Bilingual display

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV  BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HU IT LT LV MT NL PL PT RO SK SL SV 

en

ga

 
Regulation (EC) No 717/2007 of the European Parliament and of the Council
Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
of 27 June 2007
an 27 Meitheamh 2007
on roaming on public mobile telephone networks within the Community and amending Directive 2002/21/EC
maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE
(Text with EEA relevance)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Having regard to the Treaty establishing the European Community, and in particular Article 95 thereof,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Having regard to the proposal from the Commission,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Having regard to the opinion of the European Economic and Social Committee [1],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1],
Having consulted the Committee of the Regions,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Acting in accordance with the procedure laid down in Article 251 of the Treaty [2],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [2],
Whereas:
De bharr an méid seo a leanas:
(1) The high level of the prices payable by users of public mobile telephone networks, such as students, business travellers and tourists, when using their mobile telephones when travelling abroad within the Community is a matter of concern for national regulatory authorities, as well as for consumers and the Community institutions. The excessive retail charges are resulting from high wholesale charges levied by the foreign host network operator and also, in many cases, from high retail mark-ups charged by the customer's own network operator. Reductions in wholesale charges are often not passed on to the retail customer. Although some operators have recently introduced tariff schemes that offer customers more favourable conditions and lower prices, there is still evidence that the relationship between costs and prices is not such as would prevail in fully competitive markets.
(1) Is ábhar imní do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus do thomhaltóirí agus do na hinstitiúidí Comhphobail freisin, leibhéal ard na bpraghsanna a bhíonn iníoctha ag úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, amhail mic léinn, taistealaithe gnó agus turasóirí, nuair a úsáideann siad a dteileafóin shoghluaiste agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch laistigh den Chomhphobal. Is ann do na muirir mhiondíola iomarcacha mar thoradh ar mhuirir mhórdhíola arda arna dtoibhiú ag oibreoir an líonra óstaigh choigríche agus freisin, i mórán cásanna, mar thoradh ar arduithe móra miondíola arna muirearú ag oibreoir líonra an chustaiméara féin. Is minic nach gcuirtear laghduithe ar mhuirir mhórdhíola ar aghaidh chuig an gcustaiméir miondíola. Cé go bhfuil roinnt oibreoirí tar éis scéimeanna taraifí a thabhairt isteach le gairid a thairgeann coinníollacha níos fabhraí agus praghsanna níos ísle do chustaiméirí, tá fianaise fós ann nach bhfuil an gaol idir na costais agus na praghsanna amhail agus a bheadh i réim i margaí a bheadh go hiomlán iomaíoch.
(2) The creation of a European social, educational and cultural area based on the mobility of individuals should facilitate communication between people in order to build a real "Europe for Citizens".
(2) Trí limistéar sóisialta, oideachais agus cultúrtha Eorpach bunaithe ar shoghluaisteacht daoine aonair a chruthú, ba chóir go n-éascófaí an chumarsáid idir dhaoine ionas go ndéanfaí forbairt iarbhír ar "Eoraip do Shaoránaigh".
(3) Directive 2002/19/EC of the European Parliament and of the Council of 7 March 2002 on access to, and interconnection of, electronic communications networks and associated facilities (Access Directive) [3], Directive 2002/20/EC of the European Parliament and of the Council of 7 March 2002 on the authorisation of electronic communications networks and services (Authorisation Directive) [4], Directive 2002/21/EC of the European Parliament and of the Council of 7 March 2002 on a common regulatory framework for electronic communications networks and services (Framework Directive) [5], Directive 2002/22/EC of the European Parliament and of the Council of 7 March 2002 on universal service and users' rights relating to electronic communications networks and services (Universal Service Directive) [6] and Directive 2002/58/EC of the European Parliament and of the Council of 12 July 2002 concerning the processing of personal data and the protection of privacy in the electronic communications sector (Directive on privacy and electronic communications) [7] (hereinafter together referred to as "the 2002 regulatory framework for electronic communications") aim to create an internal market for electronic communications within the Community while ensuring a high level of consumer protection through enhanced competition.
(3) Maidir le Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu, (Treoir na Rochtana) [3], Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) [4], Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Chreata) [5], Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) [6] agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) [7] (dá ngairtear, agus iad a áireamh le chéile, "creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach" anseo feasta), tá sé d'aidhm acu margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú sa Chomhphobal agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a chinntiú trí iomaíocht fheabhsaithe.
(4) This Regulation is not an isolated measure, but complements and supports, insofar as Community-wide roaming is concerned, the rules provided for by the 2002 regulatory framework for electronic communications. That framework has not provided national regulatory authorities with sufficient tools to take effective and decisive action with regard to the pricing of roaming services within the Community and thus fails to ensure the smooth functioning of the internal market for roaming services. This Regulation is an appropriate means of correcting this situation.
(4) Ní beart aonarach an Rialachán seo, ach, chomh fada agus a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail, comhlánaíonn sé na rialacha dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, agus tá sé mar thaca leo. Níor tugadh, leis an gcreat sin, dóthain uirlisí do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta chun gníomhú go héifeachtúil agus go cinntitheach maidir le praghsáil na seirbhísí fánaíochta sa Chomhphobal, agus ar an dóigh sin ní éiríonn leis feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta a áirithiú. Is meán cuí é an Rialachán seo chun an staid sin a chur ina cheart.
(5) The 2002 regulatory framework for electronic communications draws on the principle that ex ante regulatory obligations should only be imposed where there is not effective competition, providing for a process of periodic market analysis and review of obligations by national regulatory authorities, leading to the imposition of ex ante obligations on operators designated as having significant market power. The elements constituting this process include the definition of relevant markets in accordance with the Commission's Recommendation [8] on relevant product and service markets within the electronic communications sector susceptible to ex ante regulation in accordance with Directive 2002/21/EC (hereinafter referred to as "the Recommendation"), the analysis of the defined markets in accordance with the Commission's guidelines on market analysis and the assessment of significant market power under the Community regulatory framework for electronic communications networks and services [9], the designation of operators with significant market power and the imposition of ex ante obligations on operators so designated.
(5) Déanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach leas a bhaint as an bprionsabal nár chóir oibleagáidí rialaitheacha ex ante a fhorchur ach amháin i gcás nach mbeidh iomaíocht éifeachtúil ann, agus foráiltear leis do phróiseas ina ndéanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta anailís mhargaidh agus athbhreithniú oibleagáidí go tréimhsiúil, as a leanfaidh forchur oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmneofar mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. Áirítear ar na heilimintí den phróiseas sin sainmhíniú ar na margaí ábhartha i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún [8] maidir leis na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a oirfeadh do rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE (dá ngairtear "an Moladh" anseo feasta), anailís ar na margaí sainmhínithe i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh faoi chreat rialaitheach an Chomhphobail maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí [9], ainmniú oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus forchur na n-oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmnítear amhlaidh.
(6) The Recommendation identifies as a relevant market susceptible to ex ante regulation the wholesale national market for international roaming on public mobile networks. However, the work undertaken by the national regulatory authorities (both individually and within the European Regulators Group) in analysing the wholesale national markets for international roaming has demonstrated that it has not yet been possible for a national regulatory authority to address effectively the high level of wholesale Community-wide roaming charges because of the difficulty in identifying undertakings with significant market power in view of the specific circumstances of international roaming, including its cross-border nature.
(6) Aithnítear sa Mholadh an margadh náisiúnta mórdhíola i gcomhair fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste mar mhargadh ábhartha a d'oirfeadh do rialáil ex ante. Mar sin féin, tá léirithe ag an obair atá déanta ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta (ina n-aonar agus laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha) ina n-anailís ar na margaí náisiúnta mórdhíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta nár fhéad údarás rialaitheach náisiúnta go dtí seo dul i ngleic go héifeachtúil leis an leibhéal ard atá ag muirir mhórdhíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail mar gheall ar an deacracht a bhaineann le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a aithint i bhfianaise imthosca sainiúla na fánaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gcineál trasteorann.
(7) As regards the retail provision of international roaming services, the Recommendation does not identify any retail market for international roaming as a relevant market, owing among other things to the fact that international roaming services at retail level are not purchased independently but constitute only one element of a broader retail package purchased by customers from their home provider.
