Achtanna ullmhúcháin
Féadtar an leathanach seo a úsáid chun achtanna ullmhúcháin agus doiciméid eile na n-institiúidí Eorpacha, a bheadh suimiúil don phobal, a rochtain.
Ciallaítear le ‘doiciméid ullmhúcháin’ na doiciméid go léir a bhaineann le céimeanna difriúla an phróisis reachtaíochta nó bhuiséadaigh, lena n-áirítear moltaí reachtaíochta an Choimisiúin, comhsheasaimh na Comhairle, rúin agus tionscnaimh reachtaíochta nó bhuiséadacha Pharlaimint na hEorpa, agus tuairimí Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, agus araile.
Is féidir ionstraimí ullmhúcháin a rochtain freisin ach feidhmeanna cuardaigh an tsuímh a úsáid.
Féadfar an nós imeachta reachtach maidir le hionstraim ar leith a leanúint in Prelex ("Faireachán ar an bpróiseas cinnteoireachta idir institiúidí") nó in ŒIL ("Faireachlann reachtach Pharlaimint na hEorpa").

