|
|
[pic] | COMMISSION OF THE EUROPEAN COMMUNITIES |
|
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |
|
|
Brussels, 30.1.2008
|
An Bhruiséil, 30.1.2008
|
|
SEC(2008) 93
|
SEC(2008) 93
|
|
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT accompanying the
|
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE AN CHOIMISIÚIN a ghabhann leis an
|
|
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the provision of food information to consumers SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT REPORT ON GENERAL FOOD LABELLING ISSUES
|
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí ACHOIMRE AR AN TUARASCÁIL FAOIN MEASÚNÚ IARMHARTA AR SHAINCHEISTEANNA GINEARÁLTA A BHAINEANN LE LIPÉADÚ BIA
|
|
{COM(2008) 40 final}{SEC(2008) 92}{SEC(2008) 94}{SEC(2008) 95}
|
{COM(2008) 40 leagan deireanach}{SEC(2008) 92}{SEC(2008) 94}{SEC(2008) 95}
|
|
SUMMARY
|
ACHOIMRE
|
|
INTRODUCTION
|
RÉAMHRÁ
|
|
General food labelling is governed by Directive 2000/13/EC, a codified version of Directive 79/112/EC. Although one major recent amendment was introduced in 2003 (allergenic ingredients) most of the provisions date back to 1978. The evolution of both the foods market and consumers' expectations renders the update and modernisation of this legislation necessary.
|
Déanann Rialachán 2000/13/CE lipéadú ginearálta bia a rialú. Is leagan códaithe é seo de Threoir 79/112/CE. Cé gur tugadh isteach leasú mór amháin in 2003 (comhábhair ailléirgineacha), tá an chuid is mó de na forálacha ann ó 1978. Is i ngeall ar fhorás an mhargaidh bianna agus ionchais na dtomhaltóirí araon gur gá an reachtaíocht seo a athrú chun dáta agus a nuachóiriú.
|
|
The revision of the Community legislation on general food labelling and nutrition labelling is included in the Commission work programme for simplification.
|
Cuid de chlár oibre an Choimisiúin um shimpliú is ea athbhreithniú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le lipéadú ginearálta bia agus lipéadú cothaithe.
|
|
PROCEDURAL ISSUES AND CONSULTATION OF INTERESTED PARTIES
|
Saincheisteanna nós imeachta agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara
|
|
The main stakeholders were consulted in 2003 - 2007. The basis of the consultation process was the conclusion of a study carried out in 2003 on the evaluation of the food labelling legislation. The conclusions of this study identified the key points on which the Commission should focus in the context of a proposal aiming at modernising the Community legislation on labelling and meeting consumers' aspirations.
|
Chuathas i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí ó 2003 go 2007. An chonclúid a tháinig as staidéar a cuireadh i gcrích in 2003 ar mheastóireacht ar an reachtaíocht maidir le lipéadú bia is ea an bunús a bhí leis an bpróiseas comhairliúcháin. I gconclúidí an staidéir seo luadh na príomhphointí ar chóir don Choimisiún díriú isteach orthu i bhfianaise togra a bhfuil mar aidhm aige reachtaíocht an Chomhphobail maidir le lipéadú a nuachóiriú agus dréimeanna na dtomhaltóirí a bhaint amach.
|
|
There were broad surveys of all interested parties seeking their views on the existing legislation and the needs for change. An open consultation was conducted over the internet from 13 March 2006 to 16 June 2006.
|
Chuathas i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe leasmhara go léir d'fhonn a gcuid tuairimí den reachtaíocht atá ann cheana agus de na hathruithe nach mór a dhéanamh a fháil. Rinneadh comhairliúchán oscailte ar an idirlíon ón 13 Márta 2006 go dtí 16 Meitheamh 2006.
|
|
A Commission Inter-Service Group on the Impact Assessment was set up. The impact assessment results were scrutinised by the European Commission Impact Assessment Board (IAB), which gave its opinion.
|
Bunaíodh Grúpa Idirsheirbhíse de chuid an Choimisiúin don Mheasúnú Iarmharta. Rinne Bord an Choimisiúin Eorpaigh um Mheasúnú Iarmharta grinnscrúdú ar thorthaí an mheasúnaithe iarmharta agus thug sé tuairim uaidh.
|
|
PROBLEM IDENTIFICATION
|
SAINAITHINT FADHBANNA
|
|
The Impact Assessment concerns the revision of Directive 2000/13/EC providing for compulsory information on the label of foods. The main purpose of this legislation has not been questioned by stakeholders during extensive consultation. The basic contents of the existing requirements are seen as a valuable acquis and there seems no desire from stakeholders for a change in the core components of the legislation.
|
BAINEANN AN MEASÚNÚ IARMHARTA LE HATHBHREITHNIÚ THREOIR 2000/13/CE LENA NDÉANTAR FORÁIL D'FHAISNÉIS ÉIGEANTACH AR LIPÉID BIA. NÍOR CHUIR NA GEALLSEALBHÓIRÍ AMHRAS i bpríomhchuspóir na reachtaíochta seo le linn comhairliúcháin leathain. Glactar le buninneachar na gceanglas atá ann cheana mar acquis fiúntach agus is cosúil nach mian leis na geallsealbhóirí aon chuid de chroíchodanna na reachtaíochta a athrú.
