|
|
EXPLANATORY MEMORANDUM
|
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
|
|
Context of the proposal
|
COMHTHÉACS AN TOGRA
|
|
- Grounds for and objectives of the proposal
|
- Forais agus cuspóirí an togra
|
|
Scientific advice from the International Council for the Exploration of the Sea (ICES) has stated that some of the 30 wild salmon rivers' stocks comprising the Baltic salmon stock are outside safe biological limits and with the risk of genetic depletion. A non-binding management plan established by the International Baltic Sea Fisheries Commission in 1997 expired in 2010 and without a new plan the future management of the stock will be left without objectives and without predictability for fishermen and tourism enterprises. Member States, the BSRAC and stakeholders have therefore repeatedly asked the European Commission to come up with a proposal for a new management system.
|
I gcomhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), maíodh go bhfuil roinnt de na stoic sa 30 abhainn bradán fiáin a chuimsíonn stoc bradán Mhuir Bhailt lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíocha atá sábháilte agus go bhfuil an baol ann go dtarlóidh ídiú géiniteach dá réir. Chuaigh plean bainistíochta neamhcheangailteach arna bhunú in 1997 ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt in éag in 2010 agus mura gcuirfear plean nua le chéile fágfar bainistíocht an stoic amach anseo gan cuspóirí gan intuarthacht ar bith d’iascairí agus d’fhiontair turasóireachta. Tá iarrtha dá bhrí sin ag Ballstáit, ag Coiste Comhairleach Réigiúnach Mhuir Bhailt (CCRMB) agus ag geallsealbhóirí arís is arís eile ar an gCoimisiún Eorpach teacht ar thogra le haghaidh córais nua bhainistíochta.
|
|
The objective of the proposal is to establish a multiannual plan for the management of the fisheries on the salmon stocks in the Baltic Sea to ensure that the conservation status of the entire Baltic stock, i.e. including all salmon rivers' stocks, is favourable and provide for sustainable exploitation. The specific objectives of the initiative shall be to ensure that:
|
Is é cuspóir an togra plean ilbhliantúil a bhunú chun an t-iascach ar stoic bradán i Muir Bhailt a bhainistiú lena áirithiú go mbeidh stádas caomhantais stoc iomlán Mhuir Bhailt, i.e. lena n-áirítear stoic na n-aibhneacha bradán go léir, fabhrach agus go mbeidh soláthar iontu le haghaidh taiscéalaíochta inbhuanaithe. Áiritheoidh cuspóirí sonracha an tionscnaimh na nithe seo a leanas:
|
|
a) the Baltic salmon stock is exploited in a sustainable way according to the principle of maximum sustainable yield;
|
a) go saothraítear stoc bradán Mhuir Bhailt ar bhealach inbhuanaithe de réir phrionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe;
|
|
b) the genetic integrity and diversity of the Baltic salmon stock is safeguarded.
|
b) go dtugtar cosaint do shláine ghéiniteach agus d’éagsúlacht stoc bradán Mhuir Bhailt.
|
|
- General context
|
- Comhthéacs ginearálta
|
|
- The current management of the Baltic salmon stock include setting of TAC on an annual basis and technical conservation measures such as closed seasons and minimum landing size. The driftnet ban which is in place for the protection of Baltic harbour porpoise has also limited salmon fishing effort in the main basin. Salmon is a species of EU interest, as defined by the Habitat Directive[1] and its inland habitat is protected by the Water Framework Directive[2]. In addition, the Baltic Marine Environment Protection Commission (HELCOM),[3] has defined some objectives for the species which is covered by the HELCOM Baltic Sea Action plan[4].
|
- Áirítear leis an mbainistíocht reatha ar stoc bradán Mhuir Bhailt an ghabháil iomlán incheadaithe a leagan síos ar bhonn bliantúil agus bearta caomhnaithe teicniúla amhail séasúir choiscthe agus íosmhéid an éisc is féidir a thabhairt i dtír. Cuireann an cosc ar shruthlíonta atá i bhfeidhm chun muc mhara Mhuir Bhailt a chosaint teorainn freisin leis an iascaireacht bradán i bpríomh-imchuach na mara sin. Is speiceas é an bradán ar le leas an AE é, mar atá sainithe sa Treoir maidir le Gnáthóga[1] agus tá a ghnáthóg intíre cosanta sa Chreat-Treoir Uisce[2]. Ina theannta sin, shainigh an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM),[3] roinnt cuspóirí don speiceas atá cumhdaithe ag Plean gníomhaíochta Mhuir Bhailt HELCOM[4].
|
|
- In accordance with the overall ambition of the CFP on the conservation of fisheries resources and with specific regards to Articles 5 and 6 of Council Regulation (EC) No 2371/2002 of 20 December 2002 on the conservation and sustainable exploitation of fisheries resources under the Common Fisheries Policy (Basic Regulation) which requests the development of multiannual plans, the main elements of the plan are:
|
- I gcomhréir le cuspóir foriomlán an Chomhbheartais Iascaigh maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le haird shonrach ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus saothrú inmharthana acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh (Bun-Rialachán) ina n-iarrtar pleananna ilbhliantúla a fhorbairt, is iad seo a leanas príomhghnéithe an phlean:
|
|
- Objectives, and targets (reach 75% of potential smolt production in each wild salmon river within ten years after the entry into force of this regulation);
|
- Cuspóirí, agus spriocanna (75 % de tháirgeadh gealóg ionchais a bhaint amach i ngach abhainn bradán fiáin laistigh de dheich mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo);
|
|
- TAC based on constant fishing mortality rate of 0.1 The TAC will only cover marine fisheries but will include masters of non-fishing vessels offering services for recreational fisheries;
|
- GII (an ghabháil iomlán incheadaithe) bunaithe ar ráta básmhaireachta iascaigh seasta de 0.1. Ní chumhdóidh an GII ach iascach muirí ach áireofar leis máistrí soithí neamh-iascaireachta a thairgeann seirbhísí iascaigh áineasa;
|
|
- Obligation for Member States to define and implement technical conservation measures such as closed areas and seasons to protect migrating spawners in their coastal waters not later than 24 months from the entry into force of the plan;
|
- Oibleagáid ar Bhallstáit bearta caomhnaithe teicniúla a shainiú agus a chur chun feidhme amhail limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe chun éisc atá ar imirice sceite a chosaint ina gcuid uiscí cósta tráth nach déanaí ná 24 mí ó theacht i bhfeidhm an phlean;
|
|
- A phasing out of release of salmon in rivers with man made obstacles and without potential for re-establishment of self sustaining wild salmon populations in order to protect the genetic diversity of the wild stocks;
|
- Deireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh bradán amach in aibhneacha ina bhfuil bacainní saorga agus nach bhfuil an acmhainn iontu pobal féinchothaitheach bradán fiáin a athbhunú d’fhonn éagsúlacht ghéiniteach na stoc fiáin a chosaint;
|
|
- Financial assistance from the EFF for direct restocking of rivers with potential for self-sustaining wild salmon populations as a conservation measure for the wild salmon stock.
|
- Cúnamh airgeadais ón gCiste Eorpach Iascaigh (CEI) chun athstocáil dhíreach a dhéanamh ar aibhneacha a bhfuil an acmhainn iontu pobail fhéinchothaitheacha bradán fiáin a bheith iontu mar bheart caomhnaithe don stoc bradán fiáin.
|
|
- Existing EU provisions in the area of the proposal
|
- Forálacha de chuid an AE atá ann cheana i réimse an togra
|
|
The Basic Regulation sets the general framework for the CFP and identifies the situations in which the Council shall adopt multiannual plans.
|
Leagtar amach creat ginearálta don Chomhbheartas Iascaigh sa Bhun-Rialachán agus tugtar le fios na cásanna ina nglacfaidh an Chomhairle pleananna ilbhliantúla.
|
|
- It has to be noted that in the context of the upcoming reform of the CFP some provisions of this draft proposal are subject to future changes.
|
- I gcomhthéacs athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh atá ar na bacáin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh roinnt d’fhorálacha an dréacht-togra seo faoi réir athruithe amach anseo.
|
|
Council Regulation (EC) No 2187/05 of 21 December 2005 outlining technical conservation measures in the Baltic Sea, i.e. minimum landing size and closed seasons for salmon fisheries.
|
Rialachán (CE) Uimh. 2187/05 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 ina dtugtar cuntas ar na bearta caomhnaithe teicniúla i Muir Bhailt, i.e. íosmhéid an éisc is féidir a thabhairt i dtír agus séasúir choiscthe iascaigh bradán.
|
|
The annual Council Regulation fixing the fishing opportunities and associated conditions for certain fish stocks and groups of fish stocks applicable in the Baltic Sea sets the TAC levels for salmon (for instance for 2011 Council Regulation (EU) No 1124/2010 of 29 November 2010 fixing for 2011 the fishing opportunities for certain fish stocks and groups of fish stocks applicable in the Baltic Sea).
|
Leagtar amach sa Rialachán bliantúil ón gComhairle ina socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara atá ann do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc atá infheidhme i Muir Bhailt na leibhéil GII do bhradáin (mar shampla i gcás 2011 Rialachán (CE) Uimh. 1124/2010 ón gComhairle an 29 Samhain 2010 lena socraítear i gcomhair 2011 na deiseanna iascaireachta do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt).
|
|
Council Regulation (EC) 1224/2009 establishing an EU control system for fisheries sets the general control requirement for fisheries but also specific requirements for multiannual plans.
|
Leagtar amach i Rialachán (CE) 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe iascaigh de chuid an AE an ceanglas rialaithe ginearálta d’iascach mar aon le ceanglais shonracha le haghaidh pleananna ilbhliantúla.
|
|
- Consistency with the other policies and objectives of the Union
|
- Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais
|
|
The proposal's objectives are consistent with the European Union's environmental policy, especially the objectives of the Habitat Directive, the Water Framework Directive and the Marine Strategy Framework Directive.
|
Tá cuspóirí an togra comhsheasmhach le beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh, go speisialta na cuspóirí sa Treoir maidir le Gnáthóga, sa Chreat-Treoir Uisce agus sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.
