EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0211

Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

OJ L 65, 11.3.2011, p. 1–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 20 Volume 001 P. 31 - 52

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/211/oj

11.3.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 211/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2011

maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 24 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) neartaítear saoránacht an Aontais agus feabhsaítear oibriú daonlathach an Aontais trína fhoráil, inter alia, go mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais trí thionscnamh ó na saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh. Tugann an nós imeachta sin an fhéidearthacht do shaoránaigh dul i dteagmháil dhíreach leis an gCoimisiún chun iarraidh air togra le haghaidh gnímh dhlíthiúil de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme, ar féidearthacht í atá comhchosúil leis an gceart a thugtar do Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus don Chomhairle faoi Airteagal 241 CFAE.

(2)

Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá le haghaidh tionscnaimh ó na saoránaigh soiléir, simplí, éasca le húsáid agus comhréireach le cineál an tionscnaimh ó na saoránaigh ionas go ndéanfar rannpháirtíocht ar thaobh na saoránach a spreagadh agus go mbeadh an tAontas níos inrochtana. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht chríonna iontu idir cearta agus dualgais.

(3)

Ba cheart go n-áiritheofaí leo freisin go bhfuil saoránaigh de chuid an Aontais faoi réir coinníollacha comhchosúla i dtaca le tacú le tionscnamh ó na saoránaigh, gan féachaint don Bhallstát as a dtagann siad.

(4)

Ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún, tar éis iarraidh a fháil, faisnéis agus comhairle neamhfhoirmiúil a sholáthar do shaoránaigh maidir le tionscnaimh ó na saoránaigh, go háirithe i leith na gcritéar clárúcháin.

(5)

Is gá an líon íosta Ballstát a leagan síos is Ballstáit ar gá do na saoránaigh teacht astu. Chun a áirithiú go bhfuil tionscnamh ó na saoránaigh ionadaíoch ar leas de chuid an Aontais agus, á áirithiú ag an am céanna go bhfanann an ionstraim éasca le húsáid, ba cheart a shocrú gurb ionann an líon sin agus an ceathrú cuid de na Ballstáit.

(6)

Chun na críche sin, is iomchuí freisin an líon íosta sínitheoirí a thagann as gach ceann de na Ballstáit sin a leagan síos. Chun coinníollacha comhchosúla a áirithiú do shaoránaigh i dtaca le tacú le tionscnamh ó na saoránaigh, ba cheart go mbeadh na líonta íosta sin comhréireach go céimlaghdaitheach. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na líonta íosta sin a leagan amach, i gcás gach Ballstáit, in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart go bhfreagródh líon íosta na sínitheoirí a bheidh ag teastáil i ngach Ballstát don líon Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi 750. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún an iarscríbhinn sin a leasú chun aon mhodhnú ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a léiriú.

(7)

Is iomchuí aois íosta a leagan síos i dtaca le tacú le tionscnamh ó na saoránaigh. Ba cheart a shocrú gurb ionann an aois sin agus an aois ag a bhfuil saoránaigh i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(8)

Tá gá le struchtúr eagraithe íosta chun tionscnamh ó na saoránaigh a thabhairt chun críche go rathúil. Maidir leis an struchtúr eagraithe sin, ba cheart go mbeadh sé i bhfoirm coiste saoránach a bheadh comhdhéanta de dhaoine nádúrtha (eagraithe) a thagann as seacht mBallstát éagsúla ar a laghad, chun go spreagfaí teacht chun cinn saincheisteanna uile-Eorpacha agus chun machnamh ar na saincheisteanna sin a chothú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus cumarsáid réidh éifeachtúil, ba cheart go n-ainmneodh an coiste saoránach ionadaithe chun idirchaidreamh a dhéanamh idir an coiste saoránach agus institiúidí an Aontais ar fud an nós imeachta ar fad.

(9)

Ba cheart go mbeadh eintitis, go háirithe eagraíochtaí a rannchuidíonn, faoi na Conarthaí, le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl, in ann tionscnamh ó na saoránaigh a chur chun cinn, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh i slí atá trédhearcach go hiomlán.

(10)

Chun comhleanúchas agus trédhearcacht a áirithiú maidir le tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, agus chun staid a sheachaint ina mbeadh sínithe á mbailiú le haghaidh tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé éigeantach tionscnaimh den sórt sin a chlárú ar láithreán gréasáin arna chur ar fáil ag an gCoimisiún sula ndéanfaí na ráitis tacaíochta is gá ó shaoránaigh a bhailiú. Ba cheart don Choimisiún gach tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, ar tionscnaimh iad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, a chlárú. Ba cheart don Choimisiún déileáil le clárúchán i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dea-riaracháin.

(11)

A luaithe a dhéantar tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú, féadfaidh na heagraithe na ráitis tacaíochta ó shaoránaigh a bhailiú.

(12)

Is iomchuí an fhoirm don ráiteas tacaíochta a leagan amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar foirm í ina sonrófar na sonraí is gá chun críocha fíorúcháin ag na Ballstáit. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún an iarscríbhinn sin a leasú i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, agus faisnéis a chuireann na Ballstáit ar aghaidh chuige á cur san áireamh.