|
|
However, there are certain aspects of the legislation that do not work efficiently and do not fully meet the original objectives. There is a general criticism about the piecemeal approach in the delivery of the entire spectrum of Community labelling legislation and, more specifically, a lack of coordination of implementation dates. For the horizontal food labelling concerns have been expressed about the lack of clarity and legal certainty, and the failure of the rules to address current stakeholders needs and expectations (which have changed over time).
|
Mar sin féin, tá gnéithe áirithe den reachtaíocht nach bhfeidhmíonn go héifeachtach agus nach gcomhlíonann go hiomlán na cuspóirí atá ann ó thús. Déantar cáineadh ginearálta i dtaca leis an gcaoi sheachránach ina ndéantar reachtaíocht uile an Chomhphobail maidir le lipéadú a chur i gcrích, agus, le bheith níos cruinne, i dtaca leis an easpa comhordaithe ó thaobh dátaí cur chun feidhme de. I ndáil le lipéadú cothrománach bia, cuireadh in iúl go bhfuil imní ann de bharr na heaspa soiléireachta agus cinnteachta dlíthiúla, agus de bharr nach ndéanann na rialacha riachtanais agus ionchais reatha (a bhfuil athrú tagtha orthu le himeacht aimsire) na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh.
|
|
The process of consultation demonstrated that certain main issues are in need of review. However, stakeholders have very different views on how these issues should be addressed.
|
Ba léir ón bpróiseas comhairliúcháin nach mór saincheisteanna tábhachtacha áirithe a athbhreithniú. Mar sin féin, is iomaí sin tuairimí éagsúla atá ag na geallsealbhóirí maidir leis an gcaoi is fearr inar chóir déileáil leis na saincheisteanna seo.
|
|
OBJECTIVES
|
cuspóirí
|
|
The main objectives of the legislation on food labelling are to:
|
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na reachtaíochta maidir le lipéadú bia:
|
|
( enable consumers to make informed, safe, healthy and sustainable choices;
|
( caoi a thabhairt do thomhaltóirí roghanna eolacha sábháilte sláintiúla inbhuanaithe a dhéanamh;
|
|
( provide consumers with relevant, useful and legitimately expected information;
|
( faisnéis atá ábhartha úsáideach a thabhairt do thomhaltóirí, faisnéis a bhfuil sé de cheart acu bheith ag súil léi;
|
|
( ensure the smooth functioning of the internal market;
|
( dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú;
|
|
( foster a pro-competitive market environment.
|
( margadh atá i bhfabhar na hiomaíochta a chothú;
|
|
Taking this objective into account, the broad scope of the revision should reflect the following specific objectives:
|
Má chuirtear an cuspóir seo san áireamh, ba chóir, tríd is tríd, go gcuirfí na cuspóirí sainiúla seo a leanas san áireamh san athbhreithniú:
|
|
( ensure consistency and clarity in the provision of information;
|
( comhsheasmhacht agus soiléireacht a áirithiú agus faisnéis á soláthar;
|
|
( protect consumers' health and address specific consumer demands for information;
|
( sláinte na dtomhaltóirí a chosaint agus déileáil le hiarratais sainiúla ar fhaisnéis ó thomhaltóirí;
|
|
( avoid misleading indications and eliminate existing inconsistencies;
|
( tásca míthreoracha a sheachaint agus deireadh a chur le neamhréireachtaí atá ann cheana;
|
|
( enable and reward industry innovation allowing them to make full use of the power of labelling to sell their products.
|
( nuálaíocht tionsclaíochta a chumasú agus a chúiteamh trí chead a thabhairt lánearraíocht a bhaint as an gcumhacht atá ag lipéadú chun a gcuid táirgí a dhíol.