|
|
Consultation of interested parties and impact assessment
|
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta
|
|
Consultation methods, main sectors targeted and general profile of respondents
|
Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí
|
|
Since salmon is a species of wide interest, not only for commercial fishermen but also for recreational fishermen, tourist companies and river interest groups, the consultation process has tried to target all interest groups. An open consultation paper translated to all Baltic languages has been launched online. Fisheries and environmental administrations from the Baltic Sea Member States and key stakeholders have also participated in a consultation meeting on 28 April 2009 in Brussels. An Impact Assessment Steering Group (IASG) has been created and included representatives from 6 General Directorates, namely DG ENV, DG EMPL, DG REGIO, DG ECFIN, DG TRADE and the Secretariat-General.
|
Toisc gur speiceas é an bradán a bhfuil leas forleathan ag baint leis, ní amháin ag iascairí tráchtála ach ag iascairí áineasa, ag cuideachtaí turasóireachta agus ag grúpaí sainleasa aibhneacha freisin, rinneadh iarracht díriú ar na grúpaí sainleasa ar fad sa phróiseas comhairliúcháin. Seoladh páipéar comhairliúcháin oscailte ar líne a bhí aistrithe go dtí na teangacha Baltacha ar fad. Bhí lucht riaracháin iascaigh agus comhshaoil ó na Ballstáit i Muir Bhailt agus na príomhpháirtithe leasmhara rannpháirteach freisin i gcruinniú comhairliúcháin an 28 Aibreán 2009 sa Bhruiséil. Cruthaíodh Grúpa Stiúrtha um Measúnú Iarmharta (GSMI) agus bhí ionadaithe air ó 6 Ard-Stiúrthóireacht, eadhon DG ENV, DG EMPL, DG REGIO, DG ECFIN, DG TRADE agus an Ardrúnaíocht.
|
|
Scientific/expertise domains concerned
|
Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist
|
|
The proposal is based on scientific advice from ICES for the environmental parameters[5], the Finnish Game and Fisheries Research Institute for the social and economic assessments[6] and assessments and advice from the Scientific, Technical and Economic Committee for Fisheries (STECF)[7].
|
Tá an togra bunaithe ar chomhairle eolaíoch ón CITM i dtaobh na bparaiméadar comhshaoil[5], ar chomhairle ó Fhoras Taighde na Fionlainne um Iascach agus Ghéim i dtaobh na measúnuithe sóisialta agus eacnamaíocha[6] agus ar mehasúnuithe agus ar chomhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI)[7].
|
|
Summary of responses and how they have been taken into account
|
Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad
|
|
A summary of the scientific advice and consultations can be found in the Impact Assessment report accompanying this proposal.
|
Tá achoimre den chomhairle eolaíoch agus de na comhairliúcháin ar fáil sa tuarascáil ar an Measúnú Iarmharta atá ag gabháil leis an togra seo.
|
|
Means used to make the expert advice publicly available
|
Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a phoibliú
|
|
All advices and contributions to the consultation process can be found on DG MARE website: http://ec.europa.eu/fisheries/cfp/governance/consultations_en.htm
|
Is féidir an chomhairle agus an t-ionchur ar fad a bhain leis an bpróiseas comhairliúcháin a fháil ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta: http://ec.europa.eu/fisheries/cfp/governance/consultations_en.htm
|
|
- Impact assessment
|
- Measúnú iarmharta
|
|
If well implemented and in combination with the implementation of environmental legal obligations for inland waters, the proposed measures will achieve the following objective:
|
Má chuirtear chun feidhme iad i gceart agus i gcomhar le cur chun feidhme oibleagáidí dlíthiúla comhshaoil d’uiscí intíre, bainfidh na bearta arna mbeartú na cuspóirí seo a leanas amach:
|
|
a) for the Baltic salmon stock
|
a) maidir le stoc bradán Mhuir Bhailt
|
|
- Rebuilding all wild Baltic salmon rivers' stocks to safe biological limits and favourable conservation statues by limiting the fishing pressure on weak salmon river stocks.
|
- Déanfar an stoc ar fad in aibhneacha bradán fiáin Mhuir Bhailt a atógáil go dtí na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte agus bainfear stádas caomhantais fabhrach amach trí theorainn a chur ar an mbrú iascaireachta atá ar stoic in aibhneacha bradán atá lag.
|
|
- Re-establishing self-sustaining salmon populations in rivers with extirpated or very weak populations which would lead to higher overall wild salmon production.
|
- Athbhunófar na pobail fhéinchothaitheacha bradán ar fad in aibhneacha a bhfuil pobail dhíofa nó an-lag iontu, rud a d’fhágfadh go mbeadh táirgeadh bradán fiáin foriomlán níos airde mar thoradh air.
|
|
- Safeguarding the genetic diversity of wild salmon as stocking of reared salmon with potential negative genetic effect will be substantially decreased.
|
- Déanfar éagsúlacht ghéiniteach an bhradáin fhiáin a chosaint de réir mar a laghdófar go suntasach an stocáil a dhéanfar ar bhradáin thógtha a d'fhéadfadh tionchar géiniteach diúltach a bheith acu.
|
|
b) for the commercial catching sector
|
b) maidir leis an earnáil gabhála tráchtála
|
|
- Predictability of fishing opportunities as a result of clear harvest control rules.
|
- Intuarthacht deiseanna iascaireachta mar thoradh ar rialacha soiléire maidir le rialú buainte.
|
|
- Increased production of wild salmon and recovery of all wild rivers stocks which will in the long term give increased fishing opportunities.
|
- Méadú ar tháirgeadh an bhrádáin fhiáin agus stoic na n-aibhneacha fiáine ar fad a aisghabháil, rud a thabharfaidh níos mó deiseanna iascaireachta go fadtéarmach.
|
|
c) for the recreational catching sector
|
c) maidir leis an earnáil gabhála áineasa
|
|
- Increased production of wild salmon and recovery of all wild rivers stocks which will in the long term give increased fishing opportunities.
|
- Méadú ar tháirgeadh an bhrádáin fhiáin agus ar théarnamh stoic na n-aibhneacha fiáine ar fad, rud a thabharfaidh níos mó deiseanna iascaireachta go fadtéarmach.
|
|
d) for the tourism sector
|
d) maidir leis an earnáil turasóireachta
|
|
- Potential to grow due to increased fishing opportunities of wild salmon both at sea and in rivers.
|
- D'fhéadfadh sí fás de bharr tuilleadh deiseanna iascaireacht a dhéanamh ar an mbradán fiáin ar muir agus in aibhneacha araon.
|
|
Legal elements of the proposal
|
Eilimintí dlí an togra
|
|
- Legal basis
|
- Bunús dlí
|
|
The legal basis for this proposal is Article 43 (2) of the Treaty on the functioning of the European Union[8].
|
Is é Airteagal 43 (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo[8].
|
|
- Subsidiarity principle
|
- Prionsabal na coimhdeachta
|
|
In accordance with Art 3(1)(d) of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), the proposal falls under the exclusive competence of the European Union. Even though Baltic salmon is an anadromous species it is to be qualified as ''marine biological resources'' within the meaning of Article 3 (1)(d) TFEU. It is in the spirit of this provision to ensure effective conservation of marine species throughout their whole migratory cycle. The subsidiarity principle therefore does not apply.
|
I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Cé gur speiceas anadromach é bradán Mhuir Bhailt, cáilíonn sé mar ''acmhainní bitheolaíocha muirí” de réir bhrí Airteagal 3(1)(d) den CFAE. Tá sé de réir mheon na forála sin a áirithiú go ndéanfar caomhnú éifeachtach ar speicis mhuirí ar feadh a dtimthrialla imircigh iomláin. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
|
|
- Proportionality
|
- Comhréireacht
|
|
The proposed measures comply with the proportionality principle as they do not exceed what is necessary to achieve the objective of conservation of the Baltic Salmon stock under the CFP and are suitable to ensure long-term sustainability of this fishery.
|
Comhlíonann na bearta arna mbeartú prionsabal na comhréireachta de bhrí nach mó iad ná an méid is gá a dhéanamh chun an cuspóir maidir le caomhnú stoc bradán Mhuir Bhailt a bhaint amach faoin gComhbheartas Iascaigh agus tá siad oiriúnach chun inbhuaine fhadtéarmach an iascaigh sin a áirithiú.
|
|
Budgetary implication
|
IMPLEACHT BHUISÉADACH
|
|
There are no new budgetary implications.
|
Níl aon impleachtaí buiséadacha nua i gceist.
|
|
Additional information
|
Faisnéis bhreise
|
|
- Review/revision/sunset clause
|
- Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha
|
|
The proposal includes a review and revision clause.
|
Cuimsíonn an togra seo clásal athbhreithnithe agus leasaithe.
|
|
2011/0206 (COD)
|
2011/0206 (COD)
|
|
Proposal for a
|
Togra le haghaidh
|
|
REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL
|
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
|
|
establishing a multiannual plan for the Baltic salmon stock and the fisheries exploiting that stock
|
lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoc bradán Mhuir Bhailt agus don iascach atá ag saothrú an stoic sin
|
|
THE EUROPEAN PARLIAMET AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
|
|
Having regard to the Treaty on the Functioning of the European Union, and in particular Article 43(2) thereof,
|
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
|
|
Having regard to the proposal from the European Commission,
|
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
|
|
Having regard to the opinion of the European Economic and Social Committee[9],
|
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],
|
|
Having regard to the opinion of the Committee of the Regions[10],
|
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10],
|
|
After transmission of the proposal to National Parliaments,
|
Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,
|
|
Acting in accordance with the ordinary legislative procedure,
|
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
|
|
Whereas:
|
De bharr an méid seo a leanas:
|
|
1. The Salmon Action Plan, adopted through the International Baltic Sea Fisheries Commission in 1997, expired in 2010. Contracting parties to the Baltic Marine Environment Protection Commission (HELCOM) have urged the EU to develop a long term plan for the management of Baltic salmon.