(7) Maidir le soláthar miondíola na seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta, ní aithnítear sa Mholadh aon mhargadh miondíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta mar mhargadh ábhartha, de bhrí, i measc rudaí eile, nach ndéantar seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta a cheannach go neamhspleách ar leibhéal miondíola agus nach bhfuil iontu ach eilimint amháin de phacáiste miondíola níos leithne a cheannaíonn custaiméirí óna soláthraí baile.
(8) In addition, the national regulatory authorities responsible for safeguarding and promoting the interests of mobile customers normally resident within their territory are not able to control the behaviour of the operators of the visited network, situated in other Member States, on whom those customers depend when using international roaming services. This obstacle could also diminish the effectiveness of measures taken by Member States based on their residual competence to adopt consumer protection rules.
(8) Chomh maith leis sin, maidir leis na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as cosaint agus cur chun cinn leasanna custaiméirí teileafón soghluaiste a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch, níl ar a gcumas rialú a dhéanamh ar iompar oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus a bhfuil na custaiméirí sin ag brath air agus iad ag úsáid seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta. D'fhéadfadh an bac sin freisin laghdú ar éifeachtúlacht na mbeart a bheadh glactha ag Ballstáit bunaithe ar an inniúlacht a bheadh fágtha acu rialacha cosanta tomhaltóirí a ghlacadh.
(9) Accordingly, there is pressure for Member States to take measures to address the level of international roaming charges, but the mechanism for ex ante regulatory intervention by national regulatory authorities provided by the 2002 regulatory framework for electronic communications has not proved sufficient to enable those authorities to act decisively in the consumers' interest in this specific area.
(9) Dá réir sin, tá brú á chur ar Bhallstáit bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le leibhéal na muirear fánaíochta idirnáisiúnta, ach ní leor an mheicníocht d'idirghabháil rialaitheach ex ante ag údaráis rialaitheacha náisiúnta dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach lena chur ar chumas na n-údarás sin gníomhú go cinntitheach chun leasa na dtomhaltóirí sa réimse sonrach sin.
(10) Furthermore, the European Parliament resolution on European electronic communications regulation and markets 2004 [10] called on the Commission to develop new initiatives to reduce the high costs of cross-border mobile telephone traffic, while the European Council of 23 and 24 March 2006 concluded that focused, effective and integrated information and communication technology (ICT) policies both at European and national level are essential to achieving the renewed Lisbon Strategy's goals of economic growth and productivity and noted in this context the importance for competitiveness of reducing roaming charges.
(10) Sa bhreis air sin, iarradh ar an gCoimisiún i rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le rialáil agus margaí chumarsáid leictreonach na hEorpa 2004 [10] tionscnaimh nua a fhorbairt chun costais arda an tráchta trasteorann teileafón soghluaiste a laghdú, agus tháinig Comhairle Eorpach an 23 agus an 24 Márta 2006 ar an gconclúid go bhfuil beartais fhócasaithe, éifeachtúla agus lánpháirtithe i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (ICT) ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta araon riachtanach chun spriocanna athnuaite Straitéis Liospóin i dtaca le fás eacnamaíoch agus táirgiúlacht a bhaint amach agus thug sí ar aird sa chomhthéacs sin an tábhacht don iomaíochas atá le muirir fánaíochta a laghdú.
(11) The 2002 regulatory framework for electronic communications, on the basis of considerations apparent at that time, was aimed at removing all barriers to trade between Member States in the area that it harmonised, inter alia, measures which affect roaming charges. However, this should not prevent the adaptation of harmonised rules in step with other considerations in order to find the most effective means of achieving a high level of consumer protection whilst improving the conditions for the functioning of the internal market.
(11) Bhí sé d'aidhm ag creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, bunaithe ar na cúinsí ba léir ag an am, deireadh a chur leis na bacainní go léir ar thrádáil idir Bhallstáit sa limistéar a ndearna sé comhchuibhiú air, inter alia, bearta a dhéanann difear do mhuirir fánaíochta. Mar sin féin, níor chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ar rialacha comhchuibhithe a oiriúnú ar aon dul le cúinsí eile chun na bealaí is éifeachtaí a fháil d'fhonn leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach fad agus na coinníollacha d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á bhfeabhsú.
(12) The 2002 regulatory framework for electronic communications, in particular the Framework Directive, should therefore be amended to allow for a departure from the rules otherwise applicable, namely that prices for service offerings should be determined by commercial agreement in the absence of significant market power, and to thereby accommodate the introduction of complementary regulatory obligations which reflect the specific characteristics of Community-wide roaming services.
(12) Ba chóir, dá bhrí sin, creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, go háirithe Treoir an Chreata, a leasú ionas go bhféadfar imeacht ó na rialacha a bheadh infheidhme murach sin, eadhon gur chóir praghsanna i gcomhair tairiscintí seirbhíse a chinneadh le comhaontú tráchtála nuair nach ann do chumhacht shuntasach sa mhargadh, agus leis sin go bhfreastalófar ar thabhairt isteach oibleagáidí rialaitheacha comhlántacha a léiríonn tréithe sonracha na seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail.
(13) The retail and wholesale roaming markets exhibit unique characteristics which justify exceptional measures which go beyond the mechanisms otherwise available under the 2002 regulatory framework for electronic communications.
(13) Léiríonn na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola tréithe uathúla atá ina n-údar maith le bearta eisceachtúla a théann níos faide ná na meicníochtaí a bhíonn ar fáil ar shlí eile faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach.
(14) Regulatory obligations should be imposed at both retail and wholesale level to protect the interests of roaming customers, since experience has shown that reductions in wholesale prices for Community-wide roaming services may not be reflected in lower retail prices for roaming owing to the absence of incentives for this to happen. On the other hand, action to reduce the level of retail prices without addressing the level of the wholesale costs associated with the provision of these services could risk disrupting the orderly functioning of the Community-wide roaming market.
(14) Ba chóir oibleagáidí rialaitheacha a fhorchur ar leibhéal miondíola agus ar leibhéal mórdhíola araon chun leasanna custaiméirí fánaíochta a chosaint, óir gur léir ón taithí nach gá gur praghsanna miondíola níos ísle i gcomhair fánaíochta a bheadh ann de thoradh laghduithe i bpraghsanna mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail, mar gheall ar easpa dreasachtaí chun go dtarlódh sin. Ar an láimh eile, d'fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfeadh gníomh chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú as d'fheidhmiú ordúil an mhargaidh fánaíochta ar fud an Chomhphobail mura rachfaí i ngleic le leibhéal na gcostas mórdhíola a ghabhann le soláthar na seirbhísí sin.
(15) These regulatory obligations should take effect as soon as possible, while providing the operators concerned with a reasonable period to adapt their prices and service offerings to ensure compliance, and apply directly in all Member States.
(15) Ba chóir go dtiocfadh na hoibleagáidí rialaitheacha sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus fós tréimhse réasúnta a thabhairt do na hoibreoirí lena mbaineann chun a gcuid tairiscintí praghsanna agus seirbhíse a oiriúnú chun comhlíonadh a chinntiú, agus ba chóir go mbeadh feidhm acu go díreach i ngach Ballstát.
(16) A common approach should be employed for ensuring that users of terrestrial public mobile telephone networks when travelling within the Community do not pay excessive prices for Community-wide roaming services when making or receiving voice calls, thereby achieving a high level of consumer protection while safeguarding competition between mobile operators and preserving both incentives for innovation and consumer choice. In view of the cross-border nature of the services concerned, this common approach is needed so that mobile operators can operate within a single coherent regulatory framework based on objectively established criteria.
(16) Ba chóir cur chuige comhchoiteann a úsáid chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí trastíre teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanann siad guthghlaonna nó nuair a fhaigheann siad guthghlaonna agus, ar an dóigh sin, leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach agus fós iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí don nuálaíocht agus do rogha do thomhaltóirí a chaomhnú. I bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, tá gá leis an gcur chuige comhchoiteann sin ionas gur féidir le hoibreoirí teileafón soghluaiste oibriú laistigh de chreat comhleanúnach aonair rialúcháin bunaithe ar chritéir a shuífear go hoibiachtúil.
(17) The most effective and proportionate approach to regulating the level of prices for making and receiving intra-Community roaming calls is the setting at Community level of a maximum average per-minute charge at wholesale level and the limiting of charges at retail level through the introduction of a Eurotariff. The average wholesale charge should apply between any pair of operators within the Community over a specified period.
