CCanna
1. Rochtain ar cháipéisí
- 1.1. Tar éis cuardach, conas a thig liom féachaint ar théacs cáipéise sa scáileán torthaí? Freagra
- 1.2. Cén fáth nach féidir liom an teásc iomlán (íomhánna, táblaí, grafaicí san áireamh) a fheiceáil i ndoiciméid áirithe?
- 1.3. Ní féidir liom teacht ar an doiciméad atá á lorg agam. Cad is féidir a dhéanamh?
- 1.4. Cén áit a thig liom foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, seachas an Iris Oifigiúil, a ordú?
- 1.5. Cá bhfaighidh mé leaganacha clóite d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh?
- 1.6. Conas rochtain ar an reachtaíocht chomhdhlúite?
-
1.7. Níl teacht agam ar dhoiciméid SEC níos mó.
- 1.8. Táim ag cuardach cáipéisí spéise poiblí a bhíodh ar fáil ar EUR-Lex. Cá bhfaighidh mé iad?
- 1.9. Tá cáipéis nua uaim, ach ní thig liom í a fháil in EUR-Lex. Cé chomh minic a nuashonraítear an bunachar sonraí?
- 1.10. Cad is nasc buan ann agus conas a úsáidim é?
- 1.11. Cén áit is féidir liom na cuirí chun tairisceana a aimsiú (Soláthar poiblí san Eoraip)?
- 1.12. What are Celex numbers composed of?
- 1.13. Cad is doiciméid COM, JOIN, SEC agus SWD ann?

2. Inneachar an tSuímh
3. Teangacha
- 3.1. An bhfuil cáipéisí ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais?
- 3.2. Táim ag lorg téacsanna reachtúla i dteangacha na mBallstát nua. Cá bhfaighidh mé iad?
- 3.3. Cad ina thaobh nach dtaispeántar roinnt carachtar Bulgáracha is Rómánacha i gceart ar leathanach na n-ábhar san Iris Oifigiúil nó i gcomhaid HTML?
- 3.4. Cé na cáipéisí de chuid an AE a bhfuil fáil orthu i nGaeilge?
4. Bainistíocht suímh
- 4.1. Cá gcuirfidh mé mo cheisteanna?
- 4.2. Cé a bhainistíonn an bunachar sonraí?
- 4.3. An gá clárú chun an suíomh a rochtain?
5. LexAlert
6. Naisc
7. Sealbhóirí Ceadúnais
8. Comhdhlúthú
- 8.1. Cad is comhdhlúthú ann? Cé na gníomhartha dlíthiúla atá san áireamh?
- 8.2. Cé na gníomhartha dlíthiúla a chomhdhlúthaíonn tú?
- 8.3. Cathain a bhíonn an leagan comhdhúthaithe de ghníomh dlíthiúil ar fáil, de ghnáth?
- 8.4. Cad is brí leis na giorrúcháin (B, M, A, C) i leaganacha comhdhlúite?
- 8.5. Cad is brí leis an gceanntásc i ngníomh dlíthiúil?
1. Rochtain ar cháipéisí
1.1. Tar éis cuardach, conas a thig liom féachaint ar théacs cáipéise sa scáileán torthaí?
Tá dhá fhéidearthacht fad is a bhíonn na formáidí cáipéisí éagsúla (PDF, html, TIFF, MS WORD, etc.) á n-uaslódáil isteach sa chóras:
- tógfaidh gliogáil ar an dara rogha, 'Fógra bibleagrafaíochta + téacs (taispeáint dhátheangach)', go díreach chuig an téacs thú.
- roghnaigh "'Fógra bibleagrafaíochta", ansin seiceáil 'Téacs' sa chéad scáileán eile, agus gliogáil "Téigh" chun an téacs a thaispeáint. Ag bun an scáileáin a bheidh an téacs, mar sin ní mór scrollú síos.
Tagann an dá rogha chuig an scéileán - is féidir an cháipéis a thaispeáint sa dá theanga go comhuaineach. Is ionann an tsainghné seo agus an html um léirshamhlú dúbailte is eol duit ó CELEX, b'fhéidir.
1.2. Cén fáth nach féidir liom an teásc iomlán (íomhánna, táblaí, grafaicí san áireamh) a fheiceáil i ndoiciméid áirithe?
