Bilingual display

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SL SV  BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SL SV 

en

ga

 
2011/0386 (COD)
2011/0386 (COD)
Proposal for a
Togra le haghaidh
REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
on common provisions for monitoring and assessing draft budgetary plans and ensuring the correction of excessive deficit of the Member States in the euro area
maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú
THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Having regard to the Treaty on the Functioning of the European Union, and in particular Article 136 in combination with Article 121(6) thereof,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136 i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,
Having regard to the proposal from the European Commission,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Having regard to the opinion of the European Central Bank,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
After transmission of the draft legislative act to the national Parliaments,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Acting in accordance with the ordinary legislative procedure,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
Whereas:
De bharr an méid seo a leanas:
1. The Treaty requires that Member States' regard their economic policies as a matter of common concern and that their budgetary policies are guided by the need for sound public finances and that their economic policies do not risk jeopardising the proper functioning of Economic and Monetary Union.
1. Ceanglaítear sa Chonradh go measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus gurb é an gá le hairgeadas poiblí fónta a bheidh ina threoir dá mbeartais bhuiséadacha agus nach gcuirfidh a mbeartais eacnamaíocha oibriú rianúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta i gcontúirt.
2. The Stability and Growth Pact, in particular Regulations (EC) No 1466/97 of 7 July 1997 on the strengthening of the surveillance of budgetary positions and the surveillance and coordination of economic policies[1] and Council Regulation (EC) No 1467/97 of 7 July 1997 on speeding up and clarifying the implementation of the excessive deficit procedure[2], designed to secure budgetary discipline across the Union, sets out the framework for preventing and correcting excessive government deficits. It has been further strengthened by Regulation No …/2011 of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 1466/97 on the strengthening of the surveillance of budgetary positions and the surveillance and coordination of economic policies and Regulation (EU) No …/2011 amending Regulation (EC) No 1467/97 on speeding up and clarifying the implementation of the excessive deficit procedure. Regulation (EC) No …/2011 of the European Parliament and of the Council on the effective enforcement of budgetary surveillance in the euro area added a system of effective, preventive and gradual enforcement mechanisms in the form of financial sanctions for the Member States whose currency is the euro.
2. Sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, go háirithe Rialachán Uimh. 1466/97 an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[1] agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air[2], arna gceapadh chun smacht buiséadach a áirithiú ar fud an Aontais, leagtar amach an creat chun easnaimh iomarcacha rialtais a chosc agus a cheartú. Neartaíodh é tuilleadh le Rialachán Uimh. .../2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú agus Rialachán (AE) Uimh. …/2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air. Le Rialachán (CE) Uimh. .../2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro, tugadh isteach córas éifeachtach coscaitheach céimseach de shásraí forfheidhmiúcháin i bhfoirm smachtbhannaí airgeadais i gcomhair na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
3. The amendments to the Stability and Growth Pact increase both the guidance, and, for the Member States whose currency is the euro, incentives for the setting and the implementation of a prudent budgetary policy, while avoiding excessive government deficits. These provisions have created a more robust framework at the level of the Union for the surveillance of national economic policies.
3. Leis na leasuithe ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, méadaítear an treorú, agus, i gcás na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, dreasachtaí chun beartas búiséadach stuama a shocrú agus a chur chun feidhme, agus seachnaítear ag an am céanna easnaimh iomarcacha rialtais. Chruthaigh na forálacha sin creat níos stóinsí ar leibhéal an Aontais chun faireachas a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha náisiúnta.
4. The Treaty allows the adoption of specific measures in the euro area which go beyond the provisions applicable to all Member States in order to ensure the proper functioning of the Economic and Monetary Union.
4. Ceadaítear leis an gConradh bearta sonracha a ghlacadh sa limistéar euro, ar bearta iad a dhéanann tuilleadh de bhreis ar na forálacha is infheidhme maidir le gach Ballstát, chun feidhmiú ceart an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú.
5. Strong public finances are best ensured at the planning stage and gross errors should be identified as early as possible. Member States should benefit not just from the setting of guiding principles and budgetary targets but also from a synchronised monitoring of their budgetary policies.
5. Is le linn staid na pleanála is fearr a áirithítear airgeadas poiblí stóinseach agus ba cheart ollearráidí a aithint a luaithe is féidir. Ba cheart go mbainfeadh na Ballstáit tairbhe ní amháin as prionsabail treorach agus spriocanna buiséadacha a shocrú ach as faireachán sioncrónaithe ar a mbeartais bhuiséadacha freisin.
6. Setting-up a common budgetary timeline for Member States whose currency is the euro should better synchronize the key steps in the preparation of national budgets, thus contributing to the effectiveness of the European semester for budgetary policy coordination. Adopting a common budgetary timeline should lead to stronger synergies by facilitating policy coordination among Member States whose currency is the euro and ensure that the Council and Commission recommendations are appropriately integrated in the national process for budget adoption.
6. Trí amlíne bhuiséadach choiteann a bhunú i gcomhair na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart go ndéanfaí na príomhchéimeanna in ullmhúchán na mbuiséad náisiúnta a shioncrónú níos fearr, sa dóigh go gcuirfí le héifeachtacht an tseimeastair Eorpaigh chun beartas eacnamaíoch a chomhordú. Ach amlíne bhuiséadach choiteann a ghlacadh, ba cheart go dtiocfadh sineirgíochtaí níos láidre mar thoradh air sin toisc go n-éascófaí comhordú beartais i measc na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus mar an gcéanna ba cheart go n-áiritheodh sé go ndéanfaí moltaí na Comhairle agus an Choimisiúin a chomhtháthú mar is iomchuí sa phróiseas náisiúnta lena nglactar an buiséad.