|
1. Chuaigh an Plean Gníomhaíochta Bradán, arna ghlacadh in 1997 trí bhíthin an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt, in éag in 2010. Spreag páirtithe conarthacha sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM) an AE chun plean fadtéarmach a fhorbairt chun bradán Mhuir Bhailt a bhainistiú.
|
|
2. Recent scientific advice from the International Council for the Exploration of the Sea (ICES) and the Scientific, Technical and Economic Committee on Fisheries (STECF) state that some Baltic salmon river stocks are outside safe biological limits and that a multiannual plan should be developed at European level.
|
2. Maítear i gcomhairle eolaíoch a fuarthas le déanaí ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) go bhfuil roinnt de na stoic in aibhneacha bradán Mhuir Bhailt lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíocha atá sábháilte agus gur cheart plean ilbhliantúil a fhorbairt ar leibhéal Eorpach.
|
|
3. In accordance with Article 3(1)(d) of the Treaty on the Functioning of the European Union, the Union has the exclusive competence for the conservation of marine biological resources. Since salmon is an anadromous species, conservation of the marine Baltic salmon stocks cannot be achieved in the absence of measures being taken to protect such stocks during their river life. Therefore, such measures are also covered by the exclusive competence of the Union to ensure effective conservation of marine species throughout their whole migratory cycle and should be addressed in the multiannual plan.
|
3. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas chun acmhainní bitheolaíocha muirí a chaomhnú. Toisc gur speiceas anadromach é an bradán, ní fhéadfar stoic mhuirí bradán Mhuir Bhailt a chaomhnú in éagmais beart arna nglacadh chun stoic den sórt sin a chosaint fad is atá siad san abhainn. Dá bhrí sin, cumhdaítear bearta den sórt sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar caomhnú éifeachtach ar speicis mhuirí ar feadh a dtimthrialla imircigh ina iomláine agus ba cheart aghaidh a thabhairt air sin sa phlean ilbhliantúil.
|
|
4. Directive 92/43/EEC on the conservation of natural habitats and of wild fauna and flora[11], lists salmon as a species of European Union interest and measures taken pursuant to this Directive should be designed to ensure that their exploitation is compatible with a favourable conservation status. There is hence a need to ensure that measures to protect salmon taken under this Regulation are consistent and coordinated with those taken under the mentioned directive.
|
4. I dTreoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú,[11] tá an bradán liostaithe mar speiceas ar le leas an Aontais Eorpaigh é agus ba cheart bearta a ghlacfar de bhun na Treorach sin a cheapadh lena áirithiú go mbeidh an saothrú a dhéanfar ar an mbradán comhoiriúnach le stádas caomhantais fabhrach. Is gá mar sin a áirithiú go mbeidh bearta chun an bradán a chosaint faoin Rialachán seo comhsheasmhach agus comhordaithe leo sin arna nglacadh faoin Treoir a thuasluaite.
|
|
5. Directive 2000/60/EC establishing a framework for EU action in the field of water policy[12], is intended to protect, conserve and enhance the aquatic environment where salmon spend part of their life cycle. The multiannual plan for Baltic salmon stock should contribute to the achievement of the objectives of Directive 2000/60/EC. Measures already requested for in this Directive, such as river basin management plans, should not be duplicated in this Regulation but there is a need to ensure coordination and consistency between measures taken under this Regulation and those under the mentioned Directive for the protection and enhancement of salmon habitats in inland waters.
|
5. Tá sé i gceist le Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht de chuid an AE i réimse an bheartais uisce[12], an timpeallacht uisceach ina gcaitheann an bradán cuid dá shaolré, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Ba cheart an plean ilbhliantúil do stoc bradán Mhuir Bhailt a bheith ina chuidiú chun cuspóirí Threoir 2000/60/CE a bhaint amach. Bearta atá iarrtha cheana féin sa Treoir sin, amhail pleananna bainistíochta abhantracha, níor cheart iad a iarraidh arís sa Rialachán seo ach is gá a áirithiú go mbeidh comhordú agus comhsheasmhacht idir bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo agus iadsan faoin Treoir thuasluaite chun gnáthóga bradán a chosaint agus a fheabhsú in uiscí intíre.
|
|
6. The Implementation Plan agreed by the World Summit on Sustainable Development at Johannesburg in 2002 states that all commercial stocks should be restored to levels that can produce maximum sustainable yield by 2015. ICES deems that for the Baltic salmon river stocks this level corresponds to a smolt production level between 60% and 75 % of the potential smolt production capacity for the different wild salmon rivers. Such scientific advice should constitute the basis for setting the objectives and targets of the multiannual plan.
|
6. Maíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inmharthana in Johannesburg in 2002 gur cheart na stoic thráchtála ar fad a thabhairt ar ais faoin mbliain 2015 go leibhéil ag ar féidir uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Measann CITM i gcás stoc in aibhneacha bradán Mhuir Bhailt go gcomhfhreagraíonn an leibhéal sin do leibhéal táirgthe gealóg idir 60 % agus 75 % den chumas táirgthe gealóg a d’fhéadfadh a bheith sna haibhneacha éagsúla ina bhfuil an bradán fiáin. Ba cheart cuspóirí agus spriocanna an phlean ilbhliantúil a shocrú ar bhonn comhairle eolaíoch den sórt sin.
|
|
7. Scientific advice indicates that genetic pollution of the Baltic salmon stocks may result in the decline of the survival rate and abundance of indigenous populations an in the erosion of the genetic capability to face diseases and changing local environmental conditions. Therefore preserving the genetic integrity and diversity of the Baltic salmon stocks pays a crucial role in their conservation and should be included as an objective of the multiannual plan.
|
7. Tugann comhairle eolaíoch le fios go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar thruailliú géiniteach stoic bradán Mhuir Bhailt go dtiocfadh meath ar ráta marthana agus ar líonmhaireacht na bpobal dúchasach agus go n-ídeofaí a n-acmhainneacht ghéiniteach chun aghaidh a thabhairt ar ghalair agus ar athruithe sna dálaí comhshaoil áitiúla. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach sláine agus éagsúlacht ghéiniteach stoic bradán Mhuir Bhailt a bhuanú chun na stoic sin a chaomhnú agus ba cheart é sin a áireamh mar chuspóir sa phlean ilbhliantúil.
|
|
8. The fishing mortality rate at sea and in rivers should result in a wild salmon stock size that produces the maximum sustainable yield in accordance with the set targets and timeframes. The fishing mortality rate at sea should be established based on STECF advice.
|
8. Ba cheart stoc bradán fiáin a bheith ann de thoradh an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir agus in aibhneacha ar stoc é atá de mhéid a tháirgfidh an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcomhréir leis na spriocanna agus na frámaí ama atá leagtha síos. Ba cheart an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir a dhearbhú bunaithe ar chomhairle CETEI.
|
|
9. For a more effective implementation of the plan and in order to allow for a more targeted response to specificities of each salmon river stock, Member States concerned should be empowered to determine the level of salmon fishing mortality rate, the TAC and certain technical conservation measures in their rivers in accordance with Article 2(1) of the TFEU.
|
9. Chun an plean a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus chun freagra níos spriocdhírithe a thabhairt do shainiúlacht gach stoic abhann bradán, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann leibhéal an ráta básmhaireachta iascaigh do bhradáin, an GII agus bearta caomhnaithe teicniúla áirithe ina gcuid aibhneacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den CFAE.
|
|
10. When adopting measures in the framework of this Regulation, Member States should fully respect their international obligations, in particular those deriving from Article 66 of United Nations Convention of 10 December 1982 on the Law of the Sea [13] which requires inter alia that the state of origin of anadromous stocks and other states concerned should cooperate with regard to conservation and management of these stocks.
|
10. Agus bearta á nglacadh faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí idirnáisiúnta a urramú ina n-iomláine, go háirithe na hoibleagáidí sin a thig ó Airteagal 66 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige[13] lena gceanglaítear inter alia gur cheart do stát tionscnaimh stoc anadromach agus stáit eile lena mbaineann comhoibriú le céile maidir le caomhnú agus bainistiú na stoc sin.
|
|
11. Provisions should be made for the periodical assessment by the Commission of the adequacy and effectiveness of Member States measures on the basis of the targets and objectives set out in the multiannual plan.
|
11. Ba cheart forálacha a dhéanamh maidir le measúnú tréimhsiúil ag an gCoimisiún ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht bhearta na mBallstát ar bhonn na spriocanna agus na gcuspóirí atá leagtha amach sa phlean ilbhliantúil.
|
|
12. Scientific advice states that stocking procedures may have significant implications on the genetic diversity of the Baltic salmon stock and that there is a risk that the large number of reared fish released to the Baltic Sea every year is affecting the genetic integrity of the wild salmon and should be phased out. Therefore the condition of releases should be established in this multiannual plan.
|
12. De réir na comhairle eolaíche, d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag nósanna imeachta stocála ar éagsúlacht ghéiniteach stoc bradán Mhuir Bhailt agus tá an baol ann go bhfuil tionchar ag an líon mór éisc thógtha a scaoiltear amach i Muir Bhailt gach bliain ar shláine ghéiniteach an bhradáin fhiáin agus gur cheart deireadh a chur leis an nós sin de réir a chéile. Dá bhrí sin ba cheart an coinníoll ar ar féidir iasc a scaoileadh a bhunú sa phlean ilbhliantúil sin.
|
|
13. The direct restocking of potential salmon rivers is considered under specific conditions to be a conservation measure as it will have a positive effect on the overall number of salmon and the fishery, since it can re-establish self-sustaining salmon populations. Provisions should be made to explicitly allow direct restocking which fulfils these conditions to be eligible for funding in accordance with Article 38(2) of Regulation (EC) No 1198/2006 on the European Fisheries Fund[14].
|
13. Breithnítear athstocáil dhíreach aibhneacha bradán ionchais mar bheart caomhnaithe ar choinníollacha sonracha de bhrí go mbeidh tionchar dearfach aige ar líon foriomlán na mbradán agus ar an iascach, toisc gur féidir leis pobail fhéinchothaitheacha bradán a bhunú in athuair. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun athstocáil dhíreach a cheadú go sainráite, ar athstocáil dhíreach é a chomhlíonann na coinníollacha sin sa chaoi gurb incháilithe é i gcomhair cistiú i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh[14].
