Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena simplítear aistriú mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile laistigh den mhargadh aonair /* COM/2012/0164 final - 2012/0082 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA D’ainneoin an dul chun cinn
atá faoi chomhtháthú an mhargaidh aonair, is minic go fóill fadhbanna
clárúcháin ina mbacainn laistigh den mhargadh inmheánach ar shaoránaigh agus ar
chuideachtaí. Leagadh béim ar fhadhbanna clárúcháin feithiclí mar cheann de na
20 príomhábhar imní faoin Margadh Aonair mar atá sé anois, i liosta a
thiomsaigh an Coimisiún. I dTuarascáil 2010 ar Shaoránacht an AE " Na
bacainní ar chearta shaoránaigh an AE a dhíchur " ("Dismantling
the obstacles to EU citizens' rights")[1],
dhearbhaigh an Coimisiún go raibh fadhbanna maidir le clárú feithiclí ar cheann
de na príomhbhacainní ar shaoránaigh agus iad ag cur a gceart i bhfeidhm ina
saol laethúil faoi réir dhlí an AE agus d’fhógair sé, mar cheann de na
gníomhaíochtaí a bhí beartaithe chun na bacainní sin a bhaint, go ndéanfaí
simpliú ar na foirmiúlachtaí agus ar na coinníollacha a bhaineann le clárú
feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile (gníomhaíocht 6 de thuarascáil an
AE ar shaoránacht). Is cúis gearán agus cásanna
dlí le tamall maith de bhlianta an oibleagáid mótarfheithicil atá cláraithe sa
Bhallstát tionscnaimh a chlárú sa Bhallstát fála. Na saoránaigh agus na
cuideachtaí a cheannaíonn mótarfheithicil i dtír eile agus a thugann ar ais leo
í go dtí an tír ina bhfuil cónaí orthu, bíonn nósanna imeachta clárúcháin casta
troma rompu, agus éilimh ar pháipéarachas a chuireann an iomad ama amú orthu. Dá dheasca sin, is olc an
tionchar a bhíonn ag fadhbanna clárúcháin ar shaorghluaiseacht earraí agus
daoine, dhá shaoirse bhunúsacha ar de bunchlocha an Aontais Eorpaigh iad.
Rinneadh sin a aibhsiú sa Straitéis Eoraip 2020 i leith fáis chliste
inbhuanaithe chuimsithigh[2], inar
léiríodh go mbíonn scrogaill go fóill ann roimh ghníomhaíocht trasteorann sa bhealach
ar chuideachtaí agus ar shaoránaigh ar bhonn laethúil d’ainneoin go bhfuil
margadh aonair ann ó thaobh an dlí de. Sa tuairim a thug sé an
11 Márta 2011, dhearbhaigh Grúpa Ardleibhéil na nGeallsealbhóirí
Neamhspleácha ar Ualaí Riaracháin go mbeadh sé i bhfách le tionscnamh ón
Choimisiún chun foirmiúlachtaí agus coinníollacha clárúcháin a shimpliú. Lena
chois sin, d’iarr an Grúpa ar na húdaráis náisiúnta a ndícheall a dhéanamh na
próisis chlárúcháin a fheabhsú a luaithe ab fhéidir, agus an t‑aitheantas
frithpháirteach a bheith ar a bpríomhchúraimí, agus staonadh ó iarrataí troma
ar dhoiciméadacht bhreise. Tá córas clárúcháin
mótarfheithiclí ag na Ballstáit uile. Is éard atá sa chóras sin an creat ina
dtugtar an t‑údarú riaracháin chun dul i seirbhís i dtrácht bóthair, lena
ngabhann sainaithint na bhfeithiclí agus eisiúint cláruimhreach. Úsáidtear na
sonraí clárúcháin chun cáin a ghearradh ar mhótarfheithiclí. Ag deireadh an nós
imeachta clárúcháin, eisíonn na Ballstáit deimhniú clárúcháin lena ndeimhnítear
go bhfuil an fheithicil cláraithe i mBallstát. Tá ainm agus seoladh an duine a
bhfuil an fheithicil cláraithe ina ainm ar an deimhniú clárúcháin fosta.
Baineann an fhaisnéis sin le 'sealbhóir' an deimhnithe clárúcháin, ach ní
hionann ‘sealbhóir’ an deimhnithe clárúcháin agus úinéir na feithicle i gcónaí. Dá ainneoin sin, má tá an
mhótarfheithicil cláraithe i mBallstát amháin agus í in úsáid go minic i
mBallstát eile, is minic a bhíonn dhá phríomhfhadhb ann: (1)
Saoránaigh a aistríonn go
Ballstát eile (oibrithe trasteorann, cuideachtaí a ligeann carranna ar cíos
agus daoine a léasaíonn mótarfheithicil i mBallstát eile), is minic a bhíonn
orthu an fheithicil a chlárú sa chríoch ina bhfuil cónaí orthu nó ina n‑úsáidtear
an fheithicil, cé go bhfuil sí cláraithe cheana féin i mBallstát eile. Is
amhlaidh a bhíonn, mar shampla, nuair a dhéanann sealbhóirí deimhnithe malairt
cónaithe bhuan go Ballstát eile agus an mhótarfheithicil leo. Fadhb leadránach
atá ann, áfach, i gcás saoránach a bhíonn ina gcónaí cuid den bhliain i
mBallstát amháin agus an chuid eile i mBallstát eile, agus i gcás comaitéirí a
mbíonn mótarfheithicil in úsáid acu ina mBallstát féin agus í cláraithe ag a
bhfostóir i mBallstát eile. Sa chás sin, tá an mhótarfheithicil cláraithe i
gceann de na Ballstáit, ach is minic a iarrann an Ballstát eile ar an sealbhóir
í a chlárú ansin. Bíonn fadhbanna maidir le clárú ag cuideachtaí léasaithe
freisin, ar a laghad más sealbhóir an deimhnithe clárúcháin cuideachta acu agus
má bhaineann duine atá bunaithe i mBallstát eile úsáid as an mótarfheithicil.