(17) Is é an cur chuige is éifeachtúla agus is comhréirí i leith rialáil leibhéal na bpraghsanna chun glaonna fánaíochta a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal an mhórdhíola a shocrú ar leibhéal an Chomhphobail agus muirir a theorannú ar leibhéal miondíola, trí Eoratharaif a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir laistigh den Chomhphobal i rith tréimhse sonraithe.
(18) The Eurotariff should be set at a level which guarantees a sufficient margin to operators and encourages competitive roaming offerings at lower rates. Operators should actively offer a Eurotariff to all their roaming customers, free of charge, and in a clear and transparent manner.
(18) Ba chóir an Eoratharaif a shocrú ar leibhéal a ráthódh corrlach dóthanach d'oibreoirí agus a spreagfadh tairiscintí iomaíocha fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ba chóir d'oibreoirí Eoratharaif a thairiscint go gníomhach dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir, saor in aisce, agus ar dhóigh shoiléir thrédhearcach.
(19) This regulatory approach should ensure that retail charges for Community-wide roaming provide a more reasonable reflection of the underlying costs involved in the provision of the service than has been the case. The maximum Eurotariff that may be offered to roaming customers should therefore reflect a reasonable margin over the wholesale cost of providing a roaming service, whilst allowing operators the freedom to compete by differentiating their offerings and adapting their pricing structures to market conditions and consumer preferences. This regulatory approach should not apply to value added services.
(19) Ba chóir go gcinnteodh an cur chuige rialaitheach sin go dtabharfadh muirir mhiondíola ar fhánaíocht ar fud an Chomhphobail léargas níos réasúnaí ar na costais bhunúsacha a bhíonn i gceist le soláthar na seirbhíse le hais mar a bhí. Ba chóir, dá bhrí sin, go léireodh an Eoratharaif uasta a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí fánaíochta corrlach réasúnta ar an gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhís fánaíochta a sholáthar, agus fós an tsaoirse a thabhairt d'oibreoirí dul in iomaíocht trí idirdhealú a dhéanamh ar a gcuid tairiscintí agus a gcuid struchtúr praghsála a chur in oiriúint do choinníollacha an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Níor chóir go mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialaitheach sin maidir le seirbhísí breisluacha.
(20) This regulatory approach should be simple to implement and monitor in order to minimise the administrative burden both for the operators which are affected by its requirements and for the national regulatory authorities charged with its supervision and enforcement. It should also be transparent and immediately understandable to all mobile customers within the Community. Furthermore it should provide certainty and predictability to operators providing wholesale and retail roaming services. The level in monetary terms of the maximum per-minute charges at wholesale and retail level should therefore be specified in this Regulation.
(20) Ba chóir go mbeadh an cur chuige rialaitheach sin éasca le cur chun feidhme agus le monatóireacht a dhéanamh air chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú ar na hoibreoirí a ndéanann a chuid ceanglais difear dóibh agus ar na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a mbeidh maoirseacht agus forghníomhú de chúram orthu. Ba chóir freisin go mbeadh sé trédhearcach agus intuigthe láithreach do na custaiméirí teileafón soghluaiste go léir laistigh den Chomhphobal. Chomh maith leis sin, ba chóir go dtabharfadh sé cinnteacht agus intuarthacht d'oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus miondíola. Ba chóir, dá bhrí sin, leibhéal na muirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola agus ar leibhéal miondíola a shonrú go díreach i dtéarmaí airgid sa Rialachán seo.
(21) The maximum average per-minute charge at wholesale level so specified should take account of the different elements involved in the making of a Community-wide roaming call, in particular the cost of originating and terminating calls over mobile networks and including overheads, signalling and transit. The most appropriate benchmark for call origination and for call termination is the average mobile termination rate for mobile network operators in the Community, based on information provided by the national regulatory authorities and published by the Commission. The maximum average per-minute charge established by this Regulation should therefore be determined taking into account the average mobile termination rate, which offers a benchmark for the costs involved. The maximum average per-minute charge at wholesale level should decrease annually to take account of reductions in mobile termination rates imposed by national regulatory authorities from time to time.
(21) Ba chóir go ndéanfadh an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola, arna shonrú amhlaidh, na gnéithe difriúla a bhaineann le glao fánaíochta ar fud an Chomhphobail a dhéanamh a chur san áireamh, go háirithe costas thosú agus chríochnú na nglaonna thar líonraí teileafón soghluaiste mar aon le forchostais, comharthaíocht agus trasdul. Is é an pointe cóimheasa is oiriúnaí do thosú glao agus do chríochnú glao ná an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste i gcomhair oibreoirí líonra teileafón soghluaiste sa Chomhphobal, bunaithe ar fhaisnéis arna cur ar fáil ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún. Ba chóir an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid a chruthaítear leis an Rialachán seo a shocrú, dá bhrí sin, agus an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste á chur san áireamh, rud a thabharfaidh pointe cóimheasa i gcomhair na gcostas a bheidh i gceist. Ba chóir go laghdódh an meánráta uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola go bliantúil chun laghduithe ar rátaí críochnaithe le haghaidh teileafón soghluaiste a fhorchurifidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta ó am go ham a chur san áireamh.
(22) The Eurotariff applicable at retail level should provide roaming customers with the assurance that they will not be charged an excessive price when making or receiving a regulated roaming call, whilst leaving the home operators sufficient margin to differentiate the products they offer to customers.
(22) Ba chóir go ndeimhneodh an Eoratharaif is infheidhme ar leibhéal miondíola do chustaiméirí fánaíochta nach ngearrfar praghas iomarcach orthu nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad glao fánaíochta rialáilte, agus fós go bhfágfar corrlach dóthanach ag na hoibreoirí baile chun idirdhealú a dhéanamh ar na táirgí a thairgfidh siad dá gcuid custaiméirí.
(23) All consumers should have the option of choosing without additional charges or preconditions a simple roaming tariff which will not exceed regulated rates. A reasonable margin between wholesale costs and retail prices should ensure that operators cover all their specific roaming costs at retail level including appropriate shares of marketing costs and handset subsidies and are left with an adequate residual to yield a reasonable return. A Eurotariff is an appropriate means to provide both the consumer with protection and the operator with flexibility. In line with the wholesale level the maximum levels of the Eurotariff should decrease annually.
(23) Ba chóir go mbeadh an rogha, gan aon mhuirir bhreise nó réamhchoinníollacha a bheith ag gabháil leis, ag na custaiméirí go léir taraif shimplí fánaíochta a roghnú nach rachaidh thar na rátaí rialáilte. Ba chóir go gcinnteodh corrlach réasúnta idir na costais mhórdhíola agus na praghsanna miondíola go ndéanfaidh na hoibreoirí a gcuid costas sonrach fánaíochta go léir ar leibhéal miondíola a chlúdach, lena n-áirítear sciaranna cuí de chostais mhargaíochta agus fóirdheontais i gcomhair sásanna láimhe, agus go bhfágfar iad le hiarmhar dóthanach chun toradh réasúnta a bhaint amach. Is bealach cuí an Eoratharaif chun cosaint a thabhairt don tomhaltóir agus solúbthacht a thabhairt don oibreoir. Ar nós an leibhéil mhórdhíola, ba chóir go laghdódh leibhéil uasta na hEoratharaife go bliantúil.
(24) New roaming customers should be fully informed of the range of tariffs that exist for roaming within the Community, including the tariffs which are compliant with the Eurotariff. Existing roaming customers should be given the opportunity to choose a new tariff compliant with the Eurotariff or any other roaming tariff within a certain time frame. For existing roaming customers who have not made their choice within this time frame, it is appropriate to distinguish between those who had already opted for a specific roaming tariff or package before the entry into force of this Regulation and those who had not. The latter should be automatically accorded a tariff that complies with this Regulation. Roaming customers who already benefit from specific roaming tariffs or packages which suit their individual requirements and which they have chosen on that basis should remain on their previously selected tariff or package if, after having been reminded of their current tariff conditions, they fail to express a choice within the relevant time period. Such specific roaming tariffs or packages could include, for example, roaming flat-rates, non-public tariffs, tariffs with additional fixed roaming charges, tariffs with per-minute charges lower than the maximum Eurotariff or tariffs with set-up charges.
