EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1177

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 334, 17.12.2010, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 15 Volume 013 P. 142 - 157

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1177/oj

17.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1177/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag gníomhaíocht ag an Aontas i réimse an iompair mhuirí agus i réimse an iompair ar uiscebhealaí intíre, i measc nithe eile, ná a áirithiú go bhfuil ardleibhéal cosanta ann do phaisinéirí ar cosaint í atá inchomparáide le modhanna eile iompair. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí i gcoitinne.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir muirí agus an paisinéir uiscebhealaigh intíre an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta a thabhairt do gach paisinéir. Níor cheart go gcoiscfeadh rud ar bith ar iompróirí coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheadh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ag an am céanna, is é is aidhm don Rialachán seo ná gan cur isteach a dhéanamh ar an gcaidreamh tráchtála idir gnóthaí i ndáil le hearraí a iompar. Go háirithe, níor cheart go ndéanfaí comhaontuithe idir tarlóir bóthair agus iompróir a fhorléiriú mar chonarthaí iompair chun críocha an Rialacháin seo agus níor cheart, dá bhrí sin, ceart cúitimh a thabhairt don tarlóir bóthair ná dá fhostaithe faoin Rialachán seo i gcás moilleanna a bheith ann.

(3)

Ba cheart go gcumhdódh cosaint paisinéirí ní amháin seirbhísí paisinéirí idir calafoirt atá suite i gcríoch na mBallstát, ach freisin seirbhísí paisinéirí idir na calafoirt sin agus calafoirt atá suite lasmuigh de chríoch na mBallstát, agus an riosca go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh iompair paisinéirí á chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, go léireofaí an téarma “iompróir Aontais” ar bhealach chomh leathan agus is féidir chun críocha an Rialacháin seo, ach gan difear a dhéanamh do ghníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais, amhail Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 85 agus Airteagal 86 den Chonradh a chur i bhfeidhm maidir le hiompar muirí (3) agus Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (4).

(4)

Ba cheart go rachadh an margadh inmheánach do sheirbhísí paisinéirí muirí agus do sheirbhísí paisinéirí ar uiscebhealaí intíre chun tairbhe do na saoránaigh i gcoitinne. Dá dheasca sin, ba cheart go mbeadh deiseanna ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon rud eile is cúis leis sin, seirbhísí paisinéirí a úsáid agus cúrsálacha a dhéanamh, ar deiseanna iad a bheadh inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna maidir le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid iompair phoiblí agus úsáid ticéad comhtháite a chur chun cinn chun barr feabhais a chur ar úsáid agus ar idir-inoibritheacht na modhanna éagsúla iompair agus na n-oibreoirí éagsúla iompair.

(6)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ar deiseanna iad chun taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh, ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar leo ar fhorais sábháilteachta, ar cúiseanna iad a bheidh leagtha amach ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go dteachtfaidís an ceart chun cúnaimh i gcalafoirt agus ar bord long paisinéirí. Ar mhaithe leis an uilechuimsitheacht shóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh sin saor in aisce. Ba cheart d’iompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus is fearr go ndéanfaí an córas Eorpach um chaighdeánú á úsáid ina leith sin.

(7)

Le linn cinneadh a dhéanamh maidir le dearadh calafort nua agus críochfort nua agus, mar chuid de nuachóirithe móra, ba cheart do na comhlachtaí atá freagrach as na saoráidí sin riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, go háirithe maidir le hinrochtaineacht, agus aird ar leith á tabhairt ar cheanglais a bhaineann le “dearadh do chách”. I gcomhréir le Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaigh intíre (5) agus le Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha gus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh long paisinéirí (6), ba cheart d’iompróirí na riachtanais sin a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh acu maidir le dearadh long nua paisinéirí agus dearadh long paisinéirí arna n-athchóiriú.

(8)

Maidir leis an gcúnamh a thabharfar ag calafoirt atá suite i gcríoch Ballstáit, ba cheart, i measc nithe eile, go gcuirfeadh sé ar chumas daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe dul ó phointe ainmnithe teachta i gcalafort chuig long paisinéirí agus ó long paisinéirí chuig pointe ainmnithe imeachta sa chalafort, lena n-áirítear dul ar bord agus dul i dtír.

(9)

Le linn cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a eagrú, agus le linn oiliúint a bhfoirne a eagrú, ba cheart do na hiompróirí comhoibriú leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Agus iad i mbun na hoibre sin, ba cheart dóibh freisin forálacha iomchuí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta agus an Chóid maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe a chur san áireamh chomh maith le Moladh na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le dearadh agus oibriú long paisinéirí ar mhaithe le freagairt do riachtanais daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas.

(10)

Ba cheart go mbeadh na forálacha lena rialaítear dul ar bord i gcás daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan dochar do na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le dul ar bord ag paisinéirí, de réir mar a leagtar síos iad sna rialacha idirnáisiúnta, sna rialacha Aontais nó sna rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

(11)

Ba cheart go ndéanfadh gníomhartha dlíthiúla an Aontais um chearta paisinéirí riachtanais na bpaisinéirí a chur san áireamh, go háirithe na cearta atá ag daoine atá faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus chun aistriú go héasca idir na modhanna éagsúla, ach sin faoi réir na rialachán sábháilteachta is infheidhme maidir le hoibriú long.

(12)

Ba cheart go dtabharfaí faisnéis dhóthanach do phaisinéirí i gcás ina gcuirtear aon seirbhís paisinéirí nó aon chúrsáil ar ceal nó ina gcuirtear moill ar aon seirbhís paisinéirí nó ar aon chúrsáil. Ba cheart go gcabhródh an fhaisnéis sin le paisinéirí na socruithe is gá a dhéanamh agus faisnéis a fháil faoi thurais mhalartacha, más gá sin.

(13)

Ba cheart laghdú a dhéanamh ar an gciotaí a dhéantar do phaisinéirí de bharr chealú a dturais nó de bharr moille fada ar a dturas. Chuige sin, ba cheart aire leormhaith a thabhairt do phaisinéirí agus ba cheart go mbeidís in ann a dturas a chur ar ceal agus luach a dticéad a fháil ar ais nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla. Ní gá, de riachtanas, gurb é atá i gcóiríocht leormhaith do phaisinéirí ná seomraí in óstáin, ach d’fhéadfadh aon chóiríocht oiriúnach eile atá ar fáil a bheith i gceist, ag brath go háirithe ar na cúinsí a bhaineann le gach cás ar leith, ar fheithiclí na bpaisinéirí agus ar shaintréithe na loinge. I dtaca leis sin de agus i gcásanna ina bhfuil cúinsí neamhghnácha agus práinneacha ann agus údar maith leo, ba cheart go mbeadh iompróirí ábalta tairbhe iomlán a bhaint as na saoráidí ábhartha atá ar fáil, i gcomhar leis na húdaráis shibhialta.