7. There is strong evidence showing the effectiveness of rules-based fiscal frameworks in supporting sound and sustainable fiscal policies. The introduction of national fiscal rules that are consistent with the budgetary objectives set at Union level should be a crucial element to ensure the respect of the Stability and Growth Pact provisions. In particular, Member States should put in place structural balanced budget rules which transpose into national legislation the main principles of the Union fiscal framework. This transposition should be effective through binding rules preferably of a constitutional nature so as to demonstrate the strongest commitment of national authorities in relation to the Stability and Growth Pact.
7. Tá fianaise láidir ann a léiríonn éifeachtacht creataí fioscacha riailbhunaithe chun tacú le beartais fhioscacha atá fónta agus inbhuanaithe. Go dtabharfaí isteach rialacha fioscacha náisiúnta atá comhsheasmhach leis na cuspóirí buiséadacha atá socraithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart an méid sin a bheith ina eilimint sár-riachtanach chun a áirithiú go n-urramófaí forálacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochtaí agus Fáis. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le comhordú structúrach na mbuiséad, ar rialacha iad a dhéanfadh trasuíomh sa reachtaíocht náisiúnta ar phríomhphrionsabail chreat fioscach an Aontais. Ba cheart an trasuíomh sin a dhéanamh trí rialacha ceangailteacha de chineál bunreachtúil, de bharr-rogha, chun tiomantas fíordhaingean na n-údarás náisiúnta i leith an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a léiriú.
8. Biased and unrealistic macroeconomic and budgetary forecasts can considerably hamper the effectiveness of budgetary planning and consequently impair commitment to budgetary discipline. Forecasts from independent bodies can provide unbiased and realistic macroeconomic forecasts.
8. Is féidir le réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha atá claonta agus neamhréalaíoch cur isteach go mór ar éifeachtacht na pleanála buiséadaí agus dá thoradh sin an tiomantas do smacht buiséadach a lagú. Féadfaidh comhlachtaí neamhspleácha réamhaisnéisí maicreacnamaíocha atá neamhchlaonta agus réalaíoch a sholáthar.
9. This gradually strengthened surveillance will further complement the existing provisions of the Stability and Growth Pact and strengthen the surveillance of budgetary discipline in Member States whose currency is the euro. A gradually enhanced monitoring procedure should contribute to better budgetary outcomes to the benefit of all Member States whose currency is the euro. As part of a gradually strengthened procedure, a closer monitoring is particularly valuable to Member States that are subject to an excessive deficit procedure.
9. Tríd an bhfaireachas sin a neartófar de réir a chéile, comhlánfar tuilleadh na forálacha atá ann cheana sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus neartófar faireachas ar smacht buiséadach sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Trí nós imeachta faireacháin a fheabhsófar de réir a chéile, ba cheart go gcuirfí ar son torthaí buiséadacha níos fearr chun leasa na mBallstát ar fad a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Mar chuid de nós imeachta a neartófar de réir a chéile, tá luach ar leith le baint as faireachán níos dlúithe ag Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach.
10. As demonstrated by the sovereign debt crisis, and in particular by the need to put in place common financial backstops, Member States whose currency is the euro share enhanced spillovers from their budgetary policy. Each of the Member States whose currency is the euro should consult the Commission and other Member States whose currency is the euro before the adoption of any major fiscal policy reform plans with potential spillover effects, so as to give the possibility for an assessment of possible impact for the euro area as a whole. They should consider their budgetary plans to be of common concern and submit them to the Commission for monitoring purposes in advance of the plans becoming binding. The Commission should be in a position, if necessary, to adopt an opinion on the draft budgetary plan, that the Member State and in particular budgetary authorities should be invited to take into account in the process of the budget law adoption. Such an opinion should ensure that Union's policy guidance in the budgetary area is appropriately integrated in the national budgetary preparations. In particular, this opinion should include an assessment of whether or not the budgetary plans appropriately address the recommendations issued in the context of the European semester in the budgetary area. The Commission should stand ready to present this opinion to the Parliament of the Member State concerned at its request. The extent to which this opinion has been taken into account should be part of the assessment, if and when the conditions are met, leading to the decision to place the concerned Member State in excessive deficit procedure, where no follow-up to the early guidance from the Commission should be considered as an aggravating factor. Also, based on an overall assessment of the plans by the Commission, the Eurogroup should discuss the budgetary situation and prospects for the euro area.
