EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0492

Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 141, 27.5.2011, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 05 Volume 002 P. 264 - 275

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/08/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/492/oj

27.5.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 492/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2011

maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas

(téacs códaithe)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Chomhphobal (3) a leasú go substainteach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Ba cheart saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas a áirithiú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá aon idirdhealú, de bhíthin a náisiúntachta, idir oibrithe na mBallstát, a dhíothú, a mhéid a bhaineann an t-idirdhealú sin le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre, agus leis an gceart atá ag na hoibrithe sin gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas chun gníomhaíochtaí a shaothrú mar dhaoine fostaithe, ach sin faoi réir na dteorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

(3)

Ba cheart go leagfaí síos forálacha lena gcumasaítear na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 45 agus in Airteagal 46 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i réimse na saoirse gluaiseachta a bhaint amach.

(4)

Is ionann an tsaoirse ghluaiseachta agus ceart bunúsach d’oibrithe agus dá dteaghlaigh. Ní mór go n-áireofaí soghluaisteacht an fhórsa saothair laistigh den Aontas i measc na modhanna atá ag an oibrí trína ndéantar an fhéidearthacht go gcuirfí feabhas ar a dhálaí maireachtála agus oibre agus dul chun cinn sóisialta a éascú dó, agus, ag an am céanna, beidh an tsoghluaisteacht sin ina cuidiú maidir le riachtanais gheilleagair na mBallstát a shásamh. Ba cheart go ndéanfaí an ceart atá ag gach oibrí de chuid na mBallstát a rogha gníomhaíochta a shaothrú laistigh den Aontas a dhearbhú.

(5)

Ba cheart go mbeadh an ceart sin ag oibrithe buana, ag oibrithe séasúracha, ag oibrithe trasteorann agus ag na daoine sin a shaothraíonn a gcuid gníomhaíochtaí agus iad i mbun seirbhísí a sholáthar, gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

(6)

Chun gur féidir an ceart chun saoirse gluaiseachta a fheidhmiú, de réir coinníollacha saoirse agus dínite agus é sin ar shlí oibiachtúil, is gá cóir chomhionann a áirithiú, ó fhíoras agus ó dhlí, i leith gach ní a bhaineann le saothrú iarbhír gníomhaíochta mar dhaoine fostaithe agus le rochtain ar thithíocht, agus is gá freisin na constaicí ar shoghluaisteacht oibrithe a dhíothú, go háirithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le teaghlach an oibrí a lánpháirtiú sa tír ósta.

(7)

Bhéarfaidh prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir oibrithe an Aontais go dteachtann náisiúnaigh uile na mBallstát an tosaíocht chéanna maidir le fostaíocht agus a theachtann na hoibrithe náisiúnta.

(8)

Tríd na sásraí chruinnithe le chéile agus imréitigh, go háirithe trí bhíthin comhair dhírigh idir na seirbhísí lárnacha fostaíochta agus idir na seirbhísí réigiúnacha freisin, agus trí chomhordú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht faisnéise, déantar, ar shlí ghinearálta, a áirithiú go bhfuil léargas níos trédhearcaí ann maidir leis an margadh saothair. Ba cheart na hoibrithe ar mian leo gluaiseacht a chur ar an eolas go rialta faoi na coinníollacha maireachtála agus oibre.

(9)

Tá dlúthnaisc ann idir an tsaoirse ghluaiseachta d’oibrithe, an fhostaíocht agus an ghairmoiliúint, go háirithe nuair is é is aidhm don ghairmoiliúint ná a chumasú d’oibrithe glacadh le tairiscintí iarbhír ar fhostaíocht a dhéantar i réigiúin eile de chuid an Aontais. De bharr nasc den sórt sin, is gá nach ndéanfar staidéar leithliseach a thuilleadh ar na fadhbanna a éiríonn as na hábhair sin ach go ndéanfar iad a mheas mar nithe idirspleácha, agus aird á tabhairt freisin ar na fadhbanna a bhaineann leis an bhfostaíocht ar an leibhéal réigiúnach. Is gá, dá bhrí sin, iarrachtaí na mBallstát a dhíriú ar chomhordú a dhéanamh ar a gcuid beartas fostaíochta.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

AN FHOSTAÍOCHT, AN CHÓIR CHOMHIONANN AGUS TEAGHLAIGH OIBRITHE

ROINN 1

Gabháil le fostaíocht

Airteagal 1

1.   Beidh sé de cheart ag aon náisiúnach de chuid Ballstáit, gan spleáchas dá áit chónaithe, gabháil le gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, agus an ghníomhaíocht sin a shaothrú, laistigh de chríoch Ballstáit eile, i gcomhréir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin.

2.   Go háirithe nuair atá sé ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé an tosaíocht chéanna agus a theachtann náisiúnaigh an Stáit sin chun gabháil le fostaíocht atá ar fáil.