|
|
14. However, since releases of salmon may be at present mandatory in certain Member States and in order to give Member States time to adjust to these requirements, releases of salmon other than stocking and direct restocking should remain allowed during a transitional period of seven years following the entry into force of this Regulation.
|
14. Mar sin féin, toisc go bhféadfadh scaoileadh bradán a bheith éigeantach i mBallstáit áirithe i láthair na huaire agus d’fhonn am a thabhairt do Bhallstáit dul in oiriúint do na ceanglais seo, ba cheart scoileadh bradán a bheith ceadmhach ar feadh idirthréimhse seacht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo seachas i gcás stocála agus athstocála dírí.
|
|
15. With a view to ensuring compliance with the measures laid down in this Regulation, specific control measures should be adopted in addition to those provided for in Council Regulation (EC) No 1224/2009 of 20 November 2009 establishing a Community control system for ensuring compliance with the rules of the common fisheries policy[15].
|
15. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart bearta sonracha um rialú a ghlacadh, chomh maith leis na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú[15].
|
|
16. A substantial part of the coastal vessels fishing for salmon are below 10 m in length. For this reason the use of fishing logbook as requested by Article 14 and prior notification as requested by Article 17 of Regulation (EC) 1224/2009 should be extended to cover all vessels.
|
16. Tá cuid mhór de na soithí cósta a bhíonn ag iascaireacht bradán níos lú ná 10 m ar fhad. Ar an gcúis sin ba cheart úsáid logleabhair iascaireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 14 agus réamhfhógra mar a cheanglaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh chun gach soitheach a chumhdach.
|
|
17. To ensure that salmon catches are not misreported as sea trout and hence escape proper control, it is necessary to extend the obligation to submit prior notifications in accordance with Article 17 of Regulation (EC) 1224/2009 also to all vessels retaining on board sea trout.
|
17. Chun a áirithiú nach ndéantar gabhálacha bradán a thuairisciú go míchruinn mar bhreac geal chun an rialú iomchuí a sheachaint, is gá an oibleagáid réamhfhógraí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh freisin chuig gach soitheach a bhfuil breac gheal ar bord orthu.
|
|
18. To provide better and more scientific data on the salmon stock electrofishing should be permitted.
|
18. Chun sonraí níos fearr agus níos eolaíche a sholáthar maidir leis an stoc bradán ba cheart leictriascaireacht a cheadú.
|
|
19. Recent scientific advice indicates that recreational salmon fisheries at sea have a significant impact on the salmon stocks, even though the data quality in this regard is not at a high precision level. In particular, recreational fisheries carried out from vessels operated by undertakings offering their services for profit can potentially account for an important part of catches of Baltic salmon. Hence, it is appropriate for the functioning of the multiannual plan to introduce certain specific management measures to control such activities.
|
19. Tugann comhairle eolaíoch le fios le déanaí go bhfuil tionchar suntasach ag iascach áineasa na mbradán ar muir ar na stoic bradán, cé nach bhfuil cáilíocht na sonraí maidir leis seo ar leibhéal ard beachtais. Go háirithe, d’fhéadfadh sé gur chuid thábhachtach de ghabhálacha bhradán Mhuir Bhailt é an t-iascach áineasa a dhéantar ó shoithí arna bhfeidhmiú ag gnóthais a thairgeann a gcuid seirbhísí ar son brabúis. Dá bhrí sin, is iomchuí sainbhearta bainistíochta áirithe a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú ar mhaithe le feidhmiú an phlean ilbhliantúil.
|
|
20. In order to achieve in an efficient way the targets set in this Regulation and be able to react swiftly to changes in stock conditions, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty should be delegated to the Commission in respect of certain non-essential elements of this Regulation as provided for in its Articles 6, 7, 11 and 25. Those powers should include the possibility to amend the fishing mortality rate at sea, to amend the list of wild salmon rivers and certain technical information contained in the Annexes to this Regulation and to adopt measures for the Baltic river stocks, where Member States measures under the empowerment mentioned in recital 9 are not adopted or are considered ineffective.
|
20. Chun na spriocanna atá leagtha síos sa Rialachán seo a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil agus chun a bheith in ann freagairt go tapa d’athruithe ar dhálaí stoic, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo dá bhforáiltear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25 de. Ba cheart a áireamh leis na cumhachtaí sin an deis an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir a leasú, an liosta aibhneacha ina bhfuil an bradán fiáin agus faisnéis theicniúil áirithe atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, agus bearta a ghlacadh maidir le stoic abhann Mhuir Bhailt, i gcás nár ghlac Ballstáit bearta faoin gcumhachtú a luaitear in aithris 9 nó i gcás ina meastar iad a bheith neamhéifeachtach.
|
|
21. The Commission, when preparing and drawing up delegated acts, should ensure a simultaneous, timely and appropriate transmission of relevant documents to the European Parliament and to the Council.
|
21. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.
|
|
22. In order to ensure uniform conditions for the implementation of the provisions on stocking of salmon established in Article 12 of this Regulation, implementing powers should be conferred on the Commission. Those powers should be exercised in accordance with Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by the Member States of the Commission's exercise of implementing powers[16].
|
22. Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun na forálacha maidir le stocáil bradán arna mbunú in Airteagal 12 den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a chleachtadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[16].
|
|
HAVE ADOPTED THIS REGULATION:
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
|
|
CHAPTER I SUBJECT MATTER , SCOPE AND DEFINITIONS
|
CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
|
|
Article 1
|
Airteagal 1
|
|
Subject-matter
|
Ábhar
|
|
This Regulation establishes a multiannual plan for the conservation and management of the Baltic salmon stock (hereinafter referred as 'the plan').
|
Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil chun stoc bradán Mhuir Bhailt a chaomhnú agus a bhainistiú (dá ngairtear ‘an plean’ anseo feasta).
|
|
Article 2
|
Airteagal 2
|
|
Scope
|
Raon feidhme
|
|
1. The plan shall apply to
|
1. Beidh feidhm ag an bplean
|
|
(a) commercial fisheries in the Baltic Sea and in rivers connected with it on the territory of Member States (hereinafter referred to as the Member States concerned);
|
(a) maidir le hiascach tráchtála i Muir Bhailt agus in aibhneacha atá nasctha léi ar chríoch na mBallstát (dá ngairtear na Ballstáit lena mbaineann anseo feasta);
|
|
(b) recreational fisheries of salmon in the Baltic Sea where such fisheries are conducted by service vessels.
|
(b) maidir le hiascach áineasa bradán i Muir Bhailt i gcás ina seolfaidh soithí seirbhíse an t-iascach sin.
|
|
Article 3
|
Airteagal 3
|
|
Definitions
|
Sainmhínithe
|
|
1. For the purposes of this Regulation, the definitions laid down in Article 3 of Regulation (EC) No 2371/2002, Article 2 of Directive 2000/60/EC and Article 4 of Regulation (EC) No 1224/2009 shall apply.
|
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe mar atá leagtha síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
|
|
2. The following definitions shall also apply:
|
2. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
23. “Baltic Sea” means ICES Subdivisions 22-32;
|
23. Ciallaíonn “Muir Bhailt” Forannáin CITM 22-32;
|
|
24. "Baltic rivers" means the rivers connected to the Baltic Sea on the territory of Member States;
|
24. Ciallaíonn “aibhneacha Mhuir Bhailt” na haibhneacha atá nasctha le Muir Bhailt ar chríoch na mBallstát;
|
|
25. "Baltic salmon stock" means all salmon stocks in the Baltic Sea and in Baltic rivers, both wild and reared;
|
25. Ciallaíonn “stoc bradán Mhuir Bhailt” gach stoc bradán i Muir Bhailt agus in aibhneacha Mhuir Bhailt, idir stoic fhiáine agus stoic thógtha;
|
|
26. "wild salmon river" means a river with self sustaining wild salmon populations with no or limited releases of reared salmon as listed in Annex I;
|
26. Ciallaíonn “abhainn bradán fiáin” abhainn ina bhfuil pobail fhéinchothaitheacha bradán fiáin agus nach scaoiltear aon bhradán tógtha isteach inti nó a scaoiltear líon teoranta díobh isteach inti mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
|
|
27. "potential salmon river" means a river with historical wild salmon population(s) and currently no or little natural reproduction and having the potential for re-establishment of a self sustaining wild salmon population;
|
27. Ciallaíonn “abhainn bradán ionchais” abhainn a raibh pobal nó pobail de bhradán fiáin riamh inti agus gan aon atáirgeadh nádúrtha nó gan ach méid beag atáirgthe nádúrtha inti faoi láthair agus acmhainn inti pobal féinchothaitheach bradán fiáin a athbhunú;
|
|
28. "potential smolt production capacity" means the production capacity of smolts calculated for each river on the basis of relevant river-specific parameters;
|
28. Ciallaíonn “cumas táirgthe gealóg ionchais” an cumas táirgthe gealóg arna ríomh do gach abhainn ar bhonn paraiméadar ábhartha a bhaineann go sonrach leis an abhainn;
|
|
29. "technical conservation measures" means measures that regulate the species composition, size composition of catches and impacts on components of the ecosystems resulting from fishing activities through conditioning the use and structure of fishing gear and restrictions of access to fishing areas;
|
29. Ciallaíonn “bearta caomhnaithe teicniúla” bearta lena rialáiltear comhdhéanamh an speicis, comhdhéanamh méide na ngabhálacha agus impleachtaí ar eilimintí de na héiceachórais a thagann ó ghníomhaíochtaí iascaireachta trí bhíthin coinníollacha a chur ar úsáid agus ar struchtúr an trealaimh iascaireachta agus srianta a chur ar rochtain ar limistéir iascaireachta;
|
|
30. "stocking" means the deliberate release of smolt or earlier life stages of reared salmon into wild salmon rivers;
|
30. Ciallaíonn “stocáil” bradáin thógtha atá ina ngealóga nó ag céimeanna níos luaithe dá saolré a scaoileadh d’aon turas in aibhneacha bradán fiáin;
|
|
31. "direct restocking" means the release of smolt or earlier life stages of reared salmon in potential salmon rivers;
|
31. Ciallaíonn “athstocáil dhíreach” bradáin thógtha atá ina ngealóga nó ag céimeanna níos luaithe dá saolré a scaoileadh in aibhneacha bradán ionchais;
|
|
32. "service vessel" means a vessel, that is operated by an undertaking offering services, including providing fishing equipment, transport and/or guidance, for the purpose of recreational fishing targeting salmon in the Baltic Sea;
|
32. Ciallaíonn “soitheach seirbhíse” soitheach, arna oibriú ag gnóthas a thairgeann seirbhísí, lena n-áirítear trealamh, iompar agus/nó treoir iascaireachta a sholáthar, chun críche iascaireachta áineasa atá dírithe ar bhradáin i Muir Bhailt;
|
|
33. "total allowable catches"(TAC) means the quantity of Baltic salmon that can be taken and landed from the stock each year.