(13)

Agus urraim chuí á tabhairt don phrionsabal ar dá réir nach mór sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus neamhiomarcach i ndáil leis na críocha ar chucu a bhailítear iad, d’fhéadfadh sé gur ghá do shínitheoirí tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, uimhir aitheantais phearsanta nó uimhir doiciméid aitheantais phearsanta, a sholáthar a mhéid is gá chun go bhféadfaidh na Ballstáit ráitis tacaíochta a fhíorú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(14)

Chun úsáid mhaith a bhaint as teicneolaíocht nua-aimseartha mar uirlis de chuid an daonlathais rannpháirtíochta, is iomchuí a fhoráil go mbaileofar ráitis tacaíochta ar líne mar aon leis na ráitis sin a bhailiú i bhfoirm pháipéir. Ba cheart go mbeadh gnéithe slándála leordhóthanacha ag baint le córais bailithe ar líne chun a áirithiú, inter alia, go ndéanfar na sonraí a bhailiú agus a stóráil go daingean. Chuige sin, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a leagan amach le haghaidh córas bailithe ar líne.

(15)

Is iomchuí go bhfíoródh na Ballstáit comhréireacht chórais bailithe ar líne le ceanglais an Rialacháin seo sula ndéanfar ráitis tacaíochta a bhailiú.

(16)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún bogearraí foinse oscailte a chur ar fáil ina mbeidh na gnéithe teicniúla ábhartha agus na gnéithe slándála ábhartha, ar gnéithe teicniúla agus slándála iad is gá chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le córais bailithe ar líne.

(17)

Is iomchuí a áirithiú go ndéanfar ráitis tacaíochta a bhaineann le tionscnamh ó na saoránaigh a bhailiú laistigh de theorainn shonrach ama. Chun a áirithiú go leanfaidh tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh de bheith ábhartha, agus an chastacht a bhaineann le ráitis tacaíochta a bhailiú ar fud an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh, níor cheart go mbeadh an teorainn ama sin níos faide ná 12 mhí ó dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.

(18)

I gcás ina bhfuil na ráitis tacaíochta is gá faighte ó na sínitheoirí maidir le tionscnamh ó na saoránaigh, is iomchuí a fhoráil gur cheart go mbeadh gach Ballstát freagrach as fíorúchán agus deimhniúchán a dhéanamh ar ráitis tacaíochta arna mbailiú ó shínitheoirí a thagann as an mBallstát sin. Agus aird á tabhairt ar an ngá leis an ualach riaracháin do Bhallstáit a theorannú, ba cheart dóibh, laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a bhfaighfear iarraidh i leith deimhniúcháin, na fíorúcháin sin a dhéanamh ar bhonn seiceálacha iomchuí, ar seiceálacha iad a fhéadfar a bhunú ar shampláil randamach, agus ba cheart dóibh doiciméad a eisiúint ina ndeimhneofar líon na ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas.

(19)

Ba cheart d’eagraithe a áirithiú go ndéantar na coinníollacha ábhartha uile atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh sula dtíolacfaidh siad tionscnamh ó na saoránaigh don Choimisiún.

(20)

Ba cheart don Choimisiún tionscnamh ó na saoránaigh a scrúdú agus a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan amach ar leithligh óna chéile. Ba cheart dó an ghníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh mar fhreagairt ar an tionscnamh a leagan amach freisin laistigh de thrí mhí. Chun a thaispeáint go bhfuiltear tar éis tionscnamh ó na saoránaigh a bhfuil tacaíocht aige ó aon mhilliún amháin de shaoránaigh an Aontais ar a laghad, agus an obair a leanfadh as, a scrúdú go cúramach, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige a mhíniú i slí shoiléir intuigthe mhionsonraithe agus ba cheart dó, sa tslí chéanna, na cúiseanna atá aige a thabhairt más rud é nach mbeartaíonn sé aon ghníomhaíocht a dhéanamh. Nuair a gheobhaidh an Coimisiún tionscnamh ó na saoránaigh, ar tionscnamh é a bhfuil tacaíocht aige ón líon sínitheoirí is gá agus ar tionscnamh é a chomhlíonann ceanglais eile an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh na heagraithe i dteideal an tionscnamh sin a chur i láthair ag éisteacht phoiblí ar leibhéal an Aontais.

(21)

Tá Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4) infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I dtaca leis sin, ar mhaithe le cinnteacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú gurb iad eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh agus údaráis inniúla na mBallstát na rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Threoir 95/46/CE agus is iomchuí freisin, maidir leis na sonraí pearsanta arna mbailiú chun críocha tionscnaimh ó na saoránaigh, an uastréimhse a shonrú ar lena linn a fhéadfar na sonraí sin a choimeád. Ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, is gá d’eagraithe na bearta iomchuí go léir a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur le Treoir 95/46/CE a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála, le daingne na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus le cearta na n-ábhar sonraí rochtain a bheith acu ar a gcuid sonraí pearsanta, mar aon lena gcearta a chur faoi deara a sonraí pearsanta a cheartú agus a scriosadh.

(22)

Tá forálacha Chaibidil III de Threoir 95/46/CE maidir le leigheasanna breithiúnacha, dliteanas agus smachtbhannaí infheidhme go hiomlán maidir leis an bpróiseáil sonraí a dhéantar le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeadh eagraithe faoi réir pionós iomchuí mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo.

(23)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (5) infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna cur i gcrích ag an gCoimisiún le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(24)

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bheidh ann amach anseo i ndáil le hoiriúnú, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(25)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6).