Airteagal 2

Féadfaidh aon náisiúnach de chuid Ballstáit agus aon fhostóir atá ag saothrú gníomhaíochta ar chríoch Ballstáit a n-iarratais ar fhostaíocht agus a dtairiscintí ar fhostaíocht a mhalartú, agus féadfaidh siad conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá i bhfeidhm, gan aon idirdhealú a bheith ann mar thoradh ar an méid sin.

Airteagal 3

1.   Faoin Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin ná ag na cleachtais riaracháin de chuid Ballstáit:

(a)

i gcás ina gcuirtear teorainn leo ar iarratais ar fhostaíocht nó ar thairiscintí ar fhostaíocht nó ar eachtrannaigh do ghabháil le fostaíocht agus fostaíocht a shaothrú, nó ina gcuirtear an méid sin faoi réir coinníollacha leo maidir le heachtrannaigh ar coinníollacha iad nach bhforáiltear dóibh maidir lena náisiúnaigh féin; nó

(b)

i gcás inarb é is aidhm eisiach nó is príomhaidhm dóibh nó is éifeacht eisiach nó is príomhéifeacht dóibh ná náisiúnaigh ó Bhallstáit eile a eisiamh ón bhfostaíocht atá á tairiscint, cé go bhfuil siad infheidhme gan spleáchas do náisiúntacht.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na coinníollacha a bhaineann le heolas teanga a bhfuil gá leo de bharr chineál na fostaíochta atá le líonadh.

2.   Áireofar le forálacha nó le cleachtais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, na forálacha nó na cleachtais seo a leanas i mBallstát, go háirithe:

(a)

forálacha nó cleachtais lena bhforordaítear nós imeachta ar leith earcaíochta fórsa saothair d’eachtrannaigh;

(b)

forálacha nó cleachtais lena ndéantar fógairt tairiscint fostaíochta sa phreas nó in aon mheáin eile a theorannú nó lena ndéantar fógairt den sórt sin a chur faoi réir coinníollacha seachas na coinníollacha sin atá infheidhme maidir le fostóirí atá ag saothrú a ngníomhaíochtaí ar chríoch an Bhallstáit sin;

(c)

forálacha nó cleachtais lena ndéantar gabháil le fostaíocht a chur faoi réir coinníollacha clárúcháin in oifigí fostaíochta nó lena gcuirtear bac ar earcaíocht oibrithe aonair, i gcás ina bhfuil daoine nach bhfuil cónaí orthu ar chríoch an Stáit sin i gceist.

Airteagal 4

1.   Ní bheidh feidhm ag forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát maidir le náisiúnaigh na mBallstát eile, ar forálacha iad lena gcuirtear teorainn, de réir lín nó céatadáin, ar eachtrannaigh a fhostú in aon ghnóthas, in aon bhrainse gníomhaíochta nó in aon réigiún, nó ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Más rud é, in aon Bhallstát, go ndéantar deonú aon sochair a thugtar do ghnóthais a chur faoi réir céatadán íosta d’oibrithe náisiúnta a bheith fostaithe, déanfar náisiúnaigh ó na Ballstáit eile a chomhaireamh mar oibrithe náisiúnta, ach sin faoi réir Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla (5).

Airteagal 5

Gheobhaidh aon náisiúnach de chuid Ballstáit atá ar thóir oibre ar chríoch Ballstáit eile an cúnamh céanna ansin is a thugtar sna hoifigí fostaíochta sa Stát sin dá náisiúnaigh féin agus iad ar thóir fostaíochta.

Airteagal 6

1.   Ní bheidh fostú ná earcú náisiúnach de chuid Ballstáit le haghaidh poist i mBallstát eile ag brath ar chritéir leighis, ar chritéir ghairme ná ar chritéir eile atá idirdhealaitheach de bhíthin a náisiúntachta i gcomparáid leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm i leith náisiúnach de chuid an Bhallstáit eile ar mian leo an ghníomhaíocht chéanna a shaothrú.

2.   Aon náisiúnach a bhfuil tairiscint ina ainm faighte aige ó fhostóir i mBallstát seachas an Ballstát sin dar náisiúnach é, féadfaidh sé go mbeidh ar an náisiúnach sin triail ghairme a dhéanamh, má iarrann an fostóir amhlaidh go sainráite le linn dó an tairiscint ar fhostaíocht a thabhairt.

ROINN 2

Fostaíocht a shaothrú agus an chóir chomhionann

Airteagal 7

1.   Maidir le hoibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, ní fhéadfar, ar chríoch na mBallstát eile, cóir atá éagsúil leis an gcóir a chuirtear ar oibrithe náisiúnta a chur air mar gheall ar a náisiúntacht maidir le haon choinníollacha fostaíochta agus oibre, go háirithe maidir le luach saothair, le cur as fostaíocht, agus i gcás ina dtiocfadh sé chun bheith dífhostaithe, maidir le haischur i bhfostaíocht nó maidir le hathfhostú.