Mar tá doiciméid EUR-Lex áirithe ar fáil i bhformáid html amháin, formáid nach gceadaíonn íomhánna, táblaí ná grafaicí, ar chúiseanna teicniúla.
Tá doiciméid sna formáidí doc, html, PDF agus TIFF ar fáil in EUR-Lex. Is féidir íomhánna, táblaí agus grafaicí a chur i ndoiciméid PDF agus TIFF.
Tá leagan PDF (leis an téasc iomlán agus na grafaicí go léir) de gach uile dhoiciméad IO agus COM a foilsíodh ó 1998 ar fáil in Eur-Lex. Tá na doiciméid a foilsíodh roimh 1998 á scanadh agus á uaslódáil i bhformáid PDF de réir a chéile.
1.3. Ní féidir liom teacht ar an doiciméad atá á lorg agam. Cad is féidir a dhéanamh?
An bhfuil doiciméad dlíthiúil á lorg agat? Smaoinigh ar chathain a foilsíodh é san IO.
Dá mo rud é gur foilsíodh an doiciméad roimh 1998, seans nach bhfuil sé le feiceáil in EUR-Lex go fóill, ach beidh sé ann i bhfad na haimsire, mar tá na doiciméid IO agus COM uile a foilsíodh roimh 1998 á gcur leis an mbunachar sonraí de réir a chéile.
An bhfuil tú ag lorg doiciméid nach doiciméad dlíthiúil é? Déan cuardach i gcláir doiciméad na Parlaiminte, na Comhaire agus an Choimisiúin.
1.4 Cén áit a thig liom foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, seachas an Iris Oifigiúil, a ordú?
Siopa leabhar ar líne is ea Siopa Leabhar an AE, ina bhfuil fáil ar fhoilseacháin ó fhorais, áisíneachtaí agus ó chomhlachtaí eile an AE. Chomh maith le siopa leabhar ar líne, beidh catalóg agus cartlann na bhfoilseachán uile AE ar líne sa tseirbhís seo. Cuireann EU Bookshop ar chumas na n-úsáideoirí foilseacháin de chuid an AE a lorg, an leagan PDF díobh a íoslódáil agus, más féidir, cóip ar pháipéar díobh a ordú.
1.5. Cá bhfaighidh mé leaganacha clóite d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh?
Tig leat síntiús bliana (700-800 eagrán) a thabhairt amach nó cóipeanna ar leith a ordú. Is féidir le síntiúsóirí iarscríbhinní speisialta áirithe a fháil saor in aisce ar iarratas.
Le haghaidh sintiús, téigh i dteagmháil lenár ngréasán díolacháin le do thoil:
http://publications.europa.eu/others/agents/index_ga.htm
Chun cóipeanna aonair a fháil seol d'ordú chuig an seoladh r-phoist seo a leanas:
opoce-bookshop@publications.europa.eu
1.6. Conas rochtain a fháil ar an reachtaíocht chomhdhlúite?
Tríd an leathanach cuardaigh shimplí
- Le cuardach faoi uimhir doiciméid, gliogáil 'Téacs comhdhlúite'.
- Le cuardach faoi uimhir CELEX, roghnaigh ‘cuardach faoi uimhir CELEX’, clóscríobh 0 (náid) + bliain (4 dhigit) + R (do rialachán), L (do threoir) nó D (do chinneadh), agus uimhir an ghnímh (4 dhigit) ina ndiaidh. Fairis sin tá rochtain ar an gcuardach sin go díreach ón roghchlár ar chlé.
Mar shample, chun leagan comhdhlúite Rialacháin Uimh 1 na Comhairle ó 1958, cuir isteach 01958R0001.
Trínár n-eolaithe
- Eolaire ar reachtaíocht chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh: gliogáil ar 'Reachtaíocht chomhdhlúite' sa roghchlár ar chlé is roghnaigh réimse do spéise. Má comhdhlúthaíodh an bunghníomh, taispeántar nasc chhig an leagan comhdhlúite is déanaí.
- Eolaí reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm: gliogáil ar 'Reachtaíocht atá i bhfeidhm' sa roghchlár ar chlé is roghnaigh réimse do spéise. Má comhdhlúthaíodh an bunghníomh, taispeántar nasc chhig an leagan comhdhlúite is déanaí. Má deineadh cuid mhaith leasuithe air, bíonn fáil ar na leaganacha comhdhlúite éagsúla.