(26)

Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 8 di, ina sonraítear go bhfuil an ceart ag gach duine go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

(27)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ghlac sé tuairim (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá do thionscnamh ó na saoránaigh dá bhforáiltear in Airteagal 11 CAE agus in Airteagal 24 CFAE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

Ciallaíonn “tionscnamh ó na saoránaigh” tionscnamh, arna thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-iarrtar ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, aon togra iomchuí a thíolacadh maidir le nithe a bhfuil gá, dar leis na saoránaigh, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme, ar tionscnamh é a bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún sínitheoir cáilithe ar a laghad, agus saoránaigh a thagann as an gceathrú cuid, ar a laghad, de na Ballstáit ina measc;

2.

Ciallaíonn “sínitheoirí” saoránaigh de chuid an Aontais a thacaigh le tionscnamh áirithe ó na saoránaigh trí fhoirm ráitis tacaíochta a chomhlánú i ndáil leis an tionscnamh sin;

3.

Ciallaíonn “eagraithe” daoine nádúrtha a fhoirmíonn coiste saoránach atá freagrach as tionscnamh ó na saoránaigh a ullmhú agus a thíolacadh don Choimisiún.

Airteagal 3

Ceanglais ar eagraithe agus ar shínitheoirí

1.   Saoránaigh de chuid an Aontais a bheidh sna heagraithe agus beidh aois acu a thugann teideal dóibh chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Foirmeoidh na heagraithe coiste saoránach ar a mbeidh seachtar ar a laghad agus cónaitheoirí de chuid seacht mBallstát éagsúla ar a laghad ina measc.

Ainmneoidh na heagraithe aon ionadaí amháin agus aon ionadaí malartach amháin (“daoine teagmhála”) a dhéanfaidh idirchaidreamh idir an coiste saoránach agus institiúidí an Aontais ar fud an nós imeachta agus a mbeidh sainordú acu chun labhairt agus chun gníomhú thar ceann an choiste saoránach.

Maidir le heagraithe ar Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa iad, ní áireofar iad chun an líon íosta a shroicheadh is gá chun coiste saoránach a fhoirmiú.

Chun tionscnamh ó na saoránaigh a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 4, ní bhreithneoidh an Coimisiún ach amháin an fhaisnéis sin a bhaineann leis an seachtar comhaltaí den choiste saoránach is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus sa mhír seo a chomhlíonadh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na heagraithe cruthúnas iomchuí a sholáthar gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2.

4.   Chun bheith cáilithe chun tacú le tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, beidh sínitheoirí ina saoránaigh de chuid an Aontais agus beidh aois acu a thugann teideal dóibh chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 4

Tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú

1.   Sula dtionscnaítear bailiú ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí i gcomhair tionscnaimh beartaithe ó na saoránaigh, beidh sé de cheangal ar na heagraithe an tionscnamh sin a chlárú leis an gCoimisiún agus an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a sholáthar, go háirithe an fhaisnéis maidir le hábhar agus cuspóirí an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.

Soláthrófar an fhaisnéis sin i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, i gclár ar líne arna chur ar fáil ag an gCoimisiún chun na críche sin (“an clár”).

Déanfaidh na heagraithe faisnéis arna nuashonrú go rialta a sholáthar don chlár agus, i gcás inarb iomchuí, ar a laithreán gréasáin, ar faisnéis í a bhaineann leis na foinsí tacaíochta agus maoiniúcháin don tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh.

Tar éis an clárúchán a dhaingniú i gcomhréir le mír 2, féadfaidh na heagraithe an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a sholáthar i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais chun go n-áireofar iad sa chlár. Beidh sé de fhreagracht ar na heagraithe an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a aistriú go teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais.

Bunóidh an Coimisiún pointe teagmhála a sholáthróidh faisnéis agus cúnamh.

2.   Laistigh de dhá mhí tar éis an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fháil, déanfaidh an Coimisiún tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú faoi uimhir chlárúcháin uathúil agus seolfaidh sé daingniú ina leith sin chuig na heagraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndearnadh an coiste saoránach a fhoirmiú agus na daoine teagmhála a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3(2);

(b)

nach bhfuil an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme;

(c)

nach bhfuil an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, míchuí, suaibhreosach ná cráiteach; agus

(d)

nach bhfuil an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 CAE.

3.   Diúltóidh an Coimisiún clárúchán a dhéanamh más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina ndiúltóidh sé tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú, cuirfidh an Coimisiún na heagraithe ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltú sin agus maidir leis na leigheasanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha uile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh.

4.   Déanfar tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh atáthar tar éis a chlárú a phoibliú sa chlár. Gan dochar dá gcearta faoi Rialachán (CE) Uimh 45/2001, beidh ábhair sonraí i dteideal a iarraidh go mbainfear a sonraí pearsanta den chlár ag deireadh tréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.

5.   Féadfaidh na heagraithe tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh atáthar tar éis a chlárú a tharraingt siar aon tráth sula dtíolacfar na ráitis tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 8. Sa chás sin, déanfar iontráil sa chéill sin a chur isteach sa chlár.

Airteagal 5

Nósanna imeachta agus coinníollacha chun ráitis tacaíochta a bhailiú

1.   Beidh na heagraithe freagrach as na ráitis tacaíochta a bhailiú ó na sínitheoirí i gcomhair tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, ar tionscnamh é atáthar tar éis a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 4.

Maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú, ní fhéadfar aon fhoirmeacha a úsáid seachas foirmeacha a chomhlíonann na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus atá i gceann amháin de na leaganacha teanga atá san áireamh sa chlár don tionscnamh beartaithe sin ó na saoránaigh. Sula dtionscnaítear bailiú ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí, comhlánóidh na heagraithe na foirmeacha mar atá léirithe in Iarscríbhinn III. Freagróidh an fhaisnéis a thabharfar sna foirmeacha don fhaisnéis atá sa chlár.

2.   Féadfaidh na heagraithe ráitis tacaíochta a bhailiú i bhfoirm pháipéir nó go leictreonach. I gcás ina mbaileofar ráitis tacaíochta ar líne, beidh feidhm ag Airteagal 6.

Chun críche an Rialacháin seo, maidir le ráitis tacaíochta arna síniú go leictreonach agus úsáid á baint as síniú leictreonach ardleibhéil de réir bhrí Threoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (8), déileálfar leo sa tslí chéanna le ráitis tacaíochta i bhfoirm pháipéir.

3.   Beidh sé de cheangal ar shínitheoirí foirmeacha ráitis tacaíochta arna gcur ar fáil ag na heagraithe a chomhlánú. Ní léireoidh siad sin ach na sonraí pearsanta a bheidh ag teastáil chun críocha fíorúcháin ag na Ballstáit, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Ní fhéadfaidh sínitheoirí tacú le tionscnamh beartaithe áirithe ó na saoránaigh ach aon uair amháin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Agus na hathruithe sin á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 18 agus Airteagal 19.

5.   Baileofar gach ráiteas tacaíochta tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh agus laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí.

Ag deireadh na tréimhse sin, léireoidh an clár go mbeidh an tréimhse imithe in éag agus, i gcás in arb iomchuí, nár bailíodh an líon ráiteas tacaíochta is gá.

Airteagal 6

Córais bailithe ar líne

1.   I gcás ina mbailítear ráitis tacaíochta ar líne, déanfar na sonraí a fhaightear tríd an gcóras bailithe ar líne a stóráil i gcríoch Ballstáit.

Deimhneofar an córas bailithe ar líne i gcomhréir le mír 3 sa Bhallstát ina stórálfar na sonraí arna mbailiú tríd an gcóras bailithe ar líne. Féadfaidh na heagraithe córas bailithe ar líne amháin a úsáid chun ráitis tacaíochta a bhailiú i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile.

Féadfar na samhlacha le haghaidh na bhfoirmeacha ráitis tacaíochta a oiriúnú ar mhaithe le bailiú ar líne.

2.   Áiritheoidh na heagraithe, maidir leis an gcóras bailithe ar líne a úsáidtear chun ráitis tacaíochta a bhailiú, go gcomhlíonann sé mír 4.

Sula dtionscnaítear bailiú ráiteas tacaíochta, iarrfaidh na heagraithe ar údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha a dheimhniú, maidir leis an gcóras bailithe ar líne a úsáidtear chun na críche sin, go gcomhlíonann sé mír 4.

Ní fhéadfaidh na heagraithe tosú ar ráitis tacaíochta a bhailiú tríd an gcóras bailithe ar líne go dtí go mbeidh siad tar éis an deimhniú dá dtagraítear i mír 3 a eisiúint. Cuirfidh na heagraithe cóip den deimhniú sin ar fáil go poiblí ar an láithreán gréasáin a úsáidtear don chóras bailithe ar líne.

Faoin 1 Eanair 2012, déanfaidh an Coimisiún bogearraí foinse oscailte a chur ar bun agus a chothabháil ina dhiaidh sin ar bogearraí iad ina mbeidh na gnéithe ábhartha teicniúla agus slándála is gá chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le córais bailithe ar líne. Cuirfear na bogearraí ar fáil saor in aisce.

3.   I gcás ina gcomhlíonfaidh an córas bailithe ar líne mír 4, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha deimhniú sa chéill sin a eisiúint laistigh de mhí amháin i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do na deimhnithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla Ballstát eile.

4.   Beidh gnéithe slándála agus teicniúla leordhóthanacha ag córais bailithe ar líne chun a áirithiú:

(a)

nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha foirm ráitis tacaíochta a thíolacadh ar líne;

(b)

go ndéantar na sonraí arna soláthar ar líne a bhailiú agus a stóráil go daingean, chun a áirithiú, inter alia, nach bhféadfar iad a mhodhnú ná a úsáid chun aon chríche seachas chun an tacaíocht a léirítear iontu a thabhairt don tionscnamh áirithe ó na saoránaigh agus chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé trí thaisme nó neamhdhleathach, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh neamhúdaraithe nó ar rochtain neamhúdaraithe;

(c)

gur féidir leis an gcóras ráitis tacaíochta a ghiniúint i bhfoirm a chomhlíonann na samhlacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, chun go mbeidh na Ballstáit in ann fíorúchán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(2).

5.   Faoin 1 Eanair 2012, glacfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla chun mír 4 a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 7

An líon íosta sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit

1.   Beidh daoine a thagann as aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit i measc sínitheoirí tionscnaimh ó na saoránaigh.

2.   In aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, is é a bheidh sa líon saoránach, tráth cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, ná an líon íosta saoránach ar a laghad atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. Freagróidh na líonta íosta sin don líon Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa a thoghtar i ngach Ballstát ar leith, arna iolrú faoi 750.

3.   Déanfaidh an Coimisiún coigeartuithe iomchuí ar Iarscríbhinn I a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 17 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 18 agus Airteagal 19, chun aon mhodhnú ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a léiriú.