2.   Teachtfaidh sé na buntáistí céanna sóisialta agus cánach agus a theachtann oibrithe náisiúnta.

3.   De bhua an chirt chéanna agus faoi na coinníollacha céanna is atá ag oibrithe náisiúnta, teachtfaidh sé oiliúint i ngairmscoileanna agus in ionaid athoiliúna nó athoideachais.

4.   Maidir le haon chlásal de chuid comhaontaithe chomhchoitinn nó de chuid comhaontaithe aonair nó aon chlásal de chuid aon rialacháin chomhchoitinn eile, ar clásal é a bhaineann le gabháil le fostaíocht, le luach saothair nó le coinníollacha eile oibre nó dífhostaithe, beidh sé ar neamhní a mhéid is a leagtar síos leis nó a údaraítear leis coinníollacha idirdhealaitheacha maidir le hoibrithe ar náisiúnaigh iad de chuid na mBallstát eile.

Airteagal 8

Aon oibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é agus atá fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé cóir chomhionann maidir le ballraíocht cheardchumann agus le feidhmiú na gceart a ghabhann leis an mballraíocht sin, lena n-áirítear an ceart chun vótáil agus chun gabháil le poist riaracháin nó bhainistíochta i gceardchumann. Féadfar é a eisiamh ó rannpháirtíocht i mbainistiú comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí agus ó bheith i seilbh oifige arna rialú leis an dlí poiblí. Ina theannta sin, teachtfaidh sé an ceart chun bheith cáilithe le haghaidh comhlachtaí ionadaíocha oibrithe i ngnóthas.

Ní dhéanfaidh an chéad mhír den Airteagal seo difear do dhlíthe ná do rialacháin i mBallstáit áirithe, ar dlíthe nó rialacháin iad lena dtugtar cearta níos forleithne d’oibrithe a thagann ó Ballstáit eile.

Airteagal 9

1.   Aon oibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é agus atá fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé na cearta agus na sochair go léir a thugtar d’oibrithe náisiúnta i gcúrsaí tithíochta, lena n-áirítear bheith i dteideal úinéireachta maidir leis an tithíocht a bhfuil gá aige léi.

2.   Féadfaidh oibrí dá dtagraítear i mír 1, agus an ceart céanna aige is atá ag náisiúnaigh, a ainm a chur leis na liostaí de dhaoine atá ag lorg tithíochta, sa réigiún ina bhfuil sé fostaithe, sna hionaid ina bhfuil liostaí den sórt sin ann agus teachtfaidh sé na sochair agus na tosaíochtaí atá ann mar thoradh air sin.

Más rud é gur fhan a theaghlach sa tír as ar tháinig sé, measfar chun na críche seo go bhfuil cónaí orthu sa réigiún sin, a mhéid a bhaineann oibrithe náisiúnta tairbhe as toimhde chomhchosúil.

ROINN 3

Teaghlaigh oibrithe

Airteagal 10

Déanfar leanaí le náisiúnach de chuid Ballstáit, ar náisiúnach é atá nó a bhí fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, a ligean isteach i gcúrsaí ginearálta oideachais, printíseachta agus gairmoiliúna de chuid an Stáit sin faoi na coinníollacha céanna is atá i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh an Stáit sin, más rud é go bhfuil cónaí ar na leanaí sin ar a chríoch.

Spreagfaidh na Ballstáit gach tionscnamh chun a chumasú do na leanaí sin freastal ar na cúrsaí sin faoi na coinníollacha is fearr is féidir.

CAIBIDIL II

TAIRISCINTÍ FOSTAÍOCHTA AGUS IARRATAIS AR FHOSTAÍOCHT A CHRUINNIÚ LE CHÉILE AGUS A IMRÉITEACH

ROINN 1

Comhar idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún

Airteagal 11

1.   Déanfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún aon staidéar ar fhostaíocht agus ar dhífhostaíocht a thionscnamh, ar staidéar é a measann siad ina leith go bhfuil gá leis ar mhaithe le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas, nó déanfaidh siad aon staidéar den sórt a chur i gcrích in éineacht lena chéile.

Comhoibreoidh seirbhísí lárnacha fostaíochta na mBallstát go dlúth lena chéile agus leis an gCoimisiún d’fhonn gníomhú go comhpháirteach maidir le tairiscintí fostaíochta agus le hiarratais ar fhostaíocht laistigh den Aontas a imréiteach agus maidir le hoibrithe a chur i bhfostaíocht mar thoradh air sin.