|
|
MAJOR POLICY ISSUES AND EXPECTED SIMPLIFICATION BENEFITS
|
MÓRCHEISTEANNA BEARTAIS AGUS NA SOCHAIR IONCHAIS A BHAINEANN LE SIMPLIÚ
|
|
With a view to achieving the objectives and in line with the simplification process a number of measures have been considered. Taking full account of the simplification needs that emerged from the consultation those measures have been divided into two categories:
|
D'FHONN NA CUSPÓIRÍ A BHAINT AMACH AGUS I GCOMHRÉIR LEIS AN BPRÓISEAS SIM pliúcháin rinneadh roinnt beart a bhreithniú. Agus aird iomlán á tabhairt ar na riachtanais simpliúcháin a d'eascair ón gcomhairliúchán, roinneadh na bearta seo in dhá chatagóir:
|
|
General simplification tools:
|
Uirlisí ginearálta simpliúcháin:
|
|
( Setting-up of a flexible bottom-up mechanism (new labelling governance) that would enable industry to innovate, and the labelling rules to adapt to different and continuously changing markets and consumer demands;
|
( meicníocht sholúbtha ón mbonn aníos (rialú nua ar lipéadú) a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas an tionscail nuálaíocht a dhéanamh, agus a chuirfeadh na rialacha maidir le lipéadú in oiriúint do mhargaí éagsúla agus d'éilimh éagsúla tomhaltóirí, nithe a bhíonn ag síorathrú;
|
|
( Recasting of the different horizontal labelling provisions. The merging of those texts will maximize synergies, minimize overlaps and redundancies and increase the clarity and consistency of Community rules. This is a powerful simplification method that should provide economic operators and enforcement authorities with a clearer and more streamlined regulatory framework. Consideration was given to bring all labelling legislation, including vertical requirements, into one text but this would have resulted in an even more complex approach;
|
( athmhúnlú na bhforálacha éagsúla cothrománacha a bhaineann le lipéadú. Trí na téacsanna sin a chumasc, d'uasmhéadófaí sineirgí agus d'íoslaghdófaí aon fhorluí agus iomarcaíocht agus mhéadófaí soiléireacht agus comhsheasmhacht rialacha an Chomhphobail. Is modh cumhachtach simpliúcháin é seo a chuirfeadh creat rialúcháin atá níos soiléire agus níos cuíchóirithe ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'udaráis forfheidhmiúcháin. Bhíothas ag breithniú ar an reachtaíocht uile maidir le lipéadú, lena n-áirítear na ceanglais cheartingearacha, a thiomsú i dtéacs amháin ach is amhlaidh gur cur chuige ní ba chasta an toradh a bheadh air seo;
|
|
( Elimination of inconsistencies between horizontal and vertical rules, where possible;
|
( deireadh a chur le neamhréireachtaí idir rialacha cothrománacha agus ceartingearacha nuair is féidir sin;
|
|
( Rationalisation (update, clarification, removal of redundancies) of the compulsory information required by Article 3.1 of Directive 2000/13 / EC.
|
( an fhaisnéis éigeantach a cheanglaítear le hAirteagal 3.1 de Threoir 2000/13/CE a chuíchóiriú (a athrú chun dáta, a shoiléiriú, iomarcaíocht a scriosadh).
|
|
Measures that during the consultations were identified as having more important impacts, and for which a more detailed analysis has been carried out. Addressing the following issues would contribute towards simplification in terms of easier compliance and greater clarity for stakeholders:
|
Bearta a aithníodh, le linn an chomhairliúcháin, iarmhairtí ní ba thábhachtaí bheith acu agus a bhfuil anailís níos mionsonraithe déanta orthu. Dá ndéileálfaí leis na saincheisteanna seo a leanas shoiléireofaí an scéal do na geallsealbhóirí agus b'fhusa leo na rialacha a comhlíonadh.
|
|
( Legibility of the labels – the objective is to simplify and improve the way information is made available to the consumers and make it easier for operators to comply with the general requirement for readable and clear labels.
|
( Inléiteacht na lipéad – an bealach ina gcuirtear faisnéis ar fáil do thomhaltóirí a shimpliú agus a fheabhsú mar aon le comhlíonadh an cheanglais ghinearálta maidir le lipéid inléite shoiléire a éascú d'oibreoirí is ea an cuspóir.
|
|
( Lack of information on allergenic ingredients on non-pre-packed food – the objective is to protect consumers' health and to ensure consistency in the provision of information.
|
( Easpa faisnéise faoi chomhábhair ailléirgineacha ar bhia neamh-réamhphacáilte – sláinte na dtomhaltóirí a chosaint agus comhsheasmhacht i dtaca le soláthar faisnéise a áirithiú is ea an cuspóir.
|
|
( Origin labelling – the objective is to simplify the current situation where due to uncertainty there is a proliferation of misleading voluntary indications of origin and a non ending debate on how to address recurrent consumer demand for information on food origin. Addressing this issue would provide clarity in the legislation, facilitate compliance for operators and improve consumer understanding of origin indications.
|
( Lipéadú de réir ionaid tionscnaimh – an cor reatha a shimpliú is ea an cuspóir, cor ina bhfuil, i ngeall ar neamhchinnteacht , raidhse tásc míthreorach deonach ann maidir leis an ionad tionscnaimh agus ina mbítear ag plé go síoraí cad é an bealach is fearr chun déileáil le héileamh seasmhach na dtomhaltóirí ar fhaisnéis maidir le hionad tionscnaimh bia. Dá ndéileálfaí leis an tsaincheist seo shoiléireofaí an reachtaíocht, d'éascófaí a comhlíonadh d'oibreoirí agus thiocfadh feabhas ar an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar thásca ionaid tionscnaimh.
|
|
( Inconsistent information on ingredients and in particular ingredient listing for alcoholic beverages – the objective is to rationalise the current situation by clarifying the existing legal limbo.
|
( Faisnéis neamhréireach maidir le comhábhair agus, go háirithe, maidir le liostú comhábhar i gcás deochanna alcólacha – an cor reatha a chuíchóiriú trí dheireadh a chur leis an neamhchinnteacht dhlithiúil atá ann is ea an cuspóir.
|
|
Basic Options
|
NA ROGHANNA BUNÚSACHA
|
|
In the Impact Assessment report various options for Community action are described to address these issues varying from no further action to statutory actions. Although the so-called “basic approaches” were considered, given that the initiative in question concerns a revision for which clear areas for action have been identified through the extensive consultation, the detailed analysis of impacts has been based on the options for action of the 4 main issues that were identified for possible review in the legislation.