|
33. Ciallaíonn “gabhálacha iomlána incheadaithe” (GII) an líon de bhradáin Mhuir Bhailt is féidir a thógáil agus a thabhairt i dtír ón stoc gach bliain.
|
|
CHAPTER II OBJECTIVES
|
CAIBIDIL II CUSPÓIRÍ
|
|
Article 4
|
Airteagal 4
|
|
Objectives
|
Cuspóirí
|
|
The plan shall aim at ensuring that:
|
Beidh sé mar aidhm ag an bplean na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
|
a) the Baltic salmon stock is exploited in a sustainable way according to the principle of maximum sustainable yield;
|
a) go saothraítear stoc bradán Mhuir Bhailt ar bhealach inbhuanaithe de réir phrionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe;
|
|
b) the genetic integrity and diversity of the Baltic salmon stock is safeguarded.
|
b) go dtugtar cosaint do shláine ghéiniteach agus d’éagsúlacht stoc bradán Mhuir Bhailt.
|
|
CHAPTER III TARGETS
|
CAIBIDIL III SPRIOCANNA
|
|
Article 5
|
Airteagal 5
|
|
Targets for wild salmon river stocks
|
Spriocanna le haghaidh stoc aibhneacha bradán fiáin
|
|
34. For wild salmon rivers which have reached 50% of the potential smolt production capacity by the time of the entry into force of this Regulation, the wild smolt production shall reach 75% of the potential smolt production capacity for each river in five years after the entry into force of this regulation.
|
34. I gcás aibhneacha bradán fiáin a bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh táirgeadh na ngealóg fiáin iontu 75 % den chumas táirgthe gealóg ionchais i gcás gach abhann i gceann cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
35. For wild salmon rivers which have not reached 50% of the potential smolt production capacity by the time of the entry into force of this Regulation, the wild smolt production shall reach 50% of the potential smolt production capacity for each river in five years and 75% in ten years after the entry into force of this regulation.
|
35. I gcás aibhneacha bradán fiáin nach bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh táirgeadh na ngealóg fiáin iontu 50 % den chumas táirgthe gealóg ionchais i gcás gach abhann i gceann cúig bliana agus sroichfidh sé 75 % i gceann deich mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
36. After ten years from the entry into force of this regulation, the wild salmon smolt production shall be maintained at a level of at least 75% of the potential smolt production capacity in each wild salmon river.
|
36. Tar éis deich mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, coinneofar táirgeadh ghealóg an bhradáin fhiáin i ngach abhainn bradán fiáin ar leibhéal a bheidh ag 75 % ar a laghad dá cumas táirgthe gealóg ionchais.
|
|
37. Member States concerned may set, for each wild salmon river, other more stringent targets.
|
37. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann spriocanna níos déine a leagan síos maidir le gach abhainn bradán fiáin.
|
|
CHAPTER IV HARVESTING RULES
|
CAIBIDIL IV RIALACHA BUAINTE
|
|
Article 6
|
Airteagal 6
|
|
Determining TAC in rivers
|
GII a chinneadh in aibhneacha
|
|
38. The annual TAC for salmon stocks in wild salmon rivers shall not exceed the level corresponding to the fishing mortality rate referred to in paragraph 2.
|
38. Ní rachaidh an GII bliantúil do stoic bradán in aibhneacha bradán fiáin thar an leibhéal a chomhfhreagraíonn don ráta básmhaireachta iascaigh dá dtagraítear i mír 2.
|
|
39. The fishing mortality rate for salmon stocks in wild salmon rivers shall be specified by each Member State in accordance with the targets set out in Article 5 and expert views of STECF and ICES and re-assessed regularly by those bodies when more information becomes available or the characteristics of the river are changed. For that purpose the Member States shall take account of potential smolt production capacity as calculated for each river by ICES on the basis of relevant river-specific parameters and re-assessed regularly by this body when more information becomes available or the characteristics of the river are changed.
|
39. Sonróidh gach Ballstát an ráta básmhaireachta iascaigh do stoic bradán in aibhneacha bradán fiáin i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 5 agus tuairimí saineolacha CETEI agus CITM agus arna athmheasúnú go rialta ag na comhlachtaí sin nuair a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil nó nuair a thagann athrú ar thréithe na habhann. Chun na críche sin cuirfidh Ballstáit an cumas táirgthe gealóg ionchais i gcuntas, arna ríomh do gach abhainn ag CITM ar bhonn paraiméadar ábhartha a bhaineann go sonrach leis an abhainn agus arna athmheasúnú go rialta ag an gcomhlacht sin nuair a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil nó nuair a thagann athrú ar thréithe na habhann.
|
|
40. Member States concerned shall publish the fishing mortality rate in wild salmon rivers and the corresponding salmon TAC on the publicly accessible part of their official website set up in accordance with Article 114 of Regulation 1224/2009 not later than one year after the entry into force of this Regulation and shall revise them annually.
|
40. Foilseoidh na Ballstáit lena mbaineann an ráta básmhaireachta iascaigh in aibhneacha bradán fiáin agus an GII comhfhreagrach do bhradáin ar an gcuid sin dá suíomh Gréasáin oifigiúil atá inrochtana don phobal agus a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 114 de Rialachán 1224/2009 tráth nach déanaí ná aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú orthu go bliantúil.
|
|
41. The Commission shall assess every three years the compatibility and effectiveness of measures taken by Member States pursuant to this Article on the basis of the objectives and targets set out in Articles 4 and 5.
|
41. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach trí bliana ar chomhoiriúnacht agus ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh ag Ballstáit de bhun an Airteagail seo ar bhonn na gcuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5.
|
|
42. The Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 26 to specify the fishing mortality rate and/or the corresponding TAC in wild salmon rivers and/or the closure of the fishery concerned measures, if the Member States concerned do not publish such measures in accordance with paragraphs 1, 2 and 3 within the set deadline after the date of entry into force of this Regulation.
|
42. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an ráta básmhaireachta iascaigh agus/nó an GII comhfhreagrach in aibhneacha bradán fiáin a shainiú agus/nó an t-iascach lena mbaineann a dhúnadh, mura bhfoilseoidh na Ballstáit i gceist na bearta sin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 faoin spriocdháta socraithe, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
43. The Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 26 to specify the fishing mortality rate and/or the corresponding TAC in wild salmon rivers and/or the closure of the fishery concerned, if, on the basis of an assessment carried out pursuant to paragraph 4, Member State measures are deemed not to be compatible with the objectives and targets set out in Articles 4 and 5 or are deemed not to meet these objectives and targets.
|
43. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an ráta básmhaireachta iascaigh agus/nó an GII comhfhreagrach in aibhneacha bradán fiáin a shainiú agus/nó an t-iascach lena mbaineann a dhúnadh, más rud é, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 4, go meastar nach bhfuil bearta na mBallstát comhoiriúnach leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 nó go meastar nach mbainfidís amach na cuspóirí agus na spriocanna sin.
|
|
44. The measures adopted by the Commission shall aim at ensuring that the objectives and targets set out in Articles 4 and 5 are met. Upon the adoption of the delegated act by the Commission, the Member State measures shall cease to be effective.
|
44. Beidh sé d'aidhm ag na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Ar ghlacadh an ghnímh tharmligthe ag an gCoimisiún, scoirfidh bearta na mBallstát d'éifeacht a bheith acu.
|
|
Article 7
|
Airteagal 7
|
|
Determining TAC at sea
|
GII a chinneadh ar muir
|
|
45. The annual TAC for the salmon stocks at sea shall not exceed the level corresponding to a fishing mortality rate of 0.1.
|
45. Ní rachaidh an GII bliantúil do na stoic bradán ar muir thar an leibhéal a chomhfhreagraíonn do ráta básmhaireachta iascaigh de 0.1.
|
|
46. When there are clear indications that stock conditions have changed and/or that the existing fishing mortality rate is not appropriate to reach the objectives set out in Article 4, the Commission may amend the value of the fishing mortality rate at sea referred to in paragraph 1 by means of delegated acts adopted in accordance with Article 26.
|
46. Nuair is léir go bhfuil athrú tagtha ar na dálaí stoic agus/nó nach bhfuil an ráta básmhaireachta iascaigh iomchuí chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 4 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún luach an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir dá dtagraítear i mír 1 a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
47. In case of sudden outburst of diseases, critically low post smolt survival rates or other unforeseen developments, the Council shall decide on a TAC that is lower than the TAC which would result from the fishing mortality rate referred to in paragraph 1.
|
47. I gcás ina dtiocfaidh ráig thobann de ghalar, rátaí ísle marthana iar-ghealóige atá géibheannach nó cora eile gan choinne, socróidh an Chomhairle ar GII atá níos ísle ná an GII a bheadh ann mar thoradh ar an ráta básmhaireachta iascaigh dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Article 8
|
Airteagal 8
|
|
Use of the national quota by service vessels
|
Úsáid an chuóta náisiúnta ag soithí seirbhíse
|
|
Salmon caught at sea from service vessels shall be counted against the national quota.
|
Tiocfaidh bradán a mharaítear ar muir as an gcuóta náisiúnta.