2.   Chun na críche sin, ainmneoidh na Ballstáit sainseirbhísí a mbeidh sé de chúram orthu obair a eagrú sna réimsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus comhoibriú lena chéile agus le seirbhísí an Choimisiúin.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar ainmniúchán seirbhísí den sórt sin agus foilseoidh an Coimisiún an t-eolas sin chun críche faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

1.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le fadhbanna a éiríonn i dtaca le saoirse ghluaiseachta agus le fostaíocht oibrithe, agus faisnéis maidir le sonraí a bhaineann leis an méid sin, mar aon le faisnéis maidir le staid agus le forbairt na fostaíochta, a chur chuig an gCoimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar an tuairim ón gCoiste Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 29 (dá ngairtear anseo feasta “an Coiste Teicniúil”), an tslí ina dtarraingeofar suas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh.

3.   I gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag an gCoimisiún, déanfaidh an tsainseirbhís i ngach Ballstát ar leith, agus lánaird á tabhairt aici ar an tuairim ón gCoiste Teicniúil, cibé faisnéis a bhaineann le coinníollacha maireachtála agus oibre agus le staid an mhargaidh fostaíochta ar faisnéis í de chineál a bheidh ina treoir d’oibrithe ó na Ballstáit eile, a chur chuig sainseirbhísí na mBallstát eile agus chuig an Oifig Eorpach um Chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 18. Déanfar faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

Áiritheoidh sainseirbhísí na mBallstát eile go ndéanfar faisnéis den sórt sin a phoibliú go forleathan, go háirithe trína scaipeadh ar na seirbhísí fostaíochta iomchuí agus trí na meáin chumarsáide oiriúnacha go léir atá ann chun na hoibrithe lena mbaineann a chur ar an eolas.

ROINN 2

An sásra imréitigh

Airteagal 13

1.   Déanfaidh sainseirbhís gach Ballstáit ar leith na nithe seo a leanas a chur go rialta chuig sainseirbhísí na mBallstát eile agus chuig an Oifig Eorpach um Chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)

na tairiscintí fostaíochta a bhféadfadh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile glacadh leo;

(b)

na tairiscintí fostaíochta atá dírithe ar thríú tíortha;

(c)

na hiarratais ar fhostaíocht ó na daoine sin a bhfuil sé tugtha le fios acu go foirmiúil gur mian leo oibriú i mBallstát eile;

(d)

faisnéis, de réir réigiúin agus de réir brainse ghníomhaíochta, faoi na hiarratasóirí ar fhostaíocht sin a bhfuil sé tugtha le fios acu go bhfuil siad toilteanach go hiarbhír glacadh le fostaíocht i dtír eile.

Déanfaidh sainseirbhís gach Ballstáit ar leith an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh, chomh luath agus is féidir, chuig na seirbhísí fostaíochta iomchuí agus chuig na gníomhaireachtaí fostaíochta iomchuí.

2.   Déanfar na tairiscintí fostaíochta agus na hiarratais ar fhostaíocht dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh de réir córais aonfhoirmithe atá le bunú ag an Oifig Eorpach um Chomhordú, dá dtagraítear in Airteagal 18, i gcomhar leis an gCoiste Teicniúil.

Féadfar an córas sin a oiriúnú más gá.

Airteagal 14

1.   Déanfar fógra maidir le haon tairiscint fostaíochta de réir bhrí Airteagal 13, ar tairiscint í a cuireadh chuig seirbhísí fostaíochta Ballstáit, a chur in iúl do sheirbhísí inniúla fostaíochta na mBallstát eile lena mbaineann agus déanfaidh na seirbhísí is déanaí atá luaite an tairiscint a phróiseáil.

Déanfaidh na seirbhísí inniúla fostaíochta sin na hiarratais oiriúnacha a chur ar aghaidh chuig seirbhísí an chéad Bhallstáit.

2.   Tabharfaidh na seirbhísí lena mbaineann de chuid na mBallstát freagra ar na hiarratais ar fhostaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná aon mhí amháin.

3.   Tabharfaidh na seirbhísí fostaíochta an tosaíocht chéanna do na hoibrithe sin ar náisiúnaigh de Bhallstáit iad agus a thugtar leis na bearta iomchuí d’oibrithe náisiúnta maidir le hoibrithe ar náisiúnaigh tríú tíortha iad.