|
SA TUARASCÁIL faoin measúnú iarmharta déantar cur síos ar roghanna éagsúla i gcomhair gnímh Comhphobail chun déileáil leis na saincheisteanna seo. Tá éagsúlacht mhór idir na roghanna sin, ina measc amhail gan gníomh ar bith a dhéanamh (an cás a fhágáil mar atá sé) agus caingne dlí. Rinneadh na "modhanna bunúsacha" a bhreithniú, ach de bhrí go mbaineann an tionscnamh i dtrácht le hathbhreithniú a bhfuil réimsí soiléire gnímh aitheanta dó trí chomhairliúchán leathan, bunaíodh mionanailís na n-iarmhairtí ar na roghanna gnímh a ghabhann leis na ceithre phríomh-shaincheist a sainaithníodh go m'bhféidir go ndéanfaí athbhreithniú orthu sa reachtaíocht.
|
|
No intervention would maintain the current situation with scattered legislation with the following negative effects:
|
I gcás nach ndéanfaí aon idirghabháil ní thiocfadh aon athrú ar an staid mar atá sí ina bhfuil reachtaíocht scaipthe anseo agus ansiúd agus ag a bhfuil an tionchar diúltach seo a leanas:
|
|
- piecemeal and confusing rules undermining the effective implementation;
|
- rialacha seachránacha mearbhlacha a lagaíonn cur chun feidhme éifeachtúil;
|
|
- unjustified burdens on food business because of outdated, redundant or unclear requirements;
|
- ualaí nach bhfuil call leo ar an earnáil bia i ngeall ar cheanglais atá as dáta, iomarcach nó míshoiléir;
|
|
- inconsistent consumer use of labels;
|
- úsáid neamhréireach lipéad ag tomhaltóirí;
|
|
- ineffectiveness of labelling as a communication tool;
|
- lipéadú neamhéifeachtúil mar uirlis chumarsáide;
|
|
- failure of the legislation to adapt to changing markets and consumers' legitimate demands.
|
- cliseadh ar an reachtaíocht oiriúnú a dhéanamh do na margaí atá ag síorathrú agus d'éilimh dhlisteanacha tomhaltóirí.
|
|
Intervention was considered in the context of deregulation, national legislation, non-statutory approach or updating Community legislation.
|
Breithníodh idirghabháil a dhéanamh i gcomhthéacsanna éagsúla, eadhon dírialáil, an reachtaíocht náisiúnta, cur chuige neamhreachtúil agus i gcomhthéacs reachtaíocht an Chomhphobail a athrú chun dáta.
|
|
A deregulatory approach would entail the abolition of the basic policy instruments on horizontal food labelling rules with a direct impact on vertical labelling rules. Non-harmonised rules would impair the internal market, lead to poor information and reduce the level of consumer protection. Dismantling the existing rules would meet resistance from most Member States and consumers given that they are used to the current requirements and any change could be seen as an abandonment of a valuable "acquis". Therefore, deregulation was not considered a viable approach .
|
Is éard a bheadh i gceist le cur chuige dírialála na hionstraimí bunúsacha beartais i gcomhair rialacha cothrománacha maidir le lipéadú bia a chealú, rud a mbeadh tionchar díreach aige ar na rialacha ceartingearacha maidir le lipéadú. Le rialacha neamh-chomhchuibhithe chuirfí bac ar an margadh inmheánach, chruthófaí faisnéis mhíchruinn agus laghdófaí an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóirí. Bheadh formhór na mBallstát agus na dtomhaltóirí in aghaidh na rialacha atá ann cheana a chealú de bhrí go bhfuil cleachtadh acu ar na ceanglais reatha agus seans go measfaí gur tréigean acquis fiúntach a bheadh in aon athrú. Dá bhrí sin, ní mheastar gur cur chuige inmharthana é an dírialáil.
|
|
National legislation and repeal of the Community rules would result in different national rules that would impede the internal market; distortion of fair competition; increased administrative burden for industry; inconsistent approach in content and availability of information creating confusion for consumers; different level of protection for EU citizens.
|
Seo a leanas an toradh a bheadh ar reachtaíocht náisiúnta agus aisghairm rialacha an Chomhphobail: rialacha éagsúla náisiúnta a chuirfeadh bac ar an margadh inmheánach; iomaíocht chothrom as riocht; ualach riaracháin méadaithe ar thionscal; cur chuige neamhréireach ó thaobh inneachair agus infhaighteachta faisnéise de, rud a chuirfeadh mearbhall ar thomhaltóirí; leibhéil éagsúla cosanta do shaoránaigh an AE.
|
|
Alternative non-statutory approach - The different features of consumer information and current trends towards the development of a "new legislative culture" called for the assessment of an approach that could strike the balance between flexibility and prescription and between action at the national and action at the EU level. A multi-level bottom-up governance based on the principle of commitment to best practice and data sharing between stakeholders could be a viable alternative for certain aspects of the legislation and this innovative mechanism has been assessed as an option.
