EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0346

Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 115, 25.4.2013, p. 18–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 13 Volume 066 P. 12 - 32

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/346/oj

25.4.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


RIALACHÁN (AE) Uimh. 346/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2013

maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ós rud é go bhfuil spriocanna sóisialta á saothrú freisin ag infheisteoirí agus nach toradh airgeadais an t-aon toradh atá uathu, tá borradh ag teacht ar mhargadh infheistíochta sóisialta san Aontas, margadh atá comhdhéanta, go páirteach, de chistí infheistíochta atá dírithe ar ghnóthais shóisialta. Cuireann cistí infheistíochta den sórt sin cistiú ar fáil do ghnóthais shóisialta a spreagann athrú sóisialta trí réitigh nuálacha ar fhadhbanna sóisialta a chur ar fáil, trí dhul i ngleic mar shampla le hiarmhairtí sóisialta na géarchéime airgeadais, agus rannchuidiú luachmhar a dhéanamh chun cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a chur ar fáil” a chomhlíonadh.

(2)

Tá an Rialachán seo mar chuid den Tionscnamh Gnó Sóisialta arna bhunú ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “Tionscnamh Gnó Sóisialta — Timpeallacht chóiriúil a chur ar fáil d’fhiontair shóisialta, geallsealbhóirí lárnacha sa gheilleagar sóisialta agus nuálaíocht”.

(3)

Is gá creat coiteann rialacha a leagan síos maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuSEF” do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, go háirithe maidir le comhdhéanamh phunainn na gcistí a oibríonn faoin sonrúchán sin, a spriocanna infheistíochta incháilithe, na huirlisí infheistíochta a fhéadfaidh siad a úsáid agus na catagóirí infheisteoirí atá incháilithe infheistiú sna cistí sin trí rialacha aonfhoirmeacha san Aontas. In éagmais creata choitinn den sórt sin, bheadh baol ann go ndéanfadh Ballstáit bearta éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus go mbeadh tionchar diúltach díreach aige sin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus go gcuirfeadh sé bacainní roimhe, toisc go mbeadh cistí a dteastaíonn uathu feidhmiú ar fud an Aontais faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit dhifriúla. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go leanfadh leibhéil dhifriúla cosanta infheisteora as ceanglais cháilíochta éagsúla a bheith ann maidir le comhdhéanamh na punainne, spriocanna infheistíochta agus infheisteoirí incháilithe agus go gcruthófaí mearbhall faoin tairiscint infheistíochta a bheadh bainteach le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Ba cheart go mbeadh infheisteoirí in ann comparáid a dhéanamh freisin idir tairiscintí infheistíochta cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha éagsúla. Is gá bacainní suntasacha ar thiomsú cistí trasteorann ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhaint agus saobhadh iomaíochta idir na cistí sin a sheachaint, agus cosc a chur ar aon bhacainní eile a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta suntasach a d’fhéadfadh tarlú amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo amhail a léirmhínítear é ag cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(4)

Is gá rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha a bheidh infheidhme i leith cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus lena bhforchuirfear oibleagáidí comhfhreagracha ar a mbainisteoirí sna Ballstáit uile ar mian leo caipiteal a thiomsú ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuSEF”. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na ceanglais sin go mbeadh infheisteoirí ar mian leo infheistiú sna cistí sin muiníneach astu. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an rialachán seo maidir le scéimeanna náisiúnta atá ann cheana a cheadaíonn infheistiú i ngnóthaí sóisialta agus nach n-úsáideann an sonrúchán “EuSEF”.

(5)

Trí na ceanglais cháilíochta le haghaidh úsáid an tsonrúcháin “EuSEF” a shainmhíniú i bhfoirm rialacháin, áirithítear go bhfuil na ceanglais sin infheidhme go díreach i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a dhéanfaidh cistí a thiomsú faoin sonrúchán sin. Áirithítear leis seo freisin coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le húsáid an tsonrúcháin sin trí cheanglais éagsúla náisiúnta a sheachaint de thoradh trasuí treorach. Ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a d’úsáidfeadh an sonrúchán sin na rialacha céanna a leanúint ar fud an Aontais, rud a mhéadóidh muinín na n-infheisteoirí. Laghdaítear leis an Rialachán castacht rialála agus costais na mbainisteoirí maidir le comhlíonadh rialacha náisiúnta lena rialaítear cistí den sórt sin, ar rialacha iad a bhíonn éagsúil go minic, go háirithe i gcás na mbainisteoirí sin ar mian leo caipiteal a thiomsú ar bhonn trasteorann. Chomh maith leis sin cuireann sé le saobhadh iomaíochta a dhíchur.

(6)

Ba cheart go bhféadfaí ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistiú go seachtrach nó go hinmheánach. Sa chás go ndéantar ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistiú go hinmheánach, is é an ciste an bainisteoir freisin agus ba cheart dó, dá bhrí sin, na ceanglais ábhartha uile do bhainisteoirí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a bheith cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Níor cheart, áfach, go gceadófaí do chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistítear go hinmheánach bheith mar bhainisteoir seachtrach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile nó ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI).

(7)

D’fhonn an gaol a shoiléiriú idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, is gá a leagan síos nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ach i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta seachas GCUI a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (4) agus atá bunaithe san Aontas agus atá cláraithe leis an údarás inniúil ina mBallstát baile i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (5), ar choinníoll go mbainistíonn na bainisteoirí sin punanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Ba cheart, áfach, go mbeadh bainisteoirí seachtracha um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá cláraithe faoin Rialachán seo ceadaithe GCUI a bhainistiú freisin faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.

(8)

Ina theannta sin, níl an Rialachán seo infheidhme ach maidir le bainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta sin amháin nach sáraíonn iomlán a sócmhainní arna mbainistiú an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE. Is ionann ríomh na tairsí chun críocha an Rialacháin seo agus ríomh na tairsí i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE.

(9)

Maidir le bainisteoirí, áfach, atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a dhéanann na sócmhainní iomlána atá faoi bhainistíocht acu an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE a shárú, agus a thiocfaidh dá bhrí sin faoi réir údarú na n-údarás inniúil ina mBallstát baile i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, ba cheart go bhféadfadh siad leanúint den sonrúchán “EuSEF” a úsáid i ndáil le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin agus go leanfaidh siad i gcónaí de cheanglais áirithe a chomhlíonadh maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuSEF” atá sonraithe sa Rialachán seo i ndáil leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Tá an méid seo infheidhme maidir le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá ann cheana agus maidir le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhunófar i ndiaidh don tairseach a bheith sáraithe araon.

(10)

I gcás nach mian le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta an sonrúchán “EuSEF” a úsáid, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ina leith. Sna cásanna sin, ba cheart go mbeadh feidhm i gcónaí le rialacha náisiúnta agus rialacha ginearálta Aontais atá ann cheana.

(11)

Ba cheart go gcruthófaí leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le cineál na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, go háirithe maidir leis na gnóthais phunainne cháilitheacha a mbeidh cead ag na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha infheistiú iontu, agus na hionstraimí infheistíochta a bheidh le húsáid. Tá gá leis sin chun líniú teorann soiléir a tharraingt idir ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus cistí infheistíochta malartacha a ghabhann de straitéisí infheistíochta eile nach bhfuil chomh speisialaithe céanna, mar shampla ceannach thar barr amach, nach bhfuil sé i gceist ag an Rialachán seo a chur chun cinn.

