Ceisteanna parlaiminteacha
Bíonn na ceisteanna a chuireann comhaltaí Pharlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ar fáil i EUR-Lex chomh luath is a fhoilsítear freagra na hInstitiúide iomchuí san Iris Oifigiúil. Féadfar iad a:
- a chur le hiarratas ar fhreagra scríofa a fhoilsiú san Iris Oifigiúil (ceisteanna scríofa);
- a tharraingt anuas le linn seisiúin pharlaimintigh agus a fhoilsiú i nDíospóireachtaí Pharlaimint na hEorpa (ceisteanna ó bhéal);
- a tharraingt anuas le linn na tréimhse speisialta a leagtar amach mar chuid de gach seisiún agus a fhoilsiú san Iris Oifigiúil (ceisteanna a tharraingítear anuas le linn thráth na gceisteanna).
Chun cuardach a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminteacha, cliceáil ar an nasc ‘Cuardach sna Ceisteanna Parlaiminteacha’ sa roghchlár ar chlé.
Soláthraíonn EUR-LEX nasc chuig láithreán Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil teacht ar théascanna na gceisteanna agus na bhfreagraí a bhaineann leis na trí théama reachtaíochta is déanaí.