(24) Ba chóir raon iomlán na dtaraifí atá ann i gcomhair fánaíochta sa Chomhphobal, lena n-áirítear na taraifí a chomhlíonann an Eoratharaif, a chur in iúl go hiomlán do chustaiméirí nua fánaíochta. Ba chóir an deis a thabhairt do na custaiméirí fánaíochta atá ann cheana a rogha a dhéanamh maidir le taraif nua a chomhlíonann an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile laistigh de thréimhse ama áirithe. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ann cheana agus nach mbeidh a rogha déanta acu laistigh den tréimhse ama sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a roghnaigh taraif shonrach fánaíochta nó pacáiste sonrach fánaíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na daoine nach ndearna amhlaidh. Ba chóir taraif a chomhlíonfaidh ceanglais an Rialacháin seo a thabhairt go huathoibríoch do na custaiméirí is deireanaí atá luaite. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ag baint leasa cheana as taraifí nó pacáistí sonracha fánaíochta a oireann dá gcuid riachtanas aonair agus a bhíonn roghnaithe ar an mbunús sin acu, ba chóir go leanfaidís leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe roimhe sin acu más rud é, tar éis a gcuid coinníollacha taraife reatha a bheith meabhraithe dóibh, nach gcuirfidh siad rogha in iúl laistigh den tréimhse ama ábhartha. D'fhéadfadh sé go mbeadh san áireamh sna taraifí nó pacáistí fánaíochta sainiúla sin, mar shampla, cothromrátaí fánaíochta, taraifí neamhphoiblí, taraifí lena ngabhann muirir sheasta bhreise fánaíochta, taraifí lena ngabhann muirir in aghaidh an nóiméid atá níos ísle ná an Eoratharaif uasta nó taraifí lena ngabhann muirir bhunaithe.
(25) Providers of retail Community-wide roaming services should have a period within which to adjust their prices to comply with the limits laid down in this Regulation.
(25) Maidir le soláthraithe seirbhísí miondíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail ba chóir go mbeadh tréimhse ar fáil dóibh ina bhféadfaidh siad a bpraghsanna a choigeartú chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
(26) Similarly, providers of wholesale Community-wide roaming services should have an adaptation period to comply with the limits laid down in this Regulation.
(26) Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go mbeadh tréimhse oiriúnaithe ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta mórdhíola ar fud an Chomhphobail chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
(27) Since this Regulation provides that the Directives making up the 2002 regulatory framework for electronic communications are without prejudice to any specific measure adopted for the regulation of Community-wide roaming charges for mobile voice telephony calls, and since providers of Community-wide roaming services may be required by this Regulation to make changes to their retail roaming tariffs in order to comply with the requirements of this Regulation, such changes should not trigger for mobile customers any right under national laws transposing the 2002 regulatory framework for electronic communications to withdraw from their contracts.
(27) Ó tharla go bhforáiltear leis an Rialachán seo go bhfuil na Treoracha a chomhdhéanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach gan dochar d'aon bheart sonrach a ghlacfar chun rialáil a dhéanamh ar mhuirir fánaíochta ar fud an Chomhphobail i gcomhair glaonna guth-theileafónaíochta soghluaiste, agus ó tharla go bhféadfadh sé go ndéanfaí leis an Rialachán seo é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail athruithe a dhéanamh ar a dtaraifí miondíola fánaíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor chóir go ndúiseodh athruithe den sórt sin aon cheart, faoi na dlíthe náisiúnta a thrasuíonn creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, le haghaidh custaiméirí teileafón soghluaiste tarraingt siar as a gconarthaí.
(28) This Regulation should not prejudice innovative offers to consumers which are more advantageous than the maximum Eurotariff as defined in this Regulation, but rather should encourage innovative offers to roaming customers at lower rates. This Regulation does not require roaming charges to be reintroduced in cases where they have been abolished altogether, nor does it require existing roaming charges to be increased to the level of the limits set out in this Regulation.
(28) Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do thairiscintí nuálacha do chustaiméirí atá níos tairbhí ná an Eoratharaif uasta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, ach is amhlaidh gur chóir go spreagfadh sé tairiscintí nuálacha do chustaiméirí fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ní éilíonn an Rialachán seo go dtabharfaí muirir fánaíochta ar ais arís i gcásanna ina bhfuil deireadh curtha leo amach is amach, ná ní éilíonn sé go n-ardófaí muirir fánaíochta go dtí leibhéal na dteorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(29) Home providers may offer a fair-use, all-inclusive, monthly flat-rate to which no charge limits apply. This flat-rate could cover Community-wide roaming voice and/or data communication services (including Short Message Service (SMS) and Multimedia Messaging Service (MMS)) within the Community.
(29) Féadfaidh soláthraithe baile cothromráta míosúil, uilechuimsitheach, cóir a thairiscint nach mbeidh feidhm ag teorainneacha muirir ar bith maidir leo. D'fhéadfadh an cothromráta sin guthsheirbhísí fánaíochta agus/nó seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta ar fud an Chomhphobail (lena n-áirítear Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí (SMS) agus Seirbhís Teachtaireachtaí Ilmheán (MMS)) a chlúdach laistigh den Chomhphobal.
(30) To ensure that all users of mobile voice telephony may benefit from the provisions of this Regulation, the retail pricing requirements should apply regardless of whether roaming customers have a pre-paid or a post-paid contract with their home provider, and regardless of whether the home provider has its own network, is a mobile virtual network operator or is a reseller of mobile voice telephony services.
(30) Lena áirithiú go bhféadfaidh gach úsáideoir guth-theileafónaíochta soghluaiste tairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ba chóir go mbeadh feidhm ag na ceanglais phraghsála mhiondóla is cuma an conradh réamhíoctha nó iar-íoctha a bheidh ag na custaiméirí fánaíochta lena soláthraí baile, agus beag beann ar cibé an mbíonn a líonra féin ag an soláthraí baile, an oibreoir líonra fíorúil teileafón soghluaiste é nó an athdhíoltóir seirbhísí guth-theileafónaíochta soghluaiste é.
(31) Where Community providers of mobile telephony services find the benefits of interoperability and end-to-end connectivity for their customers jeopardised by the termination, or threat of termination, of their roaming arrangements with mobile network operators in other Member States, or are unable to provide their customers with service in another Member State as a result of a lack of agreement with at least one wholesale network provider, national regulatory authorities should make use, where necessary, of the powers under Article 5 of the Access Directive to ensure adequate access and interconnection in order to guarantee such end-to-end connectivity and the interoperability of services, taking into account the objectives of Article 8 of the Framework Directive, in particular the creation of a fully functioning single market for electronic communications services.
(31) Más rud é gur léir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste go bhfuil sochair na hidir-inoibritheachta agus na lúdrachta ceann go ceann dá gcustaiméirí i gcontúirt de bharr deireadh a chur lena socruithe fánaíochta le hoibreoirí líonra teileafón soghluaiste i mBallstáit eile, nó mar gheall ar an mbaol go gcuirfí deireadh leis na socruithe sin, nó nach bhfuil ar a gcumas seirbhísí a sholáthar dá gcustaiméirí i mBallstát eile mar thoradh ar easpa comhaontaithe le soláthraí líonra mórdhíola amháin ar a laghad, ba chóir do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta leas a bhaint, nuair is gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain leordhóthanach agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú d'fhonn lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú, ag cur cuspóirí Airteagal 8 de Threoir an Chreata san áireamh, go háirithe margadh aonair lánfheidhmithe a chruthú i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
(32) In order to improve the transparency of retail prices for making and receiving regulated roaming calls within the Community and to help roaming customers make decisions on the use of their mobile telephones while abroad, providers of mobile telephony services should enable their roaming customers easily to obtain information free of charge on the roaming charges applicable to them when making or receiving voice calls in a visited Member State. Moreover, providers should give their customers, on request and free of charge, additional information on the per-minute or per-unit data charges (including VAT) for the making or receiving of voice calls and also for the sending and receiving of SMS, MMS and other data communication services in the visited Member State.
(32) Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal agus chun cabhrú le custaiméirí fánaíochta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid a gcuid teileafón soghluaiste agus iad ar an gcoigríoch, ba chóir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste a chur ar chumas a gcuid custaiméirí faisnéis saor in aisce ar na muirir fánaíochta is infheidhme maidir leo a fháil go héasca nuair a bhíonn guthghlaonna á ndéanamh nó á bhfáil acu i mBallstát a dtugann siad cuairt air. Thairis sin, ba chóir do sholáthraithe faisnéis bhreise a thabhairt dá gcustaiméirí, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, faoi na muirir in aghaidh an nóiméid nó in aghaidh an aonaid (CBL san áireamh) ar ghuthghlaonna a dhéanamh nó a fháil agus freisin ar SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile a sheoladh agus a fháil sa Bhallstát a dtugtar cuairt air.