|
|
CHAPTER V TECHNICAL CONSERVATION MEASURES
|
CAIBIDIL V BEARTA CAOMHNAITHE TEICNIÚLA
|
|
Article 9
|
Airteagal 9
|
|
Member States measures to protect weak salmon river stocks
|
Bearta na mBallstát chun stoic in aibhneacha bradán atá lag a chosaint
|
|
48. For wild salmon rivers which have not reached 50% of the potential smolt production capacity by the time of the entry into force of this Regulation, Member States concerned shall establish not later than two years after the entry into force of this Regulation national technical conservation measures.
|
48. Maidir le haibhneacha bradán fiáin nach bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann bearta caomhnaithe teicniúla náisiúnta tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
49. Technical conservation measures referred to in paragraph 1 shall be based on river specific requirements to adequately contribute to achieving the objectives and targets set out in Articles 4 and 5. The location of such measures shall be based on best available information on salmon migration routes at sea.
|
49. Beidh na bearta caomhnaithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglais atá sonrach don abhainn chun rannchuidiú go leormhaith na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhaint amach. Beidh suíomh beart den sórt sin bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le bealaí imirce na mbradán ar muir.
|
|
Article 10
|
Airteagal 10
|
|
Measures to protect other salmon rivers stocks
|
Bearta chun stoic bradán in aibhneacha eile a chosaint
|
|
Member States may establish national technical conservation measures in their Baltic rivers for salmon river stocks not covered by Article 9 of this Regulation. Those measures shall be contribute to achieving the objectives and targets set out in Articles 4 and 5.
|
Féadfaidh Ballstáit bearta caomhnaithe teicniúla náisiúnta a bhunú ina gcuid aibhneacha i Muir Bhailt do stoic bradán in aibhneacha nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 den Rialachán seo. Rannchuideoidh na bearta sin na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagail 4 agus 5 a bhaint amach.
|
|
Article 1 1
|
Airteagal 11
|
|
Commission measures
|
Bearta an Choimisiúin
|
|
50. The Commission shall assess every three years the compatibility and effectiveness of measures taken by Member States pursuant to Articles 9 and 10, in particular where wild salmon rivers run through several Member States, on the basis of the targets and objectives set out in Articles 4 and 5.
|
50. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach trí bliana ar chomhoiriúnacht agus ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, go háirithe i gcás ina ngabhann aibhneacha bradán fiáin trí roinnt Ballstát, ar bhonn na spriocanna agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagail 4 agus 5.
|
|
51. The Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 26 to specify such technical conservation measures as needed, if the Member States concerned do not adopt such measures in accordance with Articles 9 within the set deadline after the date of entry into force of this Regulation.
|
51. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na bearta caomhnaithe teicniúla is gá a shainiú, mura nglacfaidh na Ballstáit i gceist bearta den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 9 faoin spriocdháta socraithe, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
52. The Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 26 to specify such technical conservation measures as needed, if, on the basis of an assessment carried out pursuant to paragraph 1, Member State measures are deemed not to be compatible with the objectives and targets set out in Articles 4 and 5 or are deemed not to meet these objectives and targets.
|
52. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na bearta caomhnaithe teicniúla is gá a shainiú, más rud é, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 1, go meastar nach bhfuil bearta na mBallstát comhoiriúnach leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 nó go meastar nach mbainfidís amach na cuspóirí agus na spriocanna sin.
|
|
53. The measures adopted by the Commission shall aim at ensuring that the objectives and targets set out in Articles 4 and 5 are met. Upon the adoption of the delegated act by the Commission, the Member State measures shall cease to be effective.
|
53. Beidh sé d'aidhm ag na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Ar ghlacadh an ghnímh tharmligthe ag an gCoimisiún, scoirfidh bearta na mBallstát d'éifeacht a bheith acu.
|
|
CHAPTER V I RELEASES
|
CAIBIDIL VI SCAOILTEADH
|
|
Article 12
|
Airteagal 12
|
|
Stocking
|
Stocáil
|
|
54. Stocking of salmon may only be conducted in wild salmon river. The number of released smolts in each river shall not exceed the estimated potential smolt production capacity of the river.
|
54. Ní fhéadfar stocáil a dhéanamh ar bhradáin ach amháin in abhainn bradán fiáin. Ní rachaidh líon na ngealóg a scaoilfear amach i ngach abhainn thar an meastachán ar chumas táirgthe gealóg ionchais na habhann.
|
|
55. Stocking shall be conducted in a way that safeguards the genetic diversity of the different salmon river stocks taking into account existing fish communities in the stocked river and in neighbouring rivers while maximising the effect of stocking.
|
55. Déanfar stocáil ar bhealach a thabharfaidh cosaint d’éagsúlacht ghéiniteach stoic éagsúla na n-aibhneacha bradán ag tabhairt airde ar phobail éisc atá san abhainn stocáilte cheana féin agus in aibhneacha in aice láimhe, fad is a dhéanfar éifeacht na stocála a uasmhéadú.
|
|
56. The Commission may establish detailed rules for the application of this Article by means of implementing acts adopted in accordance with the examination procedure referred to in Article 27(2).
|
56. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
|
|
Article 13
|
Airteagal 13
|
|
Direct restocking
|
Athstocáil dhíreach
|
|
Direct restocking of potential salmon rivers shall only be made, provided that:
|
Ní dhéanfar athstocáil dhíreach ar aibhneacha bradán ionchais, ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(a) the river has free migratory waterways, appropriate water quality and habitat suitable for reproduction and growth of salmon;
|
(a) go bhfuil uiscebhealaí imirceacha saora san abhainn, cáilíocht uisce iomchuí agus gnáthóg atá oiriúnach chun ligean do bhradáin atáirgeadh agus fás;
|
|
(b) the purpose of direct restocking is to establish or enhance a viable self sustaining wild salmon population;
|
(b) gurb é aidhm na hathstocála dírí pobal féinchothaitheach inmharthana bradán fiáin a bhunú nó a fheabhsú;
|
|
(c) there is a pre- and post-release monitoring program with evaluation in place;
|
(c) go bhfuil clár monatóireachta réamhscaoilte agus iar-scaoilte i bhfeidhm lena ngabhfaidh meastóireacht;
|
|
(d) there are suitable and adequate conservation and management measures in place to facilitate the re-establishment of a self-sustaining salmon population in the river.
|
(d) go bhfuil bearta caomhnaithe agus bainistíochta oiriúnacha agus leormhaithe i bhfeidhm chun athbhunú pobail fhéinchothaitheacha bradán san abhainn a éascú.
|
|
Direct restocking in accordance with paragraph 1 shall be deemed to be a conservation measure for the purposes of Article 38(2) of Regulation (EC) No 1198/2006 on the European Fisheries Fund.
|
Measfar gur beart caomhnaithe é athstocáil dhíreach i gcomhréir le mír 1 chun críocha Airteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh.
|
|
Article 14
|
Airteagal 14
|
|
Transitional period
|
Idirthréimhse
|
|
Releases of salmon other than those made in accordance with Articles 12 and 13 may continue until 7 years after the entry into force of this Regulation.
|
Féadfar leanúint de scaoileadh bradán seachas scaoileadh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 go ceann 7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
CHAPTER VII CONTROL AND ENFORCEMENT
|
CAIBIDIL VII RIALÚ AGUS FORGHNÍOMHÚ
|
|
Article 15
|
Airteagal 15
|
|
Relationship with Regulation (EC) No 1224/2009
|
An gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
|
|
The control measures provided for in this Chapter shall apply in addition to those prescribed in Regulation (EC) No 1224/2009, safe where otherwise provided for in the Articles of this Chapter.
|
Beidh feidhm leis na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo mar aon leo sin atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt in Airteagail na Caibidle seo.
|
|
Article 16
|
Airteagal 16
|
|
Logbooks
|
Logleabhair
|
|
By way of derogation from Article 14 of Regulation 1224/2009 masters of European Union fishing vessels of all length holding a fishing authorisation for salmon shall keep a logbook of their operations in accordance with the rules set in Article 14 of Regulation (EC) No 1224/2009.
|
De mhaolú ar Airteagal 14 de Rialachán 1224/2009 coinneoidh máistrí soithí iascaireachta ón Aontas Eorpach, is cuma cén fad an soitheach, agus a bhfuil údarú iascaireachta acu le haghaidh bradán, logleabhar dá gcuid oibríochtaí i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
|
|
Article 17
|
Airteagal 17
|
|
Prior notifications
|
Réamhfhógraí
|
|
By way of derogation from the introductory sentence of Article 17(1) of Regulation 1224/2009, masters of European Union fishing vessels of all length retaining salmon and/or sea trout on board shall notify the competent authorities of their flag Member State immediately after the completion of the fishing operation of the information listed in Article 17(1) of Regulation 1224/2009.
|
De mhaolú ar an abairt thosaigh in Airteagal 17(1) de Rialachán 1224/2009, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta ón Aontas Eorpach, is cuma cén fad an soitheach, agus a bhfuil bradáin agus/nó bric gheala ar bord orthu, fógra d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí láithreach bonn tar éis dóibh an oibríocht iascaireachta a thabhairt chun críche maidir leis an bhfaisnéis atá liostaithe in Airteagal 17(1) de Rialachán 1224/2009.
|
|
Article 18
|
Airteagal 18
|
|
Special activity authorisations
|
Údaruithe gníomhaíochta speisialta
|
|
57. Service vessels shall hold a special activity authorisation for salmon fishing, issued in accordance with Annex II of this Regulation.
|
57. Beidh údarú gníomhaíochta speisialta i seilbh soithí seirbhíse i gcomhair iascaireachta bradán, arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn II den Rialachán seo.
|
|
58. Member States concerned shall include special activity authorisations in the list of fishing authorisations contained in the electronic database established in accordance with Article 116(1)(d) of Regulation (EC) No 1224/2009. Furthermore, they shall include the data with regard to special activity authorisations in the computerized validation system referred to in Article 109 of Regulation (EC) No 1224/2009.
