EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0099

Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis

OJ L 39, 9.2.2013, p. 12–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 01 Volume 013 P. 258 - 275

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0690

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/99/oj

9.2.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/12


RIALACHÁN (AE) Uimh. 99/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sonraí eimpiriciúla agus staidreamh iontaofa fíor-riachtanach chun dul chun cinn bheartais agus chláir an Aontais a thomhas agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe i gcomhthéacs straitéis Eoraip 2020 arna leagan amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “Eoraip 2020: Straitéis d’fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” (Eoraip 2020).

(2)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (2), ba cheart clár staidrimh Eorpach ilbhliantúil (an “clár ilbhliantúil”) a bhunú, lena soláthrófar creat chun gníomhaíochtaí an Aontais a mhaoiniú.

(3)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart don chlár ilbhliantúil an creat a sholáthar chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus le haghaidh phríomhréimsí agus chuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana. Ba cheart dó tosaíochtaí a leagan síos maidir le riachtanais faisnéise le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais a chur i gcrích. Ba cheart go mbreathnófaí ar na riachtanais sin le hais na n-acmhainní sin a mbeidh gá leo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an staidreamh riachtanach a sholáthar, agus freisin le hais an ualaigh fhreagartha agus le hais chostais ghaolmhara na bhfreagróirí, agus aird ar leith á tabhairt ar chostéifeachtúlacht.

(4)

Ba cheart forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh faoi chuimsiú chreat reachtach an chláir ilbhliantúil a bhaint amach trí chomhar dlúth agus comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) idir údarás staidrimh an Aontais, arb é an Coimisiún (Eurostat) é, agus na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile de réir mar a ainmneoidh na Ballstáit iad (3) (i dteannta a chéile, “údaráis staidrimh náisiúnta”). Tá neamhspleáchas gairmiúil na n-institiúidí staidrimh náisiúnta agus an Choimisiúin (Eurostat) riachtanach chun sonraí staidrimh inchreidte agus ardcháilíochta a sholáthar.

(5)

Tá comhar níos dlúithe idir an Coimisiún (Eurostat) agus na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta fíor-riachtanach chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. Ba cheart don chomhar níos dlúithe sin díriú go príomha ar oiliúint mhodheolaíoch bhreise ar staidreamh agus ar ábhair ghaolmhara, maidir le dea-chleachtais atá ann cheana féin a fhorbairt agus a scaipeadh laistigh de CSE, agus maidir le foireann a mhalartú sa dá threo idir na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat).

(6)

Is deis é cur chun feidhme an chláir ilbhliantúil chun staidreamh Eorpach comhchuibhithe a sholáthar chun rannchuidiú le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh faisnéise staidrimh atá coiteann, inchomparáide agus iontaofa ar leibhéal an Aontais.

(7)

Tá staidreamh ardcháilíochta arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár ilbhliantúil riachtanach le haghaidh cinnteoireachta fianaise-bhunaithe, ba cheart é a bheith ar fáil go tráthúil agus ba cheart go gcuirfeadh sé le cur chun feidhme bheartais an Aontais mar atá léirithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Eoraip 2020 agus i mbeartais eile ar a ndírítear i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin don tréimhse 2010-14, eadhon rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháthaithe, athrú aeráide, beartas talmhaíochta athchóirithe, fás agus comhtháthú sóisialta, cothromaíocht inscne, Eoraip an phobail agus domhandú. Ba cheart iad a chothú trí ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gclár ilbhliantúil i gcás inar féidir leis an Aontas breisluach follasach a thabhairt leis agus go mbeadh sé d’aidhm acu a áirithiú go ndéileáiltear leis na táscairí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil go léir ar bhonn cothrom.

(8)

Agus réimsí staidrimh a bheidh le forbairt á sainiú, ba cheart go gcuirfí san áireamh cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (4), a bhaineann le modúil nua um chuntais eacnamaíocha chomhshaoil a fhorbairt.

(9)

Sa bhreis air sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt i staidéir staidrimh ar thionchar chláir chomhdhlúthaithe fioscaigh ar oibrithe agus ar shaoránaigh eile. Ba cheart sonraí staidrimh a bhailiú ar bhealach a áiritheodh feiceálacht forbairtí i mBallstáit aonair, amhail forbairtí maidir le dífhostaíocht, maidir le méid na n-íocaíochtaí aistrithe sóisialta agus na hathruithe orthu, líon agus cáilíocht na bpost, soghluaisteacht an lucht saothair laistigh de na Ballstáit, laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus tríú tíortha, agus na hathruithe sochgheografacha gaolmhara i struchtúr pá agus i mbearta oiliúna.

(10)

Le blianta beaga anuas, tá CSE tar éis aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshlán. Ar an gcéad dul síos, is féidir le heasnamh staidrimh náisiúnta ardcháilíochta éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar Bhallstáit agus ar an Aontas i gcoitinne. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, chun críoch beartas a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus go háirithe i gcomhthéacs sásraí maoirseachta an limistéir euro, staidreamh atá beacht go seasta agus ar ardcháilíocht, arna sholáthar ag institiúidí staidrimh náisiúnta atá neamhspleách go gairmiúil a bheith ann.

(11)

Ar an dara dul síos, tá síormhéadú ag teacht ar an méid staidrimh Eorpaigh atá de dhíth, agus ní dócha go dtiocfaidh athrú ar an treocht sin sa todhchaí. Is dúshlán ar leith é an domhandú eacnamaíoch, lena n-éilítear méadracht nua chun slabhraí luacha domhanda a thomhas ar bhealach atá comhordaithe go hidirnáisiúnta, agus leis sin pictiúr níos fearr a sholáthar ar fhás eacnamaíoch agus ar chruthú post.

(12)

Ar an tríú dul síos, tá cineál na riachtanas de shíor ag athrú, rud a éilíonn tuilleadh sineirge idir réimsí staidrimh.

(13)

Ar an gceathrú dul síos, féadfaidh miondealuithe iomchuí ar na sonraí atá ar fáil é a dhéanamh níos éasca faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais agus ar thionchar na mbeartas atá curtha chun feidhme ar na saoránaigh, lena n-áirítear na daoine is soghonta.

(14)

Ar an gcúigiú dul síos, tá athrú tagtha ar nádúr an staidrimh. Ní hionann é a thuilleadh agus díreach foinse amháin faisnéise chun críoch beartas a dhéanamh, ach tá sé anois i gcroílár an phróisis cinnteoireachta. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta a bhfuil baint acu leis na sainchuspóirí a bhfuil siad ag freastal orthu, agus tá méadú faoin ngá atá ann le staidreamh casta iltoiseach le bheith mar thaca ag réimsí beartais ilchodacha. Chun freagairt i gceart do cheanglais dhéanta beartais, is gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de a bheith ann, i gcás inarb iomchuí.

(15)

Ar an séú dul síos, i ngeall ar ghníomhaithe nua bheith tagtha isteach i margadh na faisnéise, lena n-áirítear iad siúd a chuireann faisnéis ar fáil i bhfíor-am, nach mór, is é ardcháilíocht, lena n-áirítear tráthúlacht a bheidh mar thosaíocht do CSE feasta.

(16)

Ar an seachtú dul síos, de dheasca srianta buiséid ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon maille leis an ngá atá ann an t-ualach ar fhiontair agus ar shaoránaigh a laghdú tuilleadh, cuirtear le dúshlán a bhí mór cheana.

(17)

I dTeachtaireacht an Choimisiúin an 10 Lúnasa 2009 maidir le modh táirgthe staidreamh an AE: fís do na deich mbliana atá ag teacht agus i straitéis CSE maidir lena chur chun feidhme, pléitear na seacht ndúshlán sin go léir trí dhíriú ar athchóiriú a dhéanamh ar mhodhanna oibre CSE le cur lena éifeachtúlacht agus lena sholúbthacht. Is é cur chun feidhme na Teachtaireachta sin croí an chláir ilbhliantúil agus straitéis chomhpháirteach CSE á leanúint.

(18)

Chun sláine agus bainistíocht cáilíochta fhorbairt, tháirgeacht agus scaipeadh an staidrimh Eorpaigh faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus don Choimisiún (Eurostat) gach beart is gá a ghlacadh chun muinín an phobail a choinneáil i staidreamh agus chun ceadú a thabhairt do chur i bhfeidhm níos déine Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh atá i bhfeidhm agus Theachtaireacht an Choimisiúin an 15 Aibreán 2011 dar teideal “I dtreo bainistiú cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach”, agus na prionsabail a leagtar amach iontu á gcomhlíonadh.

(19)

Agus é mar aidhm na hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí náisiúnta agus do tháirgeoirí Eorpacha chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh a chomhoiriúnú níos fearr leis an ngá méadaitheach le staidreamh, ba cheart i gcéim ullmhúcháin chláir oibre staidrimh bhliantúla an Choimisiúin, ar clár iad ina léirítear an clár ilbhliantúil seo go mion, athbhreithniú sistéamach agus críochnúil ar thosaíochtaí staidrimh a áireamh, lena laghdófar na ceanglais nach bhfuil ríthábhachtach agus lena simpleofar na próisis atá ann cheana, agus ag an am céanna a fheabhsóidh an tsláine agus a choinneoidh staidreamh oifigiúil ar ardchaighdeán. Ba cheart an t-ualach atá ar fhreagróirí a thabhairt i gcuntas freisin, bídís ina ngnólachtaí, ina n-aonaid den rialtas lárnach, réigiúnach nó áitiúil, ina dteaghlaigh nó ina ndaoine aonair. Ba cheart an próiseas a shaothrú i ndlúthchomhar le húsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh araon.