1.7. Níl teacht agam ar dhoiciméid SEC níos mó.
Foilsítear doiciméid SEC le haitheantóir nua SWD ó Eanáir 2012 i leith (tá 4 SC fós mar chód CELEX acu). Is féidir teacht orthu trí chuardach faoi uimhir dhoiciméid nó trí ghliogáil ar 'Gníomhartha ullmhúcháin' sa roghchlár ar chlé agus ansin doiciméid SEC agus SWD. Ní úsáidfear an t-aitheantóir SEC feasta ach do cháipéisí inmheánacha an Choimisiúin Eorpaigh, ná foilsítear ar EUR-Lex.
I dteanga amháin a fhoilsítear cáipéisí SWD, seach achroimrí na meastachán tionchair, a fhoilsítear i dteangacha oifigiúla uile an AE.
Tuilleadh eolais: Cad is doiciméid COM, JOIN, SEC agus SWD ann? Cinealacha doiciméad in EUR-Lex
1.8 Táim ag cuardach cáipéisí spéise poiblí a bhíodh ar fáil ar EUR-Lex. Cá bhfaighidh mé iad?
Cáipéisí spéise poiblí, sin cáipéisí ina nochtann an Coimisiún Eorpach a thuairim faoi cheist a mbeadh spéis ghinearálta ag an gComhphobal Eorpach inti. Mar cháipéisí COM a fhoilsítear iadsan. Tá dhá shlí chun iad a rochtain ón leathanach baile:
- roghnaigh cnuasach 'Ionstraimí ullmhúcháin', ansin gliogáil ar 'Cáipéisí COM';
- roghnaigh 'Cuardach simplí', ansin an chatagóir 'Ionstraimí ullmhúcháin' agus teorainnigh do chuardach do 'Scéala an Choimisiúin'.
Tá fúinn sainchnuasach 'Cáipéisí Spéise Poiblí" a chur ar fáil amach anseo.
Tá cáipéis nua uaim, ach ní thig liom í a fháil in EUR-Lex. Cé chomh minic a nuashonraítear an bunachar sonraí?
Go laethúil a nuashonraítear EUR-Lex.
Uaslódáiltear an Iris Oifigiúil in PDF go moch an mhaidin chéanna is a fhoilsítear ar pháipéar í.
Déantar scagadh ar a bhfuil ann go mion ansin chun nithe a chur sa bhunachar sonraí, rud ar gá mionanailís dlíthiúil agus bibleagrafaíoch chuige. Cé go lódáiltear cáipéisí lá a bhfoilsithe fairis méid theoranta sonraí anailíseacha (teideal, tagairt fhoilseacháin), lódáiltear iomlán na sonraí anailíseacha laistigh de thrí lá oibre. Sin an fáth gur gá beagán ama idir foilsiú na hIrise Oifigiúla féin agus fáil a bheith ar na hionstraimí ar leith don chuardach.
Braitheann minicíocht na gcáipéisí eile a chur sa bhunachar sonraí dlíthiúil ar na foinsí éagsúla óna dtagann siad.
1.10. Cad is nasc buan ann agus conas a úsáidim é?
Cuireann an nasc buan ar chumas an úsáideora an seoladh d'fhógra bibleagrafaíoch cáipéise a leabharmharcáil chun teacht air go gasta feasta. Seoladh dinimiciúil atá i mbarra seolta an bhrabhsaire, agus níor cheart é a úsáid do leabharmharcáil.
Tá dhá shlí shimplí chun nasc buan a úsáid:
- 1. Tig leat an luch-chúrsóir a chur ar an nasc buan, ansin deasghliogáil agus roghnaigh 'Cuir le ceanáin' nó a leithéid.
- 2. Tig leat gliogáil ar an nasc buan agus an leathanach ina dhiaidh a leabharmharcáil.
Tá ainm an leabharmhairc tugtha cheana féin, ach tig leat é a athrú de réir mar is gá.
1.11. Cén áit is féidir liom na cuirí chun tairisceana a aimsiú (Soláthar poiblí san Eoraip)?
Is féidir na cuirí chun tairisceana a aimsiú i sraith S a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is féidir teacht orthu ar shuíomh gréasáin TED (Tenders Electronic Daily).
1.12. What are Celex numbers composed of?
The Celex number is the unique identifier of each document in EUR-Lex, regardless of language.
