Is de réir na caibidle téamaí atá eagar ar Eolaire Reachtaíochta Comhdhlúite an Aontais Eorpaigh agus tá ann an leagan comhdhlúite is déanaí de ghníomh (nó de bhunghníomh murar leasaíodh riamh é) agus na mionathróirí is déanaí (murar comhtháthaíodh i dtéacs comhdhlúite fós iad).
De ghnáth, is iad na rialacha, na treoracha is na cinntí a chomhdhlúthaítear. Ní chuirtear gach gníomh i bpróiseas an chomhdhlúthaithe, ámh, agus marcáiltear iadsan le réiltín (*) san Eolaire. Do bhreis eolais, féach ar ár gCeisteanna Coitianta faoin gcomhdhlúthú.
Is ag céim thurgnamhach atá Eolaire Reachtaíochta Comhdhlúite an Aontais Eorpaigh fós. Dá bhrí sin tharlódh go bhféadfadh roinnt tagairtí a bheith in easnamh, go háirithe iadsan a bhaineann le mionathruithe a foilsíodh tar éis an leagain chomhdhlúite is déanaí. D'eolas iomlán, nuashonraithe, ba cheart an fógra bibleagrafach ar an mbunghníomh ar EUR-Lex a sheiceáil i gcónaí.
Reachtaíocht chomhdhlúite
Mar a bhí an 1.5.2013
Eolaire ar Reachtaíocht Chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh
An chaibidil den Eolaire ar reachtaíocht chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh a bhfuil suim agat inti, tig leat í a chló ó na comhaid PDF do gach caibidil. Roinneadh na caibidlí is mó ina gcomhaid PDF ar leith.
- 01 Ábhair ghinearálta, airgeadais agus institiúide (líon gníomhartha: 1259)
- 02 Aontas Custaim agus saorghluaiseacht earraí (líon gníomhartha: 762)
- 03 Talmhaíocht (líon gníomhartha: 3095)
- 04 Iascach (líon gníomhartha: 1046)
- 05 Saorghluaiseacht oibrithe agus beartas sóisialta (líon gníomhartha: 557)
- 06 Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar (líon gníomhartha: 276)
- 07 Beartas maidir le hiompar (líon gníomhartha: 639)
- 08 Beartas maidir le hiomaíocht (líon gníomhartha: 1800)
- 09 Cánachas (líon gníomhartha: 175)
- 10 Beartas eacnamaíochta agus airgeadaíochta agus saorghluaiseacht chaipitil (líon gníomhartha: 526)
- 11 Caidreamh eachtrach (líon gníomhartha: 1585)
- 12 Fuinneamh (líon gníomhartha: 359)
- 13 Beartas tionscail agus an margadh inmheánach (líon gníomhartha: 1558)
- 14 Beartas réigiúnach agus comhordú ionstaimí struchtúracha (líon gníomhartha: 394)
- 15 Comhshaol, tomhaltóirí agus cosaint sláinte (líon gníomhartha: 1592)
- 16 Eolaíocht, faisnéis, oideachas agus cultúr (líon gníomhartha: 357)
- 17 Dlí a bhaineann le gnóthais (líon gníomhartha: 100)
- 18 Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (líon gníomhartha: 434)
- 19 Limistéar saoirse, slándála agus ceartais (líon gníomhartha: 480)
- 20 Eoraip an phobail (líon gníomhartha: 13)