(33) Transparency also requires that providers furnish information on roaming charges, in particular on the Eurotariff and the all-inclusive flat-rate should they offer one, when subscriptions are taken out and each time there is a change in roaming charges. Home providers should provide information on roaming charges by appropriate means such as invoices, the internet, TV advertisements or direct mail. Home providers should ensure that all their roaming customers are aware of the availability of regulated tariffs and should send a clear and unbiased communication to these customers describing the conditions of the Eurotariff and the right to switch to and from it.
(33) Éilíonn an trédhearcacht freisin go dtabharfadh soláthraithe faisnéis ar mhuirir fánaíochta go háirithe ar an Eoratharaif agus ar an gcothromráta uilechuimsitheach, má bhíonn ceann á thairiscint acu, nuair a bhíonn síntiús á shocrú agus gach uair a mbíonn athrú ar na muirir fánaíochta. Ba chóir do sholáthraithe baile faisnéis a sholáthar ar mhuirir fánaíochta trí mheáin iomchuí amhail sonraisc, an t-idirlíon, fógráin teilifíse nó post díreach. Ba chóir do sholáthraithe baile a chinntiú go mbeidh na custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoi fháil a bheith ar tharaifí rialáilte agus ba chóir dóibh cumarsáid shoiléir agus neamhchlaon a sheoladh chuig na custaiméirí sin ina mbeidh tuairisc ar choinníollacha na hEoratharaife agus an ceart athrú chuig an Eoratharaif nó imeacht uaithi.
(34) The national regulatory authorities which are responsible for carrying out tasks under the 2002 regulatory framework for electronic communications should have the powers needed to supervise and enforce the obligations under this Regulation within their territory. They should also monitor developments in the pricing of voice and data services for mobile customers when roaming within the Community including, where appropriate, the specific costs related to roaming calls made and received in the outermost regions of the Community and the need to ensure that these costs can be adequately recovered on the wholesale market, and that traffic steering techniques are not used to limit choice to the detriment of customers. They should ensure that up-to-date information on the application of this Regulation is made available to interested parties and publish the results of such monitoring every six months. Information should be provided on corporate, post-paid and pre-paid customers separately.
(34) Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá chun na hoibleagáidí faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú laistigh dá gcríoch ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as tascanna a dhéanamh faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach. Ba chóir dóibh monatóireacht a dhéanamh freisin ar fhorbairtí i bpraghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí teileafón soghluaiste agus fánaíocht á déanamh acu sa Chomhphobal, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal agus ar an ngá atá lena áirithiú gur féidir na costais sin a aisghabháil go leordhóthanach ar an margadh mórdhíola, agus nach mbíonn teicnící stiúrtha tráchta in úsáid chun rogha a shrianadh chun aimhleasa na gcustaiméirí. Ba chóir dóibh a áirithiú go gcuirfear faisnéis chothrom le dáta faoi fheidhmiú an Rialacháin seo ar fáil do na páirtithe leasmhara agus go bhfoilseofar torthaí na monatóireachta sin gach sé mhí. Ba chóir faisnéis ar leith a sholáthar ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha.
(35) In-country roaming in the outermost regions of the Community where mobile telephony licences are distinct from those issued in respect of the rest of the national territory could benefit from rate reductions equivalent to those practised on the Community roaming market. The implementation of this Regulation should not give rise to less favourable pricing treatment for customers using in-country roaming services as opposed to customers using Community-wide roaming services. To this end, the national authorities may take additional measures consistent with Community law.
(35) Maidir le fánaíocht intíre sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal, áit a mbíonn na ceadúnais teileafónaíochta soghluaiste éagsúil leis na ceadúnais a eisítear i ndáil leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta, d'fhéadfadh sí leas a bhaint as laghduithe ar an ráta a bheadh comhionann leis na laghduithe sin a dhéantar i margadh fánaíochta an Chomhphobail. Níor chóir go gcruthódh feidhmiú an Rialacháin seo cóir phraghsála lena mbainfeadh níos lú fabhair do chustaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta intíre le hais custaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta breise a ghlacadh a bheidh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.
(36) In view of the fact that, in addition to voice telephony, new mobile data communication services are gaining ever more ground, this Regulation should make it possible to monitor market developments in those services too. The Commission, therefore, should also monitor the market for roaming data communication services, including SMS and MMS.
(36) Ós rud é, chomh maith le guth-theileafónaíocht, go bhfuil forás ag teacht ar sheirbhísí cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste, ba chóir go bhféadfaí, leis an Rialachán seo, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh sna seirbhísí sin freisin. Ba chóir don Choimisiún, dá bhrí sin, monatóireacht a dhéanamh ar an margadh i gcomhair seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta, lena n-áirítear SMS agus MMS.
(37) Member States should provide for a system of penalties to be applied in the event of breach of this Regulation.
(37) Ba chóir do Bhallstáit foráil a dhéanamh do chóras pionós a chuirfear i bhfeidhm i gcás go sárófar an Rialachán seo.
(38) Since the objectives of this Regulation, namely to establish a common approach to ensure that users of public mobile telephone networks when travelling within the Community do not pay excessive prices for Community-wide roaming services when making or receiving voice calls, thereby achieving a high level of consumer protection while safeguarding competition between mobile operators, cannot be sufficiently achieved by the Member States in a secure, harmonised and timely manner and can therefore be better achieved at Community level, the Community may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty. In accordance with the principle of proportionality, as set out in that Article, this Regulation does not go beyond what is necessary in order to achieve those objectives.
(38) Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchoiteann a bhunú lena áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad guthghlaonna, ar an dóigh sin ag baint ardleibhéil chosanta tomhaltóirí amach agus iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste á cosaint, ó tharla nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go dóthanach ar dhóigh chinnte, chomhchuibhithe agus thráthúil agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh de réir phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(39) This common approach should be established for a limited time period. This Regulation may, in the light of a review to be carried out by the Commission, be extended or amended. The Commission should review the effectiveness of this Regulation and the contribution which it makes to the implementation of the regulatory framework and the smooth functioning of the internal market and also examine the impact of this Regulation on the smaller mobile telephony providers in the Community and their position in the Community-wide roaming market,
(39) Ba chóir an cur chuige comhchoiteann sin a bhunú ar feadh tréimhse teoranta. Féadfar an Rialachán seo, i bhfianaise athbhreithnithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhadú nó a leasú. Ba chóir don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo agus ar an méid a chuireann sé le feidhmiú an chreata rialúcháin agus feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus chomh maith leis sin, scrúdú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo ar sholáthraithe beaga teileafónaíochta soghluaiste sa Chomhphobal agus ar a seasamh siúd sa mhargadh fánaíochta ar fud an Chomhphobail,
HAVE ADOPTED THIS REGULATION:
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Article 1
Airteagal 1
Subject matter and scope
Ábhar agus raon feidhme
1. This Regulation introduces a common approach to ensuring that users of public mobile telephone networks when travelling within the Community do not pay excessive prices for Community-wide roaming services when making calls and receiving calls, thereby contributing to the smooth functioning of the internal market while achieving a high level of consumer protection, safeguarding competition between mobile operators and preserving both incentives for innovation and consumer choice. It lays down rules on the charges that may be levied by mobile operators for the provision of international roaming services for voice calls originating and terminating within the Community and applies both to charges levied between network operators at wholesale level and to charges levied by home providers at retail level.
1. Cuireann an Rialachán seo cur chuige comhchoiteann ar bun chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail do na glaonna a dhéanfaidh agus a gheobhaidh siad agus iad ag taisteal sa Chomhphobal agus cuirfear, ar an tslí sin, le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á bhaint amach, mar aon le hiomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí nuálaíochta agus rogha tomhaltóirí araon a chaomhnú. Leagtar síos leis rialacha ar na muirir a fhéadfaidh oibreoirí teileafón soghluaiste a ghearradh chun seirbhísí idirnáisiúnta fánaíochta a chur ar fáil do ghuthghlaonna a thosóidh agus a chríochnóidh laistigh den Chomhphobal, agus tá feidhm aige maidir leis na muirir a ghearrfar idir oibreoirí líonraí ar leibhéal mórdhíola mar aon leis na muirir a ghearrfaidh soláthraithe baile ar leibhéal miondíola.
