EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0608R(01)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle ( IO L 181, 29.6.2013, lch. 15 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

OJ L 257, 28.8.2014, p. 135–136 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/608/corrigendum/2014-08-28/oj

28.8.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

135


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 181 an 29 Meitheamh 2013, lch. 15 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

1.

Leathanach 15, Aithris 6:

in ionad:

“Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach nó sáruithe atá mar thoradh ar rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003.”,

léitear:

“Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach neamhdhleathach agus sáruithe atá mar thoradh ar rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003.”;

2.

Leathanach 16, Aithris 11, an dara abairt:

in ionad:

“[…], ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh.”,

léitear:

“[…], ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh.”;

3.

Leathanach 16, Aithris 14:

in ionad:

“D’fhonn a áirithiú go déanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d’eintiteas atá ag lorg ceart ar fud an Aontais a fhorghníomhú iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin.”,

léitear:

“D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d’eintitis atá ag lorg cearta ar fud an Aontais a fhorghníomhú iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin”;

4.

Leathanach 17, Aithris 21:

in ionad:

“Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na dtríú tíortha lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin.”,

léitear:

“Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na dtríú tíortha sin lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin.”;

5.

Leathanach 23, Airteagal 6(3)(m):

in ionad:

“gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d’anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;”,

léitear:

“gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d’anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;”;

6.

Leathanach 24, Airteagal 11(2):

in ionad:

“I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d’Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra go ndearnadh scaoileadh na n-earraí nó coinneáil na n-earraí a chur ar fionraí.”,

léitear:

“I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d’Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.”;

7.

Leathanach 26, Airteagal 17(3), an dara fomhír:

in ionad:

“I gcás ina chineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.”,

léitear:

“I gcás ina gcineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil beirt nó níos mó mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.”;

8.

Leathanach 26, Airteagal 18(1):

in ionad:

“I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas, féadfaidh siad scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.”,

léitear:

“I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas, féadfaidh siad, ach amháin i gcás earraí meatacha, scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil”;

9.

Leathanach 26, Airteagal 18(3), an dara fomhír:

in ionad:

“I gcás ina gcinneann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin”,

léitear:

“I gcás ina gcinneann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil beirt nó níos mó mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin”;

10.

Leathanach 30, Airteagal 26(8), an abairt tosaigh:

in ionad:

“I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí nó nach measfar go bhfuil a chomhaontú den sórt sin dearbhaithe, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n-áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí.”,

léitear:

“I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí agus i gcás nach measfar go bhfuil an comhaontú sin dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí.”.


Top