Menu principal du site

CUARDACH CASTA
BAILIÚCHÁIN
CÚINNE AN CHLEACHTÓRA
Eolas faoi dhlí an AE

Fógra dlíthiúil tábhachtach

Is de réir séanadh, a Fógra Chóipcheart agus na rialacháin a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a sholáthraítear an fhaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.


Séanadh

Tá an suíomh seo á chothú ag Oifig na bhFoilseachán chun rochtain an phobail ar dhlí an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. Is é ár gcuspóir an fhaisnéis seo a choimeád cruinn agus suas chun dáta. Má tharraingítear aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán le freagracht nó le dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo

Soláthraítear faisnéis

Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir a ráthú gurb ionann cáipéis ar líne agus téacs ar glacadh leis go hoifigiúil. Ní ghlactar ach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear i leagain pháipéir d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar reachtaíocht fhíordheimhnithe.

Is é ár gcuspóir an cur isteach de dheasca earráidí teicniúla a íoslaghdú. Tá seans ann, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí nó an fhaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann a ráthú nach gcuirfeadh na hearráidí seo isteach ar an tseirbhís nó nach gcuirfidís stop léi. Ní ghlacann Oifig an bhFoilseachán le freagracht ar bith maidir le fadhbanna dá leithéid de thoradh ar úsáid a bhaint as an suíomh seo nó leis na suíomhanna eile a bhfuil nasc leo.

Níl faoin séanadh seo teorainn a chur le dliteanas Oifig na bhFoilseachán má sháraítear ceann ar bith de na riachtanais a leagadh amach i ndlí ar bith náisiúnta lena mbaineann, nó chun a dliteanas a eisiamh d'ábhair nach féidir a eisiamh de réir an dlí sin.


Fógra faoi Chóipcheart

© European Union, 1998-2013

Mura luaitear a mhalairt, údaraítear íoslódáil agus atáirgeadh na dtéacsanna dlí is na gcáipéisí eile atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, don úsáid phearsanta nó d'fhonn iad a scaipeadh ar bhonn neamhthrádálach nó trádálach, ar choinníoll go ndéanfar é sin a admháil go hiomchuí mar seo a leanas:

‘© European Union, http://eur-lex.europa.eu/'

Nuair a athúsáidtear reachtaíocht shonrach, ba chóir an díshéanadh seo a leanas a chur isteach:

'Is í an reachtaíocht a fhoilsítear in eagrán paipéir Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus an reachtaíocht sin amháin, a mheastar a bheith barántúil'.

Údaraítear aistriúcháin téacsanna nó cháipéisí go teangacha seachas teangacha na n-eagrán sin i dteangacha oifigiúla, a thaispeántar ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, faoi réir an choinníll go ndéanfar admháil iomchuí in áit shuntasach chuí, agus díshéanadh cuí ina cuideachta agus go ndéanfar an admháil agus an díshéanamh a aistriú go dtí an teanga lena mbaineann:

'Arna aistriú ón mbuneagrán [sainigh teanga] a d'fhoilsigh Oifig idirinstitiúideach is ea Oifig na bhFoilseachán san Aontas Eorpach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex:

© European Union, http://eur-lex.europa.eu/', [teideal iomlán sa bhunteanga].

Glacann [ainm an té a bhfuil cóipcheart an aistriúcháin aige] freagracht iomlán as an aistriúchán go [sainigh teanga].'

I gcás amhrais faoi théacsanna is faoi cháipéisí EUR-Lex a athúsáid, is cóir ceist faoi chóipcheart a chur i scríbhinn chuig:

Publications Office of the European Union
Resources and Logistics Directorate
Calls for Tender, Contracts and Copyright Unit
Copyright and Legal Issues Section
2, rue Mercier
2985 Luxembourg
Luxembourg
Facs: +352 292942672
R-phost: copyright-info@publications.europa.eu

Tá seachadadh comhad (i bhformáid XMLtrí, mar shampla,freastalaí FTP), .i. le haghaidh saothraithe is athscaipthe thrádálaigh, faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe ar cheadúnas a eiseoidh Oifig na bhFoilseachán thar ceann an Aontais Eorpaigh. Ba cheart iarratais ina leith a dhíriú i scríbhinn chuig:

Oifig idirinstitiúideach is ea Oifig na bhFoilseachán san Aontas Eorpach
Aonad "Siopa Leabhar AE", Rannóg "Group Commercial Activities"
2, rue Mercier
L-2985 Luxembourg
Facs (352) 29 29-44630
R-phost: licences@publications.europa.eu

Ní ceadmhach lógó EUR-Lex a úsáid gan cead a fháil roimhré ó Oifig na bhFoilseachán.

Le haghaidh gach eolas eile maidir le hinneachar, le feidhmiú nó leis an bhforbairt a dhéanfar sa todhchaí ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, déan teagmháil leis an deasc chabhrach ag an seoladh seo a leanas:

eurlex-helpdesk@publications.europa.eu


Cosaint Sonraí Pearsanta

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideacht an úsáideora.

Tá an beartas ar chosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil na sonraí pearsanta ag forais an Chomhphobail bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000.

Aidhm maidir le bailiúchán sonraí

Déantar do shonraí a bhailiú agus a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

Is de réir an bheartais a ndéantar cur síos air sa Rialachán thuasluaite a phléitear le sonraí pearsanta a bhailítear.