10. Mar a léirigh géarchéim an fhiachais cheannasaigh, agus mar a léirigh, go háirithe, an gá cúlstacáin airgeadais choiteanna a chur i bhfeidhm, comhroinneann Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu iarmhairtí méadaithe a thagann óna mbeartas buiséadach. Ba cheart do gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu sula nglacfar aon phleananna móra maidir le hathchóiriú ar an mbeartas fioscach a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu, ionas go mbeidh deis ann measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar an limistéar euro ina iomláine. Ba cheart dóibh a mheas gur ábhar leasa choitinn a bpleananna buiséadacha agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun críche faireacháin sula ndéanfaí pleananna ceangailteacha díobh. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, más gá, tuairim a ghlacadh maidir leis an dréacht-phlean, ar tuairim í a n-iarrfaí ar an mBallstát agus go háirithe ar na húdaráis bhuiséadacha í a chur san áireamh i bpróiseas ghlacadh an ghnímh bhuiséadaigh. Ba cheart a áirithiú le tuairim den sórt sin go ndéanfaí treorú beartais an Aontais sa réimse buiséadach a chomhtháthú go hiomchuí sna hullmhúcháin buiséid náisiúnta. Go háirithe, ba cheart a bheith san áireamh sa tuairim sin measúnú an dtéann nó nach dtéann na pleananna buiséadacha i ngleic go hiomchuí leis na moltaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh sa réimse buiséadach. Ba cheart don Choimisiún a bheith réidh chun an tuairim sin a thíolacadh do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann arna iarraidh sin di. An méid a tugadh an tuairim sin san áireamh, ba cheart é sin a thabhairt san áireamh sa mheasúnú a dhéanfar sa chás go gcomhlíonfar na coinníollacha, measúnú a chuirfidh leis an gcinneadh an Ballstát lena mbaineann a chur faoi nós imeachta um easnamh iomarcach, agus más amhlaidh nach n-urramófar treorú luath an Choimisiúin ba cheart é sin a mheas mar chúinse géaraithe. Thairis sin, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar na pleananna ag an gCoimisiún, ba cheart do Ghrúpa an Euro an staid bhuiséadach agus na hionchais don limistéar euro a phlé.
11. Member States whose currency is the euro and which are subject to an excessive deficit procedure should be monitored more closely to secure a full and timely correction of the excessive deficit. A closer monitoring should ensure early correction of any deviations from the Council recommendations to correct the excessive deficit. Such monitoring should complement the provisions set out in Regulation (EC) No 1467/97. The modalities of this closer monitoring should be graduated depending on the stage of the procedure the Member State is subject to, as provided for in Article 126 of the Treaty.
11. Na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, ba cheart faireachán níos dlúithe a dhéanamh orthu chun an t-easnamh iomarcach a cheartú ina iomláine agus go tráthúil. Trí fhaireacháin níos dlúithe, ba cheart a áirithiú go gceartófar go luath aon chás ina n-imítear ó mholtaí na Comhairle maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú. Ba cheart d'fhaireachán den sórt sin na forálacha atá leagtha amach in Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a chomhlánú. Ba cheart rialacha mionsonraithe an dlúthfhaireacháin sin a chéimniú ag brath ar an gcéim ag a bhfuil an nós imeachta a bhfuil an Ballstát faoina réir, mar atá foráilte in Airteagal 126 den Chonradh.
12. The closer monitoring for Member States subject to an excessive deficit procedure should allow the identification of risks in the compliance of a Member State's deadline to correct the excessive deficit. In the event of such risks being identified, the Commission should issue a recommendation to the Member State for measures to be taken within a given timeframe that should be presented to the Parliament of the Member State concerned at its request. This assessment should allow rapid correction of any developments putting at risk the correction of the excessive deficit within the established deadline. Assessment of compliance with this Commission recommendation should be part of the continuous assessment made by the Commission of effective action to correct an excessive deficit. When deciding whether effective action to correct the excessive deficit has been taken, the Council should also base its decision on whether or not the Member State complied with the Commission recommendation.
12. A bhuí leis an bhfaireachán níos dlúithe ar Bhallstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, ba cheart a bheith in ann a aithint an bhfuil rioscaí ann nach gcloífidh Ballstát le spriocdháta i ndáil leis an easnamh iomarcach a cheartú. I gcás ina n-aithneofar rioscaí den sórt sin, ba cheart don Choimisiún moladh a eisiúint don Bhallstát bearta a dhéanamh laistigh de thréimhse áirithe ba cheart a thíolacadh do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann arna iarraidh sin di. De bharr an mheasúnaithe sin, ba cheart a bheith in ann ceartú a dhéanamh go tapa ar aon fhorbairtí a chuirfeadh ceartú an easnaimh iomarcaigh laistigh den tréimhse bhunaithe i gcontúirt. Ba cheart measúnú ar chomhlíonadh an mholta sin ón gCoimisiún a bheith mar chuid den mheasúnú leanúnach a dhéanfaidh an Coimisiún ar bhearta éifeachtacha chun an t-easnamh iomarcach a cheartú. Agus cinneadh á dhéanamh an ndearnadh bearta éifeachtacha chun an t-easnamh iomarcach a cheartú, ba cheart don Chomhairle a cinneadh a bhunú freisin ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Ballstát an moladh ón gCoimisiún.
13. In order to enhance the dialogue between the Union institutions, in particular the European Parliament, the Council and the Commission, and to ensure greater transparency and accountability, the competent committee of the European Parliament may offer the opportunity to the Member State concerned by a Commission recommendation to participate in an exchange of views,
13. Chun an comhphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun breis trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa deis a thabhairt don Bhallstát a mbaineann moladh ón gCoimisiún leis páirt a ghlacadh i malartú tuairimí,
HAVE ADOPTED THIS REGULATION:
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Chapter I
Caibidil I
General provisions
Forálacha ginearálta
Article 1 Subject matter and scope
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. This Regulation sets out provisions for enhanced monitoring of budgetary policies in the euro area by:
1. Leagtar amach sa Rialachán seo forálacha maidir le faireachán feabhsaithe ar bheartais bhuiséadacha sa limistéar euro trí bhíthin an méid seo a leanas:
14. complementing the European semester as defined in Article 2a of Regulation (EC) 1466/97 with a common budgetary timeline;
14. an seimeastar Eorpach a chomhlánú, mar atá sainithe in Airteagal 2a de Rialachán (CE) 1466/97, le hamlíne bhuiséadach choiteann;
15. complementing the multilateral surveillance system of budgetary policies as established by Regulation (EC) No 1466/97 with additional monitoring requirements in order to ensure that Union policy recommendations in the budgetary area are appropriately integrated in the national budgetary preparations;
15. córas faireachais iltaobhaigh ar bheartais bhuiséadacha, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, a chomhlánú le ceanglais faireacháin bhreise chun a áirithiú go ndéanfar moltaí beartais ón Aontas sa reimse buiséadach a chomhtháthú sna hullmhúcháin buiséid náisiúnta mar is iomchuí;
16. complementing the procedure for correction of a Member State's excessive deficit as established by Article 126 of the Treaty and Regulation (EC) No 1467/97 by a closer monitoring of budgetary policies of Member States subject to an excessive deficit procedure in order to secure a timely durable correction of excessive deficits.