Ar deireadh, is gnách go gceanglaítear ar ghnóthais charrchíosa ar mian leo
cuid dá bhflít a aistriú go Ballstát eile ar feadh tréimhse gairid chun éileamh
séasúrach a shásamh, na mótarfheithiclí lena mbaineann a chlárú sa Bhallstát
eile. (2)
Is minic trom malltriallach na
foirmiúlachtaí a bhaineann le mótarfheithicil a aistriú ó Bhallstát amháin go
Ballstát eile. I gcás aistrithe mótarfheithicle ar feadh tréimhse níos faide,
bíonn páipéarachas le déanamh as an nua sa Bhallstát fála, agus, de ghnáth,
páipéarachas breise chun clárú sa Bhallstát tionscnaimh a chealú. Is é
príomhchúis an ualaigh bhreise gur beag faisnéis atá ag na húdaráis chlárúcháin
sa Bhallstát fála, nó nach bhfuil aon fhaisnéis acu, maidir leis an mótarfheithicil,
seachas an fhaisnéis atá le fáil acu ar an deimhniú clárúcháin. Dá n‑athchlárófaí
an fheithicil sa Bhallstát céanna, d’fhéadfadh na húdaráis chlárúcháin dul i
muinín na faisnéise atá ina mbunachair shonraí náisiúnta. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA
MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tá achoimre feidhmiúcháin ar
an measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo agus measúnú tionchair, a
ndearna Bord an Choimisiúin Eorpaigh um Measúnú Tionchair measúnú ar dhréacht
de. D’eisigh an Bord a tuairim an 16 Nollaig 2011. Leasaíodh an
measúnú tionchair críochnaitheach dá réir. B’an‑mhór an simpliú
riaracháin a thiocfadh as an togra seo i gcás cuideachtaí, saoránach agus
údarás clárúcháin. B’ionann an laghdú ar an ualach riarachán agus coigilt de
luach EUR 1 445 milliún in aghaidh na bliana ar a laghad. Rinneadh
comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí trí Cheapadh Beartais Idirghníomhach
(IPM, nó ‘Do Ghuth san Eoraip’) ó Mhárta go Bealtaine 2011. Ceistneoirí
dírithe ar shaoránaigh, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar údaráis phoiblí a bhí
sa chomhairliúchán sin. Tá achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí le
fáil in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an measúnú tionchair agus ar an
suíomh idirlín Europa[3]. Baineadh
amach íoschaighdeáin uile an Choimisiúin. Reáchtáladh comhdháil an 21 Meitheamh 2011
chun céadtorthaí an chomhairliúcháin phoiblí a thíolacadh, agus chun fóram
breise a chur ar fáil ina bhféadfadh geallsealbhóirí éagsúla plé a dhéanamh
agus faisnéis a mhalartú, údaráis phoiblí i bhfeighil clárúcháin sna Ballstáit
go háirithe. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA 3.1 Cuspóirí
an togra Is é cuspóir ginearálta an
tionscnaimh seo feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú trí chealú bacainní
riaracháin a bhaineann le nós imeachta athchlárúcháin mótarfheithiclí, atá ina
mbac ar shaorghluaiseacht earraí faoi láthair. Is iad sainchuspóirí an togra
seo nósanna imeachta athchlárúcháin na mótarfheithiclí a cláraíodh roimhe seo i
mBallstát eile a chomhchuibhiú, a shruthlíniú agus a shimpliú le haghaidh saoránach,
fostaithe, fostóirí, cuideachtaí carrchíosa agus léasaithe, agus údaráis
chlárúcháin; Lena chois sin, tá an togra seo dírithe ar ualach riaracháin na
ngníomhaithe uile lena mbaineann a laghdú gan bac a chur ar shábháilteacht ar
bhóithre nó ar chosc coireanna agus calaoise. Is iad seo a leanas na
cuspóirí oibríochtúla atá le baint amach ag an tionscnamh seo: –
Cinneadh a dhéanamh cén
Ballstát inar cheart clárú a dhéanamh ar mhótarfheithicil a aistrítear idir
Bhallstáit; –
Fad ama na nósanna imeachta athchlárúcháin
a laghdú; –
An t‑ualach riaracháin ar
shaoránaigh agus ar ghnóthais a laghdú trí shrian a chur le líon na ndoiciméad
atá riachtanach chun an nós imeachta athchlárúcháin a chur i gcrích agus trí
mhalartú sonraí a éascú idir údaráis chlárúcháin náisiúnta. 3.2. Bunús dlí
– Foirm an ghnímh dhlíthiúil Cuireann na fadhbanna atá ann
faoi láthair agus éagsúlacht na rialacha riaracháin ar an leibhéal náisiúnta i
ndáil le hathchlárú na mótarfheithiclí a cláraíodh roimhe sin i mBallstát eile
bac ar shaorghluaiseacht na bhfeithiclí sin laistigh den AE. Tá sé de cheart ag
an AE, mar sin, beart a dhéanamh ar bhunús dlí Airteagal 114 den CFAE lena
áirithiú go bhfeidhmeoidh margadh aonair na mótarfheithiclí athláimhe a
ceannaíodh i mBallstát eile mar is ceart. Lena chois sin, rachadh an togra seo
chun sochair do shaoránaigh a bheadh ag aistriú mótarfheithicle go Ballstát
cónaí eile, do shaoránaigh a mbeadh mótarfheithicil in úsáid acu a cláraíodh i
mBallstát fostaithe, agus do ghnólachtaí carrchíosa (do ghnólachtaí léasaithe
fosta, ach ní chomh mór sin) a thagann ar bhacainní roimh úsáid trasteorann a
gcuid feithiclí de dheasca ceanglais chlárúcháin a bheith orthusan nó ar a
gcustaiméirí. Tá foirm rialacháin ar an
ionstraim dlí atá beartaithe ar na cúiseanna seo a leanas. Bíonn infheidhmeacht
dhíreach sna Ballstáit ag rialachán agus ní bhíonn gá é a thrasuí sna dlíthe
éagsúla náisiúnta. Ó nach mbeadh ionstraim reachtach infheidhme ach ar chásanna
trasteorann laistigh den AE, bheadh rialachán de dhíth chun deimhneacht dlí
agus simpliú laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú. Lena chois sin, is
éifeachtaí an ionstraim é rialachán le haghaidh an malartú leictreonach
faisnéise idir údaráis náisiúnta chlárúcháin a eagrú. Ar deireadh, níl an baol
ann go ndéanfaidh na Ballstáit rórialáil nuair is rialachán atá sa ngníomh
dlíthiúil. 3.3 Ábhar an
togra In Airteagal 1,
dearbhaítear an prionsabal go bhfuil na Ballstáit i dteideal mionchatagóirí
áirithe feithiclí a dhíolmhú ó chlárú. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de gur cheart
mótarfheithicil a cláraíodh i mBallstát eile a bheith faoi cheanglais
chlárúcháin sa Bhallstát inar aistríodh í. Dearbhaítear go sainráite in
Airteagal 1 fosta nach mbaineann mótarfheithiclí a cláraíodh i dtríú
tíortha leis an togra seo. Lena chois sin, forléirítear nach mbaineann clárú
mótarfheithiclí a cláraíodh sa Bhallstát céanna leis an togra seo. Dá bhrí sin,
tá athchlárú mótarfheithiclí laistigh den Bhallstát céanna faoi réir rialacha
náisiúnta an Bhallstáit agus ní rachaidh an togra seo i bhfeidhm ar an gclárú
sin. Lena chois sin, beidh cead ag na Ballstáit go fóill a gcumhacht gearrtha
cánach a chur i bhfeidhm ar mhótarfheithiclí, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá
na sainmhínithe in Airteagal 2 , agus tá siad an‑chóngarach
do na sainmhínithe a leagadh síos cheana i ndlí an Aontais, go háirithe i dTreoir 1999/37/CE
an 29 Aibreán 1999 maidir le doiciméid chlárúcháin feithiclí[4].