(14)

Ba cheart go ndéanfadh iompróirí foráil maidir le cúiteamh a íoc le paisinéirí i gcás ina gcuirtear seirbhís paisinéirí ar ceal nó ina gcuirtear moill ar an tseirbhís sin, ar cúiteamh é a bheadh bunaithe ar chéatadán de phraghas an ticéid, ach amháin nuair is é is cúis leis an moill nó leis an gcealú ná dálaí aimsire a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol nó cúinsí urghnácha nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnach ina leith sin.

(15)

I gcomhréir leis na prionsabail a nglactar leo go ginearálta, ba cheart gur ar na hiompróirí a bheadh sé a chruthú gur dálaí aimsire den sórt sin nó cúinsí urghnácha den sórt sin is cúis leis an gcealú nó leis an moill.

(16)

Maidir leis na dálaí aimsire a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol, ba cheart go n-áireofaí iontu gaotha móra, farraige mhór, sruthanna láidre, dálaí deacra de bharr oighir agus leibhéil fhíorarda nó leibhéil fhíorísle uisce, hairicíní, tornádónna agus tuilte, ach ní gá gurbh iad na nithe sin amháin a bheadh i gceist leis na dálaí sin.

(17)

Ba cheart go n-áireofaí le dálaí urghnácha tubaistí nádúrtha amhail dóiteáin agus creathanna talún, ionsaithe sceimhlitheoireachta, cogaí agus coinbhleachtaí míleata nó coinbhleachtaí sibhialta armtha, éirí amach, coigistithe míleata nó mídhleathacha, coinbhleachtaí oibreachais, aon duine atá tinn, gortaithe nó marbh a thabhairt i dtír, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir nó ar uiscebhealaí intíre, bearta a bhfuil gá leo chun an comhshaol a chosaint, cinntí arna nglacadh ag comhlachtaí bainistithe tráchta nó ag údaráis chalafoirt, nó cinntí arna nglacadh ag na húdaráis inniúla maidir leis an ord poiblí agus maidir leis an tsábháilteacht, agus chun freastal ar riachtanais phráinneacha iompair, ach ní gá gurbh iad na nithe sin amháin a bheadh i gceist leis na dálaí sin.

(18)

Agus iad ag obair i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, leis na cumainn ghairmiúla agus le cumainn custaiméirí, paisinéirí, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe, ba cheart do na hiompróirí comhoibriú chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le feabhas a chur ar an gcúram agus ar an gcúnamh a thairgtear do phaisinéirí aon uair a chuirtear isteach ar a dturas, go háirithe i gcás moilleanna fada nó i gcás ina gcuirtear an turas ar ceal. Ba cheart na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a chur ar an eolas faoi na socruithe sin.

(19)

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cheana nach féidir fadhbanna a bhfuil cealú nó moill mar thoradh orthu a chumhdach faoi choincheap na gcúinsí urghnácha ach amháin sa mhéid go n-eascraíonn siad ó theagmhais nach dtarlaíonn de ghnáth le linn gníomhaíocht an iompróra lena mbaineann a fheidhmiú agus nach bhfuil neart iarbhír ag an iompróir orthu. Ba cheart a thabhairt ar aird go dtéann cúinsí aimsire a chuireann oibriú sábháilte na loinge i mbaol thar rialú iarbhír an iompróra.

(20)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chearta paisinéirí a bunaíodh le Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (7). Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cásanna ina gcuirtear turas láneagraithe ar ceal ar chúiseanna seachas cealú na seirbhíse paisinéirí nó na cúrsála.

(21)

Ba cheart go gcuirfí paisinéirí ar an eolas go hiomlán maidir lena gcearta faoin Rialachán seo, i bhformáidí atá inrochtana do gach aon duine, ionas gur féidir leo na cearta sin a fheidhmiú go héifeachtach. Ba cheart go gcuimseofaí, le cearta paisinéirí, faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís paisinéirí nó maidir leis an gcúrsáil roimh an turas agus lena linn. Maidir leis an bhfaisnéis riachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí, ba cheart í a sholáthar freisin i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus, mar thoradh ar na formáidí inrochtana sin, go gcuirfí ar chumas na bpaisinéirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis chéanna agus úsáid á baint acu, mar shampla, as formáid téacs, formáid Braille, closfhormáid, físfhormáid agus/nó formáid leictreonach.

(22)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí agus inrochtana um ghearáin, arna gcur chun feidhme ag iompróirí agus ag oibreoirí críochfoirt laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart do na hiompróirí agus do na hoibreoirí críochfoirt freagra a thabhairt ar ghearáin ó phaisinéirí laistigh de thréimhse shocraithe ama, á mheabhrú dóibh go bhféadfaí easpa freagra ar ghearán a lua ina gcoinne ina dhiaidh sin.

(23)

Agus na nósanna imeachta arna mbunú ag Ballstát chun gearáin a thíolacadh á gcur san áireamh, b’fhearr go ndéanfaí gearán maidir le cúnamh i gcalafort nó ar bord loinge a chur chuig an gcomhlacht nó chuig na comhlachtaí, arna ainmniú nó arna n-ainmniú chun an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, sa Bhallstát ina bhfuil an calafort bordála suite agus, i gcás seirbhísí paisinéirí ó thríú tír, sa Bhallstát ina bhfuil an calafort díbhordála suite.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus comhlacht inniúil nó comhlachtaí inniúla a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a chomhall. Ní dhéanfaidh sé seo difear do na cearta atá ag paisinéirí sásamh dlíthiúil a lorg ó chúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(25)

Ba cheart go mbeadh na comhlachtaí a ainmnítear chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú neamhspleách ar leasanna tráchtála. Ba cheart do gach Ballstát comhlacht amháin ar a laghad a ainmniú a mbeadh de chumhacht agus de chumas aige, nuair is infheidhme, gearáin ar leithligh a imscrúdú agus réiteach ar dhíospóid a éascú. Ba cheart go mbeadh paisinéirí i dteideal freagra substaintiúil a fháil ón gcomhlacht ainmnithe, laistigh de thréimhse réasúnach ama. Toisc go bhfuil staidreamh iontaofa tábhachtach i dtaca leis an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, go háirithe i dtaca le cur i bhfeidhm comhleanúnach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart go ndéanfaí, más féidir, staidreamh ar ghearáin agus ar thoradh na ngearán sin a áireamh sna tuarascálacha arna n-ullmhú ag na comhlachtaí sin.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal cosanta agus cúnaimh a áirithiú do phaisinéirí ar fud na mBallstát agus a áirithiú go n-oibreoidh na gníomhairí eacnamaíocha faoi choinníollacha comhchuibhithe sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(28)

Ba cheart forfheidhmiú an Rialacháin seo a bhunú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (8). Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(29)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9), ba cheart í a urramú agus a fhorfheidhmiú go hiomlán lena ráthú go ndéanfar príobháideachas daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a urramú agus lena áirithiú, maidir leis an bhfaisnéis agus maidir leis na tuarascálacha a iarrfar, nach mbainfear úsáid astu ach amháin chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus nach mbainfear úsáid astu ar dhóigh a rachadh chun dochair do na daoine sin.