(12)

D’fhonn an tsoiléire agus an chinnteacht atá riachtanach a áirithiú, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo critéir aonfhoirmeacha trína n-aithneofar gnóthais shóisialta mar ghnóthais phunainne cháilitheacha. Ba cheart gnóthas sóisialta a shainmhíniú mar oibreoir sa gheilleagar sóisialta arb é a phríomhchuspóir iarmhairt shóisialta a bheith aige seachas brabús a dhéanamh dá úinéirí ná dá scairshealbhóirí. Feidhmíonn sé trí earraí agus seirbhísí a chur ar fáil don mhargadh agus úsáideann sé a bhrabúis go príomha chun cuspóirí sóisialta a bhaint amach. Bainistítear ar dhóigh chuntasach agus thrédhearcach é, go háirithe trí ról a thabhairt d’fhostaithe, do thomhaltóirí agus do gheallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí tráchtála orthu.

(13)

Os rud é gurb é príomhchuspóir gnóthas sóisialta iarmhairt shóisialta dhearfach a bhaint amach seachas brabús a uasmhéadú níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo ach tacaíocht a chur chun cinn do ghnóthais phunainne cháilitheacha amháin a bheidh mar aidhm acu iarmhairt shóisialta dhearfach agus intomhaiste a bhaint amach. D’fhéadfadh soláthar seirbhísí d’inimircigh a bhíonn eisiata i slite eile nó grúpaí imeallaithe a thabhairt isteach ar an margadh saothair trí fhostaíocht, oiliúint nó tacaíocht eile a chur ar fáil a áireamh mar iarmhairt shóisialta intomhaiste agus dhearfach. Úsáideann gnóthais shóisialta a mbrabúis chun a bpríomhchuspóir sóisialta a bhaint amach agus bainistítear iad ar bhealach cuntasach agus trédhearcach. I gcásanna, ar bhonn eisceachtúil, inar mian le gnóthas punainne cáilitheach brabús a dháileadh ar a scairshealbhóirí agus ar a úinéirí, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta agus rialacha réamhshainithe aige maidir le conas a dháilfear na brabúis. Ba cheart go sonrófaí sna rialacha sin nach ndéanfaidh an dáileadh brabús sin dochar don phríomhchuspóir sóisialta an ghnóthais punainne cháilithigh shóisialta.

(14)

Ar ghnóthais shóisialta tá réimse leathan gnóthas, i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla, a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí sóisialta do dhaoine leochaileacha imeallaithe, atá faoi mhíbhuntáiste nó atá eisiata. I measc na seirbhísí sin tá rochtain ar thithíocht, cúram sláinte, cúnamh do sheandaoine nó do dhaoine faoi mhíchumas, cúram leanaí, rochtain ar fhostaíocht agus ar oiliúint agus bainistíocht spleáchais. Ina measc freisin tá gnóthais a úsáideann modh táirgthe earraí nó seirbhísí a léiríonn a gcuspóir sóisialta, ach nach dtagann a ngníomhaíochtaí faoi sholáthar earraí agus seirbhísí sóisialta. Ar na gníomhaíochtaí sin tá imeascadh sóisialta agus gairmiúil trí rochtain ar fhostaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste go háirithe de bharr easpa cáilíochtaí nó fadhbanna sóisialta nó gairmiúla as a dtig eisiamh agus imeallú. D’fhéadfadh freisin go mbeadh cosaint chomhshaoil i gceist ag na gníomhaíochtaí sin ag a mbeadh tionchar sochaí, amhail frith-thruailliú, athchúrsáil agus fuinnimh in-athnuaite.

(15)

I gcomhréir leis an aidhm na gnóthais chomhinfheistíochta a bheidh cumhdaithe faoi Rialachán seo a chúngú go beacht agus chun a áirithiú go ndírítear ar chaipiteal a chur ar fáil do ghnóthais shóisialta, ba cheart a mheas gur cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha iad cistí a bheartaíonn 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú sna gnóthais sin. Níor cheart go mbeadh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha ceadaithe níos mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha. Ciallaíonn sé seo de bhrí gur cheart an tairseach 30 % a bheith mar uasteorainn d’infheistíochtaí neamhcháilitheacha i gcónaí, ba cheart an tairseach 70 % a choimeád le haghaidh infheistíochtaí cáilitheacha le linn shaolré an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh. Ba cheart na tairseacha sin a ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo na sonraí is gá maidir le ríomh na dtairseach infheistíochta tagartha.

(16)

Is é is cuspóir don Rialachán seo fás gnóthas sóisialta san Aontas a fheabhsú. Is féidir le hinfheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha arna mbunú i dtríú tíortha tuilleadh caipitil a thabhairt do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus leis sin is féidir leo tairbhe a thabhairt do ghnóthais shóisialta san Aontas. Níor cheart áfach in imthosca ar bith go ndéanfadh an Rialachán seo tairbhe d’infheistíochtaí a dhéantar i ngnóthais phunainne arna mbunú i dtríú tíortha nach ndéanann socruithe iomchuí comhair idir údaráis inniúla Bhallstát baile bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus le gach Ballstát eile ina mbeartaítear aonaid nó scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú nó gan faisnéis a mhalartú go héifeachtach i gcúrsaí cánach.

(17)

Ba cheart, mar chéad chéim, ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhunú san Aontas chun go mbeidís i dteideal an sonrúchán “EuSEF” a úsáid de réir mar a bhunaítear sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún, ar a dhéanaí laistigh de dhá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid an tsonrúcháin “EuSEF” i gcás cistí arna mbunú san Aontas agus taithí ó chur i bhfeidhm Mholadh an Choimisiúin á cur san áireamh maidir le bearta lena mbeartaítear chun spreagadh a thabhairt do thríú tíortha íoschaighdeáin dea-rialachais i gcúrsaí cánach a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart go mbeadh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta in ann gealltanais caipitil bhreise a mhealladh le linn saolré ciste. Ba cheart go ndéanfaí na gealltanais caipitil bhreise sin le linn shaolré an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a chur san áireamh nuair a bheartaítear an chéad infheistíocht eile i sócmhainní seachas sócmhainní cáilitheacha. Ba cheart gealltanais caipitil bhreise a cheadú i gcomhréir leis na critéir agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.

(19)

De bharr na riachtanas sonrach cistiúcháin atá ag gnóthais shóisialta, is gá go mbeadh soiléire ann maidir leis na cineálacha ionstraimí ar cheart do chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a úsáid i gcás cistiúcháin den saghas sin. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na hionstraimí incháilithe a úsáidfidh ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach chun infheistíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear ionstraimí cothromais agus cuasachothromais, ionstraimí fiachais, amhail nótaí gealltanais agus deimhnithe taisce, infheistíochtaí i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile agus iasachtaí urraithe agus neamhurraithe, agus deontais. Chun caolú na n-infheistíochtaí isteach i ngnóthais phunainne cháilitheacha a chosc, níor cheart go mbeadh cead ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha infheistiú i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile ach amháin sa chás nach bhfuil na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile sin tar éis níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe ná dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile.

(20)

Is iad gníomhaíochtaí lárnacha cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha maoiniú a sholáthar do ghnóthais shóisialta trí infheistíochtaí príomha. Níor cheart do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí córasacha baincéireachta tábhachtacha lasmuigh den ghnáthchreat rialála stuamachta (“scáthbhaincéireachta” mar a thugtar air) ná straitéisí cothromais phríobháideacha thipiciúla a leanúint, amhail ceannach thar barr amach le giaráil.

(21)

Le go bhfanfaidh an tsolúbthacht riachtanach ina bpunann infheistíochta, ba cheart go bhféadfadh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha infheistiú i sócmhainní eile seachas infheistíochtaí cáilitheacha a mhéid is nach sáróidh na hinfheistíochtaí an tairseach 30 % d’infheistíochtaí neamhcháilitheacha. Ní chuirfear sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid san áireamh chun an tairseach sin a ríomh mar nach fhéachtar ar shealúchais den sórt sin mar infheistíochtaí. Ba cheart do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha infheistiú ar bhealach atá comhréireach lena straitéis infheistíochta eiticiúil, níor cheart dóibh infheistíochtaí a dhéanann an tionscal armán a mhaoiniú mar shampla mar is baolach go ndéanfar sárú ar chearta an duine ná i ndumpáil dramhthrealamh leictreonach.

