Rialachán (CE) Uimh. 299/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
Official Journal L 097 , 09/04/2008 P. 0067 - 0071
Rialachán (CE) Uimh. 299/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1], Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [2], De bharr an méid seo a leanas: (1) Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle [3] go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [4]. (2) Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh agus a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh, a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. (3) I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún [5] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme ar ionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. (4) Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a shainmhíniú mar aon leis na critéir is gá chun uasleibhéil áirithe iarmhar (MRLanna) lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus a liostaítear sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán sin a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (5) Ar mhaithe le héifeachtacht agus d'fhonn próiseas cinnteoireachta mear a ráthú d'oibreoirí eacnamaíocha, agus fós ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart, ar mhaithe le héifeachtúlacht, na gnáth-thréimhsí don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú maidir le bearta a ghlacadh lena ndéantar MRLanna a shocrú, a áireamh, a fheidhmiú, a mhodhnú nó a scriosadh, agus maidir le liosta de shubstaintí gníomhacha a bhunú nach mbeidh aon MRL de dhíth ina leith chomh maith le liosta de theaglamaí substainte gníomhaí/táirge i gcás ina mbeidh na substaintí gníomhacha á n-úsáid mar thoitreán le haghaidh cóireála iarbhuainte. (6) Más rud é, ar mhórchúiseanna práinne, agus go háirithe i gcás ina mbeidh baol ann do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, nach bhféadfar na gnáth-thréimhsí don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm maidir le bearta a ghlacadh lena ndéantar MRLanna a shocrú, a áireamh, a fheidhmiú, a mhodhnú nó a scriosadh. (7) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasuithe Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas: 1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1): "1. Déanfar na táirgí, na grúpaí táirgí agus/nó na codanna de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mbeidh feidhm ag na MRLanna comhchuibhithe ina leith a shainmhíniú in Iarscríbhinn I agus a chuimsiú le hIarscríbhinn I. An beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3). Áireofar na táirgí go léir a bhfuil MRLanna socraithe ina leith in Iarscríbhinn I, mar aon leis na táirgí eile a bhfuil sé cuí MRLanna comhchuibhithe a fheidhmiú ina leith, go háirithe i bhfianaise a n-ábharthachta i réim bia na dtomhaltóirí nó sa trádáil. Déanfar táirgí a ghrúpáil ar shlí agus go bhféadfar MRLanna a shocrú, a mhéid is féidir, do ghrúpa de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí gaolmhara."; 2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1): "1. Déanfar substaintí gníomhacha na dtáirgí cosanta plandaí a ndéanfar meastóireacht orthu faoi Threoir 91/414/CEE agus nach mbeidh aon MRL de dhíth ina leith a shainmhíniú agus a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus úsáidí na substaintí gníomhacha sin agus na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 14(2) á gcur san áireamh. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4)."; 3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): "2. Déanfar meastóireacht ar iarratais i gcomhréir le forálacha ábhartha na bPrionsabal Aonfhoirmeach maidir le Meastóireacht a dhéanamh ar Tháirgí Cosanta Plandaí agus Údarú Táirgí Cosanta Plandaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 91/414/CEE nó i gcomhréir le prionsabail shainiúla mheastóireachta a leagfar síos i rialachán ón gCoimisiún. An rialachán sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3)."; 4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1): "1. Ar thuairim an Údaráis a fháil, agus ag cur na tuairime sin san áireamh, ullmhóidh an Coimisiún ceann de na nithe seo a leanas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí: (a) rialachán maidir le socrú, modhnú nó scriosadh MRL. Déanfar an rialachán sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú; (b) cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas, agus a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2)."; 5) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2): "2. I gcás ina socraítear MRL sealadach, faoi mar a fhoráiltear dó i mír 1(b), scriosfar as Iarscríbhinn III é, trí rialachán, bliain tar éis an dáta a ndéanfar an tsubstaint ghníomhach lena mbaineann a áireamh nó gan í a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE. Glacfar an rialachán sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, áfach, féadfar an MRL sealadach a choinneáil ar feadh bliana eile go dtí go ndeimhneofar go bhfuiltear tar éis dul i mbun aon staidéar eolaíochta is gá chun tacú leis an iarratas ar MRL a shocrú. I gcásanna ina dtabharfar deimhniú den sórt sin, coinneofar an MRL sealadach ar feadh dhá bhliain bhreise, ar an gcoinníoll nach mbeifear tar éis aon ábhar imní do-ghlactha maidir le sábháilteacht do thomhaltóirí a aithint."; 6) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: "Airteagal 18 MRLanna a chomhlíonadh 1. Ní bheidh sna táirgí a chuimsítear in Iarscríbhinn I, ón tráth a gcuirfear ar an margadh iad mar bhia nó mar bheatha, nó ón tráth a dtabharfar mar bheatha d'ainmhithe iad, aon iarmhar lotnaidicíde a rachaidh thar: (a) na MRLanna do na táirgí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III; (b) 0,01 mg/kg do na táirgí sin nach bhfuil aon MRL sainiúil leagtha amach ina leith in Iarscríbhinn II ná in Iarscríbhinn III nó do shubstaintí gníomhacha nach liostaítear in Iarscríbhinn IV mura mbeidh luachanna difriúla réamhshocraithe ann do shubstaint ghníomhach agus na gnáthmhodhanna anailíse atá ar fáil á gcur san áireamh. Liostófar na luachanna réamhshocraithe sin in Iarscríbhinn V. An beart sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. 2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc ná bac a chur ar na táirgí a chuimsítear le hIarscríbhinn I maidir lena gcur ar an margadh nó lena dtabhairt mar bheatha do bhia-ainmhithe laistigh dá gcríocha ar na forais go bhfuil iarmhair lotnaidicíde iontu, ar an gcoinníoll: (a) go gcomhlíonann na táirgí sin mír 1 agus Airteagal 20; nó (b) go liostaítear an tsubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn IV. 3. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, de bhreis ar chóireáil iarbhuainte le toitreán ina gcríoch féin, leibhéil iarmhar a údarú i leith substainte gníomhaí a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III i gcomhair táirge a chuimsítear le hIarscríbhinn I i gcás ina liostaítear na teaglamaí substainte gníomhaí/táirge in Iarscríbhinn VII ar an gcoinníoll: (a) nach mbeidh na táirgí sin beartaithe lena gcaitheamh láithreach; (b) gur ann do rialuithe cuí lena áirithiú nach féidir táirgí den sórt sin a chur ar fáil don úsáideoir deiridh ná don tomhaltóir, má dhéantar iad a sholáthar go díreach don tomhaltóir, go dtí nach rachaidh na hiarmhair a thuilleadh thar na huasleibhéil a shonraítear in Iarscríbhinn II ná in Iarscríbhinn III; (c) go mbeidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún curtha ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus lena ndéanfar sainmhíniú ar na teaglamaí substainte gníomhaí/táirge a liostaítear in Iarscríbhinn VII, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3). 4. In imthosca eisceachtúla, agus go háirithe maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 91/414/CEE nó de bhun oibleagáidí a leagtar amach i dTreoir 2000/29/CE [******], féadfaidh Ballstát a údarú bia nó beatha cóirithe nach gcomhlíonann mír 1 a chur ar an margadh agus/nó a thabhairt mar bheatha d'ainmhithe laistigh dá chríoch, ar an gcoinníoll nach ngabhann riosca do-ghlactha leis an mbia ná leis an mbeatha sin. Cuirfear údaruithe den sórt sin in iúl láithreach do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás, mar aon le measúnú cuí riosca i gcomhair a bhreithnithe gan aon mhoill mhíchuí d'fhonn MRL sealadach a shocrú ar feadh tréimhse sainithe nó i gcomhair aon bheart eile is gá a ghlacadh i ndáil leis na táirgí sin. Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. 7) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2): "2. Féadfar tosca sonracha tiúchana nó caolaithe i gcomhair oibríochtaí áirithe próiseála agus/nó measctha nó i gcomhair táirgí áirithe próiseáilte agus/nó ilchodacha a áireamh sa liosta atá in Iarscríbhinn VI. An beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3)."; 8) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(1): "1. Déanfar MRLanna do tháirgí a chuimseofar le hIarscríbhinn I a bhunú agus a liostú den chéad uair in Iarscríbhinn II, agus na MRLanna dá bhforáiltear faoi Threoracha 86/362/CEE, 86/363/CEE agus 90/642/CEE á n-ionchorprú, agus na critéir a liostaítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3)."; 9) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1): "1. Déanfar MRLanna sealadacha i gcomhair substaintí gníomhacha nach mbeidh cinneadh déanta go fóill iad a áireamh nó gan iad a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE a bhunú agus a liostú i gcéaduair in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, mura mbeidh siad liostaithe cheana féin in Iarscríbhinn II, agus an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, an tuairim réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 24, i gcás inar ábhartha, na tosca dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus na MRLanna seo a leanas á gcur san áireamh: (a) na MRLanna atá fós san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 76/895/CEE; agus (b) na MRLanna náisiúnta nár comhchuibhíodh go dtí seo. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3)."; 10) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27(2): "2. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear na modhanna samplála is gá chun na rialuithe sin a dhéanamh ar iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí, seachas iad sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/63/CE [], glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3) den Rialachán seo. 11) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: "Airteagal 45 An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Dhá mhí, aon mhí amháin agus dhá mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c) agus (4)(b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE. 5. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."; 12) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46: "Airteagal 46 Bearta cur chun feidhme 1. Bunófar bearta cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, mar aon le treoirdhoiciméid theicniúla chun cabhrú lena chur i bhfeidhm agus rialacha mionsonraithe maidir leis na sonraí eolaíocha a bheidh de dhíth chun MRLanna a shocrú, nó féadfar bearta, doiciméid nó rialacha den sórt sin a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) agus, i gcás inar cuí, tuairim an Údaráis á cur san áireamh. 2. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 29(2), in Airteagal 30(2), in Airteagal 31(1) agus in Airteagal 32(5) a bhunú nó a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3) agus tuairim an Údaráis á cur san áireamh, i gcás inar cuí."; 13) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49: "Airteagal 49 Bearta idirthréimhseacha 1. Ní bheidh feidhm ag ceanglais Chaibidil III i leith táirgí arna dtáirgeadh go dlíthiúil sa Chomhphobal nó arna n-allmhairiú go dlíthiúil isteach sa Chomhphobal roimh an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 50. Chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, áfach, féadfar bearta cuí i ndáil leis na táirgí sin a ghlacadh. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(5). 2. I gcás inar gá chun go mbeifear in ann táirgí a mhargú, a phróiseáil agus a chaitheamh ar an ngnáthshlí, féadfar bearta idirthréimhseacha breise a leagan síos maidir le cur chun feidhme MRLanna áirithe dá bhforáiltear in Airteagail 15, 16, 21, 22 agus 25. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, agus gan dochar don oibleagáid ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4).". Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán H.-G. Pöttering Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Lenarčič [1] IO C 161, 13.7.2007, lch. 45. [2] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008. [3] IO L 70, 16.3.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2006 ón gCoimisiún (IO L 29, 2.2.2006, lch. 3). [4] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [5] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1. [******] Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/41/CE ón gCoimisiún (IO L 169, 29.6.2007, lch. 51)."; [] Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Rialachán 79/700/CEE (IO L 187, 16.7.2002, lch. 30)."; --------------------------------------------------