16. an nós imeachta um cheartú easnaimh iomarcaigh Ballstáit, mar a bunaíodh in Airteagal 126 den Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, a chomhlánú le faireachán níos dlúithe ar bheartais bhuiséadacha Ballstát atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach chun a áirithiú go ndéanfar easnaimh iomarcacha a cheartú go tráthúil agus go marthanach.
2. This Regulation shall apply to Member States whose currency is the euro.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
Article 2 Definitions
Airteagal 2Sainmhínithe
1. For the purposes of this Regulation, the following definitions shall apply:
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
17. "independent fiscal council" means a body endowed with functional autonomy vis-à-vis the fiscal authorities of the Member State in charge of monitoring the implementation of national fiscal rules;
17. ciallaíonn "comhairle fhioscach neamhspleách" comhlacht ag a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil i ndáil le húdaráis fhioscacha an Bhallstáit a bhfuil faireachán ar chur chun feidhme na rialacha fioscacha náisiúnta faoina gcúram;
18. "independent macroeconomic forecasts" means the macroeconomic and/or budgetary forecasts produced by an independent body or a body endowed with functional autonomy vis-à-vis the fiscal authorities of the Member State;
18. ciallaíonn "réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhspleácha" na réamhaisnéisí maicreanamaíocha agus/nó buiséadacha a tháirgeann comhlacht neamhspleách nó comhlacht ag a bhfuil neamhpleáchas feidhmiúíl ó údaráis fhioscacha an Bhallstáit;
19. "medium-term budgetary framework" has the meaning set out in point e of Article 2 of the Council Directive […/…];
19. ciallaíonn "creat buiséadach meántéarmach" a bhfuil leagtha amach i bpointe (e) d'Airteagal 2 de Threoir [.../...] ón gComhairle;
20. "stability programme" has the meaning set out in Article 3 of Regulation (EC) 1466/97;
20. ciallaíonn "clár cobhsaíochta" a bhfuil leagtha amach in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;
21. "government" and "deficit" have the meaning' set out in Article 2 of the Protocol (No 12) on the excessive deficit procedure annexed to the Treaty on European Union and the Treaty on the Functioning of the European Union.
21. ciallaíonn "rialtas" agus "easnamh" a bhfuil leagtha amach in Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
2. The definition of general government and of sub-sectors of general government set out in point 2.70 of Annex A to Regulation (EC) No 2223/96 shall also apply.
2. Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe ar rialtas ginearálta agus ar fho-earnálacha de rialtas ginearálta atá leagtha amach i bpointe 2.70 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96.
Chapter II
Caibidil II
Common Budgetary Provisions
Forálacha buiséadacha coiteanna
Article 3 Common Budgetary Timeline
Airteagal 3Amlíne bhuiséadach choiteann
1. Member States shall make public annually their medium-term fiscal plans in accordance with their medium-term budgetary framework based on independent macroeconomic forecast together with their Stability Programmes, no later than 15 April.
1. Poibleoidh na Ballstáit gach bliain a bpleananna fioscacha meántearmacha i gcomhréir lena gcreat buiséadach meántéarmach bunaithe ar réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch neamhspleách maille lena gCláir Chobhsaíochta, an 15 Aibreán ar a dhéanaí.
2. Draft budget laws for the general government shall be made public annually no later than 15 October together with the independent macroeconomic forecasts on which they are based.
2. Poibleofar dréachtghníomhartha buiséadacha an rialtais ghinearálta gach bliain an 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí maille leis na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhspleácha a bhfuil siad bunaithe orthu.
3. Budget laws for the general government shall be adopted and made public annually no later than 31 December.
3. Glacfar dréachtghníomhartha buiséadacha an rialtais ghinearálta agus poibleofar iad gach bliain, an 31 Nollaig ar a dhéanaí.
Article 4 Rules on the budgetary balance and independent national fiscal council
Airteagal 4Rialacha maidir le comhordú an bhuiséid agus comhairle fhioscach náisiúnta neamhspleách
1. Member States shall have in place numerical fiscal rules on the budget balance that implement in the national budgetary processes their medium-term budgetary objective as defined in Article 2a of Regulation (EC) No 1466/97. Such rules shall cover the general government as a whole and be of binding, preferably constitutional, nature.
1. Beidh rialacha fioscacha uimhriúla i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le comhardú an bhuiséid, ar rialacha iad lena gcuirfear i bhfeidhm sa phróiseas buiséadach náisiúnta cuspóirí buiséadacha meántéarmacha na mBallstát mar atá sonraithe in Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Cumhdófar an rialtas ginearálta ina iomláine le rialacha den sórt sin, agus is de chineál bunreachtúil a bheidh siad de chéadrogha.