|
Cur chuige malartach neamhreachtúil – i ngeall ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus ar an gclaonadh atá ann i dtreo "cultúr nua reachtaíochta" a fhorbairt is gá measúnú a dhéanamh ar chur chuige a bheadh leath bealaigh idir solúbthacht agus forordú agus idir gníomh ar an leibhéal náisiúnta agus gníomh ar an leibhéal AE. D'fhéadfadh sé go mbeadh rialú il-leibhéil ón mbonn aníos a bheadh bunaithe ar phrionsabal an tiomantais don chleachtas is fearr agus do chomhroinnt sonraí idir geallsealbhóirí ina rogha malartach inmharthana i gcomhair gnéithe áirithe den reachtaíocht agus tá an mheicníocht nuálaíoch seo á meas mar rogha.
|
|
POLICY ISSUES AND SPECIFIC OPTIONS
|
SAINCHEISTEANNA BEARTAS AGUS ROGHANNA SAINIÚLA
|
|
Policy Issue 1: Legibility of the information
|
Saincheist Beartais 1: Inléiteacht na faisnéise
|
|
Current problems
|
Fadhbanna reatha
|
|
Although the framework Directive requires that the mandatory requirements be easy to understand, marked in a conspicuous place and in such a way as to be easily visible, clearly legible and indelible , there is widespread complaint that labels are neither legible nor understandable. The most frequent complaint in particular is the size of the type face.
|
Cé go gceanglaíonn an Treoir réime nach mór na ceanglais éigeantacha bheith furasta le tuiscint agus suite go feiceálach sa chaoi go bhfuil siad sofheicthe gan dua, lán-inléite agus doscriosta , is fíormhinic a dhéantar an gearán nach bhfuil na lipéid inléite ná intuigthe. Méid na gclófhoirne is ea an chúis gearáin is coitianta.
|
|
Policy options
|
Roghanna beartas
|
|
The options of no EU action, a voluntary approach, and statutory approach including standardisation of labels or setting of a minimum font size were examined.
|
Scrúdaíodh na roghanna amhail nach ndéanfadh an tAE aon ghníomh, cur chuige deonach agus cur chuige reachtúil, lena n-áirítear na lipéid a chaighdeánú nó clómhéid íosta a leagan síos.
|
|
Main findings
|
Príomhthorthaí
|
|
The analysis showed that specific rules on typeface size would address one of the fundamental issues related to legibility of information. However, it is recognised that this is not the only aspect. If other aspects of legibility are seen to be creating a significant problem for consumers then the desirability of harmonisation on these factors may need to be addressed in the future.
|
Léiríodh san anailís go rachadh rialacha sainiúla i ndáil le méid na gclónna i ngleic le ceann de na saincheisteanna bunúsacha ó thaobh inléiteachta faisnéise de. Aithnítear, áfach, nach é seo an t-aon ghné amháin atá i gceist. Má mheastar go n-eascraíonn fadhb shuntasach do thomhaltóirí as gnéithe eile a bhaineann le hinléiteacht, b'fhéidir go mbeidh gá amach anseo cuimhneamh ar na tosca seo a chomhchuibhiú.
|
|
There is inadequate information to assess the impact of the change in the legislation to include a minimum font size however manufacturers already have to follow the principle that their labels should be legible so the inclusion of specific requirements related to legibility in the legislation would provide a framework through which it could be expected that the label would be legible for the average consumer.
|
Níl a dhóthain eolais ann chun measúnú a dhéanamh ar an iarmhairt a bheadh ar athrú sa reachtaíocht sa chruth go n-áireofaí clómhéid íosta, ach mar sin féin, faoi láthair, ní mór do na monaróirí cloí leis an bprionsabal gur chóir go mbeadh a gcuid lipéad inléite; dá bhrí sin, ach ceanglais shainiúla maidir le hinléiteacht a áireamh sa reachtaíocht sholáthrófaí creat a d'fhágfadh, is dócha, go mbeadh an gnáthchustaiméir in ann an lipéad a léamh.
|
|
Further prescription on the legibility of food labels has been opposed by the business stakeholders so far, as they fear it will increase the costs of food labelling and reduce their flexibility. However, this is one of the key issues of the revision, since it does not make sense to set obligations as to the information to be provided to the consumer if the latter cannot make use of it. Therefore, it is considered that there will be no benefit from any review of the labelling legislation if it does not lead to more readable labels.
|
Go nuige seo, tá na geallsealbhóirí gnó in aghaidh a thuilleadh saintreorach maidir le hintléiteacht na lipéad bia ós rud é go bhfuil imní orthu go méadófar na costais a bhaineann le lipéadú bia agus go laghdófar an tsolúbthacht atá acu dá bharr. Tá sé seo ar cheann de na saincheisteanna bunúsacha i ndáil leis an athbhreithniú, áfach, mar nach bhfuil ciall le hoibleagáidí a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar don tomhaltóir más rud é nach féidir leis an tomhaltóir úsáid a bhaint aisti. Meastar, mar sin, nach dtiocfaidh aon tairbhe as athbhreithniú ar bith ar an reachtaíocht mura lipéid níos inléite an toradh a bheidh air.