Baineann an Treoir sin le mótarfheithiclí atá faoi réir ag Treoir Réime 2007/46/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007
lena mbunaítear creat maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus
córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leith le haghaidh na bhfeithiclí
sin[5]
agus ag Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Márta 2002 maidir le mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth a
chineálcheadú lena n‑aisghairtear Treoir 92/61/CEE[6]
ón gComhairle. Ní bhaineann sí le tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta. Os
a choinne sin, de réir breithiúnais a rinne an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí,
ní dhéantar foráil i dTreoir 1999/37/CE maidir le comhchuibhiú iomlán[7]. Dearbhaítear in Airteagal 3
nach bhféadfaidh Ballstát a cheangal go gclárófar ina chríoch féin feithicil
atá cláraithe i mBallstát eile ach sa chás ina bhfuil gnáthchónaí i gcríoch an
Bhallstáit sin ag sealbhóir an deimhnithe clárúcháin. Cuirtear roinnt critéar
chun tosaigh in Airteagal 3 chun gnáthchónaí a chinneadh. I gcás daoine
nadúrtha nach bhfuil i mbun gnó, is iad na critéir a mholtar na critéir atá
leagtha amach in Airteagal 7 de Threoir 83/182/CEE an 28 Márta 1983
ón gComhairle maidir le díolúintí ó cháin laistigh den Chomhphobal do mhodhanna
áirithe iompair a allmhairítear go sealadach ó Bhallstát amháin go Ballstát
eile[8].
I gcás cuideachtaí, tagraíonn na critéir atá beartaithe don ionad bunaíochta nó
don ionad gnó, ionann is a rá, i gcás carranna atá cláraithe in ainm na
cuideachta i mBallstát a bunaíochta agus atá in úsáid ag fostaí a bhfuil
gnáthchónaí aige i mBallstát eile, nach féidir leis an dara Ballstát clárú ina
chríochsa a iarraidh mar cheanglas. Ní bheidh gá, mar sin, le measúnú de réir
cáis sa Bhallstát in a bhfuil gnáthchónaí ag an bhfostaí chun a chinneadh an
úsáidtear carr cuideachta go príomha ar chuspóirí príobháideacha nó gairmiúla,
agus an úsáid phríobháideach nó phoiblí atá i gcoimitéireacht idir baile agus
oifig. Leagtar síos in Airteagal 4
riail shimplí shoiléir: i gcás ina n‑aistríonn sealbhóir deimhnithe
clárúcháin go Ballstát eile, ba cheart dó clárú a fheithicle a iarraidh faoi cheann
sé mhí tar éis dó teacht go dtí an tír. Le linn na tréimhse sin, níl cead ag an
mBallstát fála srian a chur le húsáid na feithicle. Déantar simpliú as cuimse
in Airteagal 4 fosta ar na nósanna imeachta maidir le
mótarfheithiclí a cláraíodh i mBallstát eile. Cuirtear i bhfeidhm ann cásdlí
socair na Cúirte Breithiúnais maidir le saorghluaiseacht earraí ina leagtar
amach gur cheart do Bhallstát trádáil laistigh den AE a éascú trí aitheantas a
thabhairt do chruthúnas a eisíodh i mBallstát eile ina léirítear, mar shampla,
gur ghnóthaigh feithicil atá cláraithe i gcríoch an Bhallstáit sin triail
ródacmhainneachta. Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais fosta gur cheart
prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le faisnéis clárúcháin agus
ródacmhainneachta a chomhlánú le comhar idir na húdaráis sna Ballstáit i gcás
aon sonraí a bheith ar iarraidh[9]. Eagraítear
in Airteagal 4 an comhar sin i modh leictreonach, áfach, sa dóigh is gur
cheart don údarás clárúcháin na sonraí a lorg i gclár feithiclí an Bhallstáit inar
cláraíodh an mhótarfheithicil tríd an bhfeidhmchlár dá dtagraítear in
Airteagal 7 agus in Iarscríbhinn II. Feidhmíonn prionsabal an
chomhair riaracháin trí mhodh leictreonach sa treo eile fosta: i gcás ina
gcláraíonn Ballstát feithicil a cláraíodh i mBallstát eile, ceanglaítear ar
údarás clárúcháin an Bhallstáit fála, de réir Airteagal 4, an méid sin a
chur in iúl d’údarás clárúcháin an Bhallstáit inar cláraíodh an fheithicil
roimhe. Ar deireadh, ceadaítear in Airteagal 4 den togra seo rialuithe
breise ar an mótarfheithicil a bheith ann i gcásanna áirithe ar leith. In Airteagal 5
sainmhínítear go sonrach cé hiad na cásanna ina bhfuil údaráis chlárúcháin i
dteideal clárú mótarfheithicle a cláraíodh i mBallstát eile a dhiúltú. Is é
príomhchuspóir Airteagal 5 cosc a chur le calaois agus sábháilteacht ar
bhóithre a áirithiú ó úsáidtear athchlárú mótarfheithicle atá cláraithe i
mBallstát eile chun feithiclí nó doiciméid feithiclí a goideadh a dhlisteanú in
amanna. Is minic a dhíoltar feithiclí a goideadh agus malairt aitheantais
orthu, trí ‘chlónáil’, mar shampla (i.e. cleachtas ina ngoidtear feithicil
agus ina mbaintear a sainchomharthaí dílse agus ina ndéantar malairt comharthaí
a chur uirthi chun cuma feithicle dlisteanaí atá in úsáid ar an mbóthar faoi
láthair a chur uirthi, ionas go ngabhann an fheithicil a goideadh aitheantas na
feithicle dlisteanaí chuici féin agus go bhfuil an dá fheithicil in úsáid faoin
aon uimhir chlárúcháin) nó trí ‘chomhchosúlacht’ (i.e. an cleachtas ina
malartaítear aitheantas feithicle a goideadh ar aitheantas feithicle a
ndearnadh dochar mór di). Ní féidir é sin a chosc ach trí dhlúthchomhar idir
údaráis chlárúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart don Airteagal sin cur le cur chun
feidhme na gcinntí seo a leanas fosta: ·
Treoir 2000/53/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000
maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite[10].