(30)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir le hiompar ar muir agus ar uiscebhealaí a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir paisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a thairgeann iompróirí;

(b)

neamh-idirdhealú agus cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(c)

na cearta a bheidh ag paisinéirí i gcás cealaithe nó moille;

(d)

an fhaisnéis íosta a bheidh le soláthar do phaisinéirí;

(e)

láimhseáil gearán;

(f)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí atá ag taisteal:

(a)

ar sheirbhísí paisinéirí i gcás ina bhfuil an calafort bordála suite i gcríoch Ballstáit;

(b)

ar sheirbhísí paisinéirí i gcás ina bhfuil an calafort bordála suite lasmuigh de chríoch Ballstáit agus ina bhfuil an calafort díbhordála suite i gcríoch Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil an tseirbhís á hoibriú ag iompróir Aontais, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(e);

(c)

ar chúrsáil i gcás ina bhfuil an calafort bordála suite i gcríoch Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 16(2), 18, 19 agus 20(1) agus (4) maidir leis na paisinéirí sin, áfach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí atá ag taisteal:

(a)

ar longa atá deimhnithe chun suas le 12 phaisinéir a iompar;

(b)

ar longa nach mó ná triúr líon an chriú atá freagrach as oibriú na loinge nó i gcás inar lú ná 500 méadar, in aon treo amháin, fad slí na seirbhíse paisinéirí ina iomláine;

(c)

ar thurais aeraíochta agus ar thurais chuartaíochta nach cúrsálacha iad; nó

(d)

ar longa nach dtiomáintear go meicniúil, mar aon le leaganacha bunaidh, agus macasamhlacha aonair, de longa stairiúla paisinéirí, a dearadh roimh 1965, a tógadh lena n-ábhair bhunaidh den chuid is mó, agus atá deimhnithe chun suas le 36 phaisinéir a iompar.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse dhá bhliain ón 18 Nollaig 2012, longa farraige ar lú ná 300 tonna a n-olltonnáiste agus a oibrítear in iompar intíre a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go ndéantar cearta paisinéirí faoin Rialachán seo a áirithiú go leormhaith faoin dlí náisiúnta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit seirbhísí paisinéirí a chumhdaítear le hoibleagáidí seirbhíse poiblí, le conarthaí seirbhíse poiblí nó le seirbhísí comhtháite a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go ndéantar cearta paisinéirí faoin Rialachán seo a ráthú ar bhealach inchomparáide faoin dlí náisiúnta.

5.   Gan dochar do Threoir 2006/87/CE ná do Threoir 2009/45/CE, ní thuigfear gurb ionann aon ní atá sa Rialachán seo agus ceanglais theicniúla lena bhforchuirtear oibleagáidí ar iompróirí, ar oibreoirí críochfoirt ná ar eintitis eile chun longa, bonneagar, calafoirt ná críochfoirt chalafoirt a mhodhnú nó longa eile, bonneagar eile, calafoirt eile ná críochfoirt eile a chur ina n-ionad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “duine atá faoi mhíchumas” nó “duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe” aon duine a dtagann laghdú ar a shoghluaisteacht agus é ag úsáid seirbhíse iompair, ar laghdú é a éiríonn mar thoradh ar mhíchumas coirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, cibé acu buan nó sealadach), ar mhíchumas nó laige intleachta, nó ar aon ní eile is cúis le míchumas, nó mar thoradh ar aois, agus aon duine a bhfuil aire iomchuí ag teastáil uaidh mar gheall ar an mbail atá air agus aon duine ar ina leith nach mór na seirbhísí a chuirtear ar fáil do gach paisinéir a oiriúnú dá riachtanais áirithe;

(b)

ciallaíonn “críoch Ballstáit” críoch a bhfuil feidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir léi agus dá dtagraítear in Airteagal 355 de, faoi na coinníollacha a leagtar amach ann;

(c)

ciallaíonn “coinníollacha rochtana” caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaine críochfort calafoirt agus long lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

ciallaíonn “iompróir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach, seachas tionscnóir turas, gníomhaire taistil nó díoltóir ticéad, ar duine é a dhéanann iompar trí sheirbhísí rialta nó trí chúrsálacha a thairiscint don phobal i gcoitinne;

(e)

ciallaíonn “iompróir Aontais” iompróir atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit nó a thairgeann iompar trí sheirbhísí paisinéirí arna n-oibriú ó chríoch Ballstáit nó go dtí críoch Ballstáit;

(f)

ciallaíonn “seirbhís phaisinéirí” seirbhís tráchtála iompair do phaisinéirí ar muir nó ar uiscebhealaí intíre agus a oibrítear de réir tráthchláir fhoilsithe;

(g)

ciallaíonn “seirbhísí comhtháite” seirbhísí idirnasctha iompair laistigh de limistéar sonraithe geografach, ar seirbhísí iad a bhfuil seirbhís faisnéise amháin, scéim ticéadaithe amháin agus tráthchlár amháin ann ina leith;

(h)

ciallaíonn “iompróir feidhmiúil” duine seachas an t-iompróir, a dhéanann cuid den iompar nó an t-iompar iomlán a fheidhmiú iarbhír;

(i)

ciallaíonn “uiscebhealach intíre” dobharlach intíre inseolta, cibé acu nádúrtha nó saorga, nó córas dobharlach idirnasctha, a úsáidtear don iompar, amhail lochanna, aibhneacha nó canálacha nó aon teaglaim díobh sin;

(j)

ciallaíonn “calafort” áit nó limistéar geografach arb é atá ann ná oibreacha agus saoráidí feabhsúcháin de chineál a fhágann gur féidir longa a dtéann paisinéirí ar bord iontu go tráthrialta nó a dtéann paisinéirí i dtír uathu go tráthrialta a ghlacadh isteach iontu;

(k)

ciallaíonn “críochfort calafoirt” críochfort, arna fhoireannú ag iompróir nó ag oibreoir críochfoirt, i gcalafort a bhfuil saoráidí amhail deasc chlárúcháin, cuntair ticéad nó tolglanna agus foireann ann chun paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí paisinéirí nó ar chúrsáil a bhordáil nó a dhíbhordáil;

(l)

ciallaíonn “long” soitheach a úsáidtear le haghaidh loingseoireachta ar muir nó ar uisce”healaí intíre;

(m)

ciallaíonn “conradh iompair” conradh le haghaidh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís phaisinéirí amháin níos mó nó cúrsáil amháin nó níos mó a sholáthar;

(n)

ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(o)

ciallaíonn “díoltóir ticéad” aon mhiondíoltóir a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(p)

ciallaíonn “gníomhaire taistil” aon mhiondíoltóir a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara nó tionscnóra turas chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(q)

ciallaíonn “tionscnóir turas” eagraí nó miondíoltóir, seachas iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(r)

ciallaíonn “áirithint” imeacht shonrach a chur in áirithe ar sheirbhís phaisinéirí nó ar chúrsáil;