4.   Measfar gurb é an Ballstát as a dtagann sínitheoirí an Ballstát atá freagrach as a ráiteas tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 8(1).

Airteagal 8

Na Ballstáit d’fhíorú agus do dheimhniú ráiteas tacaíochta

1.   Tar éis dóibh na ráitis tacaíochta is gá a bhailiú ó shínitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7, tíolacfaidh na heagraithe na ráitis tacaíochta, i bhfoirm pháipéir nó i bhfoirm leictreonach, do na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15 lena bhfíorú agus lena ndeimhniú. Chun na críche sin, úsáidfidh na heagraithe an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus déanfaidh siad na ráitis tacaíochta arna mbailiú i bhfoirm pháipéir, na ráitis tacaíochta arna síniú go leictreonach agus úsáid á baint as síniú leictreonach ardleibhéil agus na ráitis tacaíochta arna mbailiú trí chóras bailithe ar líne a dheighilt ó chéile.

Tíolacfaidh na heagraithe ráitis tacaíochta don Bhallstát ábhartha mar a leanas:

(a)

do Bhallstát cónaithe nó náisiúntachta an tsínitheora, mar a shonraítear i bpointe 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn III, nó

(b)

don Bhallstát a d’eisigh an uimhir aitheantais phearsanta nó an doiciméad aitheantais pearsanta a léirítear sa ráiteas tacaíochta, mar a shonraítear i bpointe 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn III.

2.   Laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón iarraidh a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla na ráitis tacaíochta a thíolactar a fhíorú ar bhonn seiceálacha iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, de réir mar is iomchuí. Ar an mbonn sin, seachadfaidh siad deimhniú ar na heagraithe i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI, ar deimhniú é ina ndeimhneofar líon na ráiteas tacaíochta bailí don Bhallstát lena mbaineann.

Chun na ráitis tacaíochta a fhíorú, ní gá sínithe a fhíordheimhniú.

3.   Déanfar an deimhniú dá bhforáiltear i mír 2 a eisiúint saor in aisce.

Airteagal 9

Tionscnamh ó na saoránaigh a thíolacadh don Choimisiún

Tar éis do na heagraithe na deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) a fháil, agus ar choinníoll gur comhlíonadh na nósanna imeachta ábhartha agus na coinníollacha ábhartha uile atá leagtha amach sa Rialachán seo, féadfaidh na heagraithe an tionscnamh ó na saoránaigh a thíolacadh don Choimisiún, agus beidh faisnéis maidir le haon tacaíocht agus le haon mhaoiniú a fuarthas don tionscnamh ag gabháil leis. Foilseofar an fhaisnéis sin sa chlár.

Beidh méid na tacaíochta agus an mhaoinithe a fuarthas ó aon fhoinse, arb é an méid é a mbeidh faisnéis le soláthar i leith aon bharrachais air, comhionann leis an méid atá leagtha amach i Rialachán Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann le maoiniú na bpáirtithe polaitiúla sin (9).

Chun críche an Airteagail seo, úsáidfidh na heagraithe an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII agus tíolacfaidh siad an fhoirm chomhlánaithe mar aon le cóipeanna, i bhfoirm pháipéir nó i bhfoirm leictreonach, de na deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

Airteagal 10

An nós imeachta ar dá réir a scrúdóidh an Coimisiún tionscnaimh ó na saoránaigh

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún tionscnamh ó na saoránaigh i gcomhréir le hAirteagal 9 déanfaidh sé mar a leanas:

(a)

foilseoidh sé an tionscnamh ó na saoránaigh gan mhoill sa chlár;

(b)

buailfidh sé leis na heagraithe ar leibhéal iomchuí chun deis a thabhairt dóibh míniú mionsonraithe a thabhairt ar na nithe atá sa tionscnamh;

(c)

laistigh de thrí mhí, i dteachtaireacht uaidh, leagfaidh sé amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh, an ghníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh, más ann di, agus na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin a dhéanamh nó gan í a dhéanamh.

2.   Déanfar an teachtaireacht dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a chur in iúl do na heagraithe, agus cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle í chomh maith, agus poibleofar í.

Airteagal 11

Éisteacht phoiblí

I gcás ina gcomhlíontar coinníollacha phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 10(1), agus laistigh den sprioc-am atá leagtha síos i bpointe (c) d’Airteagal 10(1), tabharfar an deis do na heagraithe an tionscnamh ó na saoránaigh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí. Áiritheoidh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa go n-eagrófar an éisteacht sin i bParlaimint na hEorpa, i gcomhar le cibé institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais ar mian leo a bheith páirteach inti, más iomchuí, agus go mbeidh ionadaíocht ag an gCoimisiún ag leibhéal cuí.

Airteagal 12

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Le linn dóibh sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh agus údaráis inniúla an Bhallstáit Treoir 95/46/CE agus na forálacha náisiúnta arna nglacadh dá bhun a chomhlíonadh.

2.   Chun críocha na próiseála arna déanamh acu faoi seach ar shonraí pearsanta, measfar, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, gur rialaitheoirí sonraí iad eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 15(2).

3.   Áiritheoidh na heagraithe nach ndéanfar sonraí pearsanta a bhaileofar le haghaidh tionscnaimh áirithe ó na saoránaigh a úsáid chun aon chríche seachas chun léiriú a thabhairt ar thacaíocht don tionscnamh sin agus scriosfaidh siad na ráitis tacaíochta go léir a gheofar don tionscnamh sin agus aon chóipeanna de na ráitis sin mí amháin ar a dhéanaí tar éis an tionscnamh sin a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9 nó 18 mí tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, cibé acu is túisce.

