EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh
Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Is comhaontuithe ceangailteacha idir Bhallstáit an AE iad conarthaí an AE. Leagtar amach iontu cuspóirí an AE, na rialacha i gcomhair institiúidí an AE, an tslí a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir an AE agus a Bhallstáit. Tá gach beart a dhéanann an AE fothaithe ar na conarthaí.
Leasaítear na conarthaí nuair is gá an AE a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí, ullmhú do Bhallstáit nua agus réimsí nua comhair a thabhairt isteach.
In EUR-Lex tá teacht ar na conarthaí bunaitheacha, leasaitheacha agus aontachais, agus ar roinnt prótacal.