(s)

ciallaíonn “oibreoir críochfoirt” comhlacht príobháideach nó comhlacht poiblí ar chríoch Ballstáit ar comhlacht é atá freagrach as críochfort calafoirt a riaradh agus a bhainistiú;

(t)

ciallaíonn “cúrsáil” seirbhís iompair ar muir nó ar uiscebhealach intíre, a oibrítear go heisiach chun críche pléisiúir nó áineasa, agus í arna forlíonadh le cóiríocht agus le saoráidí eile, agus ar seirbhís í lena ngabhann fanacht ar bord ar feadh breis agus dhá oíche;

(u)

ciallaíonn “teagmhas loingseoireachta” longbhriseadh, iompú loinge, imbhualadh nó tráchur na loinge, pléascadh nó dóiteán ar an long nó fabht sa long.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conartha

1.   Eiseoidh na hiompróirí ticéad chuig an bpaisinéir, mura rud é, faoin dlí náisiúnta, go bhfuil doiciméid eile ann lena dtugtar teidlíocht ar iompar. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfar na coinníollacha conartha agus na taraifí a chuireann iompróirí nó díoltóirí ticéad i bhfeidhm a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach nó neamhdhíreach atá bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara deiridh nó ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmiúla eile

1.   I gcás ina mbeifear tar éis comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chur faoi chúram iompróra fheidhmiúil, díoltóra ticéad nó aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt a tharmlig na hoibleagáidí sin faoi dhliteanas, dá ainneoin sin, maidir le gníomhartha agus le neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmiúil sin, agus an páirtí sin ag gníomhú laistigh de raon feidhme a fhostaíochta.

2.   De bhreis ar mhír 1, maidir leis an bpáirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt feidhmiú oibleagáide faoina chúram, beidh sé faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, lena n-áirítear forálacha maidir le dliteanais agus cosaintí, i dtaca leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

Ní dhéanfar cearta ná oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo a tharscaoileadh ná a theorannú, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

CAIBIDIL II

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 7

An ceart chun iompair

1.   Ní dhiúltóidh iompróirí, gníomhairí taistil ná tionscnóirí turas áirithint a ghlacadh, ticéad a eisiúint nó a sholáthar ar dhóigh eile ná daoine a bhordáil ar fhorais a míchumais nó ar fhorais a soghluaisteachta laghdaithe.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan aon chostas breise agus faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le gach paisinéir eile.

Airteagal 8

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   De mhaolú ar Airteagal 7(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas diúltú áirithint a ghlacadh ó dhuine atá faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, diúltú ticéad a eisiúint nó a sholáthar ar dhóigh eile do dhuine atá faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó diúltú duine atá faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a bhordáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun ceanglais sábháilteachta is infheidhme, arna mbunú leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a chomhlíonadh nó chun ceanglais sábháilteachta arna mbunú ag na húdaráis inniúla a chomhlíonadh;

(b)

i gcás ina bhfágann dearadh na loinge paisinéirí nó bonneagar agus trealamh an chalafoirt, lena n-áirítear críochfoirt chalafoirt, go mbeadh sé dodhéanta an duine sin a bhordáil, a dhíbhordáil nó a iompar ar mhodh sábháilte nó ar mhodh a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar áirithint a ghlacadh nó ticéad a eisiúint nó a sholáthar ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gach iarracht réasúnach chun iompar inghlactha malartach ar sheirbhís phaisinéirí nó ar chúrsáil arna hoibriú ag an iompróir a thairiscint don duine lena mbaineann.

3.   Más rud é, ar bhonn an Rialacháin seo, go ndiúltófar cead bordála do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe d’ainneoin gur duine é a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(2) comhlíonta aige, tabharfar rogha don duine sin agus d’aon duine a bheidh á thionlacan agus dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo idir an ceart chun aisíocaíocht a fháil nó chun athródú a fháil, ar rogha í dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I. Is faoi réir an choinníll go bhfuil na ceanglais sábháilteachta go léir á gcomhlíonadh a thabharfar an ceart chun na rogha idir turas fillte agus athródú.

4.   I gcás ina mbeidh géarghá leis, agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach i mír 1, féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a éileamh go mbeidh duine atá faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe á thionlacan ag duine eile atá in ann an cúnamh a bheidh ag teastáil ón duine atá faoi mhíchumas nó ón duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a sholáthar. A mhéid a bhaineann le seirbhísí paisinéirí, déanfar an duine tionlacain sin a iompar saor in aisce.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas i muinín fhorálacha mhír 1 nó mhír 4, cuirfidh siad an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna sonracha atá acu leis sin. Arna iarraidh sin, tabharfar fógra i scríbhinn faoi na cúiseanna sin don duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil. I gcás diúltaithe de réir mír 1(a), déanfar tagairt do na ceanglais sábháilteachta is infheidhme.

Airteagal 9

Inrochtaineacht agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus daoine tionlacain, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu. Arna iarraidh sin, déanfar na coinníollacha rochtana a chur in iúl do na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin.

2.   Déanfaidh na hiompróirí agus na hoibreoirí críochfoirt na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1 a chur ar fáil go fisiciúil nó ar an Idirlíon, i bhformáidí inrochtana, arna iarraidh sin, agus sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.   Déanfaidh tionscnóirí turas na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1 agus atá infheidhme maidir le turais a áirítear i dtaisteal láneagraithe, i saoire láneagraithe agus i dturais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol a chur ar fáil.

4.   Áiritheoidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha go léir faoi na coinníollacha iompair, faoin turas agus faoi na coinníollacha rochtana, lena n-áirítear áirithintí agus faisnéis ar líne, a chur ar fáil i bhformáidí a bheidh iomchuí agus a bheidh inrochtana ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Gheobhaidh daoine a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu daingniú maidir leis an gcúnamh sin trí aon mheán atá ar fáil, lena n-áirítear meán leictreonach nó Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí (SMS).

Airteagal 10

An ceart chun cúnaimh i gcalafoirt agus ar bord long

Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), déanfaidh iompróirí agus oibreoirí calafoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, i gcalafoirt, lena n-áirítear dul ar bord agus dul i dtír, agus ar bord long. Más féidir, déanfar an cúnamh sin a oiriúnú do riachtanais ar leith an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 11

Coinníollacha faoina soláthraítear cúnamh

1.   Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, soláthróidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 10, ar choinníoll:

(a)

go ndéanfar, tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig sula mbeidh gá leis an gcúnamh sin, mura rud é go mbeidh tréimhse níos giorra ná sin comhaontaithe idir an paisinéir agus an t-iompróir nó an t-oibreoir críochfoirt, fógra a thabhairt don iompróir nó don oibreoir críochfoirt, trí aon mheán atá ar fáil, lena n-áirítear meán leictreonach nó SMS, faoin ngá atá ag an duine leis an gcúnamh; agus

(b)

go dtiocfaidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an láthair ag an gcalafort nó ag an ionad ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 12(3):

(i)

tráth a shonróidh an t-iompróir i scríbhinn ar tráth é nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an tráth bordála foilsithe, nó

(ii)

mura ndéantar tráth bordála ar bith a shonrú, tráth nach déanaí ná 60 nóiméad roimh an tráth imeachta foilsithe, mura rud é go mbeidh tréimhse níos giorra ná sin comhaontaithe idir an paisinéir agus an t-iompróir nó an t-oibreoir críochfoirt.