(22)

Lena áirithiú go bhféadfar brath ar an sonrúchán “EuSEF” agus go mbeidh sé éasca ag infheisteoirí ar fud an Aontais é a aithint, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo nach mbeidh ach bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chomhlíonann na critéir cháilíochta aonfhoirmeacha a leagtar síos sa Rialachán seo incháilithe an sonrúchán “EuSEF” a úsáid agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha á margú acu ar fud an Aontais.

(23)

Lena áirithiú go mbeidh próifíl shainiúil agus sho-aitheanta a bheidh oiriúnach dá gcuspóir ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ba cheart go mbeadh rialacha aonfhoirmeacha ann maidir le comhdhéanamh na punainne agus maidir leis na teicníochtaí infheistíochta a cheadaítear do chistí den sórt sin.

(24)

Lena áirithiú nach mbeidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha ina gcúis le forbairt rioscaí sistéamacha, agus go ndíreoidh gníomhaíochtaí infheistíochta na gcistí sin ar thacaíocht a thabhairt do ghnóthais phunainne cháilitheacha, níor cheart go gceadófaí giaráil ar leibhéal an chiste. Níor cheart do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha bheith ceadaithe ach iasachtaíocht a dhéanamh, oibleagáidí fiachais a eisiúint, nó na ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ach ar choinníoll go bhfuil na hiasachtaíochtaí, na hoibleagáidí fiachais nó ráthaíochtaí clúdaithe le gealltanais neamhghlaoite agus dá bhrí sin nach méadaítear neamhchosaint an chiste thar leibhéal an chaipitil gheallta. Ní mhéadaíonn airleacan in airgead tirim ó infheisteoirí i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá lánchlúdaithe le gealltanais caipitil ó na hinfheisteoirí sin neamhchosaint an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus dá bhrí sin ba cheart iad a cheadú. Ina theannta sin, d’fhonn go gceadófar don chiste riachtanais neamhghnácha leachtachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir an glaoch ar chaipiteal atá geallta ag infheisteoirí agus fáil iarbhír an chaipitil sin sna cuntais a chumhdach, ba cheart go mbeadh sé ceadmhach iasachtaí gearrthéarmacha a fháil, ar choinníoll nach mó méid iasachta den sórt sin ná caipiteal geallta neamhghlaoite an chiste.

(25)

Lena áirithiú nach ndéantar cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ach le hinfheisteoirí amháin a bhfuil an taithí, an t-eolas agus an saineolas acu a gcinntí infheistíochtaí féin a dhéanamh agus measúnú ceart a dhéanamh ar na rioscaí a iompraíonn na cistí sin, agus d’fhonn muinín an infheisteora i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a choimeád, ba cheart coimircí sonracha áirithe a leagan síos. Dá bhrí sin, níor cheart cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ach le hinfheisteoirí atá ina gcliaint ghairmiúla nó ar féidir caitheamh leo mar chliaint ghairmiúla faoi Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (6). Mar sin féin, le go mbeidh bonn infheisteoirí a bheidh leathan a dhóthain ann le haghaidh infheistíochtaí i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, is inmhianta go mbeidh rochtain ag infheisteoirí áirithe eile ar na cistí sin, lena n-áirítear daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard ag baint leo. I gcás na n-infheisteoirí eile sin, ba cheart coimircí sonracha a leagan síos lena áirithiú nach ndéantar cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ach le hinfheisteoirí a bhfuil an phróifíl iomchuí acu chun na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart margú trí phleananna coigiltis thréimhsiúil a eisiamh leis na coimircí sin. Thairis sin, ba cheart go bhféadfadh feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe atá rannpháirteach i mbainistiú bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach infheistíochtaí a dhéanamh agus infheistiú a dhéanamh acu sa chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistíonn siad, mar gheall go bhfuil na daoine seo eolasach go leor chun rannpháirtíocht a ghlacadh sna hinfheistíochtaí sin.

(26)

Lena áirithiú nach n-úsáidfidh ach bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chomhlíonann critéir cháilíochta aonfhoirmeacha maidir le hiompar ar an margadh an sonrúchán “EuSEF”, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha a bhunú leis an Rialachán seo maidir le gnó a sheoladh agus maidir leis an ngaol idir na bainisteoirí sin agus a infheisteoirí. Ar an gcúis chéanna, ba cheart coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le láimhseáil coinbhleachtaí leasa a bheadh ag na bainisteoirí sin. Ba cheart go gceanglófaí freisin ar an mbainisteoir leis na rialacha agus na coinníollacha sin na socruithe eagraíochtúla agus riaracháin is gá a chur i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a láimhseáil go cuí.

(27)

I gcás go mbeartóidh bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, níor cheart go ndéanfadh tarmligean feidhmeanna den sórt sin chuig tríú páirtithe difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus a infheisteoirí. Ina theannta sin, níor cheart don bhainisteoir feidhmeanna a tharmligean sa mhéid nach féidir, go bunúsach, é a mheas a thuilleadh gur bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach é agus a mhéid a thiocfaidh sé chun bheith ina aonán bosca poist. Ba cheart go mbeadh an bainisteoir freagrach i gcónaí as feidhmiú ceart na bhfeidhmeanna tarmligthe agus as comhlíonadh an Rialacháin seo. Níor cheart go ndéanfadh tarmligean feidhmeanna dochar d’éifeachtúlacht na maoirseachta ar an mbainisteoir, agus, go háirithe, níor cheart dó an bainisteoir a chosc ó ghníomhú, nó an ciste ó bheith á bhainistiú, ar mhaithe le leas a chuid infheisteoirí.

(28)

Ar phríomhthréithe de na cistí infheistíochta atá dírithe ar ghnóthais shóisialta, agus gné a idirdhealaíonn iad ó chineálacha eile cistí infheistíochta, tá an iarmhairt shóisialta dhearfach a chruthaítear sa bhreis ar an toradh airgeadais a ghintear d’infheisteoirí. Ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, go mbunóidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nósanna imeachta chun an iarmhairt shóisialta dhearfach a bheidh le baint amach trí infheistiú i ngnóthais phunainne cháilitheacha a thomhas.

(29)

Faoi láthair, déanann cistí a dhíríonn ar thorthaí nó ar iarmhairtí sóisialta faisnéis a mheasúnú agus a chóimheas go hiondúil ar a mhéid a bhaineann gnóthais shóisialta amach na torthaí nó na hiarmhairtí ar a ndíríonn siad. Tá réimse leathan cineálacha éagsúla de thorthaí nó iarmhairtí sóisialta a bhféadfadh gnóthas sóisialta díriú orthu. Dá bhrí sin, tá bealaí éagsúla ann chun torthaí nó iarmhairtí sóisialta a aithint agus a thomhas. Mar shampla, féadfaidh gnólacht atá ag iarraidh daoine atá faoi mhíbhuntáiste a fhostú tuairisciú faoi líon na ndaoine atá fostaithe nach mbeadh fostaithe seachas sin agus féadfaidh gnólacht atá ag iarraidh athinniúlú príosúnach a fheabhsú measúnú a dhéanamh ar a feidhmíocht i dtéarmaí rátaí atitimeachais. Cabhraíonn na cistí leis na gnóthais shóisialta faisnéis a ullmhú agus a sholáthar maidir lena spriocanna agus a bhfuil bainte amach acu agus le faisnéis a bhailiú dá infheisteoirí. Cé go bhfuil an fhaisnéis faoi thorthaí agus iarmhairtí sóisialta an-tábhachtach d’infheisteoirí, is deacair comparáid a dhéanamh idir gnóthais shóisialta dhifriúla agus idir cistí difriúla de bharr na ndifríochtaí sna torthaí agus iarmhairtí sóisialta a ndírítear orthu agus de bharr éagsúlacht na gcur chuige. D’fhonn spreagadh a thabhairt don chomhleanúnachas agus d’inchomparáideacht faisnéise den sórt sin is fearr san fhadtéarma agus don éifeachtúlacht is fearr sna nósanna imeachta chun fhaisnéis a fháil, ba cheart gníomhartha tarmligthe a fhorbairt sa réimse seo. Ba cheart go n-áiritheodh na gníomhartha tarmligthe sin soiléireacht níos fearr do mhaoirseoirí, do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus do ghnóthais shóisialta.