Ceanglaítear ar na Ballstáit sa Treoir seo, inter alia, na bearta is gá a
dhéanamh lena áirithiú go n‑aistreofar na feithiclí uile a bhfuil a ré
caite go saoráidí cóireála údaraithe. De réir na Treorach, ní mór do na
Ballstáit córas a chur ar bun ina bhfuil tíolacadh an deimhnithe ina choinníoll
ar dhíchlárú feithicle a bhfuil a ré caite. Tabharfar an deimhniú sin don
sealbhóir/úinéir nuair a aistreofar an fheithicil go saoráid cóireála. ·
Cinneadh 2004/919/CE ón
gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le dul i ngleic le coireacht
feithiclí a bhfuil impleachtaí trasteorann aici[11]
agus atá dírithe ar chomhar níos fearr a bhaint amach laistigh den Aontas Eorpach
chun go gcoscfar agus go gcomhracfar coireacht trasteorann a bhaineann le
feithiclí, trína dtugtar aird ar leith ar an gcaidreamh idir goid feithiclí
agus trádáil mhídhleathach carranna. Sa Chinneadh sin ceanglaítear ar gach
Ballstát a áirithiú go dtabharfaidh a chuid údarás inniúil na céimeanna is gá
chun míúsáid agus goid doiciméad clárúcháin feithiclí a chosc. Ceanglaítear sa
Chinneadh sin ar údaráis chlárúcháin feithiclí go gcuiridh na húdaráis um
fhorghníomhú an dlí in iúl dóibh an eol dóibh gur goideadh an fheithicil sin
atá á clárú. Tá an Cinneadh dírithe fosta ar mhí-úsáid deimhnithe clárúcháin
feithiclí a chosc: Ní mór do gach Ballstát a áirithiú go dtabharfaidh a chuid
údarás inniúil na céimeanna is gá chun deimhniú clárúcháin úinéara feithicle nó
sealbhóra feithicle a aisghabháil má rinneadh damáiste tromchúiseach don
fheithicil i dtionóisc (caillteanas iomlán). Ní mór deimhniú clárúcháin a
aisghabháil fosta i gcás ina bhfuil amhras, le linn do ghníomhaireacht um
fhorghníomhú an dlí seiceáil a dhéanamh, gur sáraíodh an dlí maidir le
comharthaí aitheantais na feithicle, amhail uimhir aitheantais na feithicle. Áirítear in Airteagal 6
go mbeidh an trádáil feithiclí athláimhe laistigh den AE níos fusa trí na
rialacha maidir le clárú sealadach mótarfheithiclí a chomhchuibhiú. Tá gá leis
na rialacha sin, ar an gcéad dul síos, i gcás daoine atá ag ceannach
mótarfheithicle i mBallstát eile, chun a chur ar a gcumas an fheithicil a
thiomáint ina mBallstát féin má tá sé beartaithe go gclárófar ansin é sa deireadh.
I gcás ina ndíolfar feithicil a cláraíodh cheana i mBallstát do dhuine atá
bunaithe i mBallstát eile, is dócha go ndíchláróidh an díoltóir an
mhótarfheithicil a luaithe a dhíolfar an fheithicil. Is dócha nach ligfidh an
díoltóir do cheannaitheoir an mhótarfheithicil a thiomáint fad is a bheidh
uimhir chlárúcháin an chéad Bhallstáit air. Dá bhrí sin, tá córas clárúcháin
shealadaigh fíor-riachtanach chun feidhmiú an mhargaidh feithiclí athláimhe a
fheabhsú agus chun a áirithiú go líonfar an bhearna go sealadach idir clárú sa
chéad Bhallstát agus an clárú nua. Chomh maith leis sin, cuireann córas
clárúcháin shealadaigh ar chumas údarás clárúcháin cáilíocht na sonraí
clárúcháin ina gcláir a chaomhnú ionas gur furasta iad a mhalartú tríd an
bhfeidhmchlár dá dtagraítear in Airteagal 7. Beartaítear in
Airteagal 6 nach mairfidh bailíocht an chlárúcháin shealadaigh os cionn 30
lá ionas go mbeidh sé ag teacht le hAirteagal 15 de
Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
16 Meán Fómhair 2009 a bhaineann le hárachas i gcoinne
dliteanais shibhialta maidir le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na
hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin[12].