Airteagal 15

1.   Is iad na sainseirbhísí a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí atá sainithe in Airteagal 14. Os a choinne sin, a mhéid atá siad údaraithe chuige sin ag na seirbhísí lárnacha agus sa mhéid is a chumasaítear an méid sin le heagrú sheirbhísí fostaíochta Ballstáit agus leis na teicníochtaí chun oibrithe a chur i bhfostaíocht:

(a)

déanfaidh seirbhísí réigiúnacha fostaíochta na mBallstát:

(i)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 a ndéanfar gníomhaíocht iomchuí uirthi dá réir, tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a chruinniú le chéile agus a imréiteach go díreach;

(ii)

gaolmhaireachtaí díreacha a bhunú le haghaidh imréitigh sna cásanna seo a leanas:

i gcás tairiscintí arna ndéanamh d’oibrí ainmnithe,

i gcás iarratas aonair ar fhostaíocht arna gcur cibé acu chuig seirbhís shonrach fostaíochta nó chuig fostóir atá ag saothrú a chuid ghníomhaíochta laistigh den réimse atá clúdaithe ag seirbhís den sórt sin,

i gcás ina mbaineann na hoibríochtaí imréitigh le fórsa saothair séasúrach nach mór é a earcú chomh tapa agus is féidir;

(b)

déanfaidh na seirbhísí a bhfuil freagracht chríochach orthu as réigiúin atá i dteorann le dhá Bhallstát nó le níos mó ná dhá Bhallstát sonraí a bhaineann le tairiscintí fostaíochta agus le hiarratais ar fhostaíocht ina limistéar a mhalartú go rialta agus, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena gcuid socruithe le seirbhísí eile fostaíochta a dtíortha, déanfaidh siad tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a chruinniú le chéile agus a imréiteach go díreach.

Más gá, déanfaidh na seirbhísí a bhfuil freagracht chríochach orthu as réigiúin teorann struchtúir chomhair agus sheirbhíse a chur ar bun freisin ar struchtúir iad trína ndéanfar an méid seo a leanas:

a oiread faisnéise praiticiúla agus is féidir a sholáthar d’úsáideoirí faoi ghnéithe éagsúla na soghluaisteachta, agus

creat de bhearta comhordaithe i leith na soghluaisteachta a sholáthar do na comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, do na seirbhísí sóisialta (go háirithe seirbhísí poiblí, seirbhísí príobháideacha agus seirbhísí atá ann ar mhaithe le leas an phobail) agus do na hinstitiúidí go léir lena mbaineann;

(c)

déanfaidh na seirbhísí oifigiúla um chur i bhfostaíocht a dhéileálann go sainiúil le slite beatha áirithe nó le catagóirí sonracha daoine comhar díreach a chur ar bun lena chéile.

2.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an liosta de na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, is liosta arna chinneadh de thoil a chéile, a chur in iúl don Choimisiún agus déanfaidh an Coimisiún an liosta sin, agus aon athrú a dhéantar air, a fhoilsiú chun críche faisnéise, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Ní bheidh sé éigeantach dul i mbun na nósanna imeachta earcaíochta arna gcur i bhfeidhm ag na comhlachtaí cur chun feidhme, ar nósanna imeachta iad dá bhforáiltear faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó.

ROINN 3

Bearta chun cothromaíocht an margadh saothair a rialú

Airteagal 17

1.   Ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún arna tarraingt suas de thoradh faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit sin agus an Coimisiún torthaí socruithe de chuid an Aontais, ar socruithe iad a bhaineann le tairiscintí fostaíochta agus le hiarratais ar fhostaíocht a anailísiú go comhpháirteach uair amháin sa bhliain ar a laghad.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na féidearthachtaí go léir a scrúdú chun tosaíocht a thabhairt do náisiúnaigh na mBallstát nuair atá folúntais á líonadh d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir na tairiscintí fostaíochta agus na hiarratais ar fhostaíocht san Aontas. Glacfaidh siad na bearta go léir is gá chun na críche sin.

3.   Gach re bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme Chaibidil II, agus déanfar achoimre sa tuarascáil sin ar an bhfaisnéis arna soláthar agus ar na sonraí a tháinig as na staidéir agus as an taighde a rinneadh agus tabharfar aon ghnéithe úsáideacha maidir le forbairtí ar mhargadh saothair an Aontais a thabhairt chun suntais.

ROINN 4

An Oifig Eorpach um Chomhordú

Airteagal 18

Beidh sé de chúram ginearálta ar an Oifig Eorpach um Chomhordú Imréiteach na dTairiscintí Fostaíochta agus na nIarratas ar Fhostaíocht, (dá ngairtear anseo feasta “an Oifig Eorpach um Chomhordú”) arna bhunú laistigh den Choimisiún, cruinniú le chéile tairiscintí fostaíochta agus iarratas ar fhostaíocht agus imréiteach na nithe sin, ar leibhéal an Aontais, a chur chun cinn. Beidh freagracht ar an Oifig go háirithe as na dualgais theicniúla go léir sa réimse seo, ar dualgais iad a shanntar don Choimisiún faoi fhorálacha an Rialacháin seo, agus beidh freagracht ar leith uirthi as cúnamh a thabhairt do na seirbhísí náisiúnta fostaíochta.