(30)

D’fhonn sláine an tsonrúcháin “EuSEF” a áirithiú, ba cheart critéir cháilíochta a bhunú maidir le heagrú bhainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais chomhréireacha a leagan síos maidir leis an ngá chun dóthain acmhainní teicniúla agus daonna a chothabháil.

(31)

D’fhonn bainistiú cuí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cumas a mbainisteora rioscaí ionchasacha a chumhdach a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí a áirithiú ba cheart ceanglais aonfhoirmeacha, chomhréireacha a leagan síos do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha chun cistí dílse dóthanacha a chothabháil. Ba cheart go mbeadh méid na gcistí dílse sin dóthanach chun leanúnachas agus bainistiú cuí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áirithiú.

(32)

Is gá a áirithiú, ar mhaithe le cosaint infheisteoirí, go ndéantar meastóireacht chuí ar shócmhainní cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Ba cheart, dá bhrí sin go mbeadh forálacha maidir le luacháil sócmhainní ar áireamh i rialacha nó in ionstraimí corpraithe na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Ba cheart go n-áiritheodh sé sin sláine agus trédhearcacht na luachála.

(33)

D’fhonn a áirithiú go dtabharfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhaineann úsáid as an sonrúchán “EuSEF” cuntas leordhóthanach ar a ngníomhaíochtaí, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha maidir le tuarascálacha bliantúla a leagan síos.

(34)

Cé go bhfuil coimircí sa Rialachán seo chun fionnadh go n-úsáidtear na cistí go cuí, ba cheart d’údaráis mhaoirseoireachta a bheith airdeallach go ndéantar na coimircí sin a chomhlíonadh.

(35)

D’fhonn sláine an tsonrúcháin “EuSEF” a áirithiú ó dhearcadh na n-infheisteoirí, is bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá iomlán trédhearcach faoina mbeartas infheistíochta agus a spriocanna infheistíochta, agus na bainisteoirí sin amháin, ba cheart dóibh an sonrúchán sin a úsáid. Ba cheart rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le ceanglais nochta a bheidh de dhualgas ar bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chomhlíonadh maidir lena infheisteoirí. Ba cheart go n-áireofaí sna rialacha sin na gnéithe sin a bhaineann go sonrach le hinfheistíochtaí i ngnóthais shóisialta, sa chaoi is go bhféadfar comhleanúnachas agus inchomparáideacht níos mó na faisnéise sin a bhaint amach. Uirthi sin tá faisnéis faoi na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun gnóthais phunainne cháilitheacha áirithe a roghnú mar spriocanna infheistíochta. Áirítear freisin faisnéis faoin iarmhairt shóisialta dhearfach a bheidh le baint amach ag an mbeartas infheistíochta agus an tslí ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh air. Lena áirithiú go mbeidh muinín ag infheisteoirí as infheistíochtaí den sórt sin, áirítear freisin faisnéis faoi shócmhainní an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nach n-infheistítear i ngnóthais phunainne cháilitheacha agus an tslí ina roghnaítear na sócmhainní sin.

(36)

Lena áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar na ceanglais aonfhoirmeacha atá sa Rialachán seo, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a chomhlíonfaidh an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na ceanglais aonfhoirmeacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na bainisteoirí a bhfuil sé beartaithe acu a gcistí a mhargú faoin sonrúchán “EuSEF” údarás inniúil a mBallstáit baile a chur ar an eolas go bhfuil sé de rún aige sin a dhéanamh. Ba cheart don údarás inniúil an bainisteoir a chlárú más rud é gur tugadh an fhaisnéis uile is gá agus má tá socruithe oiriúnacha curtha ar bun maidir le ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Ba cheart don chlárú sin a bheith bailí ar fud an Aontais.

(37)

D’fhonn margú éifeachtach trasteorann cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a éascú, ba cheart go ndéanfaí an bainisteoir a chlárú chomh tapa agus is féidir.

(38)

Lena áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart rialacha a bhunú maidir leis na dálaí faoinar gá faisnéis a tugadh don údarás inniúil sa Bhallstát baile a thabhairt cothrom le dáta.

(39)

Lena áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart próiseas fógraí trasteorann idir na húdaráis mhaoirseachta inniúla a bhunú freisin, ar phróiseas é a chuirfí i ngníomh trí chlárú bhainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ina Bhallstát baile.

(40)

D’fhonn coinníollacha trédhearcacha a chothabháil le haghaidh margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha ar fud an Aontais, ba cheart go mbeadh sé de chúram ar an Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí) (“ÚEUM”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), bunachar sonraí lárnach a chothabháil ina liostófar bainisteoirí uile um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn siad atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(41)

I gcás ina mbeidh forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, ba cheart dó é sin a chur in iúl go pras don údarás inniúil sa Bhallstát baile dá réir sin, agus ba cheart don údarás inniúil sin bearta iomchuí a ghlacadh.

(42)

Más rud é go leanfaidh bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag gníomhú ar dhóigh atá go soiléir ar neamhréir leis an Rialachán seo, in ainneoin na mbeart arna nglacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse ama réasúnach, ba cheart go bhféadfadh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, tar éis dó an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a chur ar an eolas mar gheall air, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcoiscfear an bainisteoir lena mbaineann, ar aon mhargaíocht breise a dhéanamh ar a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

(43)

Lena áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar na ceanglais aonfhoirmeacha arna mbunú, tá liosta sa Rialachán seo de na cumhachtaí maoirseachta ar ghá iad a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla.

(44)

D’fhonn forfheidhmiú cuí a áirithiú, tá pionóis riaracháin agus bearta eile i gcás shárú a phríomhfhorálacha sa Rialachán seo, eadhon na rialacha maidir le comhdhéanamh na punainne, maidir le coimircí a bhaineann le céannacht na n-infheisteoirí incháilithe, agus maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuSEF” ag bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo amháin. Ba cheart toirmeasc ar úsáid an tsonrúcháin agus baint an bhainisteora lena mbaineann den chlár bheith mar thoradh ar shárú na bpríomhfhorálacha sin, i gcás inarb iomchuí.

(45)

Ba cheart faisnéis maoirseachta a mhalartú idir na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile, sa Bhallstát aíochta agus ÚEUM.

(46)

Chun comhar rialála éifeachtach a áirithiú idir na heintitis a bhfuil sé de chúram orthu comhlíonadh na gcritéar aonfhoirmeach a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú, is gá go mbeidh leibhéal ard rúndachta gairmiúla i bhfeidhm maidir leis na húdaráis náisiúnta ábhartha uile agus maidir le ÚEUM.