In Airteagal 15 de Threoir 2009/103/CE eagraítear cumhdach árachais
mótarfheithiclí a sheoltar ó Bhallstát go Ballstát trína shonrú go ndearctar,
sna cásanna sin, ar an mBallstát ina bhfuil an riosca mar an Ballstát sprice, a
luaithe a ghlacann an ceannaitheoir an seachadadh, go ceann 30 lá, cé nár
cláraíodh an fheithicil go foirmiúil sa Bhallstát sprice. Má bhaineann tionóisc
den fheithicil le linn na tréimhse sin gan bheith faoi árachas, beidh an
comhlacht atá freagrach as cúiteamh sa Bhallstát sprice faoi dhliteanas i leith
an chúitimh a ndéantar foráil ina leith in Airteagal 10 de Threoir 2009/103/CE. In Airteagal 7 den
togra, eagraítear malartú leictreonach sonraí clárúcháin feithicle idir
Bhallstáit, chun críche athchlárúcháin mótarfheithicle. Tugtar údarás don
Choimisiún in Airteagal 7 gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh
na nósanna imeachta agus na sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an
fheidhmchláir, lena n‑áirítear an fhormáid le haghaidh na sonraí a
mhalartaítear, na nósanna imeachta teicniúla chun féachaint ar na cláir
leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna imeachta rochtana agus
meicníochtaí slándála. Ba cheart an malartú leictreonach sonraí i ndáil le
clárú feithiclí idir Bhallstáit a dhéanamh de réir an Chreata Eorpaigh
Idir-inoibritheachta (EIF)[13]. Tá Airteagal 8
dírithe ar thrádáil na bhfeithiclí athláimhe a dhéanann cuideachtaí laistigh
den AE a éascú trí na rialacha maidir le ‘clárú gairmiúil’ mótarfheithiclí a
chomhchuibhiú. I láthair na huaire, tá scéimeanna ‘clárúcháin gairmiúla’ ann sa
chuid is mó de na Ballstáit ionas go ligfear do mhiondíoltóirí mótarfheithiclí
a thiomáint ar bhóithre poiblí ar feadh achair an‑ghairid gan é a bheith
d’oibleagáid orthu iad a chlárú go foirmiúil. Níl cead bheith rannpháirteach i
scéimeanna ‘clárúcháin gairmiúla’ de ghnáth ach ag monaróirí, comhghabhálaithe,
dáileoirí agus déileálaithe, agus mótarfheithiclí ina seilbh á gclárú acu, nó
ar chuspóirí tástála. Ní eisíonn formhór na mBallstát deimhnithe gairmiúla
clárúcháin per se, ar cuid díobh aitheantas na mótarfheithicle. Is minic a
chuireann siad cineál eile doiciméid ar fáil ina ndéantar an nasc idir na
huimhirphlátaí agus an sealbhóir, agus/nó ina gceanglaítear ar an sealbhóir
logleabhar a choimeád ina dtaifeadtar na geábhanna a thugtar faoin
uimhirphláta. Is léir ón gcleachtas, áfach, nach n‑aithníonn Ballstáit
eile formhór na ‘gcláruithe gairmiúla’, ar an ábhar, de ghnáth, nach bhfuil
deimhniú foirmiúil clárúcháin ann. Dá bhrí sin, ní úsáideann formhór na
ndáileoirí gairmiúla agus na dtrádálaithe gairmiúla cláruithe gairmiúla
lasmuigh dá gcríoch féin. Is é is cuspóir d’Airteagal 8 deireadh a chur
leis na bacainní sin ar thrádáil mótarfheithiclí athláimhe laistigh den AE, trí
chóras comhchoiteann lena n‑aithneofaí sa dara Ballstát ‘cláruithe
gairmiúla’ a deonadh do mhonaróirí, do chomhghabhálaithe, do dháileoirí agus do
dhéileálaithe atá bunaithe i mBallstát amháin. In Airteagal 8 tugtar údarú
don Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh an fhormáid a
leagan síos do shamhail an deimhnithe ghairmiúil chlárúcháin feithicle Ceanglaítear in Airteagal 9
ar na Ballstáit ainmneacha agus sonraí teagmhála na n‑údarás clárúcháin
feithiclí atá freagrach as na cláir oifigiúla feithiclí ina gcríoch agus as cur
chun feidhme an Rialacháin seo a thabhairt don Choimisiún. Foilseoidh an
Coimisiún ansin liosta údarás clárúcháin feithiclí agus aon nuashonruithe ar an
liosta sin ar a shuíomh gréasáin. Lena chois sin, ceanglaítear le
hAirteagal 9 ar údaráis chlárúcháin feithiclí a áirithiú go bhfuil
rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir le clárú na bhfeithiclí i
mBallstát an údaráis ábhartha agus ar ainm agus ar shonraí teagmhála an
údaráis. Tarmligtear cumhachtaí in Airteagal 10
agus in Airteagal 11 chuig an Choimisiún na leasuithe ar
Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II a ghlacadh i bhfianaise dul chun
cinn theicniúil, go háirithe chun go gcuirfear san áireamh leasuithe ábhartha
ar Threoir 1999/37/CE nó leasuithe ar ghníomhartha eile de chuid an
Aontais a bhainfidh go díreach le hIarscríbhinn I agus
Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. Déantar cumhachtaí a
tharmligean don Choimisiún sna hairteagail sin fosta chun na coinníollacha a
leagan amach atá le comhlíonadh ag fiontair dá n‑eisítear deimhnithe
gairmiúla clárúcháin feithiclí chun riachtanais dea-chlú agus na hinnúlachta
gairmiúla riachtanaí a riar, agus chun fad bhailíocht na ndeimhnithe gairmiúla
clárúcháin feithiclí a shonrú: –
Ba cheart
d’Iarscríbhinn I teacht le hábhar an deimhnithe clárúcháin chomhchuibhithe
mar a leagtar amach é i dTreoir 1999/37/CE, chomh fada is a bhaineann sé
le sonraí feithicle. Ós rud é nach bhfuil sonraí pearsanta shealbhóir an
deimhnithe clárúcháin a bhí ann roimhe ná sonraí pearsanta aon duine eile a
luaitear ar an deimhniú (e.g. an t‑úinéir, an t‑úsáideoir etc.)
riachtanach le haghaidh athchlárúcháin, ní choinnítear na sonraí sin de réir
Iarscríbhinn I, cé gur cuid iad den fhaisnéis éigeantach atá leagtha amach
sa deimhniú clárúcháin comhchuibhithe mar a leagtar síos é i dTreoir 1999/37/CE.
Dá ainneoin sin, ní féidir a chur as an gcuntas go bhféadfar athruithe a
dhéanamh ar ábhar an deimhnithe atá mar bhonn ag an gcéad chlárú, mar shampla.