2.   De bhreis ar mír 1, déanfaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra a thabhairt don iompróir, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, faoi na riachtanais shonracha atá acu i dtaca le cóiríocht, le suíocháin nó le seirbhísí a bheidh ag teastáil uathu, nó faoin ngá le trealamh liachta a bheith leo, ar choinníoll gurb eol an tráth sin go bhfuil an riachtanas ann.

3.   Maidir le fógra a thugtar i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, féadfar, ina theannta sin, é a chur faoi bhráid an ghníomhaire taistil nó an tionscnóra turas ónar ceannaíodh an ticéad. I gcás ina gceadaítear ilturais leis an ticéad, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis leormhaith a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Gheobhaidh an paisinéir daingniú ina luafar go bhfuil fógra tugtha maidir leis na riachtanais chúnaimh, de réir mar a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2.

4.   I gcás nach dtugtar fógra ar bith i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt mar sin féin gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go soláthrófar an cúnamh ar shlí a fhágfaidh go mbeidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord na loinge, dul i dtír ón long agus taisteal ar an long.

5.   I gcás ina mbeidh duine atá faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe á thionlacan ag madra aitheanta cúnaimh, cuirfear cóiríocht ar fáil don mhadra sin in éineacht leis an duine sin, ar choinníoll go dtabharfar fógra don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le madraí aitheanta cúnaimh a iompar ar bord long paisinéirí, i gcás inarb ann do rialacha den sórt sin.

Airteagal 12

Fógraí a ghlacadh agus pointí teagmhála a ainmniú

1.   Déanfaidh iompróirí, oibreoirí críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá i ndáil leis an iarraidh ar fhógraí agus chun na fógraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) agus Airteagal 11(2) a ghlacadh. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir lena ndíolphointí go léir, lena n-áirítear díolachán leis an teileafón agus ar an Idirlíon.

2.   Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas an fógra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige, an fhaisnéis a aistriú chuig an iompróir nó chuig an oibreoir críochfoirt gan mhoill.

3.   Déanfaidh iompróirí agus oibreoirí calafoirt pointe a ainmniú, laistigh de na críochfoirt chalafoirt nó lasmuigh díobh, ar pointe é inar féidir le daoine atá faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus cúnamh a iarraidh. Beidh comharthaíocht shoiléir ann faoin bpointe sin agus cuirfear faisnéis bhunúsach ar fáil ann, i bhformáidí inrochtana, faoin gcalafort agus faoin gcúnamh a sholáthraítear.

Airteagal 13

Caighdeáin cháilíochta i gcomhair cúnaimh

1.   Maidir leis na hoibreoirí críochfoirt agus na hiompróirí a oibríonn críochfoirt chalafoirt nó seirbhísí do phaisinéirí, ar mó ná 100 000 san iomlán an líon gluaiseachtaí tráchtála paisinéara a bhí ann i ndáil leo sa bhliain féilire roimhe sin, déanfaidh siad, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, caighdeáin cháilíochta a leagan síos don chúnamh a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad, trína gcuid eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí sin, na riachtanais a chinneadh maidir leis na hacmhainní a theastóidh chun na caighdeáin sin a chomhlíonadh, agus déanfar amhlaidh i gcomhar le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Le linn na caighdeáin cháilíochta a shocrú, cuirfear san áireamh go hiomlán na beartais agus na cóid chleachtais atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a éascú, go háirithe an Moladh ón IMO maidir le dearadh agus oibriú long paisinéirí ar mhaithe le freagairt do riachtanais daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas.

3.   Maidir leis na caighdeáin cháilíochta dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na hoibreoirí críochfoirt agus na hiompróirí iad a chur ar fáil go poiblí, go fisiciúil nó ar an Idirlíon i bhformáidí inrochtana agus sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir.

Airteagal 14

Oiliúint agus treoracha

Gan dochar don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ná don Chód maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe ná do na rialacháin arna nglacadh faoi Choinbhinsiún Athchóirithe um Loingseoireacht na Réine agus faoin gCoinbhinsiún maidir leis an gCóras Loingseoireachta ar an Danóib, déanfaidh iompróirí agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí críochfoirt nósanna imeachta oiliúna i leith míchumais, lena n-áirítear treoracha, a bhunú agus déanfaidh siad an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

maidir lena bpearsanra, lena n-áirítear an pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, ar foireann í a sholáthraíonn cúnamh díreach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de mhar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV, Cuid A agus Cuid B;

(b)

maidir lena bpearsanra atá freagrach ar dhóigh eile as ticéid a chur in áirithe agus a dhíol nó as bordáil agus díbhordáil, lena n-áirítear an pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de réir mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV, Cuid A; agus

(c)

go ndéanfaidh na catagóirí foirne dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a n-inniúlachtaí a chothabháil, mar shampla trí threoracha nó trí chúrsaí oiliúna athnuachana nuair is iomchuí.

Airteagal 15

Cúiteamh i leith trealaimh soghluaisteachta nó trealaimh shonraigh eile

1.   Beidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt faoi dhliteanas maidir le cailleadh trealaimh soghluaisteachta nó trealaimh shonraigh eile atá in úsáid ag duine atá faoi mhíchumas nó ag duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, nó maidir le damáiste a dhéantar don trealamh sin, más rud é gur tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas mar gheall ar locht nó ar fhaillí ar thaobh an iompróra nó ar thaobh oibreoir an chríochfoirt. Maidir le caillteanas ar teagmhas loingseoireachta is cúis leis, toimhdeofar gur ar thaobh an iompróra atá an locht nó an fhaillí.

2.   Maidir leis an gcúiteamh dá dtagraítear i mír 1, comhfhreagróidh sé do luach athsholáthair an trealaimh lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, do na costais a bhaineann leis an deisiúchán.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (10).

4.   Thairis sin, déanfar gach iarracht chun trealamh sealadach athsholáthair atá oiriúnach mar mhalairt oiriúnach a sholáthar go tapa.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ IOMPRÓIRÍ AGUS OIBREOIRÍ CRÍOCHFORT I GCÁS INA GCUIRTEAR ISTEACH AR THAISTEAL

Airteagal 16

Faisnéis i gcás ina gcuirtear imeachtaí ar ceal nó ina bhfuil moill orthu

1.   I gcás ina ndéantar imeacht seirbhíse do phaisinéirí nó cúrsála a chur ar ceal, nó i gcás ina gcuirtear moill leis, déanfaidh an t-iompróir, nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir calafoirt na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt chalafoirt nó, más féidir, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó chalafoirt a chur ar an eolas faoin staid a luaithe is féidir agus, ar chaoi ar bith, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis tráth sceidealta an imeachta, agus faoin am imeachta measta agus faoin am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Má chailleann paisinéirí nascsheirbhís iompair mar gheall ar chealú nó ar mhoill, déanfaidh an t-iompróir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir críochfoirt gach iarracht réasúnach chun na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, áiritheoidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir críochfoirt go bhfaighidh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis sin i bhformáidí inrochtana.