(47)

Braithfidh rannchuidiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i bhfás an mhargaidh Eorpaigh d’infheistíochtaí sóisialta ar ghlacadh an tsonrúcháin “EuSEF” ag bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ar an aitheantas a thabharfaidh infheisteoirí don sonrúchán agus ar fhorbairt éiceachórais láidir ar son fiontraíochtaí sóisialta ar fud an Aontais a chabhróidh leis na fiontraíochtaí sin áis a bhaint as na roghanna maoinithe a chuirtear ar fáil. Chuige sin, ba cheart do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear oibreoirí an mhargaidh, údarás inniúil sna Ballstáit, an Coimisiún agus eintitis ábhartha eile laistigh den Aontas, iarracht a dhéanamh ardleibhéal feasachta a áirithiú maidir leis na féidearthachtaí a thugann an Rialachán seo isteach.

(48)

D’fhonn na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir leis na cineálacha earraí agus seirbhísí nó na modhanna táirgthe earraí agus seirbhísí a léiríonn cuspóir sóisialta agus na himthosca inar féidir brabúis a dháileadh ar úinéirí agus ar infheisteoirí, a shonrú, cineálacha coinbhleachtaí leasa nach mór do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sheachaint agus na bearta a dhéanfar ina leith sin, mionsonraí na nósanna imeachta chun an iarmhairt shóisialta a bheidh le baint amach ag na gnóthais phunainne cháilitheacha a thomhas agus an t-ábhar agus an nós imeachta maidir le faisnéis a sholáthar d’infheisteoirí. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus tionscnaimh fhéin-rialaitheacha agus cóid iompair á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha agus ÚEUM rannpháirteach sna comhairliúcháin a dhéanfaidh an Coimisiún le linn a oibre ullmhúcháin maidir le gníomhartha tarmligthe faoi mhionsonraí na nósanna imeachta a thomhasfaidh na torthaí sóisialta a bheidh le baint amach ag na gnóthais phunainne cháilitheacha. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(49)

Ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibhiú leanúnach agus leibhéal ard maoirseachta ar fud an Aontais leis na caighdeáin theicniúla sna seirbhísí airgeadais. Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme nach bhfuil baint acu le roghanna beartais a chur faoi chúram ÚEUM, agus go mbeadh siad le cur faoi bhráid an Choimisiúin.

(50)

Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart é a chur de chúram ar ÚEUM caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú le haghaidh fhormáid agus mhodh an nós imeachta fógra dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(51)

Ceithre bliana ar a laghad tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán d’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn iad a chur i bhfeidhm. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon tograí reachtacha a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(52)

Thairis sin, ceithre bliana ar a laghad tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tús a chur le hathbhreithniú ar an idirghníomhú idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe bainisteoirí sin Threoir 2011/61/AE. Ba cheart, go háirithe, go dtabharfadh an t-athbhreithniú sin aghaidh ar raon feidhme an Rialacháin seo agus measúnú a dhéanamh an gá an raon feidhme a shíneadh chun ceadú do bhainisteoirí ar chistí infheistíochtaí malartacha atá níos mó an sonrúchán “EuSEF” a úsáid. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon tograí reachtacha a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(53)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe sin, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar infheisteoirí do ghlacadh na gcistí, lena n-áirítear an iarmhairt reachtaíochta de chineál stuamachta eile ar infheisteoirí institiúideacha, ar reachtaíocht í a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún sonraí a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tsonrúcháin “EuSEF” i leith clár eile de chuid an Aontais amhail Horizon 2020 a dhéanann iarracht tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht san Aontas freisin.

(54)

Maidir leis an scrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar bhacainní cánach ar infheistíochtaí caipitil fiontair trasteorann dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011 dar teideal “Plean gnímh chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna” agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún féachaint le scrúdú coibhéiseach a dhéanamh ar bhacainní cánach féideartha maidir le cistí fiontraíochta sóisialta agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar dhreasachtaí cánach féideartha dírithe ar an bhfiontraíocht shóisialta a spreagadh san Aontas.

(55)

Ba cheart do ÚEUM measúnú a dhéanamh ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as glacadh de láimh a chumhachtaí agus a dhualgas i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

(56)

Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear ceart ómóis don saol príobháideach agus teaghlaigh (Airteagal 7) agus ceart saoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16).

(57)

Is le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8) a rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar i mBallstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha atá sainithe ag na Ballstáit. Is le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (9) a rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon margadh inmheánach a fhorbairt do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha trí bhíthin creat a leagan síos chun bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chlárú, rud a dhéanfadh margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a éascú ar fud an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a bhaint amach dá bhrí sin ar leibhéal an Aontais toisc a fhairsinge agus a éifeachtaí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais agus coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an sonrúchán “EuSEF” a úsáid i ndáil le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú san Aontas, rud a chuirfidh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Leagtar síos leis freisin rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú le hinfheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais, maidir le comhdhéanamh phunainn na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, maidir le hionstraimí infheistíochta inghlactha agus teicnící le húsáid ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, mar aon le heagrú, iompar agus trédhearcacht bainisteoirí a dhéanann cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.

Airteagal 2

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

nach sáraíonn iomlán a sócmhainní arna mbainistiú an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

go bhfuil siad bunaithe san Aontas;

(c)

go bhfuil siad faoi réir cláraithe le húdaráis inniúla a mBallstáit baile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE; agus

(d)

go ndéanann na bainisteoirí sin bainistíocht ar phunanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

2.   Maidir le bainisteoirí, áfach, atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus a dhéanann na sócmhainní iomlána atá faoi bhainistíocht acu an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE a shárú, agus a thiocfaidh dá bhrí sin faoi réir údarú na n-údarás inniúil ina mBallstát baile i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, féadfaidh siad leanúint den sonrúchán “EuSEF” a úsáid i ndáil le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú san Aontas, ar choinníoll go ndéanann siad, i dtaca leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn siad, na nithe seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE; agus

(b)

go leanfaidh siad de bheith ag comhlíonadh Airteagal 3, Airteagal 5, Airteagal 10, Airteagal 13(2), agus pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1) den Rialachán seo.

3.   Nuair is bainisteoirí seachtracha iad bainisteoirí um cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus nuair atá siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 féadfaidh siad bainistíocht a dhéanamh freisin ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.

Airteagal 3

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

ciallaíonn “ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta:

(i)

a bheartaíonn 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint, laistigh de chreat ama a leagtar síos ina rialacha nó ina hionstraimí corpraithe;

(ii)

nach n-úsáideann níos mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite chun sócmhainní a fháil seachas infheistíochtaí cáilitheacha, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;

(iii)

atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit;

(c)

ciallaíonn “bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin ar a laghad a bhainistiú;

(d)

ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas a bhfuil na rudaí seo a leanas fíor ina thaobh:

(i)

nach raibh, tráth na hinfheistíochta ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe nó ar shaoráid trádála iltaobhach (STI) mar a shainmhínítear i bpointe (14) agus i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;

(ii)

a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige iarmhairtí sóisialta dearfacha intomhaiste a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena leagtar síos an gnó, i gcás:

ina soláthraíonn an gnóthas seirbhísí nó earraí do dhaoine leochaileacha nó imeallaithe, atá faoi mhíbhuntáiste nó atá eisiata,

ina n-úsáideann an gnóthas modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta, nó

ina soláthraíonn an gnóthas tacaíocht airgeadais do ghnóthais shóisialta amháin mar a shainmhínítear sa chéad dá eang;

(iii)

a úsáideann a bhrabúis sa chéad áit chun a phríomhchuspóir sóisialta a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena leagtar síos an gnó agus leis na nósanna imeachta agus rialacha réamh-mhínithe atá iontu, lena gcinnfear na dálaí ina ndáiltear brabús ar scairshealbhóirí agus ar úinéirí chun a áirithiú nach ndéanfaidh an dáileadh brabúis sin dochar dá phríomhaidhm;

(iv)

a bhainistítear ar bhealach cuntasach agus trédhearcach, go háirithe trí pháirt a thabhairt d’oibrithe, do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;