It is composed as follows: SyyyyT(T)nnn(n)
| S | -- 1 character for the sector (see list below) |
| yyyy | --------- 4 digits for the year (usually the year of adoption) |
| T(T) | ------------------- 1 or 2 characters for the document type (see list below) |
| nnn(n) | ----------------------- 4 digits (usually) for the document number. |
For example, document 32008R1338 is:
- a sector 3 document (secondary legislation): 32008R1338
- from 2008: 32008R1338
- a regulation: 32008R1338
- published in OJ number 1338: 32008R1338
Document sectors
| Sector | Description | Sector | Description | Sector | Description |
|---|---|---|---|---|---|
| 1 | Treaties | 5 | Preparatory acts | 9 | Parliamentary questions |
| 2 | International agreements | 6 | Case law | 0 | Consolidated versions of sector 3 documents |
| 3 | Secondary legislation | 7 | National implementing measures | E | EFTA documents |
| 4 | Complementary legislation | 8 | National case law | C | Other documents published in the OJ C |
Main types of document in each sector
| Sector 3 | Sector 5 | Sector 6 |
|---|---|---|
| L = directives | PC = legislative proposals by the Commission (COM documents) |
C = conclusions of the advocate-general |
| R = regulations | DC = other COM documents | J = judgment by Court of Justice |
| D = decisions | SC = SEC documents | O = order of the Court of Justice |
Full list of sectors and document types (HTML)
Ná bíodh leisce ort cáipéis níos léire [PDF - 654KB] a scrúdú maidir le huimhreachca CELEX, ina bhfuil a lán samplaí. Díolaimíodh an cháipéis sin in Iúil 2011, agus ach as Béarla amháin atá sí ar fáil.
Other examples
For treaties, the last 3 digits are the number of the article - e.g. 11957E086 is article 86 of the EEC treaty (1957). Consolidated versions of treaties are indicated by the year of consolidation.
Celex numbers for international agreements give the publication date - e.g. document 21986A0331(01) was published in OJ L 86 on 31/03/1986. If several documents are published on the same day, only the number in brackets changes, e.g. 21986A0331(02).
For case law documents, the Celex number is based on the case number issued by the Court of Justice. The year is the year the case was opened.
Amendments have the same Celex number as the document they are amending, with R(xx) added at the end (xx being the number of the amendment). For example 32009L0164R(01) is the first amendment to directive 32009L0164. An amendment may concern one or more language versions, or even all of them.
Consolidated documents (sector 3 type) have the same Celex number as the basic act, except they are sector "0" instead of "3". They are followed by the date when the last amendment entered into force (see FAQ 8.1)
1.13. Cad is doiciméid COM, JOIN, SEC agus SWD ann? 
Doiciméid a ngabhann an t-aitheantóir COM, JOIN, SWD nó SEC leo is gníomhartha ullmhúcháin iad (earnáil 5).
Is aitheantóirí nua doiciméid iad JOIN agus SWD a thug Ardrúnaíocht an Choimisiúin isteach i mí Eanáir 2012.
Ní bhaineann na hathruithe le doiciméid a glacadh roimh 2012.
| Earnáil | Údar | Tuairisceoir | Saghas doiciméid |
|---|---|---|---|
| 5 | CE | PC | COM: Tograí agus gníomhartha eile arna nglacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaíochta |
| CE | DC | COM: Doiciméid COM eile: teachtaireachtaí, moltaí, tuarascálacha, páipéir bhána, páipéir uaine | |
| CE agus AI | JC | JOIN: Tograí comhpháirteacha, teachtaireachtaí, tuarascálacha, páipéir bhána agus páipéir uaine arna nglacadh ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí | |
| CE nó CE agus AI | SC | SWD: Doiciméid oibre foirne agus comhfhoirne (measúnuithe tionchair, achoimrí ar mheasúnaithe tionchair, páipéir oibre foirne). Sheasadh an t-aitheantóir SEC do dhoiciméid oibre foirne roimh 2012. Ní bhainfear leas as SEC a thuilleadh. |
CE: An Coimisiún Eorpach, AI: Ardionadaí
Le tuilleadh a fhoghlaim faoi chineálacha doiciméid agus faoina gcuid aitheantóirí, féach ár dtábla "Cineálacha doiciméad in EUR-Lex".