2. Member States shall have in place an independent fiscal council for monitoring the implementation of national fiscal rules as referred to in paragraph 1.
2. Beidh comhairle fhioscach neamhspleách curtha ar bun ag na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha fioscacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.
Chapter III
Caibidil III
Monitoring and assessment of Member States draft budgetary plans
Faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha na mBallstát
Article 5 Monitoring requirements
Airteagal 5Ceanglais maidir le faireachán
1. Member States shall submit annually to the Commission and the Eurogroup a draft budgetary plan for the forthcoming year no later than 15 October.
1. Cuirfidh na Ballstáit dréachtphlean buiséadach faoi bhráid an Choimisiúin agus Ghrúpa an Euro gach bliain, an 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí.
2. The draft budgetary plan shall be made public at the same time.
2. Poibleofar an dréachtphlean buiséadach an tráth céanna.
3. The draft budgetary plan shall contain the following information for the forthcoming year:
3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mbliain dár gcionn ar áireamh sa dréachtphlean buiséadach:
22. the targeted budget balance for the general government as a percentage of Gross Domestic Product (GDP), broken down by sub-sector of general government;
22. an comhardú buiséid atá mar sprioc ag an rialtais ghinearálta mar chéatadán d'Olltáirgeacht Intíre (OTI), arna mhiondealú de réir fo-earnálacha an rialtais ghinearálta;
23. the projections at unchanged policies for expenditure and revenue as a percentage of GDP for the general government and their main components.;
23. réamh-mheastacháin, ar bhonn beartas gan athrú, i gcomhair caiteachais agus ioncaim mar chéatadáin de OTI i gcomhair an rialtais ghinearálta, agus na príomhchuidithe díobh;
24. the targeted expenditure and revenue as a percentage of GDP for the general government and their main components, taking into account the conditions and criteria to establish the growth path of government expenditure net of discretionary revenue measures under Article 5(1) of Regulation (EC) No 1466/97;
24. an caiteachas sprice agus an t-ioncam sprice mar chéatadán de OTI i gcomhair an rialtais ghinearálta agus na príomhchuidithe díobh, agus a chur san áireamh iontu na coinníollacha agus na critéir chun conair fáis chaiteachas an rialtais a shuíomh agus í glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim faoi Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;
25. a detailed description and a well-documented quantification of the measures to be included in the budget for the year to come in order to bridge the gap between the targets referred to in point (c) and the projections at unchanged policies provided in accordance with point (b). The description may be less detailed for measures with a budgetary impact estimated to be lower than 0.1% of GDP. Particular attention shall be paid to major fiscal policy reform plans with potential spillover effects for other Member States whose currency is the euro.
25. tuairisc mhionsonraithe agus cainníochtú atá doiciméadaithe go maith maidir leis na bearta atá le háireamh sa bhuiséad don bhliain atá le teacht chun an bhearna a dhúnadh idir na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (c) agus na réamh-mheastacháin, ar bhonn beartas gan athrú, a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b). Féadfaidh níos lú mionsonraithe a bheith sa tuairisc i gcás beart lena mbaineann tionchar buiséadach a mheastar a bheith faoi bhun 0.1% de OTI. Tabharfar aird ar leith ar phleananna móra maidir le hathchóiriú ar an mbeartas fioscach a bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith ag baint leo do Bhallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
26. the main assumptions about expected economic developments and important economic variables which are relevant to the achievement of the budgetary targets. These assumptions shall be based on independent macroeconomic growth forecast;
26. na príomhthoimhdí maidir leis na forbairtí eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo agus athróga eacnamaíocha tábhachtacha atá ábhartha do bhain amach na spriocanna buiséadacha. Beidh na toimhdí sin bunaithe ar réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhpleácha fáis;
27. where applicable, additional indications on how the current recommendations addressed to the Member State concerned in accordance with Article 121 of the Treaty in the budgetary area will be met.
27. más infheidhme, faisnéis bhreise maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfar na moltaí reatha atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 121 den Chonradh sa réimse buiséadach.
4. Where the budgetary targets reported in the draft budgetary plan in accordance with points (a) and (c) of paragraph 3 or the projections at unchanged policies differ from those in the most recent stability programme, the differences shall be duly explained.
4. I gcás ina bhfuil difríocht idir na spriocanna sa chlár cobhsaíochta is déanaí agus na spriocanna buiséadacha arna dtuairisciú sa dréachtphlean buiséadach i gcomhréir le pointí (a) agus pointe (c) de mhír 3, nó na réamh-mheastacháin ar bhonn beartas gan athrú, míneofar na difríochtaí mar is iomchuí.
5. Where the Commission identifies particularly serious non-compliance with the budgetary policy obligations laid down in the Stability and Growth Pact, it shall, within two weeks from the submission of the draft budgetary plan, request a revised draft budgetary plan from the Member State concerned. This request shall be made public.
5. I gcás ina n-aithneoidh an Coimisiún neamhchomhlíonadh an-tromchúiseach i leith na n-oibleagáidí maidir le beartas buiséadach atá leagtha síos sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, déanfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain ón tráth a chuirfear an dréachtphlean buiséadach isteach, dréachtphlean buiséadach athbhreithnithe a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann. Poibleofar an iarraidh sin.
Paragraphs 2 to 4 shall apply in case of revised draft budgetary plan.
Beidh feidhm ag mír 2 go mír 4 i gcás dréachtphlean bhuiséadaigh athbhreithnithe.
