibhe:

 

Íocaíochtaí le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha ag bagairt orthu

 

Oibríochtaí aeráide agra-comhshaoil

 

Comhar

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Forbairt feirmeacha agus gnóthaí i limistéir thuaithe

 

Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia

 

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú

 

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

 

Grúpaí táirgeoirí a bhunú

 

LEADER

Slabhraí soláthair gairide:

 

Comhar

 

Grúpaí táirgeoirí a bhunú

 

LEADER

 

Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia

 

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

Mná i gceantair tuaithe:

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Forbairt feirmeacha agus gnóthaí

 

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

 

Comhar

 

LEADER

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus bithéagsúlacht:

 

Gníomhaíochtaí aistrithe eolais & faisnéise

 

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

 

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

 

Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha agus teagmhas turraingeach a athbhunú agus bearta iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach

 

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

 

Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanacht na bhforaoisí

 

Agra-chomhshaoil-aeráide

 

Feirmeoireacht Orgánach

 

Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce

 

Íocaíochtaí le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha ag bagairt orthu (bithéagsúlacht)

 

Seirbhísí comhshaoil agus aeráide foraoise agus caomhnú foraoise

 

Comhar

 

Bainistiú riosca


IARSCRÍBHINN V

COINNÍOLLACHTAÍ EX ANTE LE HAGHAIDH FORBARTHA TUAITHE

1.   COINNÍOLLACHTAÍ ATÁ NASCTHA LE TOSAÍOCHTAÍ

Tosaíocht de chuid AE maidir le forbairt tuaithe (FT)/RFC Cuspóir Téamach (CT)

Coinníollachtaí ex ante

Critéir atá le comhlíonadh

Tosaíocht FT 3: eagrú an tslabhra bia a chur chun cinn, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh, leas ainmhithe agus bainistiú riosca sa talmhaíochta

CT 5: oiriúnú d'athrú aeráide, cosc agus bainistiú riosca a chur chun cinn

3.1.

Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: measúnuithe riosca náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann don bhainistiú tubaiste, agus oiriúnú don athrú aeráide á chur san áireamh

Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

Tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar na sonraí neamh-íogair a úsáidtear chun measúnú riosca a dhéanamh mar aon le cur síos ar na critéir riosca-bhunaithe a bhaineann le tosaíocht a thabhairt d'infheistíocht;

Tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí;

Straitéisí náisiúnta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh, nuair is iomchuí.

Tosaíocht FT 4: na héiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlanú, a chaomhnú agus a fheabhsú

4.1

Tá caighdeáin maidir le Dálaí Maithe Talmhaíochta agus Comhshaoil (DMTC) na talún dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) 1306/2013 bunaithe ar an leibhéal náisiúnta

déantar caighdeáin DMTC a shainiú sa dlí náisiúnta agus a shonrú sna cláir;

CT 5: oiriúnú don athrú aeráide, cosc agus bainistiú riosca a chur chun cinn

4.2

Tá na híoscheanglais maidir le leasacháin agus táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 28 de Chaibidil I de Theideal III den Rialachán seo sainithe ar an leibhéal náisiúnta

déantar na híoscheanglais maidir le leasacháin agus táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal III den Rialachán seo a shainiú sna cláir;

CT 6: an comhshaol a chosaint agus a chaomhnú agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

4.3

Tá na caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha ábhartha chun críocha Airteagal 28 de Chaibidil I de Theideal III den Rialachán seo sainithe

sonraítear caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha ábhartha sna cláir;

Tosaíocht FT 5: éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta

CT 4: tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin i ngach earnáil

CT 6: An comhshaol a chosaint agus a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn

5.1

Éifeachtúlacht fuinnimh: Rinneadh gníomhaíochtaí ar mhaithe le feabhas costas-éifeachtach ar éifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus infheistíocht costas-éifeachtach in éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus foirgnimh á dtógáil nó á n-athchóiriú.

Is éard atá sa ghníomhaíochtaí sin:

Is iad na gníomhaíochtaí sin: Bearta lena áirithiú go bhfuil íoscheanglais a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfeidhm atá comhsheasmhach le hAirteagal 3, le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE (1).

Bearta atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE

Bearta lena áirithiú pleanáil straitéiseach maidir le tíosacht ar fhuinneamh, atá comhsheasmhach le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27 AE (2)

Bearta atá comhsheasmhach le hAirteagal 13 de Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun a áirithiú go dugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh a mhéid is féidir sin a dhéanamh go teicniúil, a mhéid atá sé réasúnta ó thaobh airgeadais de agus comhréireach maidir le coigiltí fuinnimh a d'fhéadfadh a bheith ann.