(20)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhroinnt réasúnta an ualaigh airgeadais idir buiséid an Aontais agus na mBallstát a bhaint amach. Sa bhreis ar an leithdháileadh airgeadais atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart, dá bhrí sin, an cistiú is iomchuí a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta do na húdaráis staidrimh náisiúnta chun na gníomhaíochtaí staidrimh éagsúla a dhéanamh, arna gcinneadh chun an clár ilbhliantúil a chur chun feidhme.

(21)

Ag féachaint don ualach maidir le comhlíonadh, go háirithe an t-ualach ar na Ballstáit bheaga, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) cúnamh teicniúil agus saineolas a sholáthar do na Ballstáit chun cabhrú leo dul i ngleic le srianta taighde agus bacanna móra modheolaíochta, d’fhonn comhlíonadh a áirithiú agus sonraí ardcháilíochta a sholáthar.

(22)

Ba cheart clúdach airgeadais an chláir ilbhliantúil a leithdháileadh ar dhóigh ina ndéanfar na speansais a mbeidh gá leo a chlúdach chun feabhas a chur ar an bpróiseas le haghaidh staidreamh ardcháilíochta Eorpach a tháirgeadh, agus ar an gcumas déanamh amhlaidh, agus le haghaidh riachtanais oiliúna na staitisteoirí náisiúnta.

(23)

Le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas, ba cheart go dtacófaí le gníomhaíochtaí chun staidreamh Eorpach, mar a leagtar amach sa Rialachán seo é, a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ba cheart go mbeadh na ranníocaíochtaí sin i bhfoirm deontas, conarthaí soláthair phoiblí nó i bhfoirm aon idirghabhála eile is gá chun críoch cuspóirí an chláir ilbhliantúil a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh úsáid cnapshuimeanna ina príomhbhealach chun bainistiú deontas a shimpliú.

(24)

De bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart struchtúr airgeadais leormhaith a fhorbairt chun tacú le líonraí comhoibríocha.

(25)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gclár ilbhliantúil a oscailt i gcomhair rannpháirtíocht na dtíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá páirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“na tíortha LEE/CSTE”) agus na hEilvéise. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an gclár ilbhliantúil a oscailt i gcomhair rannpháirtíochta tíortha eile, go háirithe tíortha comharsanachta an Aontais, tíortha a bhfuil iarratas ar bhallraíocht den Aontas curtha isteach acu agus tíortha ar iarrthóirí iad agus tíortha aontacha.

(26)

I gcomhthéacs chur chun feidhme an chláir ilbhliantúil, i gcás inarb iomchuí, ba cheart comhar le tríú tíortha nach bhfuil páirteach sa chlár ilbhliantúil a spreagadh, ag cur san áireamh aon chomhaontuithe ábhartha, nó aon chomhaontuithe atá insamhlaithe, idir na tíortha sin agus an tAontas.

(27)

Chun go measfar mar chinntí airgeadais iad de réir Airteagal 84(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (5) (“an Rialachán Airgeadais”), ní mór go leagfaí amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an clár ilbhliantúil a chur chun feidhme na cuspóirí atáthar a shaothrú, na torthaí lena bhfuiltear ag súil, an modh cur chun feidhme agus a méid iomlán. Ní mór tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, tásc ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus amchlár táscach don chur chun feidhme a bheith ar áireamh iontu freisin. Is inmhianaithe go leagfaí amach iontu freisin ábharthacht na gcuspóirí atá á saothrú do riachtanais na n-úsáideoirí agus plean tionscadail. I gcás deontas, ba cheart go mbeadh na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta bhunriachtanacha agus an ráta uasta cómhaoinithe ar áireamh iontu. Thairis sin, ba cheart táscairí iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí a bheith ar áireamh sna cláir oibre bhliantúla.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an clár ilbhliantúil a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(29)

Rinneadh meastóireacht ex-ante i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, d’fhonn an clár ilbhliantúil seo a dhíriú ar an ngá atá le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus le srianta buiséadacha a chomhtháthú ó chéim dheartha an chláir ilbhliantúil ar aghaidh. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar luach agus ar thionchar na mbeart arna ndéanamh faoin gclár ilbhliantúil, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as meastóirí seachtracha. Chun na críche meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ilbhliantúil, foirmlíodh cuspóirí intomhaiste agus forbraíodh táscairí.

(30)

Le haghaidh 2013, leagtar síos leis an Rialachán seo clúdach airgeadais le haghaidh an chláir ilbhliantúil, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, ar clár é a bheidh ina thagairt phríomha don údarás buiséadach, de réir bhrí phointe 37 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (6).

(31)

Sa bhreis ar an gclúdach airgeadais atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart go dtabharfaí, a mhéid is féidir, cistiú iomchuí ar an leibhéal náisiúnta do na gníomhaíochtaí staidrimh aonair atá dírithe ar an gclár ilbhliantúil seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí i bhfoirm comhaontaithe idir na húdaráis staidrimh náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat).

(32)

Is é an mheasúnacht tionchair don Rialachán seo, lena sonraítear coigilteas costais don Aontas agus do na Ballstáit, is bunús le gealladh airgeadais chuig an gclár ilbhliantúil. Beidh coigilteas costais ann mar thoradh, go háirithe, ar mhodhanna nua chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh de thoradh forbairtí i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.

(33)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis.

(34)

Chun comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí staidrimh faoin gclár ilbhliantúil do bhliain féilire iomlán 2013 a áirithiú agus chun críche cinnteachta dlíthiúla, ba cheart do dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe, agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013. Ba cheart, go háirithe, do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo údar maith a thabhairt le híocaíochtaí leis an bhfoireann ar conradh chomh maith le gach gníomhaíocht faoin gclár ilbhliantúil.

(35)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cuireadh an dréachtchlár ilbhliantúil faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, an Choiste Chomhairligh um Staidreamh Eorpach a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 2006/856/CE ón gComhairle (8), chun go ndéanfaí réamhscrúdú air,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Clár Staidrimh Eorpach a bhunú

Bunaítear leis seo an clár staidrimh Eorpach don tréimhse ó 2013 go 2017 (“an clár”).

Airteagal 2

Breisluach

Tá sé de bhreisluach ag an gclár go n-áiritheofar leis go mbeidh staidreamh Eorpach dírithe ar an bhfaisnéis is gá chun beartais an Aontais a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Thairis sin, cuireann sé le húsáid éifeachtach acmhainní trí ghníomhaíochtaí a chothú lena gcuirtear ar bhealach bunriachtanach le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh faisnéise staidrimh atá comhchuibhithe, inchomparáide, iontaofa, so-úsáidte agus inrochtana, bunaithe ar na caighdeáin aonfhoirmeacha agus ar na prionsabail chomhchoiteanna mar a leagtar amach iad i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (“Cód Cleachtais”), arna ghlacadh ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), go háirithe na critéir cháilíochta i ndáil le hábharthacht, le cruinneas agus iontaofacht, le tráthúlacht agus poncúlacht, le hinrochtaineacht agus soiléireacht, agus le comhleanúnachas agus inchomparáideacht.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo soláthraítear an creat cláreagrúcháin i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh, príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don tréimhse ó 2013 go 2017, i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.   Ní chumhdaítear leis an gclár bearta dá bhforáiltear leis an gClár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil (“Clár MEETS”), arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1297/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), go dtí deireadh Chlár MEETS an 31 Nollaig 2013 ach áirítear ann cuspóirí i réimse an staidrimh fiontair agus trádála a bhfuil sé beartaithe a chur chun feidhme ó 2014 go 2017.

Airteagal 4

Cuspóirí

1.   Is é cuspóir ginearálta an chláir go leanfadh an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) de bheith mar phríomhsholáthróir staidrimh ardcháilíochta maidir leis an Eoraip.

2.   Agus aird á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chomh maith leis an ualach freagartha, saothrófar na cuspóirí sonracha a leanas i ngníomhaíochtaí staidrimh arna ndéanamh ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir:

—   Cuspóir 1: faisnéis staidrimh a sholáthar, go tráthúil chun tacú le forbairt, le faireachán agus le meastóireacht ar bheartais an Aontais a thugann léiriú iomchuí ar thosaíochtaí, agus cothromaíocht á coimeád idir na réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus freastal á dhéanamh ar raon leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh na hEorpa i gcoitinne, ar dhóigh cost-éifeachtúil gan dúbailt iarrachta nach gá,

—   Cuspóir 2: modhanna táirgeachta nua a chur chun feidhme maidir le staidreamh Eorpach a dhíríonn ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta,

—   Cuspóir 3: an chomhpháirtíocht laistigh de CSE agus in áiteanna eile a neartú chun feabhas breise a chur ar a tháirgiúlacht agus a ról ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil, agus

—   Cuspóir 4: a áirithiú go gcoimeádtar seachadadh an staidrimh sin comhsheasmhach le linn ré an chláir, ar choinníoll nach gcuireann sé sin isteach ar shásraí socraithe tosaíochtaí CSE.

