EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12007L/TXTR(07)

Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007 ( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17.12.2007 )

OJ C 378, 23.12.2011, p. 1–4 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis/corrigendum/2011-12-23/1/oj

23.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )

2011/C 378/01

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 2 Nollaig 2011 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

1.

Leasuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

(a)

leathanach 45, Airteagal 2, pointe (11), i dtéacs Airteagal 1a nua:

in ionad:

“2.   Is iad an Conradh seo agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh seo, dá ngairtear ‘na Conarthaí’.”,

léitear:

“2.   Is iad an Conradh seo agus an Conradh ar an Aontas Eorpach na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh seo, dá ngairtear ‘na Conarthaí’.”;

(b)

leathanach 54, Airteagal 2, pointe 49(c), i dtéacs nua Airteagal 37:

in ionad:

“2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagraíocht na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.”,

léitear:

“2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagrú na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.”;

(c)

leathanach 55, Airteagal 2, pointe 49(c), i dtéacs nua Airteagal 37

in ionad:

“3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.”,

léitear:

“3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.”;

(d)

leathanach 61, Airteagal 2, pointe 65, i dtéacs Airteagal 63a nua, mír 2:

in ionad:

“(a)

coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear víosaí a eisítear chun teaghlaigh a athaontú;”,

léitear:

“(a)

coinníollacha teacht isteach agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear víosaí a eisítear chun teaghlaigh a athaontú;”;

(e)

leathanach 62, Airteagal 2, pointe 65, i dtéacs Airteagal 63a nua, mír 3:

in ionad:

“… mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil ar chríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le cónaí ann.”,

léitear:

“… mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le teacht isteach i gcríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le cónaí ann.”;

(f)

leathanach 84, Airteagal 2, pointe 127(d)(iv), i dtéacs nua Airteagal 152:

in ionad:

“5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a bhunú freisin a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú agus go háirithe na móraicídí trasteorann a chomhrac, mar aon le bearta arb é is cuspóir díreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tobac agus le mí-úsáid alcóil, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.”,

léitear:

“5.   Ina theannta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a bhunú a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, agus go háirithe chun na móraicídí trasteorann a chomhrac, bearta a bhunú a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, le rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus lena gcomhrac, mar aon le bearta a bhunú arb é is cuspóir díreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tobac agus le mí-úsáid alcóil, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát.”;

(g)

leathanach 86, Airteagal 2, pointe 142, i dtéacs Airteagal 172a(1) nua, an chéad abairt:

in ionad:

“1.   Ullmhóidh an tAontas beartas spáis …”,

léitear:

“1.   Ullmhóidh an tAontas beartas Eorpach spáis …”;

(h)

leathanach 113, Airteagal 2, pointe 236, i dtéacs Airteagal 249b nua:

in ionad:

“1.   Féadfar le gníomh reachtach cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh.”,

léitear:

“1.   Féadfar le gníomh reachtach an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh.”;

(i)

leathanach 114, Airteagal 2, pointe 236, i dtéacs Airteagal 249c nua:

in ionad:

“Airteagal 249c

1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme.

2.   Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle.

3.   Chun críocha mhír 2, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.

4.   Cuirtear ‘cur chun feidhme’ isteach i gceannteidil na ngníomhartha cur chun feidhme.”,

léitear:

“Airteagal 249c

1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme.

2.   Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle.

3.   Chun críocha mhír 2, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

4.   Cuirtear ‘cur chun feidhme’ isteach i gceannteidil na ngníomhartha cur chun feidhme.”;

(j)

leathanach 118, Airteagal 2, pointe 242, i dtéacs Airteagal 254(2) nua, an tríú mír:

in ionad:

“Cuirfear treoracha eile agus cinntí in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.”,

léitear:

“Cuirfear treoracha eile, agus cinntí a sonrófar iontu cé chucu a bhfuil siad dírithe, in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.”.

2.

Prótacail a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Leathanach 148, an Prótacal maidir le Ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, Airteagal 2, an tríu mír:

in ionad:

“Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig an gComhairle iad.”,

léitear:

“Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.”.

3.

Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin:

Prótacal Uimhir 1:

(a)

leathanach 187, an Prótacal maidir le Seasamh na Danmhairge, Airteagal 1, pointe (21):

in ionad:

“(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin, ná aon chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhoráil nó aon bheart den sórt sin nó aon bheart a leasaíodh nó atá inleasaithe de bhun an Teidil sin ina cheangal nó ina ceangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, do chearta agus d'oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg. Go háirithe, leanfaidh gníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnais in ábhair choiriúla a glacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm agus a ndearnadh leasú orthu de cheangal a bheith acu ar an Danmhairg agus de bheith infheidhme maidir léi, gan athrú.’;”,

léitear:

“(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin, ná aon chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhoráil nó aon bheart den sórt sin nó aon bheart a leasaíodh nó atá inleasaithe de bhun an Teidil sin ina cheangal nó ina ceangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, do chearta ná d'oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg. Go háirithe, leanfaidh gníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a glacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm agus a ndearnadh leasú orthu de cheangal a bheith acu ar an Danmhairg agus de bheith infheidhme maidir léi, gan athrú.’;”;

(b)

leathanach 188, Airteagal 1, pointe (21)(h):

in ionad:

“(iv)

cuirtear isteach an dá mhír nua seo a leanas:

 

‘Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

 

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.’;”.

léitear:

“(iv)

cuirtear isteach an dá mhír nua seo a leanas:

 

‘Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do ghníomhartha na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

 

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.’;”.

4.

An Ionstraim Chríochnaitheach, sna Dearbhuithe a bhaineann le forálacha na gConarthaí:

(a)

leathanach 255, Uimh. 13, Dearbhú maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, an chéad mhír:

in ionad:

“Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanann forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear oifig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chruthú agus Seirbhís Gníomhaíochta Eachtraí a bhunú, difear do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit, faoi mar atá na freagrachtaí faoi láthair, a mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh ná do fhreagrachtaí a n-ionadaíochta náisiúnta i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.”,

léitear:

“Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanann forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear oifig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chruthú agus Seirbhís Gníomhaíochta Seachtraí a bhunú, difear do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit, faoi mar atá na freagrachtaí faoi láthair, a mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh ná do fhreagrachtaí a n-ionadaíochta náisiúnta i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.”;

(b)

leathanach 255, Uimh. 14, Dearbhú maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, sa chéad mhír:

in ionad:

“I dteannta na rialacha sonracha agus na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanfaidh na forálacha a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear an méid a bhaineann siad le hArdionadaí an Aontais don Chomhbheartas Eachtrach is Slándála agus leis an tSeirbhís Gníomhaíochta Eachtraí, difear don bhonn dlíthiúil atá ann, do fhreagrachtaí ná do chumhachtaí gach Ballstáit i dtaca lena mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh, lena seirbhís taidhleoireachta, lena gcaidreamh le tríú tíortha agus lena rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Ballstát a bheith ina chomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.”,

léitear:

“I dteannta na rialacha sonracha agus na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanfaidh na forálacha a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear an méid a bhaineann siad le hArdionadaí an Aontais don Chomhbheartas Eachtrach is Slándála agus leis an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí, difear don bhonn dlíthiúil atá ann, do fhreagrachtaí ná do chumhachtaí gach Ballstáit i dtaca lena mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh, lena seirbhís taidhleoireachta, lena gcaidreamh le tríú tíortha agus lena rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Ballstát a bheith ina chomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.”;

(c)

leathanach 255, Uimh. 15, Dearbhú maidir le hAirteagal 13a den Chonradh ar an Aontas Eorpach:

in ionad:

“Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir d'Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála, don Choimisiún agus do na Ballstáit, a luaithe atá Conradh Liospóin sínithe, obair ullmhúcháin a thosú ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí.”,

léitear:

“Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir d'Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála, don Choimisiún agus do na Ballstáit, a luaithe atá Conradh Liospóin sínithe, obair ullmhúcháin a thosú ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.”.

5.

An Ionstraim Chríochnaitheach, sna Dearbhuithe a bhaineann le Prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí

Leathanach 264, Uimh. 47, Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh:

in ionad:

“Tugann an Chomhdháil dá haire go bhféadfadh na coinníollacha a bheidh le cinneadh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3, 4 nó 5 d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh a chinneadh go n-iompróidh an Ballstát lena mbaineann na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bhrí gur scoir sé a rannpháirtíocht i gcuid den acquis nó san acquis ina iomláine dá dtagraítear in aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4 de Phrótacal sin.”,

léitear:

“Tugann an Chomhdháil dá haire go bhféadfadh na coinníollacha a bheidh le cinneadh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3, 4 nó 5 d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh a chinneadh go n-iompróidh an Ballstát lena mbaineann na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bhrí gur scoir sé a rannpháirtíocht i gcuid den acquis nó san acquis ina iomláine dá dtagraítear in aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4 den Phrótacal sin.”.


Top