Menu principal du site

CUARDACH CASTA
BAILIÚCHÁIN
CÚINNE AN CHLEACHTÓRA
Eolas faoi dhlí an AE

Reachtaíocht chomhdhlúite

Comhdhlúthú, sin na leasuithe is na ceartúcháin a rinneadh air i ndiaidh a chéile a imeascadh in acht dlí. Tugann sé trédhearcacht agus rochtain níos éasca ar dhlí an AE. Téacsanna ar leith a foilsíodh in eagráin éagsúla de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, comhcheanglaítear mar "bhailiúchán comhdhlúithe" in aon doiciméad so-léite amháin iad.

Is é Eolaí reachtaíochta an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm an pointe iontrála don reachtaíocht chomhdhlúite. Má dhéantar bunghníomh a chomhdhlúthú, tugtar nasc chuig an mbailiúchán cuí. Is féidir le bailiúchán líon daingnithe comhleanúnacha de bhunghníomh ar leith a thiomsú. Bíonn leaganacha comhdhlúite éagsúla de bhunghníomh ar leith ar fáil i ngach bailiúchán, is iad liostaithe de réir dháta iontrála na leasuithe atá i gceist.

Ní bhíonn aon bhailiúchán reachaíochta comhdhlúite iomlán agus ní féidir a dhearbhú gurb ionann an téacs agus staid na reachaíochta is déanaí, toisc go mbíonn forás ag teacht ar reachtaíocht an AE agus toisc gur minic a fhoilsítear achtanna leasaithe nua.

I ngach téacs comhdhlúite bíonn liosta de na doiciméid dhlíthiúla uile a chruthaigh é, áfach. Mar sin, ceadaíonn comparáid le sonraí ó Eolaí reachtaíochta an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm seiceáil éasca ar staid an chomhdhlúthaithe. Anuas air sin, bíonn gach cuid don téacs saibhrithe le sonraí maidir lena bhunús (bunghníomh, gníomh leasúchán nó ceartúchán).

Tá fáil ar reachtaíocht chomhdhlúthaithe ar líne, ar shuíomh gréasáin EurLex. Is féidir féachaint uirthi, nó í a íoslódáil, saor in aisce, mar chomhad PDF nó HTML.

Is lena n-úsáid mar uirlisí doiciméadúcháin atá téacsanna comhdhlúite ann agus ní ghlacann na hinstitiúidí le haon fhreagracht as a n-inneachar. Tabhair faoi deara ná fuil aon luach dlí ag na téacsanna sin. Chun críocha dlí, féach ar na téacs a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.