3.   Tá na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 mionléirithe tuilleadh san Iarscríbhinn maille leis na táscairí arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir. I gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, beidh an clár faoi réir pleanála bliantúla mionsonraithe lena n-áiritheofar sásra socraithe tosaíochtaí mar dhlúthchuid den phróiseas. Bainfear amach cuspóirí an chláir trí chomhar dlúth agus comhordaithe i CSE. Áireofar sa chlár ionstraimí iomchuí a fhorbairt a mbeidh cáilíocht fheabhsaithe, solúbthacht níos fearr de CSE agus cumas méadaithe chun riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh go tráthúil mar thoradh orthu. Déanfaidh sé ceannródaíocht freisin ar tháscairí iontaofa a fhorbairt a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois, eadhon inbhuanaitheacht chomhshaoil, cáilíocht saoil agus comhtháthú sóisialta a thomhas, agus gníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil threasach agus sa gheilleagar sóisialta a thaifeadadh.

Airteagal 5

Rialachas, neamhspleáchas, trédhearcacht agus cáilíocht staidrimh

1.   Déanfar staidreamh Eorpach a sholáthar ar dhóigh gairmiúil, neamhspleách agus trédhearcach.

2.   Cuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir le prionsabail an Chóid Chleachtais d’fhonn staidreamh Eorpach ardcháilíochta, comhchuibhithe agus inchomparáide a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus d’fhonn dea-fheidhmiú CSE ina iomláine a áirithiú. Áiritheoidh na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údarás staidrimh an Aontais (an Coimisiún (Eurostat)) go gcomhlíonfaidh staidreamh Eorpach, trína neamhspleáchas gairmiúil, an Cód Cleachtais.

3.   Maidir leis na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, arna n-ainmniú ag na Ballstáit (i dteannta a chéile, “údaráis staidrimh náisiúnta”), agus ag an gCoimisiún (Eurostat), agus atá freagrach as forbairt, as táirgeadh, agus as scaipeadh staidrimh Eorpaigh, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

a bheith mar aidhm acu neartú a dhéanamh ar thimpeallacht institiúideach agus eagraíochtúil, a chuireann chun cinn comhordú, éifeachtacht agus inchreidteacht údarás staidrimh náisiúnta agus an Choimisiúin (Eurostat) lena dtáirgtear agus lena scaiptear staidreamh Eorpach,

béim a leagan ar na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus ar riachtanais na n-úsáideoirí,

freastal a dhéanamh ar riachtanais úsáideoirí institiúideacha an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus féachaint le staidreamh a fhorbairt a fhreastalóidh ar raon leathan úsáideoirí den staidreamh Eorpach, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh Eorpacha i gcoitinne, agus

comhoibriú le comhlachtaí staidrimh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun úsáid coincheap, aicmiúchán, modhanna agus caighdeán eile idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe d’fhonn tuilleadh comhleanúnachais agus inchomparáideacht níos fearr ar an leibhéal domhanda a áirithiú.

4.   Féachfaidh gach Ballstát lena áirithiú go mbunófar a phróisis táirgthe staidrimh ar dhóigh caighdeánaithe agus go bhfeabhsófar iad, a mhéid is féidir, le sásraí iniúchóireachta.

5.   Ar mhaithe le trédhearcacht, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inarb iomchuí, a mheasúnú a nochtadh go poiblí maidir le cáilíocht rannchuidithe náisiúnta don staidreamh Eorpach mar chuid de bheart tuairiscithe cáilíochta agus faireacháin ar chomhlíonadh.

6.   Breithneoidh an Coimisiún (Eurostat) conas a dhéanfaidh sé a fhoilseacháin, go háirithe iad siúd atá inrochtana trína láithreán gréasáin, níos so-úsáidte do neamhphroifisiúnaigh, agus ceadóidh sé rochtain éasca a bheith ar shraith iomlán sonraí agus déanfaidh sé graif chomparáideacha iomasacha a áireamh ann chun tuilleadh breisluacha a thabhairt do shaoránaigh. Le nuashonrúcháin thráthrialta an Choimisiúin (Eurostat) soláthrófar, i gcás inar féidir sin, faisnéis maidir le gach Ballstát agus sraith sonraí bliantúla, sonraí míosúla agus sonraí fadtéarmacha, i gcás inarb iomchuí, agus i gcás inar mó na tairbhí ná costais an bhailithe.

Airteagal 6

Tosaíochta staidrimh a shocrú

1.   Áiritheofar leis an gclár tionscnaimh staidrimh a bhuntacaíonn le forbairt, le cur chun feidhme agus le faireachán bheartais reatha an Aontais agus soláthróidh sé tacaíocht staidrimh do cheanglais thábhachtacha a bheidh mar thoradh ar thionscnaimh nua beartais de chuid an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 á n-ullmhú aige, socrú tosaíochtaí éifeachtach agus athbhreithniú bliantúil ar, agus tuarascáil bhliantúil maidir le, tosaíochtaí staidrimh a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag na cláir oibre bhliantúla leis sin a áirithiú go bhféadfar na staidrimh Eorpacha a tháirgeadh faoi chuimsiú na n-acmhainní a bheidh ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Le tosaíochtaí a leagan amach, rannchuideofar le laghdú na gcostas agus na n-ualaí maidir leis na ceanglais nua staidrimh trí cheanglais staidrimh i réimsí an staidrimh Eorpaigh atá ann cheana a laghdú agus déanfar é sin a shaothrú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún forbairt agus cur chun feidhme ionstraimí chun athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar thosaíochtaí na ngníomhaíochtaí staidrimh chun rannchuidiú le laghdú na gcostas agus na n-ualaí ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh.

4.   Nuair a bheidh gníomhaíochtaí nua á gcur chun cinn aige agus nuair a bheidh mór-athbhreithnithe á ndéanamh aige ar staidreamh reatha, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí nó na hathbhreithnithe sin a dhlisteanú go cuí agus soláthróidh sé faisnéis lena mbeidh ionchur ó na Ballstáit maidir leis an ualach freagartha agus leis na costais táirgeachta i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 7

Maoiniú

1.   Socraítear clúdach airgeadais an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 2013 ag EUR 57,3 milliún a chumhdaítear leis an tréimhse chláraithe 2007 go 2013.

2.   Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20 (“CAI 2014 go 2020”) a ghlacadh, iarrfar ar an gCoimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtabharfar isteach an leithdháileadh airgeadais don tréimhse 2014 go 2017.

3.   Is é an Coimisiún a chuirfidh tacaíocht airgeadais an Aontais i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

4.   Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir leis na leithreasaí bliantúla i gcomhlíonadh shainchumais an údaráis bhuiséadaigh.

Airteagal 8

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don chlár speansais eile a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, speansais a bhaineann le haisíocaíocht saineolaithe staidrimh, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, speansais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus malartú faisnéise, maille le gach speansas eile de chineál cúnaimh theicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún chun an clár a bhainistiú. Féadfar a chumhdach leis an leithdháileadh cúnamh teicniúil agus saineolas arna soláthar do na Ballstáit nach bhfuil in ann, de bharr imthosca sonracha, staidreamh áirithe Eorpach nó staidreamh den cháilíocht a éilítear a tháirgeadh.

Airteagal 9

Clár oibre bliantúil

Chun an clár a chur chun feidhme glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a shásóidh na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus leagfaidh sé amach na cuspóirí atáthar a shaothrú agus na torthaí lena bhfuiltear ag súil, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán seo. Cuirfear gach clár oibre bliantúil in iúl do Pharlaimint na hEorpa chun críocha faisnéise.

Airteagal 10

Cineálacha idirghabhála

Féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas a bheith i bhfoirm deontas nó conarthaí soláthair phoiblí nó i bhfoirm aon idirghabhála eile is gá chun na gcríoch na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhaint amach.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Le ranníocaíocht airgeadais ón Aontas tacófar le gníomhaíochtaí chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é a bhfuil gá leis chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhaint amach. Tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí lena mbaineann breisluach ard don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2.

2.   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais chun tacú le líonraí comhoibríocha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a bheith i bhfoirm deontas i gcomhair gníomhaíochta agus féadfaidh sí suas le 95 % den chostas incháilithe a chumhdach.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfar deontais oibriúcháin, nach sáróidh 50 % de na costais incháilithe, a dhámhachtain le haghaidh feidhmiú eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

4.   Mar ranníocaíocht le speansais arna dtabhú ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar bhailiú sonraí á ndéanamh acu, féadfaidh cnapshuim in aghaidh na sraithe sonraí, ar sonraí iad a bhfuil torthaí iomlána le cur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ina dtaobh, a íoc suas le huastairseach arna sainiú de réir an bhailiú sonraí. Déanfaidh an Coimisiún méid na cnapshuime a shainiú agus aird chuí á tabhairt aige ar chastacht an bhailithe sonraí.