Is é a bheadh mar chúis leis na hathruithe sin, mar shampla, leasú ar
Threoir Réime 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas
mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad
teicniúil ar leith le haghaidh na bhfeithiclí sin. Ba cheart go gcuirfeadh an
tarmligean cumhachtaí ar chumas an Choimisiúin Iarscríbhinn I a oiriúnú do
na leasuithe sin. –
Tagraítear go sainráite in
Iarscríbhinn II don fheidhmchlár a mbeidh roinnt nuashonruithe teicniúla
de dhíth air, is dócha, chun go mbeidh sé in oiriúint d’fhorbairtí
teicneolaíocha i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise. Ba cheart go gcuirfeadh
an tarmligean cumhachtaí ar chumas an Choimisiúin Iarscríbhinn II a
oiriúnú dá réir sin. –
Ba cheart go gcuirfeadh an
tarmligean cumhachtaí ar chumas an Choimisiúin na coinníollach a leagan amach
atá le comhlíonadh ag fiontair dá n‑eisítear deimhnithe gairmiúla
clárúcháin feithiclí chun riachtanais dea-chlú agus na hinnúlachta gairmiúla
riachtanaí a riar, mar a leagtar síos in Airteagal 8(1)(c). Ba cheart go
cuirfeadh sé ar chumas an Choimisiúin fosta fad bhailíocht na ndeimhnithe
gairmiúla clárúcháin feithiclí a shonrú. Leagtar amach in Airteagal 12
nós imeachta an Choiste maidir le cur chun feidhme Airteagal 7 agus
Airteagal 8, i.e. na gníomhartha in gcuirtear chun feidhme na nósanna
imeachta comhchoiteanna agus na sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an
fheidhmcláir dá dtagraítear in Airteagal 7, lena n‑áirítear an
fhormáid le haghaidh na sonraí a mhalartaítear, na nósanna imeachta teicniúla
chun féachaint ar na cláir leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna
imeachta rochtana agus meicníochtaí slándála, maille leis na gníomhartha cur
chun feidhme ina leagtar amach formáid agus samhail an deimhnithe ghairmiúil
chlárúcháin. Bheadh raon feidhme ginearálta ag na gníomhartha cur chun feidhme
i modh is gur cheart go mbeadh an nós imeachta scrúdúcháin infheidhme i
gcomhréir le hAirteagal 2(2)(a) de Rialachán (ón AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir leis an rialú a bheidh ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí
cur chun feidhme an Choimisiúin[14]. Eagraítear in Airteagal 13
an measúnú ar an Rialachán ar cheart tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle a theacht as ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin. Ba cheart go sainaithneofaí fosta sa mheasúnú fadhbanna agus easpaí
a d'fhéadfadh bheith ar an Rialachán agus d'fhéadfadh sé bheith mar phointe
tosaigh ag tuilleadh beart, lena n‑áirítear togra féideartha chun an
Rialachán a leasú, le haghaidh simpliú breise riaracháin do shaoránaigh agus do
chuideachtaí agus comhtháthú níos fearr ar mhargadh aonair na mótarfheithiclí
athláimhe. Sonraítear in Airteagal 14
go mbeidh an Rialachán infheidhme go ceann bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Leagtar amach impleacht
bhuiséadach an togra seo sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra. Ní
chuirtear de cheangal sa togra seo ach leithreasaí riarthacha. Ní chuirtear
leithreasaí oibríochtúla mar cheangal ann. 2012/0082 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena simplítear aistriú mótarfheithiclí atá
cláraithe i mBallstát eile laistigh den mhargadh aonair (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA
hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón
gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh
reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[15], Tar éis dul i gcomhairle
leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh
i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a
leanas: (1) Tá córas
clárúcháin feithiclí le haghaidh mótarfheithiclí ag gach Ballstát arb é atá ann
an t‑údarú riaracháin dá gcur i seirbhís i dtrácht ar bhóithre, tréimhse
ina sainaithnítear an fheithicil agus ina sanntar an chláruimhir di. Tagann a
lán de na rialacha náisiúnta maidir le clárú feithiclí, áfach, salach ar a
chéile agus tá siad casta agus trioblóideach. Dá thoradh sin, cruthaíonn
fadhbanna le clárú feithiclí bacainní teicniúla laistigh den mhargadh
inmheánach agus tagann fadhbanna astu do shaorghluaiseacht, laistigh den
Aontas, mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile. (2) I
dTuarascáil 2010 ar Shaoránacht an AE dar teideal "Na bacainní ar
chearta shaoránaigh an AE a dhíchur" ("Dismantling the obstacles
to EU citizens' rights")[16]
sainaithníodh fadhbanna clárúcháin feithiclí mar cheann de na príomhbhacainní a
mbíonn ar shaoránaigh déileáil leo agus a gcearta faoi dhlí an Aontais á
bhfeidhmiú acu ina saol ó lá go lá. Sa Tuarascáil sin, thug an Coimisiún
tiomantas an bhacainn sin a bhaint, trí na foirmiúlachtaí agus na coinníollacha
le haghaidh clárúcháin feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile a shimpliú. (3) Le Treoir 1999/37/CE
ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin
le haghaidh feithiclí[17], déantar
foirm agus inneachar an deimhnithe clárúcháin a chomhchuibhiú chun go mbeidh sé
éasca é a thuiscint agus sa chaoi sin chun saorghluaiseacht, ar bhóithre i
gcríoch na mBallstát eile, feithiclí atá cláraithe i mBallstát a éascú. De bhun
na Treorach sin, ba cheart do na Ballstáit eile an deimhniú clárúcháin a d'eisigh
Ballstát a aithint le haghaidh shainaithint na feithicle i dtrácht
idirnáisiúnta nó chun é a athchlárú i mBallstát eile. Níl aon fhorálacha,
áfach, i dTreoir 1999/37/CE lena gcinntear an Ballstát atá inniúil maidir
leis an gclárú agus na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta is infheidhme.
Dá bharr sin, chun na bacainní ar shaorghluaiseacht mótarfheithiclí laistigh
den mhargadh inmheánach a dhíothú, is gá rialacha comhchuibhithe ar leith a
bhunú maidir leis an mBallstát nach mór mótarfheithiclí a chlárú ann a
chinneadh agus maidir le nósanna imeachta simplithe chun mótarfheithiclí atá
cláraithe i mBallstát eile a athchlárú. (4) Is minic
a chuireann rialacha náisiúnta na mBallstát de cheangal ar fhiontair agus ar
shaoránaigh atá bunaithe ar a gcríoch mótarfheithicil a chlárú inti ar
mótarfheithicil í a chláraigh tríú duine atá bunaithe i mBallstát eile, lena n‑áirítear
i gcás nach n‑úsáidtear an fheithicil den chuid is mó ar bhonn buan i
mBallstát a cheanglaíonn clárú agus nach bhfuil rún ar bith í a úsáid amhlaidh.