5.2

Earnáil an uisce: Na nithe seo a bheith ann: a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) rannchuidiú leordhóthanach na n-úsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú ar ráta a chinntear sa phlean bainistithe abhantraí d'fheistíocht a dhéantar trí na cláir.

In earnálacha arna tacú ag CETFT, d'áirithigh an Ballstát go raibh rannchuidiú ó úsáidí difriúla uisce le hathshlánú chostais na seirbhíse uisce de réir na hearnála ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcéad fhleasc de chéad mhír den Treoir Réime maidir le hUisceag féachaint, i gcás inarb iomchuí, do na héifeachtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha atá ag an athshlánú sin chomh maith le coinníollacha geografacha agus aeráide an réigiúin nó na réigiún a bhfuil faoin thionchar;

5.3

Fuinneamh inathnuaite: Rinneadh gníomhaíochtaí chun táirgeadh agus dáileadh foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn (4)

Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach nó rochtain ráthaithe agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n-oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm agus comhsheasmhach le hAirteagal 14(1), le hAirteagal 16 (2) agus (3) de Threoir 2009/28/CE agus tá siad curtha ar fáil don phobal

Ghlac Ballstát plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh inathnuaite atá comhsheasmhach le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE

Tosaíocht FT 6: cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn

CT 2: Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda)

6.

Bonneagar an Ghréasáin don chéad Ghlúin Eile (NGN): Pleananna náisiúnta nó réigiúnacha NGA a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d'fhonn spriocanna AE maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach (5), a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha AE maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.

Tá plean náisiúnta nó réigiúnach NGN curtha ar bun ina bhfuil an méid seo a leanas:

plean infheistíochtaí sa bhonneagaratá bunaithe ar anailís eacnamaíoch ag cur san áireamh bonneagair phríobháideacha agus phoiblí atá ann cheana agus infheistíochtaí pleanáilte;

samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain ar bhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí;

bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh.


(1)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(2)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh agus lena n-aisgahairtear Threoir 93/76/CEE ón gComhairle (IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.).

(4)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena n-aisghairtear Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE ón gComhairle(IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Digiteach don Eoraip (COM(2010) 245 final/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Scórchlár don Chlar Digiteach (SEC(2011) 708 den 31.5.2011). Scórchlár: http://ec.europa.eu/information_society/digital-agenda/scoreboard/index_en.htm


IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA ATÁ ÁBHARTHA MAIDIR LE TOSAÍOCHT AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE CHUID AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le roinnt tosaíochtaí de chuid an Aontais

Airteagal 15

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme

Airteagal 17

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

Airteagal 19

Forbairt feirme agus gnó

Airteagal 35

Comhar

Airteagal 42 - 44

LEADER

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le haistriú eolas agus nuálaíocht sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe a chothú

Airteagal 14

Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise

Airteagal 26

Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le feabhas a chur ar an iomaíochas i ngach cineál talamhaíochta agus maidir le feabhas a chur ar inmharthanacht feirmeacha

Airteagal 16

Scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir leis an slabhra bia a eagrú agus bainistiú riosca sa talmhaíochta

Airteagal 18

Athshlánú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh dochar di trí thubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach

Airteagal 24

Dochar d'fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise agus ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú

Airteagal 27

Grúpaí táirgeoirí a bhunú

Airteagal 33

Leas ainmhithe

Airteagal 36

Bainistiú riosca

Airteagal 37

Árachas do bharra, d'ainmhithe agus do phlandaí

Airteagal 38

Cistí frithpháirteacha le haghaidh galar ainmhithe agus plandaí agus teagmhas comhshaoil

Airteagal 39

Uirlis um chobhsaíocht ioncaim

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le héiceachórais atá ag brath ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú

agus

Éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus tacú le hathrú go geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta

Airteagal 21(1)(a)

Coillearnacha a fhoraoisiú agus a chruthú

Airteagal 21(1)(b)

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú

Airteagal 21(1)(d)

Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú

Airteagal 28

Agra-chomhshaoil-aeráide

Airteagal 29

Feirmeoireacht orgánach

Airteagal 30

Natura 2000 agus íocaíochtaí na creat-threorach maidir le hUisce

Airteagal 31-32

Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu

Airteagal 34

Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise

 

Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíocht i limistéir thuaithe a chur chun cinn

Airteagal 20

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe

Airteagal 42 – 44

LEADER


Top