Airteagal 12

Tairbhithe atá incháilithe do dheontais

1.   I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 128(1) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais do na húdaráis staidrimh náisiúnta a shainaithnítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a dhámhachtain gan glao ar thograí a dhéanamh.

2.   Féadfaidh tairbhithe dá dtagraítear i mír 1 agus comhlachtaí eile a bheith páirteach i líonraí comhoibríocha gan glao a bheith déanta ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 128(1) den Rialachán Airgeadais.

3.   Féadfar na deontais oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a dhámhachtain d’eagraíochtaí a chomhlíonann an dá chritéar seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad neamhbhrabúsach, neamhspleách ar an tionscal agus ar leasanna tráchtála agus gnó nó leasanna eile, agus gurb iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí cur chun feidhme an Chóid Cleachtais a chur chun cinn agus a thacú, agus modhanna táirgthe nua a chur chun feidhme i gcomhair staidrimh Eorpaigh, ar modhanna iad a bheidh dírithe ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta ar leibhéal an Aontais; agus

(b)

gur thug siad tuairiscí sásúla don Choimisiún maidir lena mballraíocht, a rialacha inmheánacha agus a bhfoinsí cistiúcháin.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha comhsheasmhacha agus éifeachtacha, agus, má thugtar mírialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus bhactha a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh inniúlacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistiúchán faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

Déanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), i gcás inarb iomchuí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú seo leo, go díreach nó go hindíreach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (10), d’fhonn a aimsiú an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach i gceist a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh atá maoinithe de bhun an Rialacháin seo.

Gan dochar don chéad fhomhír ná don dara fomhír, déanfaidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur chun feidhme an Rialacháin seo an chumhacht a thabhairt go sainráiteach don Choimisiún, do Chúirt na nIniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na seiceálacha agus cigireachtaí sin ar an láthair a dhéanamh.

Airteagal 14

Rannpháirtíocht tríú tíortha sa chlár

Beidh rannpháirtíocht sa chlár ar oscailt:

(a)

do thíortha LEE/CSTE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá bunaithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

don Eilvéis, i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú i gComhaontú an 26 Deireadh Fómhair 2004 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh (11); agus

(c)

do thíortha a bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa maidir leo, tíortha a bhfuil iarratas ar bhallraíocht den Aontas curtha isteach acu, tíortha ar iarrthóirí iad agus tíortha aontacha, agus do thíortha na mBalcán Thiar atá páirteach sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha ábhartha leis na tíortha sin lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta dá rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gclár

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CCSE, tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2015.

2.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála eatramhaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an CCSE, togra maidir le fadú an chláir don tréimhse ó 2018 go dtí 2020, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus CAI 2014 go 2020 á chomhlíonadh aige.

3.   Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CCSE, agus leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach, tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir le cur chun feidhme an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012.

(2)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(3)  Gan dochar d’Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

(4)  IO L 192, 22.7.2011, lch. 1.

(5)  IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

(6)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(7)  IO L 73, 15.3.2008, lch. 13.

(8)  IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.

(9)  IO L 340, 19.12.2008, lch. 76.

(10)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(11)  IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.


IARSCRÍBHINN

Bonneagar staidrimh agus cuspóirí an chláir staidrimh Eorpaigh 2013 go dtí 2017

Réamhrá

Tá staidreamh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa maidir leis na dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil san Aontas, agus a gcomhpháirteanna ar an leibhéal naisiúnta agus réigiúnach, de dhíth le beartais an Aontais a chur i bhfeidhm. Lena chois sin, tá staidreamh Eorpach éigeantach don Eoraip, ag tabhairt na deise don phobal i gcoitinne agus do shaoránaigh Eorpacha ní hamháin páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach agus sa phlé faoin Aontas mar atá anois agus mar a bheidh ach tuiscint a bheith acu ar an bpróiseas sin freisin.

Is é an clár staidrimh Eorpach a sholáthraíonn an creat reachtach chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh le linn na tréimhse 2013 go dtí 2017.

Déantar staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin gcreat reachtach sin trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

Cuireann staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár staidrimh Eorpach 2013 go dtí 2017 (“an clár”) le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar atá siad léirithe sa CFAE agus in Eoraip 2020 agus le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta faoi seach a bhaineann léi agus mbeartas eile atá leagtha amach i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.

Ós rud é gur clár ilbhliantúil é an clár lena gcumhdaítear tréimhse cúig bliana, agus ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag CSE leanúint de bheith ina phríomhghníomhaire i réimse an staidrimh, tá an clár uaillmhianach ó thaobh a raoin feidhme agus a chuspóirí de, ach cuirfear an clár chun feidhme de réir cur chuige céim ar chéim. Beidh forbairt sásra a dhéanfaidh tosaíochtaí a leagan síos agus a shimpliú go héifeachtach ina chuspóir don chlár.

Bonneagar staidrimh

Déanfaidh an clár dícheall bonneagar faisnéise staidrimh a bhunú. Ní mór an bonneagar sin a bheith ullamh don úsáid fhairsing agus dhian a bhainfear as ar mhaithe le feidhmeanna éagsúla.

Is ceapadh beartais a dhreasaíonn na cinntí staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ba cheart, áfach, an staidreamh sin a bheith ar fáil do chinnteoirí, do thaighdeoirí, do ghnóthais agus do shaoránaigh Eorpacha i gcoitinne freisin agus ba cheart go mbeadh rochtain éasca acu orthu ós leas poiblí iad agus is iad saoránaigh agus gnóthais na hEorpa a íocann astu, agus ba cheart go mbainfidís tairbhe as na seirbhísí a sholáthraítear chomh maith. Ionas go gcomhlíonfaidh an bonneagar an ról sin ní mór é a cheapadh de réir creata choincheapúil fhónta, ar creat é a áiritheoidh go mbeidh an bonneagar oiriúnach do raon críocha ar láimh amháin agus, ar an láimh eile, go mbeifear in ann an bonneagar a chur in oiriúint go solúbtha do riachtanais athraitheacha na n-úsáideoirí sna blianta amach romhainn.

Tá an bonneagar faisnéise staidrimh léirithe thíos:

BONNEAGAR FAISNÉISE STAIDRIMH

Image

Faoi chuimsiú na forscéime sin, déanfar idirdhealú breise sa chlár idir trí cholún d’fhaisnéis staidrimh: staidreamh gnó; staidreamh i ndáil le hEoraip an phobail; agus Staidreamh Geospásúil, Staidreamh Comhshaoil, Staidreamh Talmhaíochta agus Staidreamh Earnálacha Eile.

Is iad beartais an Aontais agus beartais dhomhanda ábhartha na hionstraimí lena sonraítear na riachtanais staidrimh ar a bhfreastalóidh an clár tríd an struchtúr athchóirithe agus na próisis tháirgthe a chomhfhreagraíonn dó. Dá bhrí sin, tá léiriú ar gach beartas aonair de chuid an Aontais agus ar gach beartas domhanda sna comhpháirteanna difriúla den bhonneagar staidrimh agus tá siad cumhdaithe ag gníomhaíochtaí sonracha sa chlár. Déanfar beartais nua a shainaithneofar sna blianta amach romhainn a chumhdach trí chosáin dhíorthaithe nua a bhunú maidir le táscairí/cuntais bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtáirgeadh faoi na trí cholún.

FAISNÉIS STAIDRIMH — STRUCHTÚR AGUS DINIMIC

Image

Cuspóirí

Is é cuspóir ginearálta an chláir ná CSE a bheith mar phríomhsholáthróir staidrimh ardcháilíochta maidir leis an Eoraip.

Agus aird á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais mar aon leis an ualach freagartha, déanfar na cuspóirí sonracha a leanas a shaothrú mar chuid de ghníomhaíochtaí staidrimh arna ndéanamh i dtaca le cur chun feidhme an chláir seo:

Cuspóir 1: faisnéis staidrimh a sholáthar go tráthúil chun tacú le forbairt, le faireachán agus le meastóireacht ar bheartais an Aontais a léiríonn tosaíochtaí i gceart agus cóimheá a choinneáil idir réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus fónamh a dhéanamh ar riachtanais an raoin leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena n-áirítear cinnteoirí eile, taighdeoirí eile, gnóthais eile agus saoránaigh Eorpacha i gcoitinne, ar dhóigh chost-éifeachtach gan dúbailt iarrachta nach gá;

Cuspóir 2: modhanna táirgeachta nua a chur chun feidhme maidir le staidreamh Eorpach a dhíríonn ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta;

Cuspóir 3: an chomhpháirtíocht laistigh de CSE agus in áiteanna eile a neartú chun feabhas breise a chur ar a tháirgiúlacht agus a ról ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil; agus

Cuspóir 4: leanúnachas sholáthar na staidreamh sin le linn ré an chláir a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfidh sé isteach ar na sásraí CSE chun tosaíochtaí a leagan amach.

Tá na cuspóirí sonracha sin roinnte ina réimsí tosaíochta éagsúla a bhfuil tuairisc orthu thíos. Tá Cuspóirí 1 agus 4 cumhdaithe ag “I. Aschuir Staidrimh”, Cuspóir 2 ag “II. Modhanna Táirgthe Staidreamh Eorpach” agus Cuspóir 3 ag “III. Comhpháirtíocht”.