2. This Regulation also lays down rules aimed at increasing price transparency and improving the provision of information on charges to users of Community-wide roaming services.
2. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha atá dírithe ar chur leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus ar an bhfaisnéis ar mhuirir a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail a fheabhsú.
3. This Regulation constitutes a specific measure within the meaning of Article 1(5) of the Framework Directive.
3. Is é atá sa Rialachán seo beart sainiúil de réir bhrí Airteagal 1(5) de Threoir an Chreata.
4. The charge limits set out in this Regulation are expressed in Euro. Where charges governed by Articles 3 and 4 are denominated in other currencies, the initial limits pursuant to those Articles shall be determined in those currencies by applying the reference exchange rates prevailing on 30 June 2007, as published by the European Central Bank in the Official Journal of the European Union. For the purposes of the subsequent reductions in those limits provided for in Article 3(2) and Article 4(2), the revised values shall be determined by applying the reference exchange rates so published one month preceding the date from which the revised values apply.
4. Is in Euro a thugtar teorainneacha na muirear a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina n-ainmneofar na muirir atá faoi réir Airteagal 3 agus Airteagal 4 in airgeadraí eile, déanfar na chéad teorainneacha de bhun na nAirteagal sin a áireamh sna hairgeadraí sin trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a bheidh i réim an 30 Meitheamh 2007, mar a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Chun críocha na laghduithe a thiocfaidh ina dhiaidh sin ar na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4(2), déanfar na luachanna athbhreithnithe a chinneadh trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar amhlaidh aon mhí amháin roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na luachanna athbhreithnithe.
Article 2
Airteagal 2
Definitions
Sainmhínithe
1. For the purposes of this Regulation, the definitions set out in Article 2 of the Access Directive, Article 2 of the Framework Directive, and Article 2 of the Universal Service Directive shall apply.
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir na Rochtana, in Airteagal 2 de Threoir an Chreata agus in Airteagal 2 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.
2. In addition to the definitions referred to in paragraph 1, the following definitions shall apply:
2. I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) "Eurotariff" means any tariff not exceeding the maximum charge, provided for in Article 4, which a home provider may levy for the provision of regulated roaming calls in compliance with that Article;
(a) ciallaíonn "Eoratharaif" aon taraif nach dtéann thar an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh chun glaonna fánaíochta rialáilte a chur ar fáil agus an tAirteagal sin á chomhlíonadh;
(b) "home provider" means an undertaking that provides a roaming customer with terrestrial public mobile telephony services either via its own network or as a mobile virtual network operator or reseller;
(b) ciallaíonn "soláthraí baile" gnóthas a chuireann seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste ar fáil do chustaiméir fánaíochta trína líonra féin, nó trí oibreoir nó trí athdhíoltóir líonra fíorúil soghluaiste;
(c) "home network" means a terrestrial public mobile telephone network located within a Member State and used by a home provider for the provision of terrestrial public mobile telephony services to a roaming customer;
(c) ciallaíonn "líonra baile" líonra teileafón soghluaiste poiblí trastíre atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann soláthraí baile chun seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste a chur ar fáil do chustaiméir fánaíochta;
(d) "Community-wide roaming" means the use of a mobile telephone or other device by a roaming customer to make or receive intra-Community calls while in a Member State other than that in which his home network is located, by means of arrangements between the operator of the home network and the operator of the visited network;
(d) ciallaíonn "fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail" an úsáid a bhaineann custaiméir fánaíochta as teileafón soghluaiste nó gléas eile chun glaonna laistigh den Chomhphobal a dhéanamh nó a fháil fad is atá an duine sin i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil a líonra baile lonnaithe, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;
(e) "regulated roaming call" means a mobile voice telephony call made by a roaming customer, originating on a visited network and terminating on a public telephone network within the Community or received by a roaming customer, originating on a public telephone network within the Community and terminating on a visited network;
(e) ciallaíonn "glao fánaíochta rialáilte" guthghlao teileafónaíochta soghluaiste a dhéanann custaiméir fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal nó guthghlao a fhaigheann custaiméir fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;
(f) "roaming customer" means a customer of a provider of terrestrial public mobile telephony services, by means of a terrestrial public mobile network situated in the Community, whose contract or arrangement with his home provider permits the use of a mobile telephone or other device to make or to receive calls on a visited network by means of arrangements between the operator of the home network and the operator of the visited network;
(f) ciallaíonn "custaiméir fánaíochta" custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste poiblí trastíre trí líonra poiblí trastíre teileafón soghluaiste atá lonnaithe sa Chomhphobal a gceadaíonn a chonradh nó a shocrú lena sholáthraí baile dó teileafón soghluaiste nó aon ghléas eile a úsáid chun glaonna a dhéanamh nó a fháil ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;
(g) "visited network" means a terrestrial public mobile telephone network situated in a Member State other than that of the home network and permitting a roaming customer to make or receive calls by means of arrangements with the operator of the home network.
(g) ciallaíonn "líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air" líonra poiblí trastíre theileafón soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an líonra bhaile agus a cheadaíonn do chustaiméir fánaíochta glaonna a dhéanamh nó a fháil trí shocruithe le hoibreoir an líonra bhaile.
Article 3
Airteagal 3
Wholesale charges for the making of regulated roaming calls
Muirir mhórdhíola chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh
1. The average wholesale charge that the operator of a visited network may levy from the operator of a roaming customer's home network for the provision of a regulated roaming call originating on that visited network, inclusive inter alia of origination, transit and termination costs, shall not exceed EUR 0,30 per minute.
1. Ní rachaidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a ghearradh ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta thar EUR 0,30 in aghaidh an nóiméid, costais tosaithe, idirthurais agus críche inter alia san áireamh, chun glao fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air a chur ar fáil.
2. This average wholesale charge shall apply between any pair of operators and shall be calculated over a twelve month period or any such shorter period as may remain before the expiry of this Regulation. The maximum average wholesale charge shall decrease to EUR 0,28 and EUR 0,26, on 30 August 2008 and on 30 August 2009 respectively.
2. Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola sin maidir le haon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra a d'fhéadfadh bheith ann, sula rachaidh an Rialachán seo in éag. Laghdófar an meánmhuirear mórdhíola go dtí EUR 0,28 agus EUR 0,26 an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.
3. The average wholesale charge referred to in paragraph 1 shall be calculated by dividing the total wholesale roaming revenue received by the total number of wholesale roaming minutes sold for the provision of wholesale roaming calls within the Community by the relevant operator over the relevant period. The operator of the visited network shall be permitted to make a distinction between peak and off-peak charges.
3. Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an teacht isteach iomlán a gheofar ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a dhíolfaidh an t-oibreoir ábhartha thar an tréimhse atá i gceist chun glaonna fánaíochta mórdhíola a chur ar fáil sa Chomhphobal. Beidh cead ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air idirdhealú a dhéanamh idir muirir bhuaice agus muirir sheachbhuaice.
Article 4
Airteagal 4
Retail charges for regulated roaming calls
Muirir mhiondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte
1. Home providers shall make available and actively offer to all their roaming customers, clearly and transparently, a Eurotariff as provided for in paragraph 2. This Eurotariff shall not entail any associated subscription or other fixed or recurring charges and may be combined with any retail tariff.
1. Déanfaidh soláthraithe baile Eoratharaif, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint go gníomhach dá gcustaiméirí fánaíochta go léir ar dhóigh shoiléir, thrédhearcach. Ní bheidh aon síntiús comhlachaithe ná muirir sheasta ná muirir athfhillteacha eile ag gabháil leis an Eoratharaif agus féadfar í a chomhcheangal le haon taraif mhiondíola.
When making this offer, home providers shall remind any of their roaming customers who, before 30 June 2007, had chosen a specific roaming tariff or package of the conditions applicable to that tariff or package.
Agus an tairiscint seo á déanamh ag soláthraithe baile, meabhróidh siad dá gcustaiméirí a raibh taraif fánaíochta shainiúil nó pacáiste fánaíochta sainiúil roghnaithe acu roimh 30 Meitheamh 2007 na coinníollacha a bhaineann leis an taraif nó pacáiste sin.
2. The retail charge (excluding VAT) of a Eurotariff which a home provider may levy from its roaming customer for the provision of a regulated roaming call may vary for any roaming call but shall not exceed EUR 0,49 per minute for any call made or EUR 0,24 per minute for any call received. The price ceiling for calls made shall decrease to EUR 0,46 and EUR 0,43, and for calls received to EUR 0,22 and EUR 0,19, on 30 August 2008 and on 30 August 2009 respectively.