(v)

a bhunaítear laistigh de chríoch Ballstáit nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:

nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,

go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus le gach Ballstát ina mbeartaítear aonaid agus scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tríú tír na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach EFCE ar Ioncam agus ar Chaipiteal agus lena áirithítear malartú éifeachtach faisnéis maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;

(e)

ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” na hionstraimí seo a leanas:

(i)

ionstraimí cothromais agus cuasachothromais:

arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna sealbhú go díreach ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,

arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó

arna n-eisiúint ag gnóthas ar foghnóthas faoi úinéireacht thromlach an mháthairghnóthais atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a shealbhaíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;

(ii)

ionstraimí fiachais urrúsaithe agus neamhurrúsaithe, arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach;

(iii)

aonaid agus scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó roinnt cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile, ar choinníoll nach bhfuil na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin tar éis níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach iad féin;

(iv)

iasachtaí urraithe nó neamhurraithe arna ndeonú ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas punainne cáilitheach;

(v)

aon chineál eile sealúchais i ngnóthas punainne cáilitheach;

(f)

ciallaíonn “costais ábhartha” táillí, muirir agus costais a íocfaidh infheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus a aontaítear idir an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus na hinfheisteoirí ann;

(g)

ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile sealúchais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cáilitheach arna eisiúint ag a infheisteoirí;

(h)

ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime airgeadais ar meascán é de chothromas agus d’fhiachas sa chás go bhfuil an toradh ar an ionstraim nasctha le brabús nó le caillteanas an ghnóthais punainne cáilitheach agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime lánurraithe i gcás loiceadh;

(i)

ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhainistiú aige le haghaidh nó le hinfheisteoirí at bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;

(j)

ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas faoina mbeadh oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh leas a fháil sa chiste sin nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;

(k)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ina bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach bunaithe agus atá faoi réir a chláraithe leis húdaráis inniúla i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(l)

ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(m)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás náisiúnta a bheidh ainmnithe, de réir dlí nó rialacháin, ag an mBallstát baile chun bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chlárú.

Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadóidh foirm dhlíthiúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh bainistíocht inmheánach agus i gcás nach ndéanfaidh comhlacht rialaithe an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, beidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féin cláraithe mar an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 15. Aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ní dhéanfar é a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas comhinfheistíochta eile.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na cineálacha seirbhísí nó earraí agus modhanna táirgthe seirbhísí nó earraí trína léirítear cuspóir sóisialta dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a shonrú agus cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla gnóthas punainne cáilitheach agus na himthosca sin inar féidir brabús a dháileadh ar úinéirí agus ar infheisteoirí.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LEIS AN SONRÚCHÁN “EuSEF” A ÚSÁID

Airteagal 4

Beidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo i dteideal an sonrúchán “EuSEF” a úsáid i dtaca le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.

Airteagal 5

1.   Áiritheoidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, le linn dóibh sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha a fháil, nach n-úsáidfear ach 30 % ar a mhéad de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh chun sócmhainní den sórt sin a fháil. Ríomhfar an tairseach 30 % ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais iomchuí a asbhaint. Ní chuirfear sealúchais in airgead tirim agus coibhéisí airgid san áireamh chun an tairseach sin a ríomh mar nach fhéachtar ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid mar infheistíochtaí.

2.   Ní úsáidfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ar leibhéal an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, aon mhodh trína méadófaí neamhchosaint an chiste thar leibhéal a chaipitil gheallta, cibé trí airgead nó urrúis a fháil ar iasacht, trí shuíomhanna díorthacha a fháil nó ar aon mhodh eile.

3.   Ní fhéadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha iasachtaíocht a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint, nó ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, ach i gcás ina bhfuil na hiasachtaí, na hoibleagáidí fiachais nó na ráthaíochtaí clúdaithe le gealltanais neamhghlaoite.

Airteagal 6

1.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha aonaid agus scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú go heisiach le hinfheisteoirí a mheastar gur cliaint ghairmiúla iad i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nó a bhféadfar, arna iarraidh sin, déileáil leo, mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, nó le hinfheisteoirí eile ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé geallta ag na hinfheisteoirí eile sin EUR 100 000 ar a laghad a infheistiú; agus

(b)

tá sé dearbhaithe i scríbhinn ag na hinfheisteoirí eile sin, i ndoiciméad ar leithligh ón gconradh a tugadh i gcrích maidir leis an ngealltanas infheistíochta, go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas atá beartaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí a dhéanann feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe a bhfuil baint acu le bainistíocht bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nuair a infheistítear sna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn siad.

Airteagal 7

Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha na nithe seo a leanas maidir leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu:

(a)

agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhóidh siad go macánta, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;

(b)

cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc má tá súil ann go réasúnta go ndéanfadh na míchleachtais sin difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;

(c)

déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí gnó a riaradh sa chaoi is go gcuirfear chun cinn tionchar sóisialta dearfach na ngnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil siad tar éis infheistiú, na leasanna is fearr do na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, na hinfheisteoirí iontu agus sláine an mhargaidh;

(d)

cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí sna gnóthais phunainne cháilitheacha agus in iarmhairt dhearfach shóisialta na ngnóthas sin;

(e)

beidh dóthain eolais agus tuisceana acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha sin a bhfuil infheistíocht acu iontu;

(f)

déileálfar go cothrom lena n-infheisteoirí;

(g)

áiritheoidh siad nach bhfaighidh aon infheisteoir cóireáil níos fabhraí, mura rud é go nochtfar an chóireáil níos fabhraí sin i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.

Airteagal 8

1.   I gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, ní dhéanfar aon difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus a infheisteoirí. Ní dhéanfaidh an bainisteoir feidhmeanna a tharmligean a mhéid, go bunúsach, nach féidir é a mheas gur bainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh é a thuilleadh agus a mhéid a thiocfaidh sé chun bheith ina eintiteas bosca poist.

2.   Ní dhéanfaidh aon tarmligean feidhmeanna faoi mhír 1 dochar d’éifeachtúlacht na maoirseachta ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, agus, go háirithe, ní dhéanfaidh sé an bainisteoir sin a chosc ó ghníomhú, nó an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ó bheith á bhainistiú, ar mhaithe le leas a chuid infheisteoirí.

Airteagal 9

1.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras lena áirithiú nach ndéanfaidh siad dochar díobhálach do leasanna na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu agus go ndéileáiltear go cothrom leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu.

2.   Aithneoidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:

(a)

bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, daoine a dhéanann gnó na mbainisteoirí sin a sheoladh go héifeachtach, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá rialaithe acu, go díreach nó go hindíreach, agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn na bainisteoirí sin nó na hinfheisteoirí iontu;

(b)

ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna, nó na hinfheisteoirí ann;

(c)

an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á mbainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.

3.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh.

4.   Déanfar coinbhleachtaí leasa a nochtadh mar a thagraítear dó i mír 1, i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc, agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu lena áirithiú, le muinín réasúnta, go mbeidh cosc ar an mbaol damáiste do leasanna na n-infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir do na hinfheisteoirí sula ndéanfaidh siad gnó a riaradh thar a gceann.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:

(a)

na cineálacha coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

na céimeanna a ghlacfaidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, i dtéarmaí na struchtúr agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.

Airteagal 10

1.   I gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistíonn siad, úsáidfidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nósanna imeachta chun tomhas a dhéanamh ar an méid a mbeidh an iarmhairt shóisialta dhearfach a bhfuil siad tiomanta dó bainte amach ag na gnóthais phunainne cháilitheacha, ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Déanfaidh na bainisteoirí a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta soiléir agus trédhearcach agus go bhfuil táscairí ar áireamh iontu a bhféadfadh sé, ag brath ar an gcuspóir sóisialta agus nádúr an ghnóthais punainne cháilithigh, go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hábhair seo a leanas ar áireamh iontu:

(a)

fostaíocht agus margaí saothair;

(b)

caighdeáin agus cearta atá gaolmhar le cáilíocht poist;

(c)

cuimsiú sóisialta agus cosaint grúpaí áirithe;

(d)

cóir chomhionannais, comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú;

(e)

sláinte agus sábháilteacht phoiblí;

(f)

rochtain agus éifeachtaí ar chosaint shóisialta agus ar chórais sláinte agus oideachais.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu mionsonraí na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha éagsúla.