4.   Ní úsáidfidh an t-údarás inniúil na sonraí pearsanta a gheobhaidh sé le haghaidh tionscnaimh áirithe ó na saoránaigh ach amháin chun na ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8(2), agus scriosfaidh sé na ráitis tacaíochta uile agus aon chóipeanna díobh mí amháin ar a dhéanaí tar éis an deimhniú dá dtagraítear san Airteagal sin a eisiúint.

5.   Féadfar ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnaimh áirithe ó na saoránaigh agus cóipeanna díobh a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 3 agus i mír 4 más gá sin chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann le tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh. Scriosfaidh na heagraithe agus an t-údarás inniúil na ráitis tacaíochta uile agus cóipeanna uile díobh seachtain amháin ar a dhéanaí tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche le cinneadh críochnaitheach.

6.   Déanfaidh na heagraithe bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé de thaisme nó neamhdhleathach, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh neamhúdaraithe nó ar rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar ghréasán i gceist leis an bpróiseáil, agus chun iad a chosaint ar gach cineál próiseála neamhdhleathach eile.

Airteagal 13

Dliteanas

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh eagraithe faoi dhliteanas i leith damáiste arb iad is cúis leis le linn tionscnamh ó na saoránaigh a eagrú.

Airteagal 14

Pionóis

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heagraithe faoi réir pionós iomchuí mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo agus go háirithe mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a)

dearbhuithe bréagacha arna ndéanamh ag eagraithe;

(b)

úsáid chalaoiseach sonraí.

2.   Beidh na pionóis dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 15

Údaráis inniúla sna Ballstáit

1.   Chun Airteagal 6(3) a chur chun feidhme, ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla a bheidh freagrach as an deimhniú dá bhforáiltear san Airteagal sin a eisiúint.

2.   Chun Airteagal 8(2) a chur chun feidhme, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh maidir leis an bpróiseas fíoraithe ráiteas tacaíochta agus as na deimhnithe dá bhforáiltear san Airteagal sin a sheachadadh.

3.   Tráth nach déanaí ná an 1 Márta 2012, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí.

Airteagal 16

Na hIarscríbhinní a leasú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 17, agus faoi réir choinníollacha Airteagal 18 agus Airteagal 19, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 16 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í ar feadh tréimhse éiginnte ama.

2.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 18

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, aon tráth, tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16 a chúlghairm.

2.   Féachfaidh an institiúid atá tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le cúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí arna sonrú sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 19

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis an dáta a fhaigheann siad an fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé beartaithe acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 20

Coiste

1.   Chun Airteagal 6(5) a chur chun feidhme, tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 21

Fógra a thabhairt faoi fhorálacha náisiúnta

Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sonracha a ghlacann sé chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 22

Athbhreithniú

Faoin 1 Aibreán 2015, agus gach trí bliana dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Feabhra 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

MARTONYI J.


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 182.

(2)  IO C 267, 1.10.2010, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2011.

(4)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(5)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(7)  IO C 323, 30.11.2010, lch. 1.

(8)  IO L 13, 19.1.2000, lch. 12.

(9)  IO L 297, 15.11.2003, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT

An Bheilg

16 500

An Bhulgáir

12 750

Poblacht na Seice

16 500

An Danmhairg

9 750

An Ghearmáin

74 250

An Eastóin

4 500

Éire

9 000

An Ghréig

16 500

An Spáinn

37 500

An Fhrainc

54 000

An Iodáil

54 000

An Chipir

4 500

An Laitvia

6 000

An Liotuáin

9 000

Lucsamburg

4 500

An Ungáir

16 500

Málta

3 750

An Ísiltír

18 750

An Ostair

12 750

An Pholainn

37 500

An Phortaingéil

16 500

An Rómáin

24 750

An tSlóivéin

5 250

An tSlóvaic

9 750

An Fhionlainn

9 750

An tSualainn

13 500

An Ríocht Aontaithe

54 000


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS IS GÁ CHUN TIONSCNAMH BEARTAITHE Ó NA SAORÁNAIGH A CHLÁRÚ

Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas chun tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú i gclár ar líne an Choimisiúin:

1.

Teideal an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, gan níos mó ná 100 carachtar a bheith ann;

2.

Ábhar an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, gan níos mó ná 200 carachtar a bheith ann;

3.

Tuairisc ar chuspóirí an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh ar ina leith a iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú, gan níos mó ná 500 carachtar a bheith inti;

4.

Na forálacha de na Conarthaí a mheasann na heagraithe a bheith ábhartha i ndáil leis an ngníomhaíocht atá beartaithe;

5.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe na seacht gcomhalta den choiste saoránach, agus an t-ionadaí agus an t-ionadaí malartach, chomh maith lena seoltaí ríomhphoist, á léiriú go sonrach (1).

6.

Gach foinse tacaíochta agus maoinithe don tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh tráth an chlárúcháin (1).

Féadfaidh eagraithe faisnéis níos mionsonraithe faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh a sholáthar in iarscríbhinn. Féadfaidh siad freisin, más mian leo, dréachtghníomh reachtach a thíolacadh.