2. Maidir leis an muirear miondíola (gan CBL san áireamh) d'Eoratharaif a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh ar a chustaiméir fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a chur ar fáil, féadfaidh sé athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,49 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a dhéanfar ná thar EUR 0,24 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a gheofar. Laghdóidh an buaicphraghas do ghlaonna a dhéanfar go dtí EUR 0,46 agus EUR 0,43 agus go dtí EUR 0,22 agus EUR 0,19 do ghlaonna a gheofar an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.
3. All roaming customers shall be offered a tariff as set out in paragraph 2.
3. Déanfar taraif, mar a leagtar amach i mír 2, a thairiscint do gach custaiméir fánaíochta.
All existing roaming customers shall be given the opportunity by 30 July 2007 to opt deliberately for a Eurotariff or any other roaming tariff, and shall be allowed a period of two months within which to make their choice known to their home provider. The requested tariff shall be activated no later than one month after receipt by the home provider of the customer's request.
Faoin 30 Iúil 2007 tabharfar an deis do gach custaiméir fánaíochta atá ann cheana an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile a roghnú d'aonghnó, agus tabharfar tréimhse dhá mhí dóibh chun a rogha a chur in iúl dá soláthraí baile. Déanfar an taraif a iarrfar a chur i ngníomh tráth nach déanaí ná aon mhí amháin, ar a dhéanaí, tar éis don soláthraí baile iarratas an chustaiméara a fháil.
Roaming customers who within that period of two months have not expressed their choice shall automatically be provided with a Eurotariff as set out in paragraph 2.
Déanfar go huathoibríoch an Eoratharaif mar a leagtar amach i mír 2 a chur ar fáil do chustaiméirí fánaíochta nach mbeidh a rogha curtha in iúl acu laistigh den tréimhse dhá mhí sin.
However, roaming customers who before 30 June 2007 had already made a deliberate choice of a specific roaming tariff or package other than the roaming tariff which they would have been accorded in the absence of such choice, and who fail to express a choice pursuant to this paragraph, shall remain on their previously chosen tariff or package.
Maidir le custaiméirí fánaíochta a raibh rogha déanta d'aonghnó acu roimh 30 Meitheamh 2007 do tharaif shonrach fánaíochta nó do phacáiste sonrach fánaíochta, seachas an taraif fánaíochta a dtabharfaí dóibh gan rogha den sórt a bheith déanta acu, agus a mhainnigh rogha a chur in iúl mar a leagtar amach sa mhír seo, leanfaidh siad, áfach, leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe acu cheana.
4. Any roaming customer may request, at any point after the process set out in paragraph 3 has been completed, to switch to or from a Eurotariff. Any switch must be made within one working day of receipt of the request and free of charge and shall not entail conditions or restrictions pertaining to other elements of the subscription. A home provider may delay such a switch until the previous roaming tariff has been effective for a minimum specified period not exceeding three months.
4. Tráth ar bith tar éis don phróiseas a leagtar amach i mír 3 a bheith tagtha chun críche, féadfaidh aon chustaiméir fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí Eoratharaif nó ó Eoratharaif é. Caithfear aon athrú a dhéanamh laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis don iarratas a bheith faighte agus saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile an tsíntiúis i gceist leis an athrú sin. Féadfaidh soláthraí baile moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe i bhfeidhm ar feadh íostréimhse sonraithe nach rachaidh thar thrí mhí.
Article 5
Airteagal 5
Application of Articles 3 and 6
Feidhmiú Airteagal 3 agus Airteagal 6
1. Article 3 shall apply from 30 August 2007.
1. Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 30 Lúnasa 2007.
2. Article 6(1) and (2) shall apply from 30 September 2007.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 6(1) agus (2) ón 30 Meán Fómhair 2007.
Article 6
Airteagal 6
Transparency of retail charges
Trédhearcacht na muirear miondíola
1. To alert a roaming customer to the fact that he will be subject to roaming charges when making or receiving a call, each home provider shall, except when the customer has notified his home provider that he does not require this service, provide the customer, automatically by means of a Message Service, without undue delay and free of charge, when he enters a Member State other than that of his home network, with basic personalised pricing information on the roaming charges (including VAT) that apply to the making and receiving of calls by that customer in the visited Member State.
1. Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméir fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh air nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil aige, ach amháin i gcás go mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí baile nach mbeidh an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, déanfaidh gach soláthraí baile faisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe maidir leis na muirir fánaíochta (CBL san áireamh) a mbeidh feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a thabhairt don chustaiméir go huathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát seachas Ballstát a líonra baile.
This basic personalised pricing information shall include the maximum charges the customer may be subject to under his tariff scheme for making calls within the visited country and back to the Member State of his home network, as well as for calls received. It shall also include the free of charge number referred to in paragraph 2 for obtaining more detailed information.
Cuimseoidh an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin na muirir uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an gcustaiméir faoina scéim taraife chun glaonna a dhéanamh laistigh den tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi agus chun glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a líonra baile, chomh maith leis na praghsanna uasta do ghlaonna a gheofar. Beidh an uimhir shaor in aisce dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil ann freisin.
A customer who has given notice that he does not require the automatic Message Service shall have the right at any time and free of charge to require the home provider to provide the service again.
Beidh de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige nach mbeidh an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh a iarraidh, tráth ar bith agus saor in aisce, ar an soláthraí baile an tseirbhís sin a sholáthar arís.
Home providers shall provide blind or partially-sighted customers with this basic personalised pricing information automatically, by voice call, free-of-charge, if they so request.
Déanfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin a chur ar fáil go huathoibríoch trí ghuthghlao, saor in aisce, do chustaiméirí atá dall nó ar mhí-chumas radhairc, má iarrann siad sin.
2. In addition to paragraph 1, customers shall have the right to request and receive, free of charge, more detailed personalised pricing information on the roaming charges that apply to voice calls, SMS, MMS and other data communication services, by means of a mobile voice call or by SMS. Such a request shall be to a free of charge number designated for this purpose by the home provider.
2. De bhreis ar mhír 1, maidir le faisnéis ar phraghsáil phearsanaithe níos mionsonraithe ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu maidir le guthghlaonna, SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile, beidh de cheart ag custaiméirí í a iarraidh agus a fháil, saor in aisce, trí ghuthghlao teileafón soghluaiste nó trí SMS. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig uimhir shaor in aisce a cheapfaidh an soláthraí baile chun na críche sin.
3. Home providers shall provide all users with full information on applicable roaming charges, in particular on the Eurotariff, when subscriptions are taken out. They shall also provide their roaming customers with updates on applicable roaming charges without undue delay each time there is a change in these charges.
3. Tabharfaidh na soláthraithe baile lánfhaisnéis do na húsáideoirí go léir faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, go háirithe faoin Eoratharaif, an tráth a mbeidh síntiúis á socrú. Déanfaidh siad eolas cothrom le dáta ar na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm a thabhairt dá gcustaiméirí fánaíochta gan aon mhoill mhíchuí gach uair a mbeidh athrú sna muirir sin.
Home providers shall take the necessary steps to secure awareness by all their roaming customers of the availability of the Eurotariff. They shall in particular communicate to all roaming customers by 30 July 2007 the conditions relating to the Eurotariff in a clear and unbiased manner. They shall send a reminder at reasonable intervals thereafter to all customers who have opted for another tariff.
Déanfaidh na soláthraithe baile na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gcuid custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoin Eoratharaif a bheith ar fáil. Cuirfidh siad, go háirithe, na coinníollacha a bhaineann leis an Eoratharaif in iúl ar shlí shoiléir, neamhchlaon do na custaiméirí fánaíochta go léir faoin 30 Iúil 2007. Seolfaidh siad meabhrúchán ag eatraimh réasúnta ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a mbeidh taraif eile roghnaithe acu.
Article 7
Airteagal 7
Supervision and enforcement
Maoirseacht agus forghníomhú
1. National regulatory authorities shall monitor and supervise compliance with this Regulation within their territory.
1. Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta monatóireacht agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.
2. National regulatory authorities shall make up-to-date information on the application of this Regulation, in particular Articles 3 and 4, publicly available in a manner that enables interested parties to have easy access to it.
2. Cuirfidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta faisnéis chothrom le dáta ar fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 3 agus Airteagal 4, ar fáil go poiblí ar shlí a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.
