Menu principal du site

CUARDACH CASTA
BAILIÚCHÁIN
CÚINNE AN CHLEACHTÓRA
Eolas faoi dhlí an AE

Nuachtlitir EUR-Lex – 19 Meitheamh 2012

Cartlann


Méadú 2013: an Chróit

Mar réamhullmhú d'aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, tá an reachtaíocht thánaisteach atá i bhfeidhm tráth an aontachais á haistriú go Cróitis agus foilseofar í de réir a chéile in Eagrán speisialta d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Tá na chéad imleabhair d'Eagrán speisialta na hIrise Oifigiúla Cróitise ar fáil cheana in EUR-Lex.

Tá nasc ar ár leathanach baile le leathanach ar leith ar a bhfuil naisc le doiciméid a bhaineann le haontachas na Cróite leis an AE.

Tabharfar rochtain go luath freisin ar na téacsanna uile atá aistrithe a fhoilseofar níos déanaí san Eagrán speisialta.

Conradh Aontachais na Cróite (2012)

An 9 Nollaig 2011, síníodh an Conradh i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach. Beidh an Chróit ar an 28ú Ballstát san Aontas Eorpach, sin an séú méadú a dhéanfar i stair an Aontais.

Foilsíodh an Conradh in Iris Oifigiúil L 112 an 24 Aibreán 2012.

Tá an Conradh faoi réir a dhaingnithe ag na Ballstáit uile.

Beidh EUR-Lex ag athrú go luath

Beidh EUR-Lex ag athrú go luath - fág sonraí teagmhála linn le bheith ar an eolas

N-Lex

Le go mbeidh rochtain níos seasmhaí agus níos nuashonraithe ag úsáideoirí N-Lex ar bhunachar reachtaíochta náisiúnta na hÉireann, chruthaigh Éire nasc bunaithe ar sheirbhísí gréasáin idir tairseach N-Lex agus suíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

Seo a leanas na Ballstáit a bhfuil nasc den chineál sin cruthaithe le blianta beaga anuas acu (in ord chruthaithe an naisc): an Laitvia, an Spáinn, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ísiltír, an Ungáir, an Fhrainc, an tSlóivéin agus an Ghearmáin.