(1)  Ráiteas príobháideachais: i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, cuirtear daoine a mbaineann na sonraí leo ar an eolas go bhfuil an Coimisiún tar éis na sonraí pearsanta sin a thiomsú chun críche an nós imeachta maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh. Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána na n-eagraithe, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus maoinithe a chur ar fáil don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh, ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe, i gcoinne a sonraí pearsanta a fhoilsiú, agus a iarraidh go gceartófar na sonraí sin aon tráth agus go mbainfear iad ó chlár ar líne an Choimisiúin nuair a rachaidh tréimhse dhá bhliain in éag ó dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.


IARSCRÍBHINN III

Image

Image

Image

Image

CUID C

1.

Liosta na mBallstát nach gceanglaíonn go soláthrófar uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta (foirm ráitis tacaíochta – Cuid A):

Ballstát

Sínitheoirí a ndéanfar a ráiteas tacaíochta a thíolacadh don Bhallstát lena mbaineann

An Bheilg

cónaitheoirí sa Bheilg

náisiúnaigh Bheilgeacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta.

An Danmhairg

cónaitheoirí sa Danmhairg

náisiúnaigh Dhanmhairgeacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Ghearmáin

cónaitheoirí sa Ghearmáin

náisiúnaigh Ghearmáineacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Eastóin

cónaitheoirí san Eastóin

náisiúnaigh Eastóineacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

Éire

cónaitheoirí in Éirinn

An Ísiltír

cónaitheoirí san Ísiltír

An tSlóvaic

cónaitheoirí sa tSlóvaic

náisiúnaigh Slóvaiceacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

An Fhionlainn

cónaitheoirí san Fhionlainn

náisiúnaigh Fhionlainneacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

An Ríocht Aontaithe

cónaitheoirí sa Ríocht Aontaithe

2.

Liosta na mBallstát a cheanglaíonn go soláthrófar ceann amháin de na huimhreacha aitheantais pearsanta/huimhreacha doiciméid aitheantais pearsanta, mar a shonraítear thíos, san fhoirm ráitis tacaíochta – Cuid B:

 

AN BHULGÁIR

Единен граждански номер (uimhir phearsanta)

 

POBLACHT NA SEICE

Občanský průkaz (cárta aitheantais náisiúnta)

Cestovní pas (pas)

 

AN GHRÉIG

Δελτίο Αστυνομικής Ταυτότητας (cárta aitheantais)

Διαβατήριο (pas)

Βεβαίωση Εγγραφής Πολιτών Ε.Ε./Έγγραφο πιστοποίησης μόνιμης διαμονής πολίτη Ε.Ε. (deimhniú cónaithe/deimhniú buanchónaithe)

 

AN SPÁINN

Documento Nacional de Identidad (cárta aitheantais)

Pasaporte (pas)

 

AN FHRAINC

Passeport (pas)

Carte nationale d'identité (Cárta aitheantais náisiúnta)

Titre de séjour (cead cónaithe)

Permis de conduire (ceadúnas tiomána)

Autre (eile):

Carte d’identité de parlementaire avec photographie, délivrée par le président d’une assemblée parlementaire (cárta aitheantais parlaiminteora a bhfuil grianghraf air, arna eisiúint ag uachtarán tionóil pharlaimintigh);

Carte d’identité d’élu local avec photographie, délivrée par le représentant de l’Etat (cárta aitheantais comhalta áitiúil thofa a bhfuil grianghraf air, arna eisiúint ag ionadaí an Stáit);

Carte du combattant de couleur chamois ou tricolore (cárta seansaighdiúra cogaíochta a bhfuil dath donnbhuí air nó atá trídhathach);

Carte d’invalidité civile ou militaire avec photographie (cárta easláine sibhialta nó míleata a bhfuil grianghraf air);

Carte d’identité de fonctionnaire de l’Etat avec photographie (cárta aitheantais státseirbhísigh de chuid an Stáit a bhfuil grianghraf air);

Carte d’identité ou carte de circulation avec photographie, délivrée par les autorités militaires (cárta aitheantais nó cárta saorghluaiseachta a bhfuil grianghraf air, arna eisiúint ag na húdaráis mhíleata);

Permis de chasser avec photographie, délivré par le représentant de l’Etat (cead fiaigh a bhfuil grianghraf air, arna eisiúint ag ionadaí an Stáit);

Livret ou carnet de circulation, délivré par le préfet en application de la loi no 69-3 du 3 janvier 1969 (cead gluaiseachta taistealaí, arna eisiúint ag an maor de bhun dhlí uimh. 69-3 an 3 Eanáir 1969);

Récépissé valant justification de l’identité, délivré en échange des pièces d’identité en cas de contrôle judiciaire, en application du neuvième alinéa (7o) de l’article 138 du code de procédure pénale (admháil chruthaithe aitheantas, arna heisiúint mar mhalairt ar dhoiciméid aitheantais i gcásanna maoirseachta breithiúnaí, de bhun an naoú fleasc d’Airteagal 138 de chód an nós imeachta choiriúil (a uimhrítear mar 7o);

Attestation de dépôt d’une demande de carte nationale d’identité ou de passeport, délivrée depuis moins de trois mois par une commune et comportant une photographie d’identité du demandeur authentifiée par un cachet de la commune (teastas á rá gur taisceadh iarratas ar chárta aitheantais náisiúnta nó ar phas, ar teastas é a d’eisigh común tráth is giorra ná trí mhí roimhe sin agus a bhfuil grianghraf den iarratasóir air arna fhíordheimhniú le stampa an chomúin)

 