I.   ASCHUIR STAIDRIMH

1.   Táscairí

1.1.   Eoraip 2020

Is é formhuiniú na Comhairle Eorpaí mí an Mheithimh 2010 ar Eoraip 2020 a mhúnlaigh de chuid mhór an clár oibre straitéiseach a bheidh ann i gcomhair bheartais an Aontais agus i gcomhair beartas náisiúnta sna blianta amach anseo. Bunaítear leis an gclár oibre sin roinnt spriocanna ceannlíne agus tionscnamh suaitheanta nach mór do CSE táscairí staidrimh a sholáthar mar gheall orthu i roinnt réimsí (i.e. feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh nuálaíochta, taighde agus forbartha, fostaíocht a chur chun cinn, cuspóirí an Aontais maidir le hathrú aeráide agus fuinneamh a bhaint amach, éifeachtúlacht acmhainní, feabhas a chur ar leibhéil oideachais, lena n-áirítear soghluaisteacht foghlama, aosú gníomhach folláin, agus cuimsiú sóisialta tríd an mbochtaineacht a laghdú).

Cuspóir 1.1.1

Faisnéis staidrimh ardcháilíochta a sholáthar, ar cheart di a bheith ar fáil go tráthúil, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Eoraip 2020. Beidh táscairí nua, a mhéid is féidir, bunaithe ar shonraí staidrimh infhaighte.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

táscairí spriocanna ceannlíne atá cothrom le dáta le haghaidh Eoraip 2020 (i réimsí na fostaíochta, an taighde agus forbartha, na nuálaíochta, an fhuinnimh/athrú aeráide, an oideachais, an chomhshaoil, na cosanta sóisialta, an chuimsithe shóisialta agus na bochtaineachta) ar láithreán gréasáin an Choimisiúin (Eurostat);

staidreamh chun tacú leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme thionscnaimh shuaitheanta Eoraip 2020;

táscairí breise mar ionchur i gcomhair meastóireachta ex-post agus ex-ante ar bheartais eacnamaíocha, sóisialta agus chomhshaoil an Aontais; agus

táscairí fostaíochta a dhéanann idirdhealú idir fostaíocht pháirtaimseartha agus lánaimseartha chomh maith le táscairí dífhostaíochta a chuireann san áireamh daoine i mbeartas gníomhachtúcháin amhail an oiliúint.

1.2.   Rialachas eacnamaíoch

De dheasca na géarchéime agus an teannais sna margaí airgeadais aibhsíodh an gá le rialachas eacnamaíoch an Aontais a neartú. Tá céimeanna cinntitheacha glactha ag an Aontas cheana féin maidir le rialachas eacnamaíoch agus comhordú eacnamaíoch, agus beidh impleachtaí móra staidrimh ag baint le roinnt de na céimeanna sin sa bhreis ar na gníomhaíochtaí staidrimh reatha.

Cuspóir 1.2.1

Faisnéis staidrimh nua a fhorbairt agus an fhaisnéis staidrimh atá ann a fheabhsú, ar faisnéis í atá ábhartha do lucht cinnteoireachta an Aontais agus don phobal i gcoitinne i ndáil le rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháite an Aontais agus le timthriall an fhaireachais lena gcomhtháthaítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus beartas eacnamaíoch.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

ionchur staidrimh a sholáthar i gcomhair scórchlár na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na hanailíse is bunús leis;

ionchur staidrimh a sholáthar i gcomhair Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis feabhsaithe atá dírithe go sonrach ar tháirgeadh agus ar sholáthar staidrimh ardcháilíochta maidir le fiachas poiblí;

sraith táscairí a fhorbairt agus a tháirgeadh chun iomaíochas a fhorbairt; agus

bainistíocht cháilíochta láidir a chur chun feidhme sa slabhra táirgeachta, lena gcumhdófar freisin sonraí airgeadais phoiblí réamhtheachtacha agus na sreafaí oibre is bunús leo sna Ballstáit.

Cuspóir 1.2.2

Staidreamh iontaofa agus táscairí iontaofa a sholáthar do lucht cinnteoireachta an Aontais chun críoch riaracháin agus rialála agus chun faireachán a dhéanamh ar ghealltanais shonracha bheartais de chuid an Aontais.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

scóip an staidrimh a shainmhíniú chun críocha riaracháin agus rialála agus an scóip sin a chomhaontú le húsáideoirí; agus

creat láidir bainistíochta cáilíochta do na táscairí sin a sainmhíniú, de réir mar is iomchuí, é a chur chun feidhme agus é a mhíniú.

1.3.   Domhandú eacnamaíoch

De dheasca éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus éifeachtaí eile na géarchéime airgeadais, an mhéadaithe ar shreafaí trasteorann agus ilroinnt na bpróiseas táirgthe, aibhsíodh an gá le creat níos comhsheasmhaí i gcomhair táirgthe dhomhandaithe agus le feabhas a chur ar thomhas an táirgthe sin.

Cuspóir 1.3.1

Feabhas a chur ar na táscairí agus ar an bhfaisnéis staidrimh atá ar fáil maidir le domhandú eacnamaíoch agus slabhraí luacha domhanda i gcomhair lucht cinnteoireachta an Aontais agus i gcomhair an phobail i gcoitinne.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

táscairí atá ann maidir le domhandú eacnamaíoch atá ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin (Eurostat) a thabhairt cothrom le dáta;

táscairí nua a fhorbairt maidir le slabhraí luacha domhanda, lena n-áirítear sreafaí acmhainní nádúrtha agus spleáchas orthu;

anailís ar na slabhraí luacha domhanda, trí tháblaí iomchuí ionchuir/aschuir b’fhéidir, agus staidreamh trádála eachtraí agus gnó, lena n-áirítear nascadh micreashonraí; agus

iniúchadh ar an ngá atá le hathchóiriú a dhéanamh ar ríomh agus leithdháileadh seirbhísí airgeadais idirghabhála.

2.   Creata cuntasaíochta

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2009 dar teideal “OTI agus dul thairsti: an dul chun cinn a thomhas i ndomhan atá ag athrú” agus le foilsiú Thuarascáil Stiglitz-Sen-Fitoussi maidir le Tomhas ar Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus ar Fhorás Sóisialta tá dreasú nua ann i dtaobh an phríomhdhúshláin atá ann do CSE, eadhon conas staidreamh níos fearr a fháil i ndáil le saincheisteanna trasearnálacha agus conas staidreamh níos comhtháite a fháil chun tuairisc a thabhairt ar fheiniméin chasta shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha sa bhreis ar na tomhais a dhéantar ar aschur eacnamaíoch go traidisiúnta. Cuireann Córas Eorpach na gCuntas Náisiúnta agus Réigiúnach (CEC) creat comhtháite agus comhsheasmhach ar fáil i gcás an staidrimh eacnamaíoch ar fad lenar cheart táscairí eile a bheith ag gabháil chun faisnéis níos cuimsithí a sholáthar i gcomhair ceaptha beartais agus cinnteoireachta.

2.1.   Feidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta

De dheasca na géarchéime airgeadais is treise an gá le sraith táscairí maicreacnamaíocha ardcháilíochta chun tuiscint níos fearr a fháil agus anailís níos fearr a dhéanamh ar luaineachtaí eacnamaíocha agus an éifeacht a bhíonn acu ar an tsochaí agus ar an dóigh sin an próiseas cinnteoireachta a éascú. De bharr an táirgthe dhomhandaithe tá méadú ag teacht ar an ngá creat comhsheasmhach a fhorbairt lena n-éascófar léirmhíniú agus comhtháthú staidrimh ó réimsí éagsúla.

Cuspóir 2.1.1

Tomhas na feidhmíochta eacnamaíche a fhorlíonadh le gnéithe éagsúla den domhandú, de cháilíocht bheatha, den rochtain ar earraí agus seirbhísí, d’inbhuanaitheacht chomhshaoil, de shláinte, d’fholláine, de chomhtháthú sóisialta agus den chuimsiú sóisialta. Creat a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar tháirgeadh domhandaithe.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

cuntais náisiúnta bliantúla agus ráithiúla a chur chun feidhme agus a thiomsú mar aon le cuntais réigiúnacha bliantúla i gcomhréir le CSE;

táscairí a tháirgeadh maidir le dáileadh ioncaim agus tomhaltais ar theaghlaigh (trí chomhiomláin na gcuntas náisiúnta agus sonraí ó shuirbhéanna ar theaghlaigh nó sonraí riaracháin a réiteach);

staidreamh praghais atá tráthúil agus d’ardcháilíocht a thiomsú, go háirithe treoiruimhreacha comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí;

cuntais satailíte a fhorbairt do réimsí nua;

bunachar sonraí a chruthú chun fás agus táirgeacht a thomhas, agus aird á tabhairt ar athruithe i dtáirgiúlacht san earnáil phoiblí mar aon leis an earnáil phríobháideach;

creat coincheapúil a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar tháirgeadh domhandaithe;

creat choincheapúil a fhorbairt chun an caighdeán maireachtála agus leasa a thomhas; agus

coincheapa comhfhreagracha cuntasaíochta agus staitistiúil a ailíniú a mhéid is féidir.