|
|
Policy Issue 2: Lack of information on allergenic ingredients on non-prepacked food
|
Saincheist Beartais 2: Easpa eolais i dtaobh comhábhar ailléirgineach ar bhia réamhphacáilte
|
|
Current problems
|
Fadhbanna reatha
|
|
Consumers who have allergies or intolerances to certain food ingredients are well served by the current legislation in relation to the provision of information on prepacked foods. However, these foods make up only part of the diet of such consumers and increasingly there are demands to extend the pre-packed requirements to non-pre-packed food. Especially as there are potential health implications if the wrong information is provided or is implied.
|
I ngeall ar an reachtaíocht reatha maidir le soláthar faisnéise faoi bhia réamhphacáilte cruthaítear go maith do thomhaltóirí a bhfuil ailléirgí nó éadulaingt orthu le comhábhair éagsúla bia. Níl sna bianna seo ach cuid de chothú na dtomhaltóirí seo agus tá éilimh ann atá ag méadú i rith an ama na ceanglais a bhaineann le bia réamhphacáilte a leathnú d'fhonn bia neamh-réamhphacáilte a fholú. Is amhlaidh, go háirithe, de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh impleachtaí sláinte ann dá soláthrófaí faisnéis mhícheart nó dá dtabharfaí é sin le tuiscint.
|
|
Policy options
|
Roghanna beartas
|
|
The options of no EU action, a voluntary approach, and a statutory approach to extend mandatory allergens labelling to non-prepacked food were examined.
|
Scrúdaíodh na roghanna amhail nach ndéanfadh an tAE aon ghníomh, agus cur chuige reachtúil d'fhonn lipéadú éigeantach i ndáil le hailléirginí a leathnú d'fhonn bia neamh-réamhphacáilte a fholú.
|
|
Main findings
|
Príomhthorthaí
|
|
The analysis shows that providing information about the presence of allergens would respond to a safety and health concern expressed by consumers. Although in terms of business affected the overall cost is likely to be significant, the operational costs are difficult to quantify. The actual production of a physical label for food sold loose seems to be a rather unproblematic feature but there might be issues with generating and updating the information. Ensuring that the required information is readily available to retailers selling non-prepacked food and to restaurants from their suppliers would reduce the information costs. Flexibility for Member States with the implementation should allow tailoring the measures to the domestic characteristics of each Member State’s food retail and food catering business and might enable a more cost effective regime.
|
Léirítear san anailís gurb ionann faisnéis a sholáthar faoi na hailléirginí dá bhfuil ann agus déileáil le cúis amháin imní i dtaca le sábháilteacht agus sláinte a chuir tomhaltóirí in iúl. Ó thaobh an difir a dhéanfar do ghnó, is dóchúil go mbeidh an costas iomlán ard go leor, ach mar sin féin, is deacair na costais oibríochtúla a thomhas. Is cosúil nach bhfuil aon fhadhb mhór ag baint le táirgeadh an lipéid féin i gcás bia a dhíoltar gan phacáistíocht, ach b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag baint le cruthú agus nuashonrú na faisnéise. Thiocfadh laghdú ar na costais faisnéise ach teacht furasta ar an bhfaisnéis riachtanach a áirithiú do mhiondíoltóirí a dhíolann bia neamh-réamhphacáilte agus do bhialanna óna gcuid soláthróirí. Dá mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit i ndáil leis an gcur chun feidhme, ba chóir go mbeifí in ann na bearta a chur in oiriúint do thréithe náisiúnta mhargadh miondíolta bia agus lónadóireachta gach Ballstáit ar leith, agus seans go bhféadfaí córas níos cost-éifeachtúla a chruthú dá bharr.
|
|
Under a voluntary approach there is less likely to be consistency in the provision of reliable and accurate information.
|
Faoi chur chuige deonach tá níos lú seans go mbainfear comhsheasmhacht amach ó thaobh faisnéis atá iontaofa cruinn a sholáthar.
|
|
Policy Issue 3: Clarification of the use of origin labelling on foods
|
Saincheist Beartais 3: An úsáid a bhaintear as lipéadú de réir ionaid tionscnaimh a shoiléiriú ar bhianna
|
|
Current problems
|
Fadhbanna reatha
|
|
Details about the origin of products are often found on food labels, either because legislation requires that this is present or a company voluntarily decides to provide such information. Although detailed data is unavailable, it would seem that more and more products contain some indication of origin. This leads to expectations from consumers to both more origin labelling and assurances that when it is provided they can be certain that the information is not false or misleading . The latter issue is also of interest to the industry, not least as the use of origin labelling can give a competitive advantage . Consequently they would wish to have a level playing field across the EU, with clear 'rules' on origin labelling. However, at the horizontal level of legislation such rules are not in place.