Dá bhrí sin, is gá a leagan síos cén Ballstát inar cheart mótarfheithicil a
chlárú má tá sí i seilbh duine atá bunaithe nó atá ina chónaí i mBallstát
seachas an Ballstát ina bhfuil an t‑úinéir bunaithe nó ina chónaí. Sna
cúinsí sin, is iomchuí do Bhallstáit aitheantas frithpháirteach a thabhairt don
chlárú bailí i mBallstát eile. (5) Cuireann
foirmiúlachtaí trioblóideacha clárúcháin sna Ballstáit bac ar chlárú
mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile, go háirithe mar gheall ar an
oibleagáid na feithiclí sin a chur faoi réir tuilleadh tástálacha chun a mbail
ghinearálta a mheasúnú roimh chlárú nó chun iad a shainaithint. Dá bhrí sin, is
gá na foirmiúlachtaí sin a laghdú chun saorghluaiseacht mótarfheithiclí a
áirithiú agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú do shaoránaigh, do
ghnóthais agus d'údaráis chlárúcháin. Go háirithe do shaoránaigh nó do
ghnóthais a fhaigheann mótarfheithicil atá cláraithe i mBallstát eile, is
iomchuí foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta clárúcháin simplithe a n‑áirítear
ann aitheantas doiciméad agus trialacha ródacmhainneachta a eisíodh i mBallstát
eile agus lena n‑eagrófaí an comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla
maidir le malartú sonraí atá in easnamh. (6) Ba cheart
don Rialachán seo Cinneadh 2004/919/CE ón gComhairle an
22 Nollaig 2004 maidir le dul i ngleic le coireacht feithiclí a
bhfuil impleachtaí trasteorann aici[18] a chur san
áireamh, Rialachán arb é a chuspóir comhar feabhsaithe laistigh den Aontas a
bhaint amach chun coireacht trasteorann feithiclí a chosc agus a chomhrac. De
réir an Chinnidh sin, caithfidh gach Ballstát a áirithiú go nglacann a údaráis
inniúla na céimeanna is gá chun mí-úsáid agus goid doiciméad clárúcháin
feithiclí a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo cead a thabhairt do
Bhallstáit clárú mótarfheithicle atá cláraithe i mBallstát eile a dhiúltú i
gcás coireachta feithiclí, lena n‑áirítear mí‑úsáid agus goid
doiciméad clárúcháin feithiclí. (7) Ba cheart
don Rialachán seo féachaint le simpliú riaracháin do shaoránaigh, do ghnóthais
agus d'údaráis chlárúcháin a bhaint amach, go háirithe trí mhalartú
leictreonach sonraí clárúcháin feithiclí. Dá bhrí sin, is gá, chun
foirmiúlachtaí clárúcháin a shimpliú ó thaobh riaracháin de, go ndeonaíonn
Ballstáit dá chéile an ceart rochtain a fháil ar a sonraí clárúcháin feithiclí
chun malartú faisnéise a fheabhsú agus chun na nósanna imeachta clárúcháin a
luathú. (8) Tá
próiseáil sonraí pearsanta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi réir
Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil
le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den
sórt sin[19]. Tá feidhm
ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí
pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus
maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[20]
maidir leis an gCoimisiún a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs
an Rialacháin seo. (9) Chun
mótarfheithicil atá cláraithe i mBallstát a aistriú chuig Ballstát eile, toisc
í a bheith á clárú ag an mBallstát eile sin, tá gá le clárú sealadach a bhfuil
rochtain leathan air chun tástáil, sábháilteacht ar bhóithre agus tarchur
sonraí iontaofa cláraithe feithiclí go leictreonach a áirithiú. Dá bhrí sin, is
gá córas a bhunú lenar féidir mótarfheithiclí a chlárú go sealadach. (10) Aistriú
mótarfheithiclí chuig Ballstát a dhéanann fiontair a dháileann mótarfheithiclí
nó a sholáthraíonn seirbhísí tástála nó seirbhísí deisithe agus cothabhála le
haghaidh mótarfheithiclí, de ghnáth tarlaíonn sé le huimhreacha náisiúnta
gairmiúla clárúcháin. Is minic, áfach, nach n‑aithnítear na huimhreacha
gairmiúla clárúcháin sin i mBallstáit eile, rud a fhágann go bhfuil bac á chur
ar thrádáil ghairmiúil fiontar mótarfheithiclí athláimhe thar theorainneacha,
go háirithe i réigiúin teorann. Dá thoradh sin, is gá córas a ghlacadh lenar
féidir le fiontair a dháileann mótarfheithiclí nó a sholáthraíonn seirbhísí
deisithe agus cothabhála le haghaidh mótarfheithiclí na feithiclí sin a aistriú
chuig Ballstát eile le huimhir ghairmiúil chlárúcháin. (11) Ó tharla
nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na
foirmiúlachtaí clárúcháin a laghdú chun saorghluaiseacht mótarfheithiclí atá
cláraithe i mBallstát eile a áirithiú agus an t‑ualach riaracháin a
laghdú do shaoránaigh, do ghnóthais agus d'údaráis chlárúcháin, a bhaint amach
go leordhóthanach toisc go dtagann na rialacha náisiúnta salach ar a chéile
agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach, mar gheall ar a scála
agus a n‑éifeacht, ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in
Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (12) Urramaíonn
an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n‑aithint i
gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. (13) Chun
malartú faisnéise idir Ballstáit ar bhealach idir-inoibritheach a bhaint amach,
ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean
chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar Iarscríbhinn I agus
Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfianaise dul chun
cinn theicniúil, go háirithe, chun leasuithe ábhartha ar Threoir 1999/37/CE
a chur san áireamh nó leasuithe ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais a chur
san áireamh, ar leasuithe iad atá ábhartha go díreach chun Iarscríbhinn I
agus Iarscríbhinn II den Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta maidir
leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ag fiontair dá n‑eisítear
deimhnithe gairmiúla clárúcháin feithiclí chun riachtanais dea-chlú agus na
hinniúlachta gairmiúla riachtanaí a riar, agus maidir le fad bhailíocht na
ndeimhnithe gairmiúla clárúcháin feithiclí. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh
an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó
gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéantar
doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (14) Chun
coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na
nósanna imeachta agus na sonraíochtaí coiteanna a leagan síos le haghaidh