Cuspóir 2.1.2

Príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus sóisialta agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a sholáthar mar shraith comhsheasmhach táscairí arna ndíriú ar riachtanais le staidreamh ón Aontas agus le staidreamh domhanda agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a choigeartú chun freastal ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

forbairt chomhardaithe ar dheaiseanna príomhtháscairí maicreacnamaíocha, sóisialta agus forbartha inbhuanaithe;

modheolaíocht chomhchuibhithe a bheith ar fáil i gcomhair príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus sóisialta agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha;

inchomparáideacht idirnáisiúnta táscairí a fheabhsú;

uirlisí feabhsaithe a sholáthar chun go mbeidh sé níos éasca táscairí a léirmhíniú agus a chur in iúl; agus

staidreamh comhchuibhithe a bheith ar fáil thar ceann gach Ballstáit maidir le tithíocht agus cúrsaí gaolmhara.

2.2.   Inbhuanaitheacht chomhshaoil

Is ardtosaíochtaí ar chlár oibre na hEorpa agus cuspóirí de chuid na gConarthaí iad an comhshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú i gcomhair na glúine seo agus na nglún amach anseo, chomh maith le héifeachtaí an athraithe aeráide a chomhrac. Ar mhaithe le beartais éifeachtúla sna réimsí sin is gá faisnéis staidrimh ó réimsí éagsúla.

Cuspóir 2.2.1

Cuntais chomhshaoil agus staidreamh maidir le hathrú aeráide a sholáthar, ag cur forbairtí idirnáisiúnta sa réimse sin san áireamh.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

córas comhsheasmhach cuntas comhshaoil a fhorbairt mar “chuntais shatailíte” do na príomhchuntais náisiúnta, lena soláthrófar faisnéis maidir le hastaíochtaí san atmaisféar, ídiú fuinnimh, sreafaí agus cúltaiscí acmhainní nádúrtha ábharacha agus uisce, trádáil in amhábhair bhunúsacha agus chriticiúla, cánachas comhshaoil agus caiteachas ar chosaint an chomhshaoil, lena bhféadfaí fás/soláthar glas a áireamh;

táscairí a léiríonn brúnna tánaisteacha, tionchar an athraithe aeráide, lena n-áirítear an tionchar ar shláinte, pointí leochaileachta agus dul chun cinn maidir le hoiriúnú, a thabhairt cothrom le dáta, a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh; agus

táscaire ceannlíne a fhorbairt a dhéanfaidh brú ar an gcomhshaol domhanda a thomhas.

3.   Sonraí

3.1.   Gnó

Tá líon mór beartas de chuid an Aontais dírithe ar fhiontair Eorpacha. Thairis sin, is orthusan atá an mhortabháil sonraí bunúsacha a sholáthar. Dá réir sin, tá éileamh mór ar staidreamh gnó, sa chiall is leithne, chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta ach freisin chun cuidiú le saoránaigh Eorpacha agus le gnóthais Eorpacha tionchar na mbeartas sin a thuiscint i bhfianaise idirdhealú idir fiontair mhóra, fiontair de mhéid idirmheánach agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil breis gá le staidreamh mionsonraithe agus comhchuibhithe mar gheall orthu. Ag an am céanna, is gá an t-ualach riaracháin agus tuairiscithe a laghdú.

Cuspóir 3.1.1

Éifeachtúlacht agus éifeachtacht próiseas táirgthe staidrimh a mhéadú. Staidreamh d’ardcháilíocht a sholáthar maidir le príomhréimsí ar le fiontair an leas is tábhachtaí iontu, amhail staidreamh gnó, táscairí gearrthéarmacha, a n-infheistíocht i gcaipiteal daonna agus i scileanna, idirbhearta idirnáisiúnta, domhandú, faireachán ar an margadh inmheánach, taighde agus forbairt agus nuálaíocht, agus turasóireacht. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shonraí a bheith ar fáil in earnálacha tionsclaíocha nó seirbhísí lena mbaineann breisluach mór, go háirithe sa gheilleagar glas, digiteach nó sóisialta (amhail an tsláinte agus an t-oideachas).

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

sonraí atá ar fáil sa chóras staidrimh nó sa tsochaí a athúsáid, agus comh-bhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh;

faisnéis staidrimh agus táscairí maidir le gnó a sholáthar ar bhonn bliantúil agus fobhliantúil;

staidreamh faisnéise a sholáthar lena dtuairiscítear seasamh na hEorpa in ordlathas an domhain agus caidreamh an Aontais leis an gcuid eile den domhan;

faisnéis staidrimh a sholáthar chun anailís a dhéanamh ar shlabhraí luacha domhanda agus Clár an Ghrúpa Euro a fhorbairt mar chnámh droma chun faisnéis trasréimse a bhailiú maidir le domhandú;

bailiúcháin staidrimh i gcomhair trádála in earraí agus trádáil i seirbhísí a athchothromú maille le feabhas ar infhaighteacht sonraí maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí chun faisnéis staidrimh a athchothromú i dtaobh seirbhísí agus earraí;

uirlisí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an margadh inmheánach, amhail uirlís phraghas an bhia agus táscairí gaolmhara;

staidreamh a sholáthar maidir le príomhréimsí nuálaíochta agus feidhmíocht taighde agus forbartha trí bhreis úsáide a bhaint as cláir paitinní agus trí bhreis taighde agus trí bhreis úsáide a bhaint as micreashonraí aonair ar mhaithe le staidreamh;

staidreamh de cháilíocht a sholáthar maidir le soláthar agus éileamh in earnáil na turasóireachta trí bhailiú optamach sonraí agus trí fheabhas a chur ar chomhtháthú sonraí ó réimse na turasóireachta agus réimsí eile; agus

staidreamh a sholáthar maidir le húsáid acmhainní agus éifeachtúlacht acmhainní bunaithe a mhéid is féidir ar bhailiúcháin sonraí atá ann cheana.

3.2.   Eoraip an phobail

Tá saoránaigh Eorpacha i gcroílár bhearta an Aontais. Dá thoradh sin, tá éileamh mór ar staidreamh sóisialta, sa chiall is leithne, chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta agus chun faireachán a dhéanamh ar thoradh na mbeartas sóisialta, ach chomh maith leis sin chun cuidiú le saoránaigh Eorpacha tionchar na mbeartas sin ar a saolta agus ar a ndea-bhail féin a mheas.

Cuspóir 3.2.1

Staidreamh a sholáthar maidir le príomhréimsí beartais shóisialta ar leis an saoránach an leas is tábhachtaí iontu, amhail dea-bhail, inbhuanaitheacht, comhtháthú sóisialta, bochtaineacht, neamhionannais, dúshláin dhéimeagrafacha (aosú an phobail agus imirce go háirithe), an margadh saothair, oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear oideachas na hóige, oideachas aosach, gairmoiliúint agus soghluaisteacht foghlama an aosa óig, cultúr, gníomhaíocht fhisiciúil, cáilíocht bheatha, sábháilteacht, sláinte, míchumas, tomhaltas, saorghluaisteacht agus an margadh inmheánach, soghluaisteacht daoine óga, nuálaíocht theicneolaíoch agus stíleanna beatha nua a roghnú. Beidh an staidreamh sin dí-chomhbhailithe de réir inscne i gcás inarb iomchuí, do ghrúpaí ar leas speisialta iad do lucht ceaptha beartas sóisialta. Déanfar na tosaíochtaí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 6.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

bonneagar bunúsach comhdhlúite i gcomhair Staidrimh Shóisialta Eorpaigh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bailiúcháin sonraí bunaithe ar shuirbhéanna agus ar riarachán agus tacar coiteann de chroí-athróga;

forbairt bunsuirbhéanna sóisialta lena soláthraítear sonraí (lena n-áirítear micreashonraí) ar dhaoine agus ar theaghlaigh sruthlínithe agus comhlánaithe le bailiúcháin micreashonraí breise níos lú minicíochta;

staidreamh a sholáthar maidir le hoideachas agus le hoiliúint, lena n-áirítear cuíchóiriú agus nuachóiriú an tSuirbhé ar Oideachas Daoine Fásta;

staidreamh a sholáthar maidir le neamhionannas ioncaim, lena soláthraítear táscaire ceannlíne náisiúnta inchomparáide, mar aon le sonraí ar neamhionannais i gcás rochtana ar earraí agus seirbhísí bunúsacha;

obair mhodheolaíoch maidir le gníomhaíocht fhisiceach agus staidreamh cultúir;

staidreamh a sholáthar maidir leis an tsábháilteacht ar an gcoireacht; maidir leis an tsláinte agus mar a aontaíodh faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (1); agus maidir le míchumas;

gníomhaíochtaí an chláir oibre maidir le príomhshruthú staidrimh imirce a chur chun feidhme;

táscairí cáilíochta beatha a sholáthar chun dul chun cinn sochaithe a thomhas; agus

ullmhúcháin an chéad bhabhta daonáirimh eile (atá sceidealaithe le haghaidh 2021).