|
Is minic a bhíonn sonraí maidir le hionad tionscnaimh táirge le feiceáil ar lipéid bia, bíodh sé seo i ngeall ar reachtaíocht lena gceanglaítear é nó bíodh sé i ngeall ar chinneadh a dhéanann gnólacht as a stuaim féin an fhaisnéis sin a sholáthar. Cé nach bhfuil sonraí níos mine ar fáil, is cosúil gur ag dul i méad atá líon na dtáirgí ar a bhfuil tagairt éigin don ionad tionscnaimh. Fágann sé seo go mbíonn tomhaltóirí ag súil le tuilleadh lipéadaithe de réir ionaid tionscnaimh agus le dearbhuithe, nuair a thugtar an fhaisnéis sin, gur féidir glacadh leis nach bhfuil sí bréagach ná míthreorach . Díol spéise don tionscal is ea an ní deireanach seo freisin, go mór mór ó tharla gur féidir buntáiste iomaíoch a fháil ón úsáid a bhaintear as lipéadú de réir ionaid tionscnaimh . Dá bharr sin, ba mhian leo go mbeadh coinníollacha cothroma ann ar fud an AE agus go mbeadh 'rialacha' soiléire maidir le lipéadú de réir ionaid tionscnaimh leagtha síos. Ach ar leibhéal cothrománach na reachtaíochta níl rialacha dá leithéidí i bhfeidhm.
|
|
Policy options
|
Roghanna beartas
|
|
The options of no EU action, a voluntary approach and a statutory approach to require mandatory origin labelling for all unprocessed food or to address specific justified demands of origin labelling or to lay down criteria to frame the voluntary use of origin labelling were examined.
|
Scrúdaíodh na roghanna amhail nach ndéanfadh an tAE aon ghníomh, cur chuige deonach, agus cur chuige reachtúil d'fhonn lipéadú éigeantach de réir ionaid tionscnaimh a cheangal i gcás gach uile shaghas bia neamhphróiseáilte nó d'fhonn déileáil le héilimh shainiúla maidir le lipéadú de réir tionscnaimh a bhfuil call leo nó d'fhonn critéir a leagan síos chun an úsáid dheonach a bhaintear as lipéadú de réir ionaid tionscnaimh a chinntiú.
|
|
Main findings
|
Príomhthorthaí
|
|
Consumers across the European Union value country of origin information on foods. The costs of mandatory country of origin labelling are variable and dependent on the extent of the requirement. However, the potential costs are reduced through the number of companies that already provide such information and through existing tracking and tracing systems. A suitable transition period that enabled for any labelling changes that might be required to be incorporated into the usual labelling cycle would help to reduce any direct costs associated with changes in the legislation.
|
Tá meas ag tomhaltóirí ar fud an AE as an bhfaisnéis a bhíonn ar bhianna faoin tír thionscnaimh. Athraíonn na costais a bhaineann le lipéadú éigeantach de réir tíre tionscnaimh agus braitheann siad ar fhairsinge an cheanglais. Ach is amhlaidh a laghdaítear na costais a d'fhéadfadh a bheith ann trí líon na ngnólachtaí a sholáthraíonn faisnéis dá leithéid cheana agus trí chórais rianaithe agus lorgaireachta atá ann cheana. Le hidirthréimhse iomchuí ann a d'fhágfadh go bhféadfaí aon athruithe ar lipéadú a d'fhéadfadh gá bheith leo a ionchorprú sa ghnáth-thimthriall lipéadaithe, chuideofaí aon chostais dhíreacha a bhaineann le hathruithe sa reachtaíocht a laghdú.
|
|
In meeting consumers’ demands and contributing to an informed choice the introduction of different degrees of origin labelling for different food products, modelled after the different consumers’ demands for labelling would constitute a benefit compared to the current situation. However, to secure these benefits, the country of origin label has to be clear, understandable and not misleading to the consumer. Current labelling practices are poorly understood by consumers and are sometimes even misleading. Clarification about the use of origin labelling would thus be a benefit to the consumers but also to industry and enforcement authorities.
|
Dá dtabharfaí isteach céimeanna éagsúla do lipéadú de réir ionaid tionscnaimh, agus iad bunaithe ar éilimh na dtomhaltóirí, i gcás táirgí éagsúla bia, dul chun cinn a bheadh ann i gcomparáid leis an staid reatha sa mhéid is go sásófaí éilimh na dtomhaltóirí agus go gcuideofaí leo roghanna eolacha a dhéanamh. Chun na buntáistí seo a bhaint amach, áfach, ní foláir go mbeidh an lipéad maidir leis an tír thionscnaimh soiléir sothuigthe agus níor chóir go mbeadh sé míthreorach. Is ar éigean a thuigeann tomhaltóirí na cleachtais lipéadaithe dá bhfuil ann anois agus, ar uairibh, cuireann na cleachtais sin na tomhaltóirí amú. Mar sin, is iad na tomhaltóirí, an tionscal agus na húdaráis forfheidhmiúcháin a bheadh thuas leis, ach an chaoi ina n-úsáidtear lipéadú de réir ionaid tionscnaimh a shoiléiriú.
|
|
Policy Issue 4: Consistent application of ingredients listing rules
|
Saincheist Beartais 4: Na rialacha maidir le liostú comhábhar a chur i bhfeidhm go seasta
|
|
Current problems
|
Fadhbanna reatha
|
|
Currently, alcoholic beverages are not required to bear listing of ingredients. This situation is not the result of an explicit derogation granted by Directive 2000/13/EC but of a legal limbo rooted in the acknowledgement that specific rules are needed for ingredient listing of alcoholic beverages because of their particular characteristics and production methods. So, whilst there is in the current legislation a theoretical obligation for alcoholic beverages to label their ingredients, in reality this requirement never became operational due to the lack of specific rules.