2. Inneachar an tSuímh
2.1. Cé na doiciméid a fhaightear in EUR-Lex?
Cumhdaíonn an bunachar sonraí a lán cineálacha téacsanna go príomha ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, ach freisin ó bhallstáit, ó CSTE, srl.
Roinntear a bhfuil ann ina míreanna: 1 – Conarthaí, 2 – Comhaontuithe idir-rialtais, 3 – Reachtaíocht, 4 – Reachtaíocht chomhlántach, 5 – Gníomhartha ullmhúcháin, 6 – Cásdlí, 7 – Bearta náisiúnta cur chun feidhme, 8 – Tagairí do chásdlí náisiúnta a bhaineann le dlí an AE, 9 – Ceisteanna parlaiminteacha, 0 – Reachtaíocht chomhdhlúite, C - Doiciméid eile a fhoilsítear i sraiteh C na hIrise Oifigiúla, E – Doiciméid CSTE.
D'fhorléargas mionsonraithe, téigh chuig: Cinealacha doiciméad in EUR-Lex
2.2. Cé mhéad cáipéis atá in EUR-Lex?
Cuimsíonn an bunachar sonraí cáipéisí ó fhíorthús an chomhair Eorpigh, ó bhunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach i 1951 agus Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Euratom ó 1957 i leith. Tá thart ar 467000 tagairt i dteangacha éagsúla, 2815000 téacs san iomlán. Cuirtear meán de 12000 cáipéis leis gach bliain.
3. Teangacha
3.1. An bhfuil cáipéisí ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais?
Is cuimsithí an t-ábhar i gceithre theanga oifigiúla na mBallstát bunaitheach, .i. as Ollainnis, Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis. Do na teangacha eile, gheobhaidh tú aistriúcháin na reachtaíochta a bhí i bhfeidhm nuair a tháinig an tír isteach agus na téacsanna ar glacadh leo dá éis sin. Mar sin, níl cuid de na téacsanna, go háirithe na cinn is sine, ar fáil sna teangacha a cuireadh isteach níos déanaí: Béarla agus Danmhairgis; Gréigis; Spáinnis agus Portaingéilis; Fionlainnis agus Sualainnis; Seicis, Eastóinis, Ungáiris, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Slóvaicis agus Slóivéinis; agus le déanaí Bulgáiris agus Rómáinis. Féach 3.2 freisin.
Ó 1 Eanáir 2007 tá an Ghaeilge (GA) mar cheann de 23 teanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ar chúiseanna praiticiúla, agus ar bhonn idirthréimhseach, níl ceangal ar fhorais an Aontais Eorpaigh gach ionstraim, ina measc breitheanna na Cúirte Breithiúnais, a dhréachtadh, a aistriú is a fhoilsiú as Gaeilge. Ní bhaineann an maolú seo, áfach, le Rialacháin ar ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt leo. Déanfar athbhreithniú rialta ar oibriú na forála seo, chun a chinneadh an gá fós é.
Tá an Bunreacht agus na Conarthaí uile foilsithe as Gaeilge. Tá fáil ar na téacsanna seo ar an suíomh sa chnuasach 'Conarthaí'.
Féach 3.2 freisin.
3.2. Táim ag lorg téacsanna reachtúla i dteangacha na mBallstát nua. Cá bhfaighidh mé iad?
An Bhulgáir agus an Rómáin (méadú 2007)
TTugann an suíomh rochtain ar:
- eagráin laethúla Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh as Bulgáiris agus Rómáinis ón 1 Eanáir 2007;
- imleabhair Eagrán Speisialta na hIrise Oifigiúla a foilsíodh cheana, ina bhfuil an dlí tánaisteach a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007 sa dá theanga oifigiúla nua;
- agus leaganacha sealadacha na dtéacsanna nár foilsíodh fós in Eagrán Speisialta na hIrise Oifigiúla.
AE 10 (méadú 2004)
Tugann an suíomh rochtain ar:
- eagráin laethúla Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh as Seiocis, Eastóinis, Ungáiris, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Slóvaicis agus Slóivéinis ón 1 Bealtaine 2004;
- imleabhair Eagrán Speisialta na hIrise Oifigiúla a foilsíodh cheana, ina bhfuil an dlí tánaisteach a bhí i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2004 sna naoi dteanga oifigiúla nua;
Ar bhonn eisceachtúil agus idirthréimhseach, níl ceangal ar fhorais an Aontais Eorpaigh gach ionstraim a dhréachtadh as Máltais agus iad a fhoilsiú sa teanga sin in Iris Oifigiil an Aontais Eorpaigh.. Go dtí 1 Bealtaine 2007, níor ghá ach rialacháin lenar ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt a fhoilsiú san Iris Oifigiúil as Máltais.