3.3.   Staidreamh geospásúil, comhshaoil, talmhaíochta agus staidreamh earnálacha eile

A bhuí le staidreamh a chomhcheangal le sonraí spásúil agus le hanailís gheospásúil beidh deiseanna nua ann, ar deiseanna iad a dhéanfaidh CSE iad a fhiosrú tuilleadh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha, amhail rúndacht agus bailíocht staidrimh maidir le meastacháin achair bhig.

Amach anseo, beidh staidreamh fuinnimh agus iompair ríthábhachtach chun tacú le hEoraip 2020 agus beartas maidir le hathrú aeráide.

Beidh an talmhaíocht fós den tábhacht i measc bheartais an Aontais sa tréimhse 2013-17. Imreoidh toradh an mhachnaimh ar an gcomhbheartas talmhaíochta tar éis 2013 tionchar mór ar an obair staidrimh. Beidh an bhéim ar ghnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol, le bithéagsúlacht/éiceachóras, eacnamaíocht, sláinte agus sábháilteacht an duine agus leis an tsochaí.

Cuspóir 3.3.1

Tacú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise trí bhreis úsáide agus úsáid níos solúbtha a bhaint as faisnéis spásúil arna comhcheangal le faisnéis staidrimh shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

tuilleadh forbartha, cothabhála agus úsáide a bhaint as an mBonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (Inspire), arna bhunú le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus go háirithe geothairseach an Aontais;

raon faisnéise geografaí a bheith ar fáil a bhuí le comhar le cláir de chuid an Aontais le haghaidh suirbhéanna ar úsáid talún agus cianbhraiteacht; agus

sonraí staidrimh a chomhtháthú más ábhartha, chun bonneagar solúbtha ilfhoinsí a chruthú d’fhonn anailís spásúil/ama spriocdhírithe a sholáthar.

Cuspóir 3.3.2

Staidreamh comhshaoil a sholáthar chun tacú le próiseas ceaptha beartais an Aontais.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

Sraith príomhstaidrimh chomhshaoil maidir le hacmhainní, amhail dramhaíl agus athchúrsáil, uisce, fosuithe amhábhar, seirbhísí éiceachórais agus bithéagsúlacht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnacha más féidir, agus sraith príomhstaidrimh a bhaineann le hathrú aeráide chun tacú le gníomhaíochtaí maolaithe agus oiriúnaithe agus beartais ar gach leibhéal ábhartha ón leibhéal áitiúil go leibhéal an Aontais.

Cuspóir 3.3.3

Staidreamh fuinnimh agus iompair a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí staidreamh a tháirgeadh agus a scaipeadh faoi na nithe seo a leanas:

fuinneamh in-athnuaite;

spáráil fuinnimh/éifeachtúlacht fuinnimh; agus

sábháilteacht iompair, soghluaisteacht phaisinéirí, tomhas tráchta ar bhóithre agus iompar lasta idirmhódúil.

Cuspóir 3.3.4

Staidreamh a sholáthar maidir le talmhaíocht, iascach agus foraoiseacht chun na comhbheartais talmhaíochta agus iascaigh a fhorbairt agus chun faireachán a dhéanamh orthu, staidreamh lena léireofar príomhchuspóirí straitéiseacha de chuid na hEorpa a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomh maith le forbairt tuaithe trí ghníomhaíochtaí rialta a dhéanamh i ndáil le staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

bailiú na sonraí talmhaíochta a athbhreithniú agus a shimpliú i gcomhréir leis an athbhreithniú ar an gcomhbheartas talmhaíochta tar éis 2013;

bailiú sonraí talmhaíochta a athcheapadh, go háirithe chun na críche cáilíocht a fheabhsú agus amlíne na sonraí a sholáthar;

an córas bainistithe sonraí maidir le húsáid/cumhdach talún a athbhreithniú go cuimsitheach agus córas nua ar an mbonn sin a mhionsaothrú agus a chur chun feidhme;

an córas bailithe sonraí maidir le táscairí comhsheasmhacha comhshaol talmhaíochta a chur chun feidhme, bunaithe ar shonraí atá ann cheana nuair is féidir;

miondealuithe iomchuí de réir réigiúin a sholáthar; agus

sraith príomhshonraí foraoiseachta as Cuntasaíocht Chomhtháite Comhshaoil agus Eacnamaíoch don Fhoraoiseacht a chur chun feidhme agus a scaipeadh, amhail an t-achar foraoisí, méid agus luach an adhmaid coille agus cuntais eacnamaíochta don fhoraoiseacht agus don lománaíocht.

II.   STAIDREAMH EORPACH A THÁIRGEADH

Tá roinnt dúshlán roimh CSE faoi láthair: méadú ar an éileamh ar staidreamh ardcháilíochta, síorfhás an éilimh ar staidreamh casta iltoiseach, gníomhaithe nua bheith ag teacht ar an margadh faisnéise, srianta ar acmhainní, an gá leis an ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú tuilleadh chomh maith le huirlisí cumarsáide a éagsúlú. Tugtar le tuiscint leis seo na modhanna táirgthe agus scaipthe staidrimh oifigiúil Eorpaigh a oiriúnú ar bhealach forchéimnitheach.

1.   Bainistíocht cáilíochta sa cse

Cuspóir 1.1

Córas bainistíochta cáilíochta i CSE arna bhunú ar Chód Cleachtais a chur chun feidhme.

Comhroinnt dea-chleachtas a neartú i gcur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus a áirithiú go ndíríonn an tuairisciú cáilíochta ar riachtanais dhifriúla úsáideoirí.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

sásraí nua faireacháin agus an dara babhta athbhreithnithe piaraí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Chleachtais a thabhairt isteach;

creata dearbhaithe cáilíochta CSE agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a ailíniú;

freastail ar riachtanais úsáideoirí maidir le tuairisciú ardcháilíochta; agus

tuarascálacha cáilíochta i réimsí éagsúla staidrimh ar leibhéal an Aontais a chaighdeánú.

2.   Tosaíochtaí a shocrú agus simpliú

Tá dúshlán mór roimh CSE: conas staidreamh Eorpach ardcháilíochta a sholáthar chun na riachtanais mhéadaitheacha do staidreamh a chomhlíonadh i gcomhthéacs buiséad Ballstát atá laghdaithe go suntasach agus beartais fáis nialasaigh d’acmhainní daonna ag an gCoimisiún agus sna Ballstáit, a dhéanfaidh, do chomhlachtaí áirithe, laghdú iarbhír ina n-acmhainní daonna. I bhfianaise na srianta seo ar acmhainní ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta, tá sé tábhachtach bearta socraithe tosaíochtaí agus simpliúcháin a neartú, rud a éilíonn tiomantas chomhpháirtithe uile CSE. Tugadh isteach meicníocht socraithe tosaíochtaí mar chuid chomhtháite d’ullmhú na gclár oibre bliantúil agus cuirfear chun feidhme í ar feadh ré an chláir. Is éard atá i gceist leis seo, as measc rudaí eile, athbhreithniú bliantúil ar na ceanglais staidrimh atá ann cheana, a ghlacfaidh a phointe imeachta i dtionscnaimh a mholfaidh an Coimisiún chun laghdú a dhéanamh ar cheanglais staidrimh a thugann aird ar leasanna úsáideoirí, táirgeoirí agus freagróirí. Ba cheart an próiseas a shaothrú i ndlúthchomhar le húsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh.

Cuspóir 2.1

Sásra socraithe tosaíochtaí do CSE a chur chun feidhme chun na ceanglais tuairiscithe a shimpliú agus chun coigeartú do riachtanais nua le staidreamh agus srianta na dtáirgeoirí agus an t-ualach freagartha agus riachtanais úsáideoirí á gcur san áireamh.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

tosaíochtaí agus dáileadh acmhainní i gcomhréir leis na tosaíochta sin a shainmhíniú;

tosaíochtaí do CSE arna sainmhíniú mar chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9;

torthaí comhairliúchán le húsáideoirí agus táirgeoirí sa chlár oibre bliantúil a chur san áireamh; agus

réimsí staidrimh atá le simpliú agus bailiú sonraí atá le laghdú/scor díobh a chur i bhfios d’úsáideoirí.

