EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh
Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Sa rannán seo gheobhaidh tú faisnéis faoi nósanna imeachta as a n-eascraíonn glacadh gníomhartha dlíthiúla ag na hinstitiúidí Eorpacha. Tugann EUR-Lex rochtain duit ar chéimeanna an nós imeachta agus ar dhoiciméid ghaolmhara. Cuirtear faisnéis bhreise ar fáil freisin, cuir i gcás stádas an nós imeachta (ar siúl, curtha i gcrích, stoptha), cineál an nós imeachta (e.g. gnáthnós imeachta reachtach, nós imeachta neamhreachtach, etc.), bunús dlí, etc.
Is nósanna imeachta idirinstitiúideacha an chuid is mó de na nósanna imeachta sin, i.e. tá baint ag dhá institiúid ar a laghad de chuid an Aontais leo.
Tugann EUR-Lex rochtain freisin ar roinnt nósanna imeachta ar nósanna imeachta inmheánacha iad do roinnt institiúidí/comhlachtaí Eorpacha.
Tá roinnt uirlisí cuardaigh le fáil ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo:
Féadfaigh tú teacht freisin ar nós imeachta reachtóireachta atá nasctha le doiciméad trí chliceáil ar an táb ‘Nós imeachta’ ar thaobh na láimhe clé den leathanach doiciméid lena mbaineann.
Chun dul chun cinn an nós imeachta reachtóireachta a leanúint, cruthaigh foláireamh (fotha RSS) trí chliceáil ar ‘Lean an nós imeachta seo’ ar thaobh na láimhe clé de leathanach doiciméid. Tabharfar fógra duit gach uair dá gcuirtear céim nua leis an nós imeachta áirithe sin.
Leagtar amach nósanna imeachta reachtóireachta an Aontais na céimeanna a bhain le glacadh gníomhartha dlíthiúla, chomh maith leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus a róil faoi seach. Athraíonn siad de réir an réimse beartais agus an chineáil gnímh lena mbaineann.
Tagraíonn an nós imeachta reachtach don phróiseas trína nglacann na ‘comhreachtóirí’ (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh) gníomhartha dlíthiúla: rialacháin, treoracha agus cinntí. Is gníomhartha reachtacha iad gníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh a glacadh tríd an nós imeachta reachtach.
Déantar foráil sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le dhá chineál nós imeachta reachtach:
Ón uair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, is é an gnáthnós imeachta reachtach an príomhnós imeachta reachtach do chinnteoireacht an Aontais i gcás ina ngníomhaíonn Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh go comhpháirteach mar ‘chomhreachtóirí’. Roimhe sin, tugadh an ‘nós imeachta comhchinnteoireachta’ air.
Baineann sé seo le cásanna sonracha atá leagtha amach sa Chonradh. Murab ionann agus an gnáthnós imeachta reachtach, níl aon phróiseas amháin ann chun gníomhartha a ghlacadh faoi na nósanna imeachta sin. Féadfar gníomh dlí a ghlacadh faoi nós imeachta reachtach speisialta ar na bealaí seo a leanas:
Féadfaidh institiúidí an Aontais gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh freisin.
Cuimsíonn rannán na nós imeachta reachtóireachta ar EUR-Lex nósanna imeachta neamhreachtacha idirinstitiúideacha le haghaidh gníomhartha a ghlac an Chomhairle den chuid is mó ar thogra ón gCoimisiún.
Nósanna imeachta maidir le gníomhartha dlí a ghlac an Coimisiún amháin (gníomhartha uathrialacha), gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe ón gCoimisiún ina a measc, féadfar teacht orthu sa rannán maidir le nósanna imeachta inmheánacha.
Tá an tagairt idirinstitiúideach do nósanna imeachta reachtóireachta comhdhéanta den bhliain, uimhir an nós imeachta (digití agus/nó litreacha) agus giorrúchán de chineál an nós imeachta.
Sampla
2012/0011/COD – comhfhreagraíonn sé seo do (bliain)/ (uimhir an nós imeachta)/ (cineál an nós imeachta).
Cumhdaíonn cineál an nós imeachta ‘COD’ an gnáthnós imeachta reachtach (chomh maith leis an nós imeachta comhchinnteoireachta roimhe sin).
Giorrúchán |
An nós imeachta idirinstitiúideach |
Stádas |
ACC |
Comhaontú | Imithe i léig |
APP |
Nós imeachta reachtach speisialta (toiliú Pharlaimint na hEorpa riachtanach) | Reatha |
AVC |
Nós imeachta an aontaithe | Imithe i léig |
BUD |
An nós imeachta buiséadach | Reatha |
CNB |
Comhairliúchán leis an mBanc Ceannais Eorpach | Imithe i léig |
CNC |
Comhairliúchán leis an gCúirt Iniúchóirí | Imithe i léig |
CNS |
Nós imeachta reachtach speisialta (faoina dtéitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa) | Reatha |
COD |
An gnáthnós imeachta reachtach (an nós imeachta comhchinnteoireachta roimhe sin) | Reatha |
DEC |
Nós imeachta um urscaoileadh buiséadach | Reatha |
NLE |
Nós imeachta neamhreachtach | Reatha |
PRT |
Prótacal sóisialta | Imithe i léig |
SYN |
Nós imeachta comhair | Imithe i léig |
Tugann EUR-Lex rochtain ar fháisnéis maidir le roinnt nósanna imeachta ar nósanna imeachta inmheánacha iad do roinnt institiúidí/comhlachtaí Eorpacha.
Is éard is nós imeachta inmheánach ann sraith céimeanna sa phróiseas cinnteoireachta inmheánach in institiúid nó i gcomhlacht. Bíonn céimeanna an nós imeachta éagsúil, rud a bhraitheann ar chineál an nós imeachta, an institiúid lena mbaineann agus rialacha nós imeachta atá ag an institiúid.
Féadfaidh gníomh a ghlacann institiúid amháin (e.g. gníomh uathrialach de chuid an Choimisiúin i bhfoirm ghníomh cur chun feidhme) nó doiciméad atá mar chuid de nós imeachta reachtóireachta idirinstitiúideach (e.g. togra ón gCoimisiún nó tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)) a bheith mar thoradh ar nós imeachta inmheánach.
Níor uaslódáladh faisnéis faoi nósanna imeachta inmheánacha ar EUR-Lex ach ó mhí Iúil 2016 agus faoi láthair níl sé le fáil ach amháin maidir le CESE. Mar shampla, is féidir leat teacht ar na nósanna imeachta inmheánacha as a n-eascraíonn glacadh tograí ón gCoimisiún nó gníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme, tuairimí CESE, etc.
Féadfaidh tú rochtain a fháil ar nósanna imeachta inmheánacha trí chliceáil ar an táb comhfhreagrach ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé den leathanach doiciméid.
Féach sampla de nós imeachta inmheánach arb é glacadh treorach cur chun feidhme ón gCoimisiún an toradh air.