Déanfaidh an Oifig achoimre ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 agus ar na sonraí a thig as na staidéir agus as an taighde arna ndéanamh de bhun Airteagal 11, ionas go ndéanfar aon fhíorais úsáideacha faoi fhorbairtí intuartha ar mhargadh saothair an Aontais a thabhairt chun suntais; cuirfear na fíorais sin in iúl do shainseirbhísí na mBallstát agus don Choiste Comhairleach, ar Coiste é dá dtagraítear in Airteagal 21, agus don Choiste Teicniúil.

Airteagal 19

1.   Beidh an Oifig Eorpach um Chomhordú freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

comhordú a dhéanamh ar na bearta praiticiúla is gá chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a chruinniú le chéile agus a imréiteach ar leibhéal an Aontais agus chun anailís a dhéanamh ar ghluaiseachtaí oibrithe a tharlaíonn mar thoradh air sin;

(b)

chuige sin, i gcomhar leis an gCoiste Teicniúil, rannchuidiú le cur chun feidhme na modhanna gníomhaíochta comhpháirtí ar an leibhéal riaracháin agus ar an leibhéal teicniúil;

(c)

i gcás ina n-éiríonn riachtanas ar leith agus i gcomhaontú leis na sainseirbhísí, tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a chruinniú le chéile ar tairiscintí agus iarratais iad a dhéanfaidh na sainseirbhísí a imréiteach.

2.   Déanfaidh sí na tairiscintí fostaíochta agus na hiarratais ar fhostaíocht arna gcur go díreach chuig an gCoimisiún a chur ar aghaidh chuig na sainseirbhísí agus cuirfear an Oifig ar an eolas faoin ngníomhaíocht arna déanamh ina leith.

Airteagal 20

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le húdarás inniúil gach Ballstáit, agus i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a chinnfidh sé ar bhonn na tuairime ón gCoiste Teicniúil, cuairteanna agus tascanna a eagrú d’oifigigh de chuid na mBallstát eile, agus féadfaidh sé ardchláir do phearsanra saineolach a eagrú freisin.

CAIBIDIL III

COMHLACHTAÍ ATÁ FREAGRACH AS DLÚTHCHOMHAR IDIR NA BALLSTÁIT A ÁIRITHIÚ I gCÚRSAÍ A BHAINEANN LE SAOIRSE GHLUAISEACHTA AGUS LE FOSTAÍOCHT OIBRITHE

ROINN 1

An Coiste Comhairleach

Airteagal 21

Beidh an Coiste Comhairleach freagrach as cúnamh a thabhairt don Choimisiún i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar aon cheisteanna a éiríonn as cur chun feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na mbeart arna ndéanamh chun é a chur i bhfeidhm, i gcúrsaí a bhaineann le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe agus lena bhfostaíocht.

Airteagal 22

Beidh an Coiste Comhairleach freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann le saoirse ghluaiseachta agus le fostaíocht faoi chreat beartas náisiúnta maidir leis an bhfórsa saothair, d’fhonn beartais fostaíochta na mBallstát a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú le forbairt na ngeilleagar agus le cothromaíocht fheabhsaithe sa mhargadh saothair;

(b)

staidéar ginearálta a dhéanamh ar na héifeachtaí a ghabhann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon fhorálacha forlíontacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

(c)

aon tograí réasúnaithe maidir leis an Rialachán seo a athbhreithniú a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(d)

arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, tuairimí réasúnaithe a thabhairt ar cheisteanna ginearálta nó ar cheisteanna prionsabail, go háirithe maidir le malartú faisnéise a bhaineann le forbairtí sa mhargadh saothair, maidir le gluaiseacht oibrithe idir Ballstáit, maidir le cláir nó le bearta chun gairmthreoir agus gairmoiliúint a chur ar bun, ar cláir nó bearta iad de chineál a dhéanfaidh na féidearthachtaí i leith saoirse gluaiseachta agus i leith fostaíochta a mhéadú, agus maidir le gach cineál cúnaimh d’oibrithe agus dá dteaghlaigh, lena n-áirítear cúnamh sóisialta agus tithíocht oibrithe.

Airteagal 23

1.   Beidh sé chomhalta as gach Ballstát ar an gCoiste Comhairleach agus déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann an Rialtais, déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann na gceardchumann agus déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann chomhlachais na bhfostóirí.

2.   Ceapfaidh gach Ballstát malartach amháin i gcás gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus i dtéarma oifige mhalartaigh na gcomhaltaí sin. Féadfar a gceapacháin a athnuachan.

Nuair a rachaidh a dtéarma oifige in éag, fanfaidh na comhaltaí agus a malartaigh in oifig go dtí go dtagann daoine eile ina n-ionad nó go dtí go ndéantar a gceapacháin a athnuachan.