|
58. Áireoidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe gníomhaíochta speisialta sa liosta d’údaruithe iascaireachta atá sa bhunachar sonraí leictreonach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 116(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, áireoidh na Ballstáit na sonraí maidir le húdaruithe gníomhaíochta speisialta sa chóras bailíochta ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
|
|
Article 19
|
Airteagal 19
|
|
Catch declaration
|
Dearbhú gabhála
|
|
59. The master of service vessel shall complete a catch declaration in accordance with Annex III and submit it to the competent authority of the flag Member State of the service vessel by the last day of every month.
|
59. Comhlánóidh máistir an tsoithigh seirbhíse dearbhú gabhála i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus cuirfidh sé isteach é chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh seirbhíse faoin lá deiridh de gach mí.
|
|
60. By the 15th of each month Member States concerned shall register the information recorded in the catch declarations for the previous month in their electronic database established in accordance with Article 116(1)(f) of Regulation (EC) No 1224/2009 and in their computerized validation system referred to in Article 109 of Regulation (EC) No 1224/2009. The electronic data and the catch declarations shall be kept for 3 years.
|
60. Faoin 15ú lá de gach mí cláróidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá taifeadta sna dearbhuithe gabhála don mhí roimhe sin ina mbunachar sonraí leictreonach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 116(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ina gcóras bailíochtaithe ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Coinneofar na sonraí leictreonacha agus na dearbhuithe gabhála ar feadh 3 bliana.
|
|
Article 20
|
Airteagal 20
|
|
Landing inspections
|
Cigireachtaí ar thabhairt i dtír gabhálacha
|
|
Member States concerned shall verify the accuracy of the information recorded in the catch declarations by landing inspections. Such landing inspections shall cover a minimum of 10% inspection of the total number of landings
|
Deimhneoidh na Ballstáit lena mbaineann cruinneas na faisnéise a thaifeadtar sna dearbhuithe gabhála trí chigireachtaí a dhéanamh ar thabhairt i dtír gabhálacha. Le cigireachtaí den sórt sin ar thabhairt i dtír gabhálacha cumhdófar 10 % ar a laghad de líon iomlán na ngabhálacha a thabharfar i dtír.
|
|
Article 21
|
Airteagal 21
|
|
National control action programmes
|
Cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú
|
|
The national control action programmes as prescribed in Article 46 of Regulation (EC) No 1224/2009 shall also contain as a minimum:
|
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú atá leagtha síos in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:
|
|
a) the application of technical conservation measures established in accordance with Chapter V of this Regulation;
|
a) bearta caomhnaithe teicniúla arna mbunú i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm;
|
|
b) compliance with the rules on quota uptake, activity authorisation and catch declaration by service vessels;
|
b) na rialacha maidir le glacadh an chuóta, údarú gníomhaíochtaí agus dearbhú gabhála ag na soithí seirbhíse a chomhlíonadh;
|
|
c) the monitoring of rules on stocking and direct restocking.
|
c) monatóireacht ar rialacha maidir le stocáil agus athstocáil dhíreach.
|
|
CHAPTER VIII DATA COLLECTION
|
CAIBIDIL VIII SONRAÍ A BHAILIÚ
|
|
Article 22
|
Airteagal 22
|
|
For the purposes of data collection each juvenile salmon cohort in all wild salmon rivers may be surveyed with electrofishing before smoltifcation.
|
Chun críocha sonraí a bhailiú féadfar suirbhé a dhéanamh ar gach cohórt bradán óg i ngach abhainn bradán fiáin trí leictriascaireacht sula ngabhfaidh siad tríd an ngealógú.
|
|
CHAPTER IX FOLLOW-UP
|
CAIBIDIL IX GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH
|
|
Article 23
|
Airteagal 23
|
|
Member States reporting
|
Tuairisciú ag na Ballstáit
|
|
61. Member States concerned shall report to the Commission on the technical conservation measures adopted in accordance with Chapter V and their fulfilment of the objectives set out in Article 5 in the third year after the entry into force of this Regulation and then every third year.
|
61. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir leis na bearta caomhnaithe teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le Caibidil V agus maidir leis an gcaoi a bhfuil siad ag comhlíonadh na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 5, sa tríú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ansin gach trí bliana ina dhiaidh sin.
|
|
62. Member States concerned shall report to the Commission on the implementation of this Regulation and on the fulfilment of the objectives set out in Article 5 in the sixth year after the entry into force of this Regulation and then every sixth year. The Member State report shall in particular provide the following information:
|
62. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 5, sa séú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ansin gach sé bliana ina dhiaidh sin. Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe i dtuairisc an Bhallstáit:
|
|
a) development of the national fishery including the share of catches between offshore waters, coastal waters and rivers and between commercial fishermen, undertakings of service vessels and other recreational fishermen;
|
a) forbairt an iascaigh náisiúnta lena n-áirítear roinnt na ngabhálacha idir uiscí amach ón gcósta, uiscí cósta agus aibhneacha agus idir iascairí tráchtála, gnóthais a bhfuil soithí seirbhíse acu agus iascairí áineasa eile;
|
|
b) for each wild salmon river, the production of parr and smolt and the best available estimate of the potential smolt production capacity;
|
b) maidir le gach abhainn bradán fiáin, táirgeadh colgóg agus gealóg agus an meastachán is fearr atá ar fáil ar an gcumas táirgthe gealóg ionchais;
|
|
c) for each wild salmon river stock, available genetic information;
|
c) maidir le gach stoc abhann bradán fiáin, an fhaisnéis ghéiniteach atá ar fáil;
|
|
d) the activity of stocking and direct restocking of salmon;
|
d) gníomhaíocht stocála agus athstocála bradán;
|
|
e) the implementation of the national control action programme referred to in Article 46 of Regulation (EC) No 1224/2009.
|
e) cur chun feidhme an chláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
|
|
Article 24
|
Airteagal 24
|
|
Evaluation of the plan
|
Meastóireacht ar an bplean
|
|
The Commission shall, on the basis of the reporting by Member States as referred to in Article 23 of this Regulation and on the basis of scientific advice, evaluate the impact of the management measures on the Baltic salmon stock and on the fisheries exploiting that stock in the year following that in which it receives the Member States reports.
|
Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn an tuairiscithe ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo agus ar bhonn comhairle eolaíoch, meastóireacht ar thionchar na mbeart bainistíochta ar stoc bradán Mhuir Bhailt agus ar an iascach atá ag saothrú an stoic sin an bhliain tar éis dó tuairiscí na mBallstát a fháil.
|
|
CHAPTER X AMENDMENTS TO ANNEXES
|
CAIBIDIL X LEASUITHE AR IARSCRÍBHINNÍ
|
|
Article 25 Amendments to Annexes
|
Airteagal 25 Leasuithe ar na hIarscríbhinní
|
|
63. The Commission may amend the list of wild salmon rivers listed in Annex I to keep it up to date with recent scientific information, by means of delegated acts adopted in accordance with Article 26.
|
63. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-aibhneacha bradán fiáin atá liostaithe in Iarscríbhinn I a leasú chun é a choinneáil cothrom le dáta leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
64. The Commission may amend Annexes II and III to provide for effective control, by means of delegated acts adopted in accordance with Article 26.
|
64. Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní II agus III a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le rialú éifeachtach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
CHAPTER XI PROCEDURAL PROVISIONS
|
CAIBIDIL XI FORÁLACHA MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA
|
|
Article 26
|
Airteagal 26
|
|
Exercise of delegated powers
|
Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú
|
|
65. The power to adopt delegated acts is conferred on the Commission subject to the conditions laid down in this Article.
|
65. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
|
|
66. The powers to adopt delegated acts as referred to in Articles 6, 7, 11 and 25 shall be conferred on the Commission for an indeterminate period of time.
|
66. Na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse éiginnte ama.
|
|
67. The delegation of power referred to in Articles 6, 7, 11 and 25 may be revoked at any time by the European Parliament or by the Council. A decision of revocation shall put an end to the delegation of the power specified in that decision. It shall take effect the day following the publication of the decision in the Official Journal of the European Union or at a later date specified therein. It shall not affect the validity of any delegated acts already in force.
|
67. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
|
|
68. As soon as it adopts a delegated act, the Commission shall notify it simultaneously to the European Parliament and to the Council.
|
68. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
69. A delegated act adopted pursuant to Articles 6, 7, 11 and 25 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or the Council within a period of 2 months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object. That period shall be extended by 2 months at the initiative of the European Parliament or the Council.
|
69. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6, 7, 11 agus 25 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
|
|
Article 27
|
Airteagal 27
|
|
Revocation of empowerment
|
Cumhachtaí a chúlghairm
|
|
Where a Member States concerned have not established or published, by the set deadline, the measures set out in Articles 6 or 11, or or where such measures are deemed inadequate and/or ineffective following the assessment carried out in accordance with Article 6.4 or 11.1, the empowerment of the Member State concerned referred to in Articles 6 or 11 shall be revoked by the Commission. A decision of revocation shall put an end to the delegation of the power specified in that decision. It shall take effect the day following the publication of the decision in the Official Journal of the European Union or at a later date specified therein.
|
I gcás nach bhfuil na bearta atá leagtha amach in Airteagal 6 nó in Airteagal 11 bunaithe ná foilsithe ag an mBallstát lena mbaineann faoin spriocdháta atá leagtha síos, nó i gcás ina meastar go bhfuil bearta den sórt sin uireasach agus/nó neamhéifeachtach de thoradh an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(4) nó le hAirteagal 11(1), déanfaidh an Coimisiún na cumhachtaí arna dtabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 11 a chúlghairm. Cuirfidh cinneadh maidir le cúlghairm deireadh leis an gcumhacht arna sonrú sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh.
|
|
Article 28
|
Airteagal 28
|
|
Committee procedure
|
Nós imeachta coiste
|
|
70. The Commission shall be assisted by the Committee for Fisheries and Aquaculture established by Article 30 of Regulation (EC) No 2371/2002. That committee shall be a committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011.