Airteagal 17

Cúnamh i gcás imeachtaí a chuirtear ar ceal nó a bhfuil moill orthu

1.   I gcás ina mbeidh iompróir ag súil le réasún go gcuirfear seirbhís do phaisinéirí nó cúrsáil ar ceal nó go mbeidh moill os cionn 90 nóiméad ann ina leith tar éis a trátha imeachta sceidealta, déanfar sneaiceanna, béilí nó sóláistí, i gcoibhneas réasúnach leis an am feithimh, a thairiscint saor in aisce do phaisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt chalafoirt, ar choinníoll go mbeidh na nithe sin ar fáil nó gur féidir, le réasún, iad a sholáthar.

2.   I gcás ina ndéanfar imeacht a chur ar ceal, nó i gcás moill a bheith ar an imeacht, agus gur gá don phaisinéir fanacht oíche amháin nó níos mó nó gur gá dó fanacht ar feadh tréimhse de bhreis ar an tréimhse a bhí beartaithe ag an bpaisinéir, déanfaidh an t-iompróir, i gcás ina bhfuil sé indéanta go fisiciúil agus nuair atá sé indéanta go fisiciúil, de bhreis ar na sneaiceanna, na béilí nó na sóláistí dá bhforáiltear i mír 1, cóiríocht leormhaith a thairiscint saor in aisce do phaisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt chalafoirt ar bord na loinge nó ar tír agus déanfaidh sé na paisinéirí sin a iompar chuig an gcríochfort calafoirt agus uaidh agus chuig an áit chóiríochta agus uaithi. I gcás gach paisinéara, féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta ar tír, gan an taisteal chuig an gcríochfort calafoirt agus uaidh agus chuig an áit chóiríochta agus uaithi a áireamh, a shrianadh go EUR 80 in aghaidh na hoíche, ar feadh trí oíche ar a mhéad.

3.   Le linn mír 1 gus mír 2 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus aon daoine a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 18

Athródú agus aisíocaíocht i gcás imeachtaí a chuirtear ar ceal nó a bhfuil moill orthu

1.   I gcás ina mbeidh iompróir ag súil le réasún go gcuirfear seirbhís paisinéirí ar ceal nó go mbeidh moill os cionn 90 nóiméad ar an imeacht ó chríochfort calafoirt, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir na nithe seo a leanas:

(a)

athródú chuig an gceann scríbe deiridh, a luaithe is féidir agus gan aon chostas breise, faoi choinníollacha inchomparáide, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair;

(b)

aisíoc luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce, a luaithe is féidir, chuig an gcéad phointe imeachta, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair.

2.   I gcás ina gcealaítear seirbhís paisinéirí nó i gcás ina bhfuil moill os cionn 90 nóiméad ar imeacht ó chalafort, beidh an ceart ag paisinéirí athródú den sórt sin a bheith acu nó aisíoc luach an ticéid a fháil ón iompróir.

3.   Déanfar an aisíocaíocht dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2 a íoc laistigh de sheacht lá, in airgead tirim, trí aistriú leictreonach bainc, trí ordú bainc nó trí sheic bainc, agus clúdóidh an aisíocaíocht costas iomlán an ticéid de réir an phraghais ar ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nár taistealaíodh, agus don chuid nó do na codanna a taistealaíodh cheana féin i gcás nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i ndáil le plean taistil bunaidh an phaisinéara. I gcás ina n-aontóidh an paisinéir leis, féadfar an aisíocaíocht iomlán a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile de réir méid atá comhionann leis an bpraghas ar ar ceannaíodh an ticéad, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha solúbtha, go háirithe maidir leis an tréimhse bhailíochta agus maidir leis an gceann scríbe.

Airteagal 19

Cúiteamh ar phraghas an ticéid i gcás moille ar theacht go dtí an ceann scríbe

1.   Gan an ceart chun iompair a chailliúint, féadfaidh paisinéirí cúiteamh a iarraidh ar an iompróir má tá moill le bheith ann maidir le teacht go dtí an ceann scríbe de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair. Is é a bheidh sa leibhéal íosta cúitimh ná 25 % de phraghas an ticéid i gcás moille a mhaireann, ar a laghad:

(a)

uair amháin an chloig i gcás turais sceidealta nach faide ná ceithre huaire an chloig a fhad;

(b)

dhá uair an chloig ar a laghad i gcás turais sceidealta ar faide ná ceithre huaire an chloig a fhad ach nach faide ná ocht n-uaire an chloig a fhad;

(c)

trí huaire an chloig ar a laghad i gcás turais sceidealta ar faide ná ocht n-uaire an chloig a fhad ach nach faide ná 24 huaire an chloig a fhad; nó

(d)

sé huaire an chloig i gcás turais sceidealta ar faide ná 24 huaire an chloig a fhad.

Má tá an mhoill níos mó ná dhá oiread an ama a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (d), is é a bheidh sa chúiteamh ná 50 % de phraghas an ticéid.

2.   Féadfaidh paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu agus a gcuirfear moill arís is arís eile orthu, maidir le teacht go dtí an ceann scríbe, le linn thréimhse bailíochta an phas nó an ticéid sin, cúiteamh leormhaith a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an iompróra. Déanfar na critéir ar dá réir a chinnfear an mhoill maidir le teacht go dtí an ceann scríbe agus ar dá réir a ríomhfar an cúiteamh a lua sna socruithe sin.

3.   Ríomhfar an cúiteamh i gcoibhneas leis an bpraghas a d’íoc an paisinéir iarbhír as an tseirbhís do phaisinéirí ar cuireadh moill uirthi.

4.   I gcás inar turas fillte a bheidh i gceist leis an iompar, déanfar an cúiteamh i leith moille maidir le teacht go dtí an ceann scríbe ar an turas amach nó ar an turas ar ais a ríomh i gcoibhneas le leath an phraghais a íocadh as an iompar leis an tseirbhís sin do phaisinéirí.

5.   Íocfar an cúiteamh laistigh de mhí amháin ón dáta a dtíolactar an iarraidh ar chúiteamh. Is féidir an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha solúbtha, go háirithe maidir leis an tréimhse bhailíochta agus maidir leis an gceann scríbe. Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin don phaisinéir.

6.   Ní laghdófar cúiteamh ar phraghas an ticéid le costais a bhaineann le hidirbhearta airgeadais, amhail táillí, costais teileafóin nó stampaí. Féadfaidh iompróirí tairseach íosta a thabhairt isteach agus ní íocfar cúiteamh faoi bhun na tairsí sin. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 6.