3. National regulatory authorities shall in preparation for the review provided for in Article 11, monitor developments in wholesale and retail charges for the provision to roaming customers of voice and data communications services, including SMS and MMS, including in the outermost regions referred to in Article 299(2) of the Treaty. National regulatory authorities shall also be alert to the particular case of involuntary roaming in the border regions of neighbouring Member States and monitor whether traffic steering techniques are used to the disadvantage of customers. They shall communicate the results of such monitoring to the Commission, including separate information on corporate, post-paid and pre-paid customers, every six months.
3. Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus iad ag ullmhú don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 11, monatóireacht ar fhorbairtí i muirir mhórdhíola agus i muirir mhiondíola ar sholáthar seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh san áireamh. Beidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta san airdeall freisin ar chás ar leith na fánaíochta éadoilteanaí sna réigiúin teorann de chuid Ballstát comharsanach agus déanfaidh siad monatóireacht cibé an mbeidh teicnící stiúrtha tráchta in úsáid a bheidh míbhuntáisteach do chustaiméirí. Cuirfidh siad torthaí na monatóireachta sin in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis ar leithligh ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha, gach sé mhí.
4. National regulatory authorities shall have the power to require undertakings subject to obligations under this Regulation to supply all information relevant to the implementation and enforcement of this Regulation. Those undertakings shall provide such information promptly on request and to the timescales and level of detail required by the national regulatory authority.
4. Beidh de chumhacht ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a éileamh ar ghnóthais a bheidh faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo an fhaisnéis go léir is ábhartha d'fheidhmiú agus d'fhorghníomhú an Rialacháin seo a sholáthar. Cuirfidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin ar fáil go pras arna iarraidh sin orthu agus laistigh de na scálaí ama agus de réir an leibhéil mhionsonraí a éileoidh an t-údarás rialaitheach náisiúnta.
5. National regulatory authorities may intervene on their own initiative in order to ensure compliance with this Regulation. In particular, they shall, where necessary, make use of the powers under Article 5 of the Access Directive to ensure adequate access and interconnection in order to guarantee the end-to-end connectivity and interoperability of roaming services.
5. Féadfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta idirghabháil a dhéanamh dá dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, bainfidh siad úsáid, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a chinntiú chun lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí fánaíochta a ráthú.
6. Where a national regulatory authority finds that a breach of the obligations set out in this Regulation has occurred, it shall have the power to require the immediate cessation of such a breach.
6. I gcás inar léir d'údarás rialaitheach náisiúnta gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh de chumhacht aige a éileamh go gcuirfí stop láithreach leis an sárú sin.
Article 8
Airteagal 8
Dispute resolution
Réiteach díospóide
1. In the event of a dispute in connection with the obligations laid down in this Regulation between undertakings providing electronic communications networks or services in a Member State, the dispute resolution procedures laid down in Articles 20 and 21 of the Framework Directive shall apply.
1. I gcás díospóide a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir ghnóthais a bheidh ag soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Threoir an Chreata.
2. In the event of an unresolved dispute involving a consumer or end-user and concerning an issue falling within the scope of this Regulation, the Member States shall ensure that the out-of-court dispute resolution procedures laid down in Article 34 of the Universal Service Directive are available.
2. I gcás díospóide neamhréitithe ina mbíonn tomhaltóir nó críoch-úsáideoir i gceist agus a bhaineann le ceist a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt a leagtar síos in Airteagal 34 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.
Article 9
Airteagal 9
Penalties
Pionóis
Member States shall lay down the rules on penalties applicable to infringements of this Regulation and shall take all measures necessary to ensure that they are implemented. The penalties provided for must be effective, proportionate and dissuasive. Member States shall notify those provisions to the Commission no later than 30 March 2008 and shall notify it without delay of any subsequent amendment affecting them.
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Márta 2008, agus tabharfaidh siad fógra dó gan aon mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear do na forálacha sin.
Article 10
Airteagal 10
Amendment to Directive 2002/21/EC (Framework Directive)
Leasú ar Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata)
The following paragraph shall be added to Article 1 of Directive 2002/21/EC (Framework Directive):
Cuirfear an mír seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata):
"5. This Directive and the Specific Directives shall be without prejudice to any specific measure adopted for the regulation of international roaming on public mobile telephone networks within the Community."
"5. Beidh an Treoir seo agus na Treoracha Sainiúla gan dochar d'aon bheart sainiúil arna ghlacadh i dtaca le rialáil fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste sa Chomhphobal.".
Article 11
Airteagal 11
Review
Athbhreithniú
1. The Commission shall review the functioning of this Regulation and report to the European Parliament and the Council no later than 30 December 2008. The Commission shall evaluate in particular whether the objectives of this Regulation have been achieved. In its report the Commission shall review developments in wholesale and retail charges for the provision to roaming customers of voice and data communication services, including SMS and MMS, and shall, if appropriate, include recommendations regarding the need to regulate these services. For this purpose the Commission may use the information supplied pursuant to Article 7(3).
1. Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná 30 Nollaig 2008. Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, cibé an mbeidh cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach. Ina thuarascáil, athbhreithneoidh an Coimisiún forbairtí i dtáillí mórdhíola agus i dtáillí miondíola i gcomhair soláthair seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus más cuí, cuirfidh sé isteach moltaí maidir leis an ngá a bheidh leis na seirbhísí sin a rialáil. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a soláthrófar de bhun Airteagal 7(3).
2. In its report, the Commission shall assess whether, in the light of developments in the market and with regard to both competition and consumer protection, there is need to extend the duration of this Regulation beyond the period set out in Article 13 or to amend it, taking into account the developments in charges for mobile voice and data communication services at national level and the effects of this Regulation on the competitive situation of smaller, independent or newly started operators. If the Commission finds that there is such a need, it shall submit a proposal to the European Parliament and the Council.
2. Ina thuarascáil, measúnóidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus ag féachaint don iomaíochas agus do chosaint tomhaltóirí, cibé an mbeidh gá le ré an Rialacháin seo a shíneadh thar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 13, nó é a leasú, ag cur na bhforbairtí i dtáillí seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste ar leibhéal náisiúnta san áireamh, mar aon le héifeachtaí an Rialacháin seo ar staid iomaíoch mionoibreoirí, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí nuathosaithe. Má shuíonn an Coimisiún go bhfuil riachtanas den sórt sin ann, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Article 12
Airteagal 12
Notification requirements
Ceanglais fógartha
Member States shall notify to the Commission no later than 30 August 2007 the identity of the national regulatory authorities responsible for carrying out tasks under this Regulation.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Lúnasa 2007 ag tabhairt le fios cad iad na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a bheidh freagrach as tascanna a dhéanamh faoin Rialachán seo.
Article 13
Airteagal 13
Entry into force and expiry
Teacht i bhfeidhm agus dul in éag
This Regulation shall enter into force on the day following that of its publication in the Official Journal of the European Union.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
It shall expire on 30 June 2010.
Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2010.
This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Done at Brussels, 27 June 2007.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2007
For the European Parliament
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
The President
An tUachtarán
H.-G. Pöttering
H.-G. Pöttering
For the Council
Thar ceann na Comhairle
The President
An tUachtarán
A. Merkel
A. Merkel
[1] OJ C 324, 30.12.2006, p. 42.
[1] IO C 324, 30.12.2006, lch. 42.
[2] Opinion of the European Parliament of 23 May 2007 (not yet published in the Official Journal) and Council Decision of 25 June 2007.
[2] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007.
[3] OJ L 108, 24.4.2002, p. 7.
[3] IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.
[4] OJ L 108, 24.4.2002, p. 21.
[4] IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.
[5] OJ L 108, 24.4.2002, p. 33.
[5] IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.
[6] OJ L 108, 24.4.2002, p. 51.
[6] IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.
[7] OJ L 201, 31.7.2002, p. 37. Directive as amended by Directive 2006/24/EC (OJ L 105, 13.4.2006, p. 54).
[7] IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).
[8] OJ L 114, 8.5.2003, p. 45.
[8] IO L 114, 8.5.2003, lch. 45.
[9] OJ C 165, 11.7.2002, p. 6.
[9] IO C 165, 11.7.2002, lch. 6.
[10] OJ C 285 E, 22.11.2006, p. 143.
[10] IO C 285 E, 22.11.2006, lch. 143.
--------------------------------------------------
--------------------------------------------------
Top


Managed by the Publications Office