|
Níl sé de cheanglas faoi láthair liosta comhábhar a bheith ar dheochanna alcólacha. Níl sé seo mar thoradh ar mhaolú follasach arna dheonú le Treoir 2000/13/CE, ach is amhlaidh atá sé i ngeall ar neamhchinnteacht dlí a eascraíonn as an tuiscint go bhfuil gá le rialacha sainiúla maidir le liostú comhábhar deochanna alcólacha ó tharla go bhfuil tréithe agus modhanna táirgthe ar leith ag baint leis na deochanna sin. Dá bhrí sin, cé go bhfuil ceanglas teoiriciúil sa reachtaíocht reatha comhábhair deochanna alcólacha a bheith ar an lipéad, ní chuirtear an ceanglas seo i bhfeidhm riamh i ngeall ar easpa rialacha sainiúla.
|
|
Policy options
|
Roghanna beartas
|
|
The options of no EU action, voluntary approach and statutory approach to exempt all or part of alcoholic beverages from ingredients listing or on the contrary to make operational the current rules have been examined.
|
Scrúdaíodh na roghanna amhail nach ndéanfadh an tAE aon ghníomh, cur chuige deonach agus cur chuige reachtúil d'fhonn na deochanna alcólacha go léir nó cuid acu a dhíolmhú ón liostú comhábhar, é sin nó na rialacha reatha a chur i bhfeidhm.
|
|
Main findings
|
Príomhthorthaí
|
|
There is little evidence on the impacts of extending horizontal, mandatory ingredient listing requirements to alcoholic beverages, which so far have been exempt from regulation and the level of consumer interest in ingredient labelling of alcoholic beverages is unclear.
|
Is beag fianaise atá ann maidir leis an toradh a bheadh ar na ceanglais chothrománacha éigeantacha maidir le liostú comhábhar a leathnú d'fhonn deochanna alcólacha a fholú, deochanna a bhí saor ó rialú go nuige seo. Thairis sin, ní fios an méid suime atá ag tomhaltóirí i lipéadú comhábhar ar dheochanna alcólacha.
|
|
Although significant progress has been made in relation to the labelling of allergens, the situation is still unchanged for other ingredients which may be present in alcoholic drinks and not labelled, such as food additives and flavours that are used in many of these drinks, including ready-to-drink beverages, without any information for consumers. Consumers should be provided with information that is useful and vital to enable them to make an informed decision and often to prevent them from being misled. Therefore, the use of substances that are likely to influence the consumer's choice because of their presence or technological effect on the finished product should normally be expected to result in compulsory labelling.
|
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le lipéadú ailléirginí, níl aon athrú ar an scéal i dtaca le comhábhair eile a d'fhéadfadh a bheith i ndeochanna alcólacha ach nach bhfuil trácht orthu ar an lipéad, amhail breasáin bia agus blastáin a úsáidtear i roinnt mhaith de na deochanna seo, lena n-áirítear deochanna réamhullmhaithe, rud a fhágann go bhfuil na tomhaltóirí aineolach ina dtaobh. Ba chóir go dtabharfaí faisnéis úsáideach rí-thábhachtach do thomhaltóirí sa chruth go mbeidh siad in ann roghanna eolacha a dhéanamh agus sa chruth nach gcuirfear amú iad. Mar sin, i gcás substaintí a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar rogha an tomhaltóra má bhíonn siad i dtáirge nó i ngeall ar an éifeacht theicniúil atá acu ar an táirge críochnaithe, ba chóir, sa chuid is mó de na cásanna, lipéadú éigeantach a cheangail.
|
|
Introducing ingredient listings would impose some small costs on the producers to change and print new labels, while the actual ingredient listing should be readily available to the company.
|
Dá dtabharfaí liostaí comhábhar isteach chuirfí costais bheaga ar tháirgeoirí ós rud é go mbeadh orthu na lipéid a athrú agus iad a chló, ach ar a laghad, ba chóir go mbeadh teacht furasta acu ar an liosta comhábhar féin.
|
|
Conclusion
|
Conclúid
|
|
In considering the various options and their respective impacts, the challenge for the Commission is how to streamline and simplify the food labelling scene without undermining the high level of consumer protection pursued by the Community. The impact of any regulatory approach could be minimised by providing transition periods that allow for the labelling changes to be made during the normal cycle for label changes that are in operation within a company.
|
Nuair a chuirtear na roghanna éagsúla agus na hiarmhairtí a ghabhann leo san áireamh, is é an dúshlán atá roimh an gCoimisiún conas cúrsaí lipéadaithe a chuíchóiriú agus a shimpliú gan an t-ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí atá an Comhphobal ag iarraidh baint amach a laghdú. D'fhéadfaí an iarmhairt a bheadh ag aon chur chuige rialála a íoslaghdú ach idirthréimhsí a cheadú, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí na hathruithe lipéadaithe a dhéanamh le linn an ghnáth-thimthriall atá i bhfeidhm i ngnólachtaí le haghaidh athruithe ar lipéid.
|