Airteagal 20

Eisceachtaí

1.   Cé is moite de phaisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17, ag Airteagal 18 ná ag Airteagal 19 maidir le paisinéirí a bhfuil ticéid oscailte acu ar choinníoll nach bhfuil am an imeachta sonraithe orthu.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17 ná ag Airteagal 19 má chuirtear an paisinéir ar an eolas maidir leis an gcealú nó maidir leis an moill sula gceannaítear an ticéad nó más rud é gurb é is cúis leis an gcealú nó leis an moill ná locht ar thaobh an phaisinéara.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(2) i gcás ina gcruthóidh an t-iompróir gurb é is cúis leis an gcealú nó leis an moill ná dálaí aimsire a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 19 i gcás ina gcruthóidh an t-iompróir gurb é is cúis leis an gcealú nó leis an moill ná dálaí aimsire a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol nó cúinsí urghnácha eile a chuirfeadh bac ar fheidhmiú na seirbhíse do phaisinéirí, ar cúinsí iad agus nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnach.

Airteagal 21

Éilimh bhreise

Ní choiscfidh ní sa Rialachán seo ar phaisinéirí damáistí a lorg i gcomhréir leis an dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna náisiúnta, lena n-áirítear faoi Threoir 90/314/CEE, i leith caillteanais a eascróidh as seirbhísí iompair a chur ar ceal nó as moill a bheith orthu.

CAIBIDIL IV

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS MAIDIR LE GEARÁIN

Airteagal 22

Ceart chun faisnéise maidir le taisteal

Déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfort, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, faisnéis leormhaith a sholáthar do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal, i bhformáidí atá inrochtana do gach aon duine agus sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 23

Faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí

1.   Déanfaidh iompróirí, oibreoirí críochfort agus, nuair is infheidhme, údaráis chalafoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí ar bord long, i gcalafoirt, más féidir, agus i gcríochfoirt chalafoirt. Déanfar an fhaisnéis a sholáthar, a mhéid is féidir, i bhformáid inrochtana agus sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Nuair a sholáthraítear an fhaisnéis sin tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí, oibreoirí críochfort agus, nuair is infheidhme, údaráis chalafoirt úsáid a bhaint as achoimre ar fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a chuirfear ar fáil dóibh.

3.   Déanfaidh iompróirí, oibreoirí críochfort agus, nuair is infheidhme, údaráis chalafoirt paisinéirí a chur ar an eolas, ar bhealach iomchuí, ar bord long, i gcalafoirt, más féidir, agus i gcríochfoirt chalafoirt, maidir le mionsonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmiúcháin a bheidh ainmnithe ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 25(1).

Airteagal 24

Gearáin

1.   Déanfaidh iompróirí agus oibreoirí calafoirt sásra inrochtana láimhseála gearán a chur ar bun, nó beidh sásra den sórt sin i bhfeidhm acu, i gcomhair na gceart agus na n-oibleagáidí a gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   I gcás inar mian le paisinéir a chumhdaítear leis an Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir nó leis an oibreoir calafoirt, déanfaidh sé an gearán a thíolacadh laistigh de dhá mhí ón dáta ar tugadh an tseirbhís nó ón dáta ar a raibh an tseirbhís le tabhairt. Laistigh de mhí tar éis an gearán a fháil, tabharfaidh an t-iompróir nó an t-oibreoir calafoirt fógra don phaisinéir á rá go bhfuil bunús lena ghearán, gur diúltóidh don gearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Ní bheidh an t-am a thógfaidh sé chun an freagra deiridh a thabhairt níos faide ná dhá mhí ón dáta a bhfaightear an gearán.

CAIBIDIL V

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 25

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nua nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí atá ann cheana féin mar chomhlacht nó mar chomhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo maidir le seirbhísí do phaisinéirí agus cúrsálacha ó chalafoirt atá suite ar a chríoch agus maidir le seirbhísí paisinéirí ó thríú tír chuig na calafoirt sin. Déanfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar leasanna tráchtála, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó maidir leis na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh aon phaisinéir gearán a thíolacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, don chomhlacht inniúil arna ainmniú faoi mhír 1, nó d’aon chomhlacht inniúil eile a ainmneoidh Ballstát, ar gearán é a bhaineann le sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo. Déanfaidh an comhlacht inniúil, laistigh de thréimhse réasúnach ama, freagra a bhfuil bunús leis a sholáthar do phaisinéirí maidir leis an ngearán a rinne siad.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh:

(a)

go ndéanfaidh an paisinéir, mar chéad chéim, an gearán a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur faoi bhráid an iompróra nó an oibreora críochfoirt; agus/nó

(b)

go ngníomhóidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin nó aon chomhlacht inniúil eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nach réitítear faoi Airteagal 24.

4.   Maidir leis na Ballstáit a roghnóidh seirbhísí áirithe a dhíolmhú de bhun Airteagal 2(4), áiritheoidh siad go mbeidh sásra inchomparáide ann chun cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú.

Airteagal 26

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

Faoin 1 Meitheamh 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmiúcháin a ainmneofar de bhun Airteagal 25 tuarascáil maidir lena ngníomhaíochtaí sa dá bhliain féilire roimhe sin a fhoilsiú, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe, tuairisc ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, mionsonraí faoi na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm agus staitisticí maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 27

Comhar idir chomhlachtaí forfheidhmiúcháin

Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail cinnteoireachta agus faoina gcleachtas cinnteoireachta sa mhéid a mbeidh gá leis sin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh maidir leis an gcúram sin.

Airteagal 28

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin a thabhairt don Choimisiún faoin 18 Nollaig 2012 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Tuarascáil

Faoin 19 Nollaig 2015 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi oibriú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá sin, chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme ar shlí níos mionsonraithe nó chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 30

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“18.

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir leis na cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre (11).

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 18 Nollaig 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 89.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 293.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010 (IO C 122 E, 11.5.2010, lch. 19.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2010.

(3)  IO L 378, 31.12.1986, lch. 4.

(4)  IO L 364, 12.12.1992, lch. 7.

(5)  IO L 389, 30.12.2006, lch. 1.

(6)  IO L 163, 25.6.2009, lch. 1.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(10)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 24.

(11)  IO L 334, 17.12.2010, lch. 1.”


IARSCRÍBHINN I

CEART CHUN AISÍOCAÍOCHTA NÓ ATHRÓDAITHE DO DHAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DO DHAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

1.   I gcás ina ndéantar tagairt don Iarscríbhinn seo, déanfar rogha a thairiscint do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe idir na roghanna seo a leanas:

(a)

aisíocaíocht laistigh de sheacht lá, a íocfar in airgead tirim, trí aistriú bainc leictreonach, trí ordú bainc nó trí sheic bainc, agus clúdóidh an aisíocaíocht costas iomlán an ticéid de réir an phraghais a íocadh air, don chuid nó do na codanna den turas nár taistealaíodh, agus don chuid nó do na codanna a taistealaíodh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i gcoimhneas le plean taistil bunaidh an phaisinéara, móide, i gcás inarb ábhartha,

seirbhís fillte chuig an gcéad ionad imeachta, a luaithe is féidir; nó

(b)

athródú chuig an gceann scríbe deiridh de réir mar atá leagtha amach sa chonradh iompair, gan aon chostas breise agus faoi choinníollacha inchomparáide, a luaithe is féidir; nó

(c)

athródú chuig an gceann scríbe deiridh de réir mar atá leagtha amach sa chonradh iompair, faoi choinníollacha inchomparáide, ar dháta is déanaí ar chaoithiúlacht an phaisinéara, faoi réir ticéid a bheith ar fáil.