3.3. Cad ina thaobh nach dtaispeántar roinnt carachtar Bulgáracha is Rómánacha i gceart ar leathanach na n-ábhar san Iris Oifigiúil nó i gcomhaid HTML?
Easpa na gcarachtar seo ar na clónna a suiteáladh ar do ríomhaire is cúis leis an bhfadhb. Chun leaganacha nuashonraithe de na clónna seo a fháil, déan tagairt do leathanaigh tacaíochta do chórais oibrithe.
Má mhaireann an fhadhb mar sin féin, déan teagmháil le deasc chabhrach EUR-Lex ag an seoladh seo:
eurlex-helpdesk@publications.europa.eu
3.4. Cé na cáipéisí de chuid an AE a bhfuil fáil orthu i nGaeilge?
Ón 1 éanair 2007, tá an Ghaeilge (GA) mar cheann de 23 teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar chúiseanna praiticiúla agus ar bhonn idirthréimhseach, níl ar fáil i nGaeilge fós ach eochair-reachtaíocht a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach. Mar thoradh air sin, ní bhíonn eagrán iomlán den Iris Oifigiúil ar fáil i nGaeilge i gcoitinne. Foilsíodh na conarthaí i nGaeilge, áfach. Tá na téacsanna sin ar fáil ar ár suíomh gréasáin i mbailiúchán na 'gConarthaí'.
Athbhreithnítear an socrú praiticiúil reatha gach cúig bliana. Fanfaidh sé i bhfeidhm go deireadh 2016 ar a laghad.
Tuilleadh eolais:
Rialachán (CE) Uimh 920/2005 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh 1257/2010 ón gComhairle, Conarthaí
Féach, freisin, 3.1 agus 3.2.
4. Bainistíocht suímh
4.1. Cá gcuirfidh mé mo cheisteanna?
Féach: Teagmháil.
4.2. Cé a bhainistíonn an bunachar sonraí?
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, a ghníomhaíonn in ainm na bhforas uile, a bhainistíonn an bunachar sonraí. Bíonn na forais páirteach go rialta i bhforbairt an bhunachair trí choistí agus trí mheithleacha éagsúla. Coinnítear meitheal ón gComhairle, in mbíonn toscairí ó na Ballstáit páirteach, ar an eolas go rialta faoi bhainistíocht agus faoi fhorbairt an bhunachair.
4.3. An gá clárú chun an suíomh a rochtain?
Tá rochtain ar an suíomh saor in aisce, ach tig leat clárú chun cinneadh ar do rogha teangacha; do phríomhtheanga agus na teangacha inar mian leat cáipéisí a fháil mura bhfuil siad ar fáil i do phríomhtheanga. Tig leat trí theanga a roghnú agus tig leat cinneadh ar líon na gcáipeisí ar mian leat go dtaispeánfaí ar gach leathanach iad. Úsáid an nasc cláraithesaor in aisce chun do phróifíl a shainiú nó a athrú.
5. LexAlert
5.1. Cad is LexAlert ann?
Is seirbhís uathoibríoch í LexAlert a fhógraíonn cáipéisí nua a uaslódáiltear go EUR-Lex.
Is féidir fógraí nó r-phost ó RSS a fháil, ag cur in iúl duit go bhfuil cáipéis nua, ar ábhar spéise duitn í, arna uaslódáil ar EUR-LEX. Is féidir foláirimh réamhshainithe nó d'fholáirimh féin a roghnú.
Más mian leat síntiús leis an tseirbhís seo a fháil, seol r-phost chuig: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu
Le haghaidh tuilleadh eolais agus cur síos céim ar chéim ar an tslí chun an tseirbhís seo a úsáid, féach ar an gcur i láthair seo a leanas:
- Réamhrá do LexAlert [EN] (pdf) [725KB].
6. Naisc
6.1. Conas a chruthóidh mé naisc le EUR-Lex?
Tugtar miontreoracha chun naisc leis an suíomh a bhunú ar an leathanach cabhrach Conas naisc le cáipéisí i EUR-Lex a chruthú.