3.   Staidreamh ilchuspóireach agus gnóthachain éifeachtúlachta sa táirgeadh

Cuspóir 3.1

Ailtireacht ghnó CSE a chur ar bun de réir a chéile lenar féidir staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhealach níos comhtháite agus costais arna nginiúint sa CSE trí chur chun feidhme a chur san áireamh; modhanna táirgthe staidrimh agus meiteashonraí a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú; cur le comhtháthú cothrománach (ar fud na réimsí staidrimh) agus ingearach (ar fud chomhpháirtithe CSE) na bpróiseas táirgthe staidrimh sa CSE i leith phrionsabal na coimhdeachta; ilfhoinsí sonraí a úsáid agus a chomhtháthú; staidreamh ilchuspóireach a sholáthar. Tabharfar aird ar leith ar shaincheisteanna rúndachta a bheidh ann le húsáid mhéadaithe, athúsáid agus malartú micreashonraí agus taifid riaracháin.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

úsáid níos mó a bhaint as sonraí iomchuí riaracháin sna réimsí staidrimh uile;

foinsí nua sonraí le haghaidh staidrimh Eorpaigh a aithint agus a úsáid;

rannpháirteachas méadaithe an Choimisiúin (Eurostat), agus údaráis staidrimh náisiúnta i gceapadh na dtaifead riaracháin;

úsáid níos forleithne a bhaint as comhoiriúnú staidrimh agus teicníochtaí nasctha sonraí chun an tairiscint staidrimh Eorpaigh a mhéadú;

úsáid an chur chuige Eorpach maidir le staidreamh do fhreagairt thapa beartais i gcásanna sonracha agus cuí-réasúnaithe a úsáid;

modhanna táirgthe staidrimh Eorpaigh a chomhtháthú níos mó trí ghníomhaíochtaí comhordaithe CSE;

coincheapa staidrimh a chomhchuibhiú tuilleadh ar fud na réimsí staidrimh;

bonneagar tagartha TF solúbtha agus caighdeáin theicniúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht, comhroinnt sonraí agus meiteashonraí, agus samhaltú sonraí a fheabhsú;

uirlisí TF caighdeánacha a úsáid ar fud na bpróiseas gnó staidrimh;

caighdeáin mhodheolaíocha a fhorbairt chun úsáid agus infhaighteacht a mhéadú do mhodheolaíochtaí comhchuibhithe (lena n-áirítear nósanna measctha cur chuige maidir le bailiú sonraí) agus meiteashonraí comhchuibhithe;

ról na gclár gnó staidrimh a neartú mar ionad ina gcothabháiltear na haonaid staidrimh don staidreamh uile a bhaineann le gnó agus ina n-úsáidtear é mar fhoinse do na cuntais náisiúnta; agus

soláthar meiteashonraí a fheabhsú, eadhon faisnéis chúlra maidir le conas a bhailítear sonraí, cáilíocht na sonraí agus conas sonraí a dhéanamh níos intuigthe d’úsáideoirí.

Cuspóir 3.2

Dea-fheidhmiú agus comhleanúnachas CSE a áirithiú trí chomhar agus cumarsáid éifeachtach.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

tacaíocht éifeachtach agus éifeachtúil do chomhpháirtíocht sa CSE;

próisis maidir le comhroinnt ualaigh agus oibre laistigh de CSE a shainmhíniú agus a chur chun feidhme; agus

líonraí comhoibríochta a fhorbairt tuilleadh agus a dhéanamh oibríochtúil.

4.   Scaipeadh agus cumarsáid

Cuspóir 4.1

CSE a bheith ina chéad fhoinse sonraí maidir le staidreamh Eorpach do na húsáideoirí uile agus, go háirithe, do lucht cinnteoireachta poiblí agus príobháideach, trí sheirbhís faisnéise staidrimh ardcháilíochta, arna bunú ar phrionsabail na rochtana saoire agus éasca ar staidreamh Eorpach, a sholáthar.

An t-agallamh idir úsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh a threisiú agus a leathnú chun riachtanais na n-úsáideoirí maidir le staidreamh ardcháilíochta a chomhlíonadh. Tá rannpháirteachas luath úsáideoirí i bhforbairtí nua fíor-riachtanach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht CSE a fheabhsú.

Raon na dtáirgí scaipthe a leathnú agus a chuíchóiriú chun riachtanais na n-úsáideoirí a úsáideann teicneolaíochtaí nua a chomhlíonadh.

Bonneagar cost-éifeachtúil, comhtháite agus slán a bhunú laistigh de CSE chun rochtain a fháil ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

CSE a aithint mar an chéad phointe tagartha d’úsáideoirí staidrimh Eorpaigh;

bonneagar slán comhtháite a bheith curtha ar bun chun rochtain a fháil ar mhicreashonraí an Aontais;

córas a bheith curtha ar bun chun díriú ar iarrataí na n-úsáideoirí ar rochtain láithreach ar fhaisnéis staidrimh agus ar chomhairle chun í a léirmhíniú;

táirgí scaipthe a bheith coigeartaithe do riachtanais na n-úsáideoirí a úsáideann teicneolaíochtaí nua;

líon méadaithe aschur staidrimh maidir le saincheisteanna trasearnálacha;

úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí nua cumarsáide agus scaipthe (mar shampla, bunaithe ar SDMX);

tairiscint mhéadaithe tacar micreashonraí chun críocha taighde staidrimh i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlí náisiúnta maidir le rúndacht sonraí; agus

tacair sonraí a ullmhú chun úsáid sonraí staidrimh chun críocha oideachais agus taighde a éascú.

5.   Oiliúint, nuálaíocht agus taighde

Cuspóir 5.1

Riachtanais foghlama agus forbartha sa CSE a shásamh bunaithe ar chomhcheangal cúrsaí oiliúna agus deiseanna foghlama agus forbartha.

An comhar idir comhaltaí CSE a fheabhsú ar mhaithe le haistriú eolais agus dea-chleachtais agus cur chuige nuálacha coiteanna a chomhroinnt agus a chur chun feidhme sa táirgeadh staidrimh.

Gníomhaíochtaí, rannpháirteachas agus rannchuidiú na bpobal taighde a eagrú chun na slabhraí táirgthe staidrimh agus cáilíocht na faisnéise staidrimh oifigiúla a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

iarchéim (e.g. Máistreacht sa Staidreamh Oifigiúil) a fhorbairt;

cláir oiliúna a thairiscint a dhíríonn ar riachtanais na n-úsáideoirí agus saoránaigh eile;

cur i bhfeidhm níos leithne ar thorthaí tionscnamh taighde i dtáirgeadh staidrimh agus i scaipeadh staidrimh;

CSE a aithint mar phointe tagartha do phobail taighde staidrimh;

rannpháirteachas leathan na bpobal taighde i ngníomhaíochtaí taighde sa staidreamh oifigiúil; agus

uirlisí leormhaithe a chur ar bun ar mhaithe le malartú cleachtas agus cur chun feidhme réiteach coiteann sa CSE.

III.   COMHPHÁIRTÍOCHT

1.   Comhpháirtíocht laistigh de cse agus lasmuigh de

De réir mheon na comhpháirtíochta, is iad na húdaráis náisiúnta staidrimh agus an Coimisiún (Eurostat) atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Cuspóir 1.1

An creat rialachais CSE feabhsaithe a chur chun feidhme.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí chur chun feidhme an athbhreithnithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus cur chun feidhme Chinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le Eurostat (3);

Cuspóir 1.2

Ról comhordúcháin an Choimisiúin (Eurostat) mar Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

an Coimisiún (Eurostat) a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh uile an Choimisiúin maidir le gnéithe staidrimh ag céim luath; agus

agallaimh rialta le geallsealbhóirí ar leibhéal ardbhainistíochta.

Cuspóir 1.3

An comhar le CEBC agus leis na heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa táirgeadh sonraí chun críoch staidrimh agus riaracháin a neartú trí chomhthionscadail agus forbairtí comhordaithe. Comhsheasmhacht idir caighdeáin an Aontais agus idirnáisiúnta a áirithiú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

creat coiteann cáilíochta do CSE agus do CEBC a chur chun feidhme;

an Coimisiún (Eurostat) a bheith rannpháirteach go méadaitheach i ngrúpaí comhairleacha idirnáisiúnta;

modhanna nua comhair a shainmhíniú agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar forbairtí staidrimh a chomhordú i gceart idir eagraíochtaí idirnáisiúnta agus go ndéanfar an obair a leithdháileadh go héifeachtúil; agus

Córas na gCuntas Náisiúnta nua de chuid na Náisiún Aontaithe, CSE, Córas Cuntas Comhshaoil agus Eacnamaíoch de chuid na Náisiún Aontaithe, Cuntais Eacnamaíocha Eorpacha an Chomhshaoil, agus lámhleabhair um Chomhardú Íocaíochtaí a chur chun feidhme.

Cuspóir 1.4

Gníomhaíochtaí comhairleacha staidrimh agus cúnaimh staidrimh a chur chun cinn i dtíortha lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le tosaíochtaí beartas eachtrach an Aontas agus béim ar leith ar mhéadú agus ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

ceannaireacht CSE a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta;

sonraí críocha bheartas eachtrach an Aontais a sholáthar;

tacaíocht do sheirbhísí de chuid an Choimisiúin chun beartais forbartha agus comhair idirnáisiúnta a chur chun feidhme, ina gcaidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus in ábhair leasa choitinn maidir le staidreamh le réigiúin nó le tríú tíortha;

sonraí staidrimh ábhartha chun tacú leis an bpróiseas méadaithe agus leis na caibidlíochtaí a scaipeadh;

iarrataí ar mhaoluithe ó Bhallstáit nua as a dtiocfadh neamhfháil sonraí a íoslaghdú;

comhaontuithe agus Meabhráin Chomhthuisceana a bhunú le tríú tíortha;

cláir um chomhar teicniúil a dhearadh agus a chur chun feidhme;

cúnamh teicniúil a dhíriú ar chomhchuibhiú agus seachadadh sonraí; agus

gníomhaíochtaí comhair agus comhordaithe a fheabhsú i measc chomhaltaí CSE.


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 70.

(2)  IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.

(3)  IO L 251, 18.9.2012, lch. 49.


Top