2.   Beidh feidhm ag mír 1(a) freisin maidir le paisinéirí ar cuid de phacáiste iad a dturais, cé is moite den cheart chun aisíocaíocht a fháil i gcás ina n-éireoidh ceart den sórt sin faoi Threoir 90/314/CEE.

3.   Más rud é, i gcás ina bhfónann roinnt calafort éagsúil do bhaile, do chathair nó do réigiún, go ndéanann iompróir turas a thairiscint do phaisinéir chuig calafort nach é an calafort é a ndearnadh an áirithint ina leith, iompróidh an t-iompróir an costas chun an paisinéir a aistriú ón gcalafort malartach sin chuig an gcalafort a ndearnadh an áirithint ina leith, nó chuig ceann scríbe eile in aice láimhe a chomhaontaítear leis an bpaisinéir.


IARSCRÍBHINN II

CÚNAMH I GCALAFOIRT, LENA N-ÁIRÍTEAR DUL AR BORD AGUS DUL I DTÍR, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10 AGUS IN AIRTEAGAL 13

1.   Cúnamh agus socruithe is gá chun a chumasú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl gur bhain siad críochfort calafoirt nó, más féidir, calafort amach agus iarraidh a dhéanamh ar chúnamh,

dul ó ionad iontrála chuig an gcuntar clárúcháin, más ann dó, nó chuig an long,

bagáiste a fhágáil agus a chlárú, más gá,

dul ón gcuntar clárúcháin, más ann dó, chuig an long, trí na pointí eisimirce agus slándála,

dul ar bord na loinge, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is iomchuí,

dul ó dhoras na loinge chuig a suíocháin nó chuig a limistéar,

bagáiste a stóráil agus a fháil ar ais ar an long,

dul óna suíocháin chuig doras na loinge,

dul i dtír ón long, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is iomchuí,

bagáiste a fháil ar ais, más gá, agus dul trí na pointí inimirce agus custaim,

dul ó halla an bhagáiste nó ón bpointe díbhordála chuig pointe ainmnithe chun dul amach,

más gá, a mbealach a dhéanamh chuig saoráidí leithris, más ann dóibh.

2.   I gcás ina mbeidh duine tionlacain ann chun cúnamh a thabhairt do dhuine atá faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, ní mór ligean don duine sin, arna iarraidh sin, an cúnamh is gá a sholáthar sa chalafort agus le linn bordála agus díbhordála.

3.   Láimhseáil an trealaimh gluaiseachta ar fad is gá, lena n-áirítear trealamh amhail cathaoireacha rothaí leictreacha.

4.   Ar bhonn sealadach, trealamh oiriúnach malartach a chur in ionad trealaimh gluaiseachta a ndearnadh damáiste dó nó a cailleadh.

5.   Madraí cúnta aitheanta a láimhseáil ar an talamh, nuair is ábhartha.

6.   Faisnéis a theastaíonn i gcomhair bordála agus díbhordála a chur in iúl i bhformáidí inrochtana.


IARSCRÍBHINN III

CÚNAMH I GCALAFOIRT, LENA N-ÁIRÍTEAR DUL AR BORD AGUS DUL I DTÍR, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10 AGUS IN AIRTEAGAL 13

1.   Madraí cúnta aitheanta a iompar ar bord na loinge, faoi réir rialachán náisiúnta.

2.   Trealamh leighis agus an trealamh soghluaisteachta atá riachtanach don duine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear cathaoireacha rothaí leictreacha, a iompar.

3.   Faisnéis riachtanach a bhaineann le bealach a chur in iúl i bhformáidí inrochtana.

4.   Gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun suíocháin a shocrú chun freastal ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, arna iarraidh sin agus faoi réir ceanglas sábháilteachta agus infhaighteachta.

5.   Cúnamh chun gluaiseacht chuig saoráidí leithris (más ann dóibh), má theastaíonn sin.

6.   I gcás ina mbeidh duine tionlacain ann chun cúnamh a thabhairt do dhuine atá faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh an t-iompróir gach iarracht réasúnach chun suíochán nó cábán a thabhairt don duine sin in aice leis an duine atá faoi mhíchumas nó in aice leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.


IARSCRÍBHINN IV

OILIÚINT, LENA N-ÁIRÍTEAR TREORACHA, A BHAINEANN LE MÍCHUMAS AGUS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14

A.   Oiliúint, lena n-áirítear treoracha, a bhaineann le feasacht ar an míchumas

Áirítear na nithe seo a leanas ar oiliúint, lena n-áirítear treoracha, a bhaineann le feasacht ar an míchumas:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteacht agus amharc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama orthu, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumais éagsúla na ndaoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe,

na bacainní atá ann do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní de chineál dearcaidh, comhshaoil/fisiciúil nó eagrúcháin,

madraí cúnta aitheanta, lena n-áirítear an ról agus na riachtanais atá ag madra cúnta,

déileáil le teagmhais gan choinne,

scileanna idirphearsanta agus modhanna le cumarsáid a dhéanamh le daoine lagéisteachta, le daoine lagamhairc, le daoine a bhfuil urlabhra lagaithe acu agus le daoine a bhfuil míchumas foghlama acu,

feasacht ghinearálta ar threoirlínte IMO a bhaineann leis an Moladh maidir le dearadh agus oibriú long paisinéirí ar mhaithe le freagairt do riachtanais daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas.

B.   Oiliúint, lena n-áirítear treoracha, a bhaineann le cúnamh míchumais

Áirítear na nithe seo a leanas ar oiliúint, lena n-áirítear treoracha, a bhaineann le cúnamh míchumais:

conas cabhrú le húsáideoirí cathaoireacha rothaí aistriú isteach sa chathaoir rothaí agus amach as an gcathaoir rothaí,

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal le madra aitheanta cúnta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin,

teicnící chun paisinéirí lagamhairc a thionlacan agus chun madraí cúnta aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh atá in ann cúnamh a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas ar an gcaoi le trealamh den sórt sin a láimhseáil go cúramach,

úsáid a bhaint as trealamh cúnta bordála agus díbhordála a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus díbhordála, ar nósanna imeachta iad a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine atá faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú,

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. Ina theannta sin, feasacht go bhféadfadh daoine áirithe atá faoi mhíchumas agus daoine áirithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith spleách ar an gcúnamh a sholáthraítear,

eolas ar gharchabhair.


Top