|
70. Beidh an Coiste um Iascach agus Dhobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
|
|
71. Where reference is made to this paragraph, Article 5 of Regulation (EU) No 182/2011 shall apply.
|
71. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
|
|
CHAPTER XII FIINAL PROVISIONS
|
CAIBIDIL XII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
Article 29
|
Airteagal 29
|
|
Entry into force
|
Teacht i bhfeidhm
|
|
This Regulation shall enter into force on the 20th day after its publication in the Official Journal of the European Union.
|
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .
|
|
This Regulation shall apply from XXX.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XXX.
|
|
This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.
|
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
|
|
Done at Brussels,
|
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
|
|
For the European Parliament For the Council
|
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
|
|
The President The President
|
An tUachtarán An tUachtarán
|
|
ANNEX I
|
IARSCRÍBHINN I
|
|
Wild Salmon Rivers in the Baltic Sea
|
Aibhneacha Bradán Fiáin i Muir Bhailt
|
|
Finland
|
An Fhionlainn
|
|
- Simojoki
|
- Simojoki
|
|
Finland/Sweden
|
An Fhionlainn/An tSualainn
|
|
- Tornionjoki/Torneälven
|
- Tornionjoki/Torneälven
|
|
Sweden
|
An tSualainn
|
|
- Kalixälven, Råneälven, Piteälven, Åbyälven, Byskeälven, Rickleån, Sävarån, Ume/Vindelälven, Öreälven, Lögdeälven, Emån, Mörrumsån, Ljungan
|
- Kalixälven, Råneälven, Piteälven, Åbyälven, Byskeälven, Rickleån, Sävarån, Ume/Vindelälven, Öreälven, Lögdeälven, Emån, Mörrumsån, Ljungan
|
|
Estonia
|
An Eastóin
|
|
- Pärnu, Kunda, Keila, Vasalemma
|
- Pärnu, Kunda, Keila, Vasalemma
|
|
Latvia
|
An Laitvia
|
|
- Salaca, Vitrupe, Peterupe, Irbe, Uzava, Saka
|
- Salaca, Vitrupe, Peterupe, Irbe, Uzava, Saka
|
|
Latvia/Lithuania
|
An Laitvia /An Liotuáin
|
|
- Barta/Bartuva
|
- Barta/Bartuva
|
|
Lithuania
|
An Liotuáin
|
|
- Nemunas river basin (Zeimena)
|
- Abhantrach Nemunas (Zeimena)
|
|
ANNEX II
|
IARSCRÍBHINN II
|
|
MINIMUM INFORMATION FOR THE SPECIAL ACTIVITY AUTHORISATIONS
|
FAISNÉIS ÍOSTA LE hAGHAIDH NA nÚDARUITHE GNÍOMHAÍOCHTA SPEISIALTA
|
|
1. VESSEL DETAILS
|
1. SONRAÍ AN tSOITHIGH
|
|
Name of vessel[17]
|
Ainm an tsoithigh[17]
|
|
Flag state
|
Stát na brataí
|
|
Port of registration (Name and national code)
|
Calafort cláraithe (Ainm agus cód náisiúnta)
|
|
External marking
|
Marcáil sheachtrach
|
|
International radio call sign (IRCS[18])
|
Comhartha aitheantais raidió idirnáisiúnta (IRCS[18])
|
|
2. AUTHORISTION HOLDER, VESSEL OWNER AND MASTER[19]
|
2. SEALBHÓIR AN ÚDARAITHE, ÚINÉIR AN tSOITHIGH AGUS MÁISTIR[19]
|
|
Name and address of natural or legal person
|
Ainm agus seoladh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh
|
|
3. VESSEL CHARACTERISTICS
|
3. TRÉITHE AN tSOITHIGH
|
|
Engine power (kW)[20]
|
Cumhacht an innill (kW)[20]
|
|
Tonnage (GT)
|
Tonnáiste (GT)
|
|
Length overall
|
Fad foriomlán
|
|
4. FISHING CONDITIONS
|
4. COINNÍOLLACHA IASCAIREACHTA
|
|
1. Date of issue:
|
1. Dáta eisiúna:
|
|
2. Period of validity:
|
2. Tréimhse bailíochta:
|
|
3. Conditions of authorization including, where appropriate, species, zone and fishing gear:
|
3. Coinníollacha an údaraithe lena n-áirítear, más iomchuí, speicis, crios agus trealamh iascaireachta:
|
|
ANNEX III
|
IARSCRÍBHINN III
|
|
CATCH DECLARATIONS
|
DEARBHUITHE GABHÁLA
|
|
Each Member State concerned shall issue for its service vessels an official form to be completed as catch declaration. This form shall contain minimum the following information:
|
Eiseoidh gach Ballstát lena mbaineann foirm oifigiúil dá shoithí seirbhíse a bheidh le comhlánú mar dhearbhú gabhála. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhoirm:
|
|
a) Reference number of special activity authorisation issued in accordance with Article 18 of this Regulation;
|
a) Uimhir thagartha an údaraithe gníomhaíochta speisialta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo;
|
|
b) Name of the natural or legal person holding the special activity authorisation issued in accordance with Article 18 of this Regulation;
|
b) Ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ag a bhfuil an t-údarú gníomhaíochta speisialta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo;
|
|
c) Name and signature of the master of the service vessel;
|
c) Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh seirbhíse;
|
|
d) Date and time of departure and arrival to port and duration of fishing trip;
|
d) Dáta agus am imeachta agus teachta chuig an gcalafort agus fad an turais iascaireachta;
|
|
e) Place and time of landing by fishing trips;
|
e) Suíomh agus am na tabhartha i dtír de réir an turais iascaireachta;
|
|
f) Gear used by fishing operations;
|
f) Trealamh a bhí in úsáid de réir na hoibríochta iascaireachta;
|
|
g) Quantities of fish landed by species and by fishing trips;
|
g) Cainníochtaí éisc arna dtabhairt i dtír de réir speicis agus turais iascaireachta;
|
|
h) Quantities of fish discarded by species and by fishing trips;
|
h) Cainníochtaí éisc a caitheadh ar ais san fharraige de réir speicis agus turais iascaireachta;
|
|
i) Area of catches by fishing trips expressed as ICES statistical rectangles.
|
i) Limistéar na ngabhálacha de réir turais iascaireachta arna shloinneadh mar dhronuilleoga staitistiúla CITM.
|
|
[1] OJ L 206, 22.7.1992, p. 7. Directive as last amended by Directive 2006/105/EC (OJ L 363, 20.12.2006, p. 368).
|
[1] IO L 206, 22.7.1992, lch 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 368).
|
|
[2] OJ L 327, 22.12.2000, p. 1. Directive as amended by Decision No 2455/2001/EC of the European Parliament and of the Council (OJ L 331, 15.12.2001, p. 1).
|
[2] IO L 327, 22.12.2000, lch 1. Treoir arna leasú le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).
|
|
[3] Convention on the Protection of the Marine Environment of the Baltic Sea Area, 1992 (entered into force on 17 January 2000).
|
[3] An Coinbhinsiún chun Muirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt a Chosaint, 1992 (arna theacht i bhfeidhm an 17 Eanáir 2000).
|
|
[4] Adopted on 15 November 2007 in Krakow, Poland by the HELCOM Extraordinary Ministerial Meeting.
|
[4] Arna ghlacadh an 15 Samhain 2007 i Kraków, sa Pholainn ag Cruinniú Aireachta Urghnách HELCOM.
|
|
[5] ICES special advice 2008, 8.3.3.3: Request to ICES for advice on management of Baltic Sea salmon.
|
[5] Comhairle speisialta CITM 2008, 8.3.3.3: Iarraidh ar CITM le haghaidh comhairle maidir le bainistiú bhradán Mhuir Bhailt.
|
|
[6] Finnish Game and Fisheries Research Institute , 2008. Data analysis to support development of a Baltic Sea Salmon Action Plan, SI2.491891, FISH/2007/03 – Lot 6.
|
[6] Foras Taighde na Fionlainne um Iascach agus Ghéim, 2008. Anailís ar shonraí chun tacú le forbairt Plean Gníomhaíochta do Bhradán Mhuir Bhailt, SI2.491891, FISH/2007/03 – Beart 6.
|
|
[7] Report on the 31st plenary meeting of the Scientific, Technical and Economic Committee for Fisheries: (PLEN-09-02), 13-17 July 2009, Copenhagen.
|
[7] Tuarascáil maidir leis an 31ú cruinniú iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach: (PLEN-09-02), 13-17 Iúil 2009, Cóbanhávan.
|
|
[8] OJ NO C, 09.05.2008, p 1-
|
[8] IO NO C, 09.5.2008, lch. 1-
|
|
[9] OJ C , , p. .
|
[9] IO C , , lch .
|
|
[10] OJ C , , p. .
|
[10] IO C , , lch .
|
|
[11] OJ L 206, 22.7.1992, p. 7. Directive as last amended by Directive 2006/105/EC (OJ L 363, 20.12.2006, p. 368).
|
[11] IO L 206, 22.7.1992, lch 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 368).
|
|
[12] OJ L 327, 22.12.2000, p. 1. Directive as amended by Decision No 2455/2001/EC of the European Parliament and of the Council (OJ L 331, 15.12.2001, p. 1).
|
[12] IO L 327, 22.12.2000, lch 1. Treoir arna leasú le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).
|
|
[13] OJ L 179, 23.6.1998, p. 1–2
|
[13] IO L 179, 23.6.1998, lch. 1–2
|
|
[14] OJ L 223, 15.8.2006, p. 1–44
|
[14] IO L 223, 15.8.2006, lch. 1–44
|
|
[15] OJ L 343, 22.12.2009, p. 1–50
|
[15] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1–50
|
|
[16] OJ L 55, 28.2.2011, p. 13.
|
[16] IO L 55, 28.2.2011, lch 13.
|
|
[17] For vessels having a name
|
[17] Le haghaidh soithí a bhfuil ainm acu
|
|
[18] For vessels requested to have an IRCS
|
[18] Le haghaidh soithí a n-iarrtar orthu IRCS a bheith acu
|
|
[19] Indicate for each person applicable
|
[19] Tabhair le fios maidir le gach duine lena mbaineann
|
|
[20] In accordance with Regulation (EC) No 2930/86
|
[20] I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2930/86
|