6. The Commission shall specify the content of the draft budgetary plan referred to in paragraph 1.
6. Sonróidh an Coimisiún inneachar an dréachtphlean bhuiséadaigh dá dtagraítear i mír 1.
Article 6
Airteagal 6
Assessment of the draft budgetary plan
Measúnú ar an dréachtphlean buiséadach
1. The Commission shall, if necessary, adopt an opinion on the draft budgetary plan by 30 November.
1. Glacfaidh an Coimisiún, más gá, tuairim maidir leis an dréachtphlean buiséadach faoin 30 Samhain sa bhliain i gceist.
2. The Commission opinion shall be made public and, at the request of the Parliament of the Member State concerned, shall be presented by the Commission to the Parliament concerned.
2. Poibleofar tuairim an Choimisiúin agus, arna iarraidh sin do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, tíolacfaidh an Coimisiún don pharlaimint lena mbaineann í.
3. The Commission shall make an overall assessment of the budgetary situation and prospects in the euro area as a whole. The assessment shall be made public.
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú foriomlán ar an staid bhuiséadach agus ar na hionchais sa limistéar euro ar fad. Poibleofar an measúnú sin.
4. The Eurogroup shall discuss opinions of the Commission on the national budgetary plans and the budgetary situation and prospects in the euro area as a whole on the basis of the overall assessment made by the Commission in accordance with paragraph 3. The assessment shall be made public.
4. Pléifidh Grúpa an Euro tuairimí an Choimisiúin maidir leis na pleananna buiséadacha náisiúnta agus an staid bhuiséadach agus na hionchais sa limistéar euro ar fad ar bhonn an mheasúnaithe fhoriomláin a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 3. Poibleofar an measúnú sin.
Chapter IV
Caibidil IV
Ensuring the correction of excessive deficit
Ceartú an easnaimh iomarcaigh a áirithiú
Article 7 Closer monitoring for Member States in excessive deficit procedure
Airteagal 7Faireachán níos dlúithe ar Bhallstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach
1. When the Council decides in accordance with Article 126(6) of the Treaty that an excessive deficit exists in a Member State, the Member State concerned shall be subject to paragraphs 2 to 5 of this Article, until the abrogation of its excessive deficit procedure.
1. I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh gurb ann d'easnamh iomarcach i mBallstát, beidh an Ballstát lena mbaineann faoi réir mhír 2 go mír 5 den Airteagal seo, go dtí go n-aisghairfear an nós imeachta um easnamh iomarcach.
2. The Member State subject to closer monitoring shall without delay carry out a comprehensive assessment of in-year budgetary execution for the general government and its sub-sectors. The financial risks associated to government-owned entities and government contracts shall also be covered by the assessment to the extent that they may contribute to the existence of an excessive deficit. The result of this assessment shall be included in the report submitted in accordance with Article 3(4a) or 5(1a) of Regulation (EC) No 1467/97 on action taken to correct the excessive deficit.
2. An Ballstát atá faoi réir faireacháin níos dlúithe, déanfaidh sé measúnú cuimsitheach gan mhoill ar chur i bhfeidhm an bhuiséid sa bhliainréise i gcás an rialtais ghinearálta agus a fho-earnálacha. Na rioscaí airgeadais a bhaineann le heintitis ar leis an rialtas iad agus le conarthaí rialtais, déanfar iad a chumhdach sa mheasúnú sa mhéid go bhféadfaidís cur le haon easnamh iomarcach. Déanfar torthaí an mheasúnaithe sin a áireamh sa tuarascáil a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) nó 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le bearta arna ndéanamh chun an t-easnamh iomarcach a cheartú.
3. Member State shall report regularly to the Commission and to the Economic and Financial Committee or any sub-committee it will designate for that purpose, for the general government and its sub-sectors, the in-year budgetary execution, the budgetary impact of discretionary measures taken on both the expenditure and the revenue side, targets for the government expenditure and revenues, as well as information on the measures adopted and the nature of those envisaged to achieve the targets. The report shall be made public.
3. Tuairisceoidh an Ballstát go tráthrialta chuig an gCoimisiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais nó chuig aon fhochoiste a shannfaidh sé chun na críche sin, i ndáil leis an rialtas ginearálta agus a fho-earnálacha, maidir le cur i bhfeidhm an bhuiséid sa bhliainréise, tionchar buiséadach na mbeart lánroghnach arna ndéanamh ar thaobh an chaiteachais agus an ioncaim araon, spriocanna i gcomhair chaiteachas agus ioncam an rialtais, chomh maith le faisnéis maidir leis na beartais arna nglacadh agus cineál na mbeart atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach. Poibleofar an tuarascáil.
The Commission shall specify the content of the report referred to in this paragraph.
Sonróidh an Coimisiún inneachar na tuarascála dá dtagraítear sa mhír seo.
4. If the Member State concerned is subject of a Council recommendation under Article 126(7) of the Treaty, the report in accordance with paragraph 3 of this Article shall be submitted for the first time 6 months after the initial report provided for in Article 3(4a) of Regulation (EC) No 1467/97, and thereafter on a 6-month basis.
4. Ma tá an Ballstát lena mbaineann faoi réir molta ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) den Chonradh, déanfar an tuarascáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a chur isteach den chéad uair 6 mhí tar éis na tuarascála tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 3(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus ar bhonn leathbhliantúil ina dhiaidh sin.
5. If the Member State concerned is subject of a Council notice under Article 126(9) of the Treaty, the report in accordance with paragraph 3 of this Article shall also contain information on the actions being taken in response to the specific Council recommendations. It shall be submitted for the first time 3 months after the initial report provided for in Article 5(1a) of Regulation (EC) No 1467/97, and thereafter on a quarterly basis.