7. Sealbhóirí Ceadúnais
7.1. An féidir liom inneachar iomlán an bhunachair shonraí EUR-Lex a athúsáid? Conas?
Tá dlí na hEorpa ó EUR-Lex ar fáil faoi cheadúnas ó thríú páirtithe freisin. Is féidir leis an sealbhóir ceadúnais an fhaisnéis cheadúnaithe a thabhairt mar tháirge nó mar sheirbhís.
Déantar na sonraí a uasghrádú go laethúil trí fhreastalaí FTP, i bhformáid XML. Tá aitheantas úsáideora agus pasfhocal ag teastáil.
Buntáistí a bhaineann le seirbhís ceadúnais:
- rochtain ar shonraí ar an mórchóir, á soláthar go díreach ó Oifig na bhFoilseachán,
- is féidir leis an sealbhóir ceadúnais na sonraí a láimhseáil tríd an bhfreastalaí (FTP) agus tríd an bhformáid (XML)
- cuirtear an custaiméir ar an eolas agus sonraí nua á n-uaslódáil: bíonn teacht ar nuashonrúcháin go rialta,
- tá údarú uathoibríoch ar fáil leis na sonraí EUR-LEX a atáirgeadh.
Cuideachtaí a bhfuil fios na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bhaineann le comhaontú ceadúnas EUR-Lex uathu, féadfaidh siad comhad iomlán a iarraidh, agus na téarmaí is coinníollachta san áireamh, licences@publications.europa.eu
8. Comhdhlúthú
8.1. Cad is comhdhlúthú ann? Cé na gníomhartha dlíthiúla atá san áireamh?
Comhdhlúthú, sin na leasuithe is na ceartúcháin a rinneadh i ngníomh dlí i ndiaidh a chéile a imeascadh ann. Dá réir sin, bíonn roinnt téacsanna dlí, a foilsíodh ar dtús go hoifigiúil in eagráin éagsúla d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chomhcheanglaítear ina 'dteaghlach comhdhlúthaithe' i gcáipéis sholéite amháin ina bhfaighfear stádas reatha an dlí AE.
Má fhoilsítear aon cheartúchán d'éis an gníomh deireanach leasúcháin a ionchoprú, comhdhlúthóimid láithreach é, mura mbíonn ach mionathrú i gceist. Más mionathrú é, cuirfear sa chéad chomhdhlúthú eile é.
8.2. 8.2. Cé n gníomhartha dlíthiúla a chomhdhlúthaíonn tú?
Rialacháin, treoracha agus cinntí de chuid an AE a chomhdhlúthaíonn Oifig Foilseachán an Aontas Eorpach. Ní chomhdhlúthaímid gníomhartha dlí nach fada a bheidh siad i bhfeidhm, áfach. Mioncheartúcháin i roinnt bheag teangacha, cuirtear isteach sa chomhdhlúthú leis an gcéad mionathrú eile iad.
8.3. Cathain a bhíonn an leagan comhdhúthaithe de ghníomh dlíthiúil ar fáil, de ghnáth?
Comhdhlúthaíthear é chomh luath is a dhéantar mionathrú ar ghníomh reachtach De ghnáth, bíonn fáil ar an leagan comhdhlúthaithe ar EUR-Lex laistigh de 4 seachtaine ón uair a foilsíodh mionathrú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
8.4. Cad is brí leis na giorrúcháin (B, M, A, C) i leaganacha comhdhlúite?
Cineál an ghnímh a thaispeánann siad:
- B= bunghníomh
- M = modhnóir
- A = Conradh Aontachais
- C = ceartúchán
8.5. Cad is brí leis an gceanntásc i ngníomh dlíthiúil?
Mar seo a bhíonn cuma an cheanntáisc:
1991L0414 — EN — 01.02.2011 — 028.001 — 5
- Léiríonn na chéad digití uimhir CELEX an ghnímh chomhdhlúite;
- Léiríonn an 2 litir an cód teanga;
- Léiríonn an dáta lá theacht i bhfeidhm an leasaithe dheiridh sa ghníomh;
- Léiríonn na digití seo a leanas uimhir sheichimh an leagain chomhdhlúite de ghníomh dlíthiúil;
- Léiríonn an digit dheireanach uimhir an leathanaigh.