Airteagal 11

1.   Beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i gcónaí, agus úsáidfidh siad acmhainní teicniúla agus daonna leormhaithe agus iomchuí a bheidh riachtanach do bhainistiú chuí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

2.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áirithiú, gach tráth, go bhfuil siad ábalta leordhóthanacht a gcistí dílse a dhlisteanú chun leanúnachas oibríochtúil a chothabháil agus a réasúnú a nochtadh i dtaobh cén fáth a bhfuil na cistí leordhóthanach mar a shonraítear in Airteagal 14.

Airteagal 12

1.   Déanfar rialacha maidir le luacháil sócmhainní a leagan síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus áiritheoidh siad próiseas luachála iontaofa agus trédhearcach.

2.   Áiritheoidh na nósanna imeachta luachála a úsáidtear go bhfuil na sócmhainní á luacháil i gceart agus go ríomhtar an luach sócmhainne go bliantúil ar a laghad.

3.   Chun comhsheasmhacht a áirithiú i luacháil gnóthas punainne cáilitheach, déanfaidh ÚEUM treoirlínte a fhorbairt a leagann amach comhphrionsabail maidir le cóireáil na n-infheistíochtaí sna gnóthais sin ag cur san áireamh a bpríomhchuspóir iarmhairt intomhaiste sóisialta dearfach a bhaint amach ag úsáid a gcuid brabús ar an gcéad dul síos chun an iarmhairt sin a bhaint amach.

Airteagal 13

1.   Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha tuarascáil bhliantúil ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá á bhainistiú acu, faoi shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil ar chomhdhéanamh phunainn an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus gníomhaíochtaí na bliana roimhe sin. Nochtfar ann chomh maith na brabúis arna dtuilleadh ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag deireadh a ré agus, más infheidhme, na brabúis arna ndáileadh le linn a ré. Beidh na cuntais airgeadais iniúchta a bhaineann leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar áireamh sa tuarascáil. Táirgfear an tuarascáil bhliantúil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe reatha agus na téarmaí ar chomhaontaigh na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an tuarascáil ar fáil d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus infheisteoirí teacht ar chomhaontú faoi nochtuithe breise lena chéile.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil bhliantúil:

(a)

mionsonraí, de réir mar is iomchuí, faoin toradh sóisialta iomlán ar an mbeartas infheistíochta agus an modh a úsáideadh chun an toradh sin a thomhas;

(b)

ráiteas maidir le haon dífheistiú a tharla a bhaineann le gnóthais phunainne cháilitheacha;

(c)

tuairisc ina mínítear ar de thoradh nó nach de thoradh na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 14(1) a tharla dífheistiú i ndáil le sócmhainní eile an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nach n-infheistítear i ngnóthais phunainne cháilitheacha;

(d)

achoimre ar na gníomhaíochtaí a rinne an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach maidir leis na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 14(1);

(e)

faisnéis ar chineál agus ar chuspóir na n-infheistíochtaí eile seachas infheistíochtaí punainne cáilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

3.   Déanfar iniúchóireacht ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a sheoladh go bliantúil ar a laghad. Deimhneoidh an iniúchóireacht go bhfuil airgead agus sócmhainní á sealbhú in ainm an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tar éis taifid agus seiceálacha leormhaithe a bhunú agus a chothabháil i leith úsáid aon sainordú nó rialaithe ar airgead agus ar shócmhainní an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus na hinfheisteoirí ann.

4.   I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear a gcuid urrús isteach chun a trádála ar mhargadh rialaithe (10) i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.

Airteagal 14

1.   Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i ndáil leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a n-infheisteoirí ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta, ar bhealach soiléir agus intuigthe faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad sula ndéanfaidh siad cinneadh infheistíochta:

(a)

céannacht bhainisteora agus aon soláthraithe seirbhísí eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir lena mbainistíocht, agus tuairisc ar a ndualgais;

(b)

méid a gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin, chomh maith le ráiteas mionsonraithe maidir le cén fáth a measann an bainisteoir sin go bhfuil an méid sin dóthanach chun na hacmhainní leormhaithe daonna agus teicniúla a chothabháil is gá chun a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú go cuí;

(c)

tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, lena n-áirítear:

(i)

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina mbeartaíonn sé infheistiú;

(ii)

aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile ina bhfuil sé beartaithe aige infheistiú;

(iii)

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé beartaithe ag aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistíocht a dhéanamh;

(iv)

na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bheartaíonn sé a dhéanamh;

(v)

na teicnící a bheartaíonn sé a úsáid; agus

(vi)

aon srianta infheistíochta is infheidhme;

(d)

an tionchar sóisialta dearfach a bhfuil beartas infheistíochta an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh dírithe air, lena n-áirítear nuair is ábhartha, réamh-mheastacháin ar na torthaí sin de réir mar is réasúnta, agus faisnéis faoi fheidhmíocht go dtí seo sa réimse sin;

(e)

na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an tionchar sóisialta a thomhas;

(f)

tuairisc ar na sócmhainní seachas gnóthais phunainne cháilitheacha agus an próiseas agus na critéir a úsáidtear chun na sócmhainní sin a roghnú murar airgead tirim nó coibhéisí airgid iad;

(g)

tuairisc ar phróifíl riosca an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní inar féidir leis an gciste infheistíocht a dhéanamh nó na teicníochtaí infheistíochta is féidir a úsáid;

(h)

tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus ar an modh praghsála chun sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;

(i)

tuairisc ar an tslí a ríomhtar luach saothair an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;

(j)

tuairisc ar na costais ábhartha go léir agus ar na huasmhéideanna díobh;

(k)

feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, má tá sí ar fáil;

(l)

na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile a bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacht ag soláthar nó ag eagrú trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó oibriú leanúnach, i gcásanna áirithe, na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú faoi sin;

(m)

tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.

2.   Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Coimeádfar í cothrom le dáta agus déanfar í a athbhreithniú go rialta i gcás inarb ábhartha.

3.   I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála (11) nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:

(a)

inneachar na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus pointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

an tslí is féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus i bpointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i láthair ar shlí aonfhoirmeach d’fhonn an t-uasleibhéal inchomparáideachta a áirithiú.

CAIBIDIL III

MAOIRSEACHT AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 15

1.   Bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhfuil sé de rún acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid chun a gcuid cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad údarás inniúil a mBallstáit baile ar an eolas faoin rún sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a)

céannacht na ndaoine a dhéanann bainistíocht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sheoladh go héifeachtach;

(b)

céannacht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta;

(c)

faisnéis faoi na socruithe a rinneadh maidir le ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d)

liosta de Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú iontu;

(e)

liosta de Bhallstáit a bhfuil cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha bunaithe iontu ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a bhunú ann.

2.   Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chlárú ach amháin má comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na daoine a dhéanann gnó bainistithe cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha go héifeachtach de cháil sách maith agus go bhfuil taithí go leor freisin acu i ndáil leis na straitéisí infheistíochta arna saothrú ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear dá dtagraítear faoi mhír 1 iomlán;

(c)

go bhfuil na socruithe a fhógraítear faoi phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d)

go léiríonn an liosta a chuirtear in iúl de réir phointe (e) de mhír 1 go mbunaítear gach ceann de na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

3.   Beidh an clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha margaíocht a dhéanamh ar chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha faoin sonrúchán “EuSEF” ar fud an Aontais.