5. Má tá an Ballstát lena mbaineann faoi réir fógra ón gComhairle faoi Airteagal 126(9) den Chonradh, sa tuarascáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo beidh faisnéis ar áireamh freisin maidir le bearta atá á ndéanamh mar gheall ar mholtaí sonracha na Comhairle. Cuirfear isteach den chéad uair í 3 mhí tar éis na tuarascála tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus go ráithiúil ina dhiaidh sin.
6. On request and within the deadline set by the Commission, the Member State subject to closer monitoring shall:
6. Arna iarraidh sin don Choimisiún agus roimh an spriocdháta a shocróidh an Coimisiún, déanfaidh an Ballstát atá faoi réir faireacháin níos dlúithe an méid seo a leanas:
28. carry out and report on a comprehensive independent audit of the accounts of the general government conducted in coordination with national supreme audit institutions, aiming at assessing the reliability, completeness and accuracy of these public accounts for the purposes of the excessive defiocit procedure. In this context, the Commission (Eurostat) shall assess the quality of data reported by the Member State concerned in accordance with Regulation (EC) No 679/2010[3];
28. iniúchadh cuimsitheach neamhspleách ar chuntais an rialtais ghinearálta a dhéanamh agus a thuairisciú, ar iniúchadh é a dhéanfar i gcomhordú leis na hinstitiúidí iniúchta náisiúnta is airde, agus a mbeidh sé d'aidhm aige measúnú a dhéanamh ar iontaofacht, ar shláine agus ar chruinneas na gcuntas poiblí sin chun críocha an nós imeachta um easnamh iomarcach Sa chomhthéacs sin déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtuairisciú ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 679 /2010[3];
29. provide additional information for the purposes of monitoring the progress towards the correction of the excessive deficit.
29. faisnéis bhreise a sholáthar chun na críche faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo cheartú an easnaimh iomaracaigh.
Article 8 Member States at risk of non-compliance with their obligation under their excessive deficit procedure
Airteagal 8Na Ballstáit atá i mbaol nach gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann leo
1. When assessing whether compliance with the deadline to correct the excessive deficit, as established by the current Council recommendation under Article 126(7) of the Treaty or Council notice under Article 126(9) of the Treaty, is at risk, the Commission shall also base its assessment on the reports submitted by the Member States in accordance with Article 7(3) of this Regulation.
1. Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil baol ann do chomhlíonadh an spriocdháta maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh, mar a bunaíodh leis an moladh reatha ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) den Chonradh nó le fógra na Comhairle faoi Airteagal 126(9) den Chonradh, bunóidh an Coimisiún a mheasúnú freisin ar na tuarascálacha a chuirfidh na Ballstáit faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán seo.
2. In case of risks of non-compliance with the deadline to correct the excessive deficit, the Commission shall address a recommendation to the Member State concerned for adoption of further measures within a timeframe consistent with the deadline for the correction of its excessive deficit referred to in paragraph 1. The recommendation by the Commission shall be made public, and, at the request of the Parliament of the Member State concerned, shall be presented by the Commission to the Parliament concerned.
2. I gcás baoil nach gcomhlíonfar an spriocdháta maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh, díreoidh an Coimisiún moladh ar an mBallstát i gceist bearta breise a ghlacadh laistigh de thréimhse a bheidh comhsheasmhach leis an spriocdháta le haghaidh cheartú a easnaimh iomarcaigh dá dtagraítear i mír 1. Poibleofar an moladh ón gCoimisiúin agus, arna iarraidh sin do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, tíolacfaidh an Coimisiún don pharlaimint lena mbaineann é.
3. Within the timeframe set by the Commission recommendation referred to in paragraph 2, the Member State concerned shall report to the Commission on measures adopted in response to this recommendation together with the reports provided for in Article 7(3). The report shall include the budgetary impact of all discretionary measures taken, targets for the government expenditure and revenues, information on the measures adopted and the nature of those envisaged to achieve the targets, as well as information on the other actions being taken in response to the Commission recommendation. The report shall be made public.
3. Laistigh den tréimhse a shocrófar sa mholadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún maidir le bearta arna nglacadh mar gheall ar an moladh sin maille leis na tuairiscí dá bhforáiltear in Airteagal 7(3). Ar áireamh sa tuarascáil beidh tionchar buiséadach na mbeart ar fad arna nglacadh, spriocanna le haghaidh chaiteachas agus ioncam an rialtais, faisnéis maidir leis na bearta arna nglacadh agus cineál na mbeart sin atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach, chomh maith le faisnéis maidir leis na bearta eile atá á ndéanamh mar gheall ar an moladh ón gCoimisiún. Poibleofar an tuarascáil.
4. The competent committee of the European Parliament may offer the opportunity to the Member State concerned by a recommendation in accordance with paragraph 2 to participate in an exchange of views in accordance with Article 2a of Regulation (EC) No 1467/97.
4. Féadfaidh an coiste inniúil de Pharlaimint na hEorpa an deis a thabhairt don Bhallstát a mbaineann moladh i gcomhréir le mír 2 leis páirt a ghlacadh i malartú tuairimí i gcomhréir le hAirteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.
5. On the basis of the report referred to in paragraph 3, the Commission shall assess whether the Member State has complied with the recommendation made in accordance with paragraph 2.
5. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3, measfaidh an Coimisiún ar chomhlíon an Ballstát an moladh arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2.
