Faoi EUR-Lex
Cuireann EUR-Lex saor-rochtain ar fáil ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar cháipéisí eile a mheastar a bheith poiblí. Tá fáil ar an suíomh gréasáin i 23 teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh: roghnaigh an teanga is fearr leat ón mbarra teanga ag barr an leathanaigh bhaile.
Tá cáipéisíocht ar an suíomh seo ó 1951, thart ar 2,815,000 cáipéis a líon. Nuashonraítear an bunachar sonraí go laethúil agus cuirtear 12,000 cáipéis leis gach bliain.
Tugann EUR-Lex:
- eagráin laethúla d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar líne,
- Cuardach simplí, cuardach casta agus roghanna brabhsála,
- an deis chun cáipéisí a thaispeáint agus/nó a íoslodáil (PDF, HTML, DOC, TIFF),
- meiteashonraí anailíseacha le haghaidh gach cáipéise.
Conas a thig liom Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a rochtain?
Príomhfhoinse inneachar EUR-Lex is ea Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus foilsítear go luath ar maidin i ndiaidh gach lá oibre í. Dhá shraith atá ann: sraith L (Reachtaíocht) agus sraith C (Faisnéis agus Fograí). Is iarscríbhinní iad na hIrisí Oifigiúla E agus A a ghabhann le sraith C (m.s. C 307 A, C 309 E).
Tá fáil ar na hirisí is déanaí ar an leathanach baile; Gliogáil ar na naisc sa chúinne uachtarach ar dheis, díreach faoin mbarra teanga.
Tig leat iar-eagráin a aimsiú trí ghliogáil ar an IRIS OIFIGIÚIL ar bharr an roghachláir ar chlé. Tig leat eagrán den Iris Oifigiúil a aimsiú trí bhrabhsáil nó trí chuardach a dhéanamh. Tá fáil ar gach eagrán ó 1998 ar aghaidh i bhformáid PDF. Chun rochtain ar théacsanna a foilsíodh roimh 1998, bain úsáid as CUARDACH SIMPLÍ - Cuardaigh de réir thagairt an fhoilseacháin (Iris Oifigiúil).
Is é sraith S an forlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina mbíonn na cuirí chun tairisceana. Is féidir teacht air ar shuíomh gréasáin TED (Tenders Electronic Daily).
Cuardach a dhéanamh ar cháipéis
Dhá chomhéadan atá in EUR-Lex: CUARDACH SIMPLÍ agus CUARDACH CASTA. Cé go bhfuil tú in ann cuardach níos iomláine a dhéanamh leis an gcuardach casta, tá an cuardach simplí oiriúnach don chuid is mó de riachtanais an úsáideora.
Tá réimse leathan roghanna chuardaigh ar fáíl; de réir théarmaí an chuardaigh, dáta an chuardaigh agus uimhir aiceanta an chuardaigh, srl.
Tig leat na bailiúcháin agus na heolairí a chuardach freisin; conarthaí, comhaontuithe idirnáisiúnta, reachtaíocht i bhfeidhm, achtanna ullmhúcháin, cásdlí agus ceisteanna parlaiminte. Tá gnéchlár brabhsála ag gach earnáil thuasluaite ar nós, Eolaí reachtaíochta an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm.
Cad a dhéanfaidh mé le toradh an chuardaigh?
Tá rochtain dhíreach agat ar na cáipéisí go léir i do liosta de thorthaí an chuardaigh: gliogáil ar an bhformáid is fearr leat. Tig leat breathnú ar theangacha agus ar na formáidí atá ar fáil, sonraí comhlántacha a thaispeáint, do thoradh cuardaigh a shórtáil nó a bheachtú d'fhonn cáipéisíocht níos ábharaí a fháil (gabh chuig an mbosca buí agus/nó an bosca cuardaigh). Tig leat na ceisteanna a cuardaíodh i seisiún a bhreithniú agus/nó iad a chur le chéile trí ghliogáil ar Stair na gcuardach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar cháipéis ar an nasc 'fógra bibleagrafaíochta' (sampla). Taispeántas meiteashonraí is ea an fógra (údar, dátaí, innéacsanna, cáipéisí atá bainteach srl.) a thugann léargas dúinn ar gach cáipéis agus ar an mbaint idir na cáipéisí. Tá comhéadan dátheagach den cháipéis seo sa nasc Fógra Bibleagrafaíochta + Téacs (comhéadan dátheangach).
Tá leagan comhdhlúite de cháipéisí ar fáil ar EUR-Lex freisin. Mar cháipéisíocht amháin atá na leaganacha seo ar fáil agus níl luach dlíthiúil ar bith acu. Tig leat iad a fháil san fhógra bibleagrafaíochta nó trí Eolaí reachtaíochta an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a bhrabhsáil.
Cad eile a thig liom a dhéanamh ar Eur-lex?
Tá eolas faoi dhlí an AE, nósanna imeachta reachtaíochta agus forais an AE. Tig leat an roghnú nua-cháipéisíochta a cheadú ar an leathanach baile nó trí na comhaid téamúla a cheadú.
Tá naisc do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, do chláir na bhForas agus do cháipéisíocht agus d'fhoinsí eolais eile ar Eur-lex chomh maith.
Fógraítear na forbairtí is déanaí inár nuachtlitir Newsletter.