Airteagal 16

Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an fhaisnéis a thugtar d’údarás inniúil an Bhallstáit baile a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu:

(a)

ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nua a mhargú; nó

(b)

ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá ann cheana i mBallstát ach nár luadh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 15(1) a mhargú.

Airteagal 17

1.   Díreach tar éis bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chlárú, ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nua a chur leis, sainchónaí nua do bhunú ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a chur leis nó Ballstát nua a chur leis ina bhfuil sé beartaithe ag bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach margaíocht a dhéanamh ar chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoi seo a thabhairt do na Ballstáit atá luaite i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1) agus do ÚEUM dá réir sin.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit baile atá luaite i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1) den Rialachán seo aon cheanglais nó nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú a chuid ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a fhorchur ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus ní cheanglóidh siad aon fhormheas a bheith déanta ar an margú sula dtosóidh sé.

3.   Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid an fhógra faoin Airteagal seo a chinneadh.

4.   Déanfaidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 18

Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a bheidh inrochtana ag an bpobal ar an idirlíon, ina liostófar bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha uile, atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargaíonn siad chomh maith leis na tíortha ina ndéantar na cistí sin a mhargú.

Airteagal 19

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.

2.   I gcás ina mbeidh forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé in iúl go pras don údarás inniúil sa Bhallstát baile dá réir sin. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta iomchuí.

3.   Más rud é go leanfaidh an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag gníomhú ar shlí atá go soiléir ar neamhréir leis an Rialachán seo in ainneoin na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a chur ar an eolas mar gheall air, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chosc ó aon mhargaíocht breise a dhéanamh ar a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

Airteagal 20

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Beidh na cumhachtaí seo a leanas acu go háirithe:

(a)

rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b)

a cheangal ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;

(c)

faisnéis a iarraidh ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó gníomhaíochtaí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;

(d)

tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;

(e)

bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar aghaidh ag comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo;

(f)

ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an Rialachán seo agus go scorfar ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.

Airteagal 21

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Faoin 16 Bealtaine 2015, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

Airteagal 22

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2 má dhéanann bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

má mhainníonn sé na ceanglais atá infheidhme maidir le comhdhéanamh na punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b)

má dhéanann sé margú, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

(c)

má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” gan a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15;

(d)

má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” chun cistí a mhargú nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3(1);

(e)

má tá clárúchán faighte aige trí ráitis bhréagacha nó aon slí neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 15;

(f)

má mhainníonn na bainisteoirí gníomhú go macánta, go cothrom nó leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí, agus a ngnó á sheoladh acu de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;

(g)

má mhainníonn na bainisteoirí beartais agus nósanna imeachta cuí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;

(h)

má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i)

má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile an oibleagáid a chomhlíonadh chun infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí:

(a)

bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7 agus Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15;

(b)

úsáid an tsonrúcháin “EuSEF” a thoirmeasc agus an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhaint den chlár.

3.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údaráis inniúla na mBallstát aíochta i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1) agus ÚEUM gan mhoill ar an eolas faoi bhaint an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach den chlár dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Rachaidh an ceart chun ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú san Aontas faoin sonrúchán “EuSEF” as feidhm le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.

Airteagal 23

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM le chéile nuair is gá chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Malartóidh údaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

Airteagal 24

1.   Tá gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla nó do ÚEUM, agus na hiniúchóirí agus na saineolaithe a fuair treoir ó na húdaráis inniúla nó ó ÚEUM, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin i mbun a gcuid dualgas a nochtadh le haon duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomláin ionas nach bhféadfaí bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a aithint ar leithligh, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoi imeachtaí faoin Rialachán seo.

2.   Ní chuirfear bac ar údaráis inniúla na mBallstát nó ar ÚEUM faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

3.   I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla nó ÚEUM faisnéis rúnda i gcomhréir le mír 2, ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid ach le linn dóibh a bheith i mbun a gcuid dualgas agus chun críche imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.

Airteagal 25

I gcás easaontaithe i measc údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht údaráis inniúil amháin i limistéir ina gceanglaíonn an Rialachán seo go mbeidh comhoibriú nó comhordú idir údaráis inniúla ó bhreis is Ballstát amháin, féadfaidh údaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, sa mhéid nach mbaineann an t-easaontú le pointe (i) de phointe (b) nó le pointe (i) de phointe (d) d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachtaí a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 9(5), Airteagal 10(2) nó Airteagal 14(4) i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 27

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn iad a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

(a)

an úsáid, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann, a bhain bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i mBallstáit éagsúla as an sonrúchán “EuSEF”;

(b)

dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a ghabh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha de láimh;

(c)

oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 14, go háirithe cibé ar leor iad chun a chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hinfheistíocht;

(d)

an úsáid a bhain cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha as na hinfheistíochtaí cáilitheacha éagsúla agus an tionchar a bhí ag an úsáid sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais;

(e)

oiriúnacht lipéad Eorpach a bhunú i gcomhair “fiontair shóisialta”;

(f)

an fhéidearthacht cistí fiontraíochta sóisialta arna mbunú i dtríú tír a cheadú úsáid a bhaint as an sonrúchán “EuSEF” ag cur san áireamh taithí ó chur i bhfeidhm Mholadh an Choimisiúin maidir le bearta lena mbeartaítear spreagadh a thabhairt do thríú tíortha íoschaighdeáin dea-rialachais i gcúrsaí cánach a chur i bhfeidhm;

(g)

cur i bhfeidhm praiticiúil na gcritéar maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha a aithint agus an tionchar a bhí aige sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais agus a dtionchar sóisialta dearfach;

(h)

anailís ar na nósanna imeachta a chuireann bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i bhfeidhm chun iarmhairt shóisialta dhearfach a thomhas a ghineann na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus measúnú ar an bhféidearthacht caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun an iarmhairt shóisialta a thomhas ar leibhéal an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach le beartas sóisialta an Aontais;

(i)

an deis margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a leathnú amach chun infheisteoirí miondíola;

(j)

oiriúnacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áireamh laistigh de shócmhainní incháilithe faoi Threoir 2009/65/CE;

(k)

oiriúnacht an Rialachán seo a chomhlánú le córas taisclainne;

(l)

scrúdú ar na constaicí cánach féideartha le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta agus measúnú ar dhreasachtaí cánach féideartha atá dírithe ar fhiontraíocht shóisialta a spreagadh san Aontas;

(m)

meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht i gcistí ag úsáid an tsonrúcháin “EuSEF”, lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh ag dlí eile an Aontais de chineál stuamachta ar infheisteoirí institiúideacha.

2.   Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faoin 22 Iúil 2017 maidir le pointí (a) go (e) agus (g) go (m); agus

(b)

faoin 22 Iúil 2015 maidir le pointe (f).

3.   Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 28

1.   Faoin 22 Iúil 2017, cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar an idirghníomhú idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe iad siúd a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE. Tabharfaidh an t-athbhreithniú sin aghaidh ar raon feidhme an Rialacháin seo. Baileoidh sé sonraí chun measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil sé riachtanach an raon feidhme a leathnú amach chun a cheadú do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta a bhfuil sócmhainní faoi bhainistiú acu ar mó iad ina n-iomlán ná an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) chun teacht chun bheith ina mbainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 29

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 22 Iúil 2013, cé is moite d’Airteagal 3(2), d’Airteagal 9(5), d’Airteagal 10(2) agus d’Airteagal 14(4), a mbeidh feidhm acu ón 15 Bealtaine 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 175, 19.6.2012, lch. 11.

(2)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 55.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Márta 2013.

(4)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(5)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(6)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(7)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(10)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(11)  IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.


Top