Cláir na nInstitiúidí
Coisriceadh prionsabal na hoscailteachta in Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir airteagal 255 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh “Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine náurtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin”. Chuir Rialachán (EC) Uimh 1049/2001 an fhoráil seo sa Chonradh i bhfeidhm, ag leagan amach dó, go háirithe, go dtabharfadh na trí fhoras seo rochtain ar a gcuid cáipéisí trí chlár leictreonach.
Tá naisc ar fáil ar an leathanach seo chuig clár Pharlaimint na hEorpa, clár na Comhairle agus clár an Choimisiúin. Níl na tagairtí a shonraítear sna cláir dhifriúla ceangailteach de réir an dlí. Beidh údarás ag na doiciméid a fhoilsítear san Iris Oifigiúil amháin.