Airteagal 24

Is í an Chomhairle a cheapfaidh comhaltaí an Choiste Chomhairligh agus a malartaigh agus, le linn di ionadaithe a roghnú ó na ceardchumainn agus ó chomhlachais na bhfostóirí, féachfaidh sí le hionadaíocht chothromasach a bhaint amach ar an gCoiste i leith na n-earnálacha éagsúla eacnamaíocha lena mbaineann.

Déanfaidh an Chomhairle liosta de na comhaltaí agus dá malartach a fhoilsiú, chun críche faisnéise, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 25

Beidh comhalta de chuid an Choimisiúin nó a ionadaí ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach. Tiocfaidh an Coiste le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh an Coiste, ar thionscnamh an Chathaoirligh féin nó arna iarraidh sin don tríú cuid, ar a laghad, de na comhaltaí.

Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta don Choiste.

Airteagal 26

Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar dhaoine aonair nó ar ionadaithe comhlachtaí, ar daoine iad a bhfuil taithí fhairsing acu i réimse na fostaíochta agus i réimse gluaiseachta oibrithe páirt a ghlacadh i gcruinnithe i gcáil breathnadóirí nó i gcáil saineolaithe. Féadfaidh an Cathaoirleach cúnamh a fháil ó chomhairleoirí teicniúla.

Airteagal 27

1.   Ní bheidh aon tuairim ón gCoiste Comhairleach bailí mura bhfuil dhá thrian dá chomhaltaí i láthair.

2.   Ní mór cúiseanna a bheith ag gabháil le tuairimí; tabharfar na tuairimí trí thromlach glan de na vótaí arna gcaitheamh go bailí; beidh ráiteas i scríbhinn faoi na barúlacha arna gcur in iúl ag an mionlach ag gabháil leis na tuairimí, má iarrann an mionlach amhlaidh.

Airteagal 28

Déanfaidh an Coiste Comhairleach a chuid modhanna oibre a chinneadh le rialacha nós imeachta ar rialacha iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a fhormheas ach é sin tar éis tuairim a bheith faighte aici ón gCoimisiún. Beidh teacht i bhfeidhm aon athruithe a chinnfidh an Coiste i leith na rialacha nós imeachta sin faoi réir an nós imeachta chéanna.

ROINN 2

An Coiste Teicniúil

Airteagal 29

Beidh an Coiste Teicniúil freagrach as cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an obair theicniúil uile agus maidir leis na bearta teicniúla uile chun an Rialachán seo, agus aon fhorálacha forlíontacha a chur i bhfeidhm, a ullmhú, a chur chun cinn agus an gníomh leantach a dhéanamh maidir le torthaí na hoibre agus na mbeart sin.

Airteagal 30

Beidh an Coiste Teicniúil freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

comhar idir na comhlachtaí riaracháin lena mbaineann sna Ballstáit a chur chun cinn agus a fheabhsú i dtaobh na gceisteanna teicniúla go léir a bhaineann le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe agus lena bhfostaíocht;

(b)

nósanna imeachta a tharraingt suas maidir le heagrú ghníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhlachtaí riaracháin lena mbaineann;

(c)

bailiú faisnéise a éascú ar faisnéis í ar dóigh di a bheith úsáideach don Choimisiún agus na staidéir agus an taighde dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh, agus malartú faisnéise agus taithí idir na comhlachtaí riaracháin lena mbaineann a spreagadh;

(d)

staidéar a dhéanamh, ar leibhéal teicniúil, ar chomhchuibhiú na gcritéar ar dá réir a dhéanann Ballstáit measúnú ar staid a margaí saothair.

Airteagal 31

1.   Beidh an Coiste Teicniúil comhdhéanta d’ionadaithe Rialtais na mBallstát. Déanfaidh gach Rialtas duine de na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar a cheann ar an gCoiste Comhairleach a cheapadh mar chomhalta ar an gCoiste Teicniúil.

2.   Déanfaidh gach Rialtas malartach amháin as measc a chuid ionadaithe eile ar an gCoiste Comhairleach – cibé acu comhaltaí nó malartaigh – a cheapadh.

Airteagal 32

Beidh comhalta de chuid an Choimisiúin nó a ionadaí ina Chathaoirleach ar an gCoiste Teicniúil. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach. Féadfaidh Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste cúnamh a fháil ó chomhairleoirí teicniúla.

Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta don Choiste.

Airteagal 33

Déanfar na tograí agus na tuairimí arna bhfoirmliú ag an gCoiste Teicniúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus cuirfear an Coiste Comhairleach ar an eolas fúthu. Beidh ráiteas i scríbhinn faoi na barúlacha arna gcur in iúl ag comhaltaí éagsúla an Choiste Theicniúil ag gabháil le haon tograí nó le haon tuairimí den sórt sin, má iarrann na comhaltaí sin amhlaidh.