Ní bhainfear úsáid as sonraí ach amháin i leith freagraí agus anailísiú ar bhotúin agus cheisteanna de chuid foireann Oifig na bhFoilseachán agus a chonraitheoirí chun an tseirbhís a fheabhsú.

Tá bailiúchán sonraí pearsanta bunaithe ar chomhaontú deonach na n-ábhar sonraí.

Rialtóir bhailiúchán sonraí

Is ceann aonaid ar EUR-Lex Oifig na bhFoilseachán é an rialtóir atá freagrach as próiseáil na sonraí seo.Má tá ceist ar bith agat i dtaobh próiseáil do ríomhphoist nó sonraí pearsanta bainteacha, ná bíodh drogall ar bith ort iad a chur i do theachtaireacht, go háirithe má theastaíonn uait sonraí de do chuidse atá againne a bhreithniú, nó athrú a dhéanamh orthu nó iad a scrios.Tig leat ríomhphost a sheoladh chuig: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu

Sonraí a bailíodh:

Ainm, Sloinne agus Ríomhphost (fearainn riachtanacha).

Eagraíocht, tír (fearann nach riachtanach).

Cé leis a nochtfar do shonraí?

Faoi rún a dhéileálfar leis na sonraí a bailíodh agus ní bhainfear úsáid astu ach ag deasc chabhrach EUR-lex agus foireann EUR-lex de chuid Oifig na bhFoilseachán agus a chonraitheoir.

Ní tharchuirtear sonraí pearsanta do pháirtí lasmuigh de na faighteoirí agus an creat dlíthiúil luaite, gan dochar do tharchur féideartha do na comhlachtaí i bhfeighil ar thasc faireacháin nó cigireachta faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail e.g. OLAF, nó giúistís imscrúdaithe.

Ní roinnfidh Oifig na bhFoilseachán sonraí pearsanta le tríú páirtithe i leith margaíocht dhíreach.

An tréimhse a choimeádtar do shonraí

Coimeádtar sonraí ar uasmhéid de 4 bliana agus scriosfar iad ina dhiaidh sin, ach sa chás ina bhfuil imscrúdú ar bun.Coimeádfar na sonraí don tréimhse atá riachtanach i leith críochnú an imscrúdaithe.

Conas is féidir leat do shonraí agus a gcruinneas a sheiceáil agus, más gá, iad a cheartú?

Tá sé de cheart agat cóip a fháil de do shonraí pearsanta am ar bith chun cruinneas an eolais choimeádta a sheiceáil, agus/nó an t-eolas a cheartú nó a leasú chun dáta.Más mian leat, tig leat do shonraí pearsanta a scriosadh go buan mura bhfuil imscrúdú ar bun.

Tig leat díliostú ón shonraí a sheoladh trí an seoladh r-phoist chéanna a úsáid.

Chun do phríobháideacht agus do shlándáil a chosaint, tógfaimid céimeanna réasúnta i leith fíorú d'aitheantais roimh cheartú nó rochtain a cheadú.

Céard iad na modhanna teicniúla agus na bearta slándála a thógtar chun mí-úsáid nó rochtain neamhúdaraithe a sheachaint?

Tá nósanna imeachta fisiciúla, leictreonacha agus bainistíochta cuí ag Oifig na bhFoilseachán, atá á athbhreithniú agus á leasú chun dáta go rialta, chun rochtain neamhúdaraithe a chosaint agus a chosc, slándáil sonraí a chothú agus an úsáid chuí i leith bailiúchán sonraí a chinntiú.

Cuirfear do cheist ar fhreastalaí ár gconraitheora, próiseáilte ag saineolaí agus b'fhéidir go go gcuirfí ar aghaidh í trí ríomhphost chuig an saineolaí atá freagrach as freagra a thabhairt ar an gceist.

Shínigh a leithéid de chonraitheoirí seachtracha conradh le hOifig na bhFoilseachán atá ina cheangal dlí orthu chun cloí leis an reachtaíocht chuí maidir le cosaint sonraí pearsanta agus a bpróiseáil, go háirithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Foireann Oifig na bhFoilseachán de chuid an AE a bhfuil rochtain acu ar eolas maidir le faisnéis inaitheanta phearsanta, ní mór dóibh an t-eolas seo a chosaint sa dóigh atá comhsheasmhach leis an bhFógra um Phríobháideacht seo trí, mar shampla, gan an t-eolas faoina gcúram a úsáid ach amháin i leith na seirbhísí a dhéanamh.

Conas is féidir liom gearán nó ceist a chur in iúl?

Más mian leat do shonraí pearsanta a rochtain, a scrios nó a cheartú, déan teagmháil linn: R-phost: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu

Is féidir gearáin, i gcás easaontais, a sheoladh chuig Oifigeach um Chosaint Sonraí de chuid an Choimisiúin nó chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Athruithe ar an bhFógra um Phríobháideacht seo

Má athraítear an Fógra um Phríobháideacht seo, cuirfimid leagan suas-chun-dáta ar [http://eur-lex.europa.eu/ga/editorial/legal_notice.htm]. Má thugann tú cuairt go minic ar an leathanach seo, beidh tú i gcónaí ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis a bhailímid, conas a bhainimid úsáid aisti, cé na cúinsí faoina roinnfimid le páirtithe eile í, má roinnimid.