AN IODÁIL

Passaporto (pas), inclusa l'indicazione dell'autorità di rilascio (lena n-áirítear an t-údarás eisiúna)

Carta di identità (cárta aitheantais), inclusa l'indicazione dell'autorità di rilascio (lena n-áirítear an t-údarás eisiúna)

 

AN CHIPIR

Δελτίο Ταυτότητας (cárta aitheantais náisiúnaigh nó cónaitheora)

Διαβατήριο (pas)

 

AN LAITVIA

Personas kods (uimhir aitheantais phearsanta)

 

AN LIOTUÁIN

Asmens kodas (uimhir phearsanta)

 

LUCSAMBURG

Numéro d’identification national (numéro inscrit sur la carte d’identification de la Sécurité sociale) (Uimhir aitheantais náisiúnta atá scríofa ar an gcárta aitheantais Slándála sóisialta)

 

AN UNGÁIR

személyazonosító igazolvány (cárta aitheantais)

útlevél (pas)

személyi azonosító szám (személyi szám) – (uimhir aitheantais phearsanta)

 

MÁLTA

Karta tal-Identità (cárta aitheantais)

 

AN OSTAIR

Reisepass (pas)

Personalausweis (cárta aitheantais)

 

AN PHOLAINN

Numer ewidencyjny PESEL (uimhir aitheantais PESEL)

 

AN PHORTAINGÉIL

Bilhete de identidade (cárta aitheantais)

Passaporte (pas)

Cartão de Cidadão (cárta saoránaigh)

 

AN RÓMÁIN

carte de identitate (cárta aitheantais)

pasaport (pas)

certificat de inregistrare (deimhniú clárúcháin)

cartea de rezidenta permanenta pentru cetatenii UE (cárta buanchónaithe le haghaidh saoránach AE)

Cod Numeric Personal (uimhir aitheantais phearsanta)

 

AN tSLÓIVÉIN

Osebna izkaznica (cárta aitheantais)

Potni list (pas)

 

AN tSUALAINN

Personnummer (uimhir aitheantais phearsanta) sa chárta aitheantais

Personnummer (uimhir aitheantais phearsanta) sa phas.


IARSCRÍBHINN IV

DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR COMHRÉIREACHT CHÓRAS BAILITHE AR LÍNE RIALACHÁN (AE) UIMH 211/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN 16 Feabhra 2011 MAIDIR LEIS AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

Deimhníonn …. (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, go bhfuil forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh 211/2011 á gcomhlíonadh i gcás an chórais bailithe ar líne […] (seoladh an láithreán gréasáin) a úsáidtear chun ráitis tacaíochta a bhailiú do... (teideal an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh).

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil an údaráis inniúil:


IARSCRÍBHINN V

FOIRM CHUN RÁITIS TACAÍOCHTA A THÍOLACADH D’ÚDARÁIS INNIÚLA NA mBALLSTÁT

1.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála:

2.

Teideal an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh:

3.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

4.

Dáta clárúcháin:

5.

An líon sínitheoirí a thagann as [ainm an Bhallstáit]:

6.

Iarscríbhinní:

(Cuirtear faoi iamh leis seo gach ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí a bheidh le fíorú ag an mBallstát ábhartha.

Más infheidhme, cuirtear faoi iamh leis seo an deimhniú nó na deimhnithe ábhartha um chomhréireacht an chórais bailithe ar líne le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh)

7.

Dáta agus síniú na ndaoine teagmhála:


IARSCRÍBHINN VI

DEIMHNIÚ LENA nDAINGNÍTEAR AN LÍON RÁITEAS TACAÍOCHTA BAILÍ ARNA mBAILIÚ LE hAGHAIDH … (AINM AN BHALLSTÁIT)

Daingníonn … (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), tar éis na fíoruithe is gá a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh, leis seo, go bhfuil … ráiteas tacaíochta don tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, darb uimhir chlárúcháin …, bailí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil an údaráis inniúil:


IARSCRÍBHINN VII

FOIRM CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A THÍOLACADH DON CHOIMISIÚN

1.

Teideal an tionscnaimh ó na saoránaigh:

2.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

3.

Dáta clárúcháin:

4.

An líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas: (ní mór aon mhilliún amháin ar a laghad a bheith ann)

5.

An líon sínitheoirí ar thug Ballstáit deimhniú ina leith:

 

BE

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

IT

CY

LV

LT

LU

An líon sínitheoirí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

HU

MT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SK

FI

SE

UK

TOTAL

An líon sínitheoirí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

6.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (1):

7.

Léirigh na foinsí tacaíochta agus maoinithe go léir a fuarthas don tionscnamh, lena n-áirítear an méid tacaíochta airgeadais tráth an tíolactha (1):

8.

Dearbhaímid leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart.

Dáta agus síniú na ndaoine teagmhála:

9.

Iarscríbhinní:

(Cuirtear gach deimhniú faoi iamh leis seo)


(1)  Ráiteas príobháideachais: i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, cuirtear ábhair sonraí ar an eolas go dtiomsaíonn an Coimisiún na sonraí pearsanta sin chun críche an nós imeachta maidir le tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh. Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána na n-eagraithe, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus maoinithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne a sonraí pearsanta a fhoilsiú ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe, ceartúchán ar na sonraí sin a iarraidh aon tráth agus a iarraidh go mbainfí iad ó chlár ar líne an Choimisiúin tar éis dheireadh thréimhse dhá bhliain tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.


Top