Article 9 Impact on the excessive deficit procedure
Airteagal 9Tionchar ar an nós imeachta um easnamh iomarcach
1. The extent to which the opinion referred to in Article 6(1) has been taken into account by the Member State concerned shall be taken into account by:
1. An méid a thug an Ballstát i gceist an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 6(1) san áireamh, cuirfear san áireamh é:
30. the Commission when conducting a report under Article 126(3) of the Treaty and when recommending the imposition of a non-interest bearing deposit in accordance with Article 5 of Regulation (EC) No XXX/2011;
30. nuair a dhéanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) den Chonradh agus nuair a mholfaidh sé go bhforchuirfear taisce neamhúsmhar i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. XXXX/2011;
31. the Council when deciding whether an excessive deficit exists in accordance with Article 126(6) of the Treaty.
31. nuair a chinnfidh an Chomhairle an ann d'easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh.
2. The closer monitoring established by Articles 7 and 8 of this Regulation shall be an integral part of the regular monitoring, as provided for in Article 10(1) of Regulation (EC) No 1467/97, of the implementation of action taken by the Member State concerned in response to recommendations made under Article 126(7) of the Treaty or notices given under Article 126(9) of the Treaty to correct the excessive deficit.
2. Beidh an faireachán níos dlúithe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Rialachán seo ina dhlúthchuid den fhaireachán tráthrialta, dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, de chur chun feidhme beart a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann mar gheall ar mholtaí arna ndéanamh faoi Airteagal 126(7) den Chonradh nó mar gheall ar fhógraí arna dtabhairt faoi Airteagal 126(9) den Chonradh chun an t-easnamh iomarcach a cheartú.
3. When considering whether effective action has been taken in response to the recommendations made in accordance with Article 126(7) of the Treaty or to the notices in accordance with 126(9) of the Treaty, the Commission shall take into account the assessment referred to in Article 8(5) in this Regulation and recommend, as appropriate, to the Council possible decisions under Article 126(8) or Article 126(11) of the Treaty.
3. Agus breithniú á dhéanamh aige an ndearnadh bearta éifeachtacha mar gheall ar na moltaí i gcomhréir le hAirteagal 126(7) den Chonradh nó mar gheall ar na fógraí i gcomhréir le hAirteagal 126(9) den Chonradh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 8(5) den Rialachán seo agus molfaidh sé, mar is iomchuí, don Chomhairle cinntí a d'fhéadfaí a dhéanamh faoi Airteagal 126(8) nó Airteagal 126(11) den Chonradh.
Article 10 Consistency with Regulation No XXX on the strengthening of economic and budgetary surveillance of Member States experiencing or threatened with serious difficulties with respect to their financial stability in the euro area
Airteagal 10Comhsheasmhacht le Rialachán Uimh XXX maidir le treisiú ar fhaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit atá faoi bhagairt nó faoi ghreim diandeacrachtaí i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro
Member States subject to a macro-economic adjustment programme in accordance with Article 6 of Regulation No XXX shall not be subject to Article 5 and 7 of this Regulation.
Ballstáit atá faoi réir cláir de choigeartuithe maicreacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Uimh. XXX, ní bheidh siad faoi réir Airteagal 5 go hAirteagal 7 den Rialachán seo.
Chapter V
Caibidil V
Final provisions
Forálacha críochnaitheacha
Article 11 Review
Airteagal 11Athbhreithniú
1. By [same date as in Article 13 of sanctions Regulation] and every five years thereafter, the Commission shall publish a report on the application of this Regulation.
1. Faoin [dáta céanna leis an dáta in Airteagal 13 den Rialachán maidir le smachtbhannaí] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
That report shall evaluate, inter alia:
Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, inter alia :
32. the effectiveness of this Regulation;
32. ar éifeachtacht an Rialacháin seo;
33. the progress in ensuring closer coordination of economic policies and sustained convergence of economic performances of the Member States in accordance with the Treaty.
33. ar an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir leis an gConradh.
2. Where appropriate, the report referred to in paragraph 1 shall be accompanied by a proposal for amendments to this Regulation.
2. Nuair is iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
3. The report shall be forwarded to the European Parliament and to the Council.
3. Cuirfear an togra ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Article 1 2 Transitional provisions
Airteagal 12Forálacha idirthréimhseacha
1. This Regulation shall apply to the Member States that are already subject to an excessive deficit procedure at the time of the entry into force of this Regulation.
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
2. By derogation from paragraph 1, Article 7(2) shall not apply to Member States for which the Council has already decided that effective action has been taken in accordance with Article 4(2) and Article 6(1) of Regulation (EC) No 1467/97.
2. De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7(2) maidir le Ballstáit ar chinn an Chomhairle ina leith cheana go ndearnadh bearta éifeachtacha i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.
3. Member States shall comply with Article 4 at the latest by [6 months after adoption of this Regulation].
3. Comhlíonfaidh na Ballstáit Airteagal 4 faoin [sé mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo] ar a dhéanaí.
Article 13 Entry into force
Airteagal 13Teacht i bhfeidhm
This Regulation shall enter into force on the twentieth day following that of its publication in the Official Journal of the European Union .
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .
This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in the Member States in accordance with the Treaties.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Done at Brussels,
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
For the European Parliament For the Council
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
The President The President
An tUachtarán An tUachtarán
[1] OJ L 209, 2.8.1997, p. 1.
[1] IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
[2] OJ L 209, 2.8.1997, p. 6.
[2] IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.
[3] OJ L 198, 30.7.2010, p. 1.
[3] IO L 198, 30.7.2010, lch. 1.
Top


Managed by the Publications Office