Airteagal 34

Cinnfidh an Coiste Teicniúil a chuid modhanna oibre trí rialacha nós imeachta inmheánach ar rialacha iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a fhormheas, ach é sin tar éis tuairim a bheith faighte aici ón gCoimisiún. Beidh teacht i bhfeidhm aon athruithe a chinnfidh an Coiste i leith na rialacha nós imeachta sin faoi réir an nós imeachta chéanna.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Leanfaidh rialacha nós imeachta an Choiste Chomhairligh agus an Choiste Theicniúil a tháinig i bhfeidhm an 8 Samhain 1968 d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 36

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na forálacha sin den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ar forálacha iad a bhaineann le gabháil le fostaíocht oilte i réimse an fhuinnimh núicléach, ná d’aon bhearta arna nglacadh de bhun an Chonartha sin.

Dá ainneoin sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gcatagóir oibrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus maidir le daoine dá dteaghlach sa mhéid is nach bhfuil a staid dhlíthiúil faoi rialú an Chonartha nó na mbeart thuasluaite.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’oibleagáidí na mBallstát a thig as gaolmhaireachtaí ar leith nó as comhaontuithe amach anseo le tíortha áirithe neamh-Eorpacha nó le críocha áirithe neamh-Eorpacha, ar bhonn ceangal institiúideach a bhí ann an 8 Samhain 1968, nó a thig as comhaontuithe a bhí ann an 8 Samhain 1968 le tíortha áirithe neamh-Eorpacha nó le críocha áirithe neamh-Eorpacha, ar bhonn ceangal institiúideach a bhí ann eatarthu.

Ní fhéadfaidh oibrithe ó na tíortha ná ó na críocha sin agus atá ag saothrú gníomhaíochtaí mar dhaoine fostaithe, i gcomhréir leis an bhforáil seo, ar chríoch ceann de na Ballstáit sin, leas a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ar chríoch na mBallstát eile.

Airteagal 37

Chun críocha faisnéise, déanfaidh na Ballstáit téacsanna comhaontuithe, coinbhinsiún nó socruithe arna dtabhairt i gcrích eatarthu i réimse an fhórsa saothair a chur in iúl don Choimisiún idir dáta a sínithe agus an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Airteagal 38

Déanfaidh an Coimisiún bearta chur chun feidhme a ghlacadh atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, gníomhóidh sé i ndlúthchomhar le comhlachtaí riaracháin lárnacha na mBallstát.

Airteagal 39

Taispeánfar caiteachas riaracháin an Choiste Chomhairligh agus an Choiste Theicniúil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sa roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún.

Airteagal 40

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit agus féadfaidh a gcuid náisiúnach tairbhe a bhaint as, ach sin gan dochar d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 3.

Airteagal 41

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 42

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 5 Aibreán 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 170.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifígiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Márta 2011.

(3)  IO L 257, 19.10.1968, lch. 2.

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle

(IO L 257, 19.10.1968, lch. 2.)

 

Rialachán (CEE) Uimh. 312/76 ón gComhairle

(IO L 39, 14.2.1976, lch. 2.)

 

Rialachán (CEE) Uimh. 2434/92 ón gComhairle

(IO L 245, 26.8.1992, lch. 1.)

 

Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, leagan ceartaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 35.)

Airteagal 38(1) amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68

An Rialachán seo

Cuid I

Caibidil I

Teideal I

Roinn 1

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Teideal II

Roinn 2

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Teideal III

Roinn 3

Airteagal 12

Airteagal 10

Cuid II

Caibidil II

Teideal I

Roinn 1

Airteagal 13

Airteagal 11

Airteagal 14

Airteagal 12

Teideal II

Roinn 2

Airteagal 15

Airteagal 13

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 18

Airteagal 16

Teideal III

Roinn 3

Airteagal 19

Airteagal 17

Teideal IV

Roinn 4

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 23

Airteagal 20

Cuid III

Caibidil III

Teideal I

Roinn 1

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 25

Airteagal 22

Airteagal 26

Airteagal 23

Airteagal 27

Airteagal 24

Airteagal 28

Airteagal 25

Airteagal 29

Airteagal 26

Airteagal 30

Airteagal 27

Airteagal 31

Airteagal 28

Teideal II

Roinn 2

Airteagal 32

Airteagal 29

Airteagal 33

Airteagal 30

Airteagal 34

Airteagal 31

Airteagal 35

Airteagal 32

Airteagal 36

Airteagal 33

Airteagal 37

Airteagal 34

Cuid IV

Caibidil IV

Teideal I

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 35

Airteagal 40

Airteagal 41

Teideal II

Airteagal 42(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 42(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 42(3), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc agus an dara fleasc

Airteagal 36(3), an chéad fhomhír

Airteagal 42(3), an dara fomhír

Airteagal 36(3), an dara fomhír

Airteagal 43

Airteagal 37

Airteagal 44

Airteagal 38

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 39

Airteagal 47

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 48

Airteagal 42

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top