fheidhmchlár a bhfuil gá leis chun sonraí cláraithe feithiclí a mhalartú go
leictreonach, lena n‑áirítear an fhormáid le haghaidh na sonraí a
mhalartaítear, na nósanna imeachta teicniúla chun féachaint ar na cláir
leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna imeachta rochtana agus
meicníochtaí slándála, agus formáid agus múnla an deimhnithe ghairmiúil
clárúcháin feithiclí a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha
agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag
na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[21]. TAR ÉIS AN
RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Raon feidhme 1. Beidh
feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na feithiclí seo a leanas: (a)
aon mhótarfheithicil nó
leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[22]; (b)
aon mhótarfheithicil ar a
bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, atá beartaithe
chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Threoir 2002/24/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23]. 2. Ní bheidh
feidhm ag an Rialachán seo maidir le clárú mótarfheithiclí atá cláraithe i
dtríú tír. 3. Tá an
Rialachán seo gan dochar do cheart Ballstát mótarfheithiclí a dhíolmhú ó chlárú
i gcomhréir le Treoir 1999/37/CE. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin
seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1) ciallaíonn
‘clárú’ an t‑údarú riaracháin do chur i seirbhís feithicle i dtrácht ar
bhóithre, tréimhse ina sainaithnítear an fheithicil agus ina sanntar
sraithuimhir, ar a dtugtar cláruimhir, di; (2) ciallaíonn
‘feithicil atá cláraithe i mBallstát eile’ feithicil ag a bhfuil deimhniú
cláraithe bailí a d'eisigh Ballstát eile; (3) ciallaíonn
‘sealbhóir an deimhnithe clárúcháin’ an duine a bhfuil feithicil cláraithe ina
ainm i mBallstát; (4) ciallaíonn
‘clárú gairmiúil feithicle’ an t‑údarú riaracháin do chur i seirbhís
feithiclí i dtrácht ar bhóithre, tréimhse ina sainaithnítear an fheithicil agus
ina sanntar sraithuimhir, ar a dtugtar an chláruimhir ghairmiúil, di, ar uimhir
í a fhéadfaidh feithiclí éagsúla a úsáid. Airteagal 3
Áit clárúcháin feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile 1. Ní
fhéadfaidh Ballstát clárú feithicle atá cláraithe i mBallstát eile ar a chríoch
a cheangal ach amháin má tá gnáthchónaí ar shealbhóir an deimhnithe clárúcháin
ar a chríoch. 2. Is ionann
an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí ar shealbhóir an deimhnithe clárúcháin agus
aon cheann díobh seo a leanas: (c)
i gcás cuideachta nó comhlachta eile, corpraithe nó
neamhchorpraithe, an Ballstát ina bhfuil an riarachán lárnach suite; (d)
i gcás brainse, gníomhaireachta
nó aon bhunaíochta eile de chuideachta nó de chomhlacht eile, an Ballstát ina
bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó aon bhunaíocht eile suite; (e)
i gcás duine nádúrtha ag
gníomhú dó i rith a ghníomhaíochta gnó, an Ballstát arb é a phríomháit ghnó é; (f)
i gcás aon duine nádúrtha eile: (i) an áit ina gcónaíonn
duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain
féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach
bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a
thaispeánann naisc láidre idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air; (ii) i gcás duine a
bhfuil a cheangail ghairme in áit atá éagsúil leis an áit ina bhfuil a
cheangail phearsanta agus atá ina chónaí, dá thoradh sin, ar a sheal in
áiteanna difriúla in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, áit a cheangal pearsanta,
ar choinníoll go bhfillfidh an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll atá leagtha
amach i bpointe (ii) i gcás ina mbeidh an duine ina chónaí i mBallstát chun
cúram a chur i gcrích a bhfuil fad cinnte ag baint leis. Ní thabharfar le
tuiscint go mbeidh aistriú gnáthchónaí i gceist toisc duine a bheith ag
freastal ar ollscoil nó ar scoil. Airteagal 4
Nós imeachta clárúcháin le haghaidh feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile 1. I gcás
ina mbogann sealbhóir an deimhnithe clárúcháin a ghnáthchónaí chuig Ballstát
eile, ní mór dó clárú feithicle atá cláraithe i mBallstát eile a iarraidh
laistigh de thréimhse sé mhí tar éis dó teacht: Le linn na tréimhse dá
dtagraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar srian a chur ar úsáid na feithicle. 2. Cuirfear
an t‑iarratas feithicil atá cláraithe i mBallstát eile a chlárú faoi
bhráid údaráis chlárucháin feithiclí agus áireofar ann codanna ábhartha an
deimhnithe cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 1999/37/CE
nó aon fhianaise eile cláraithe roimhe sin i mBallstát eile. 3. Nuair a
fhaigheann sé an t‑iarratas ar chlárú feithicle atá cláraithe i mBallstát
eile, déanfaidh an t‑údarás clárúcháin feithiclí an fhaisnéis faoi na
míreanna sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a bhailiú láithreach
go díreach ó údarás clárúcháin feithiclí an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil
cláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 7, agus aistreoidh sé na sonraí chuig
a chlár féin. 4. Ní
fhéadfaidh údaráis chlárucháin feithiclí seiceálacha fisiciúla na feithicle atá
cláraithe i mBallstát eile a dhéanamh ach amháin sula gcláraítear an fheithicil
in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
mura féidir teacht ar an bhfaisnéis a sholáthair an
t‑iarratasóir le linn an phróisis cláraithe i gclár feithiclí an
Bhallstáit a bhfuil an fheithicil in ainm is a bheith cláraithe ann; (b)
murab ionann an fhaisnéis a
sholáthair an t‑iarratasóir le linn an phróisis chlárúcháin agus an
fhaisnéis atá i gclár feithiclí an Bhallstáit a bhfuil an fheithicil in ainm is
a bheith cláraithe ann; (c)
i gcás ina bhfuil forais
réasúnacha ag an mBallstát a chreidiúint nach ionann na forálacha teicniúla ar
formheasadh an fheithicil dá réir de bhun Airteagal 23 nó
Airteagal 24 de Rialachán 2007/46/CE nó de bhun Airteagal 15 de
Throier 2002/24/CE agus a bhforálacha féin; (d)
má tá gá le trialacha
ródacmhainneachta i gcás ina n‑athródh úinéireacht na feithicle, nó i
gcás feithiclí a bhfuil damáiste tromchúiseach déanta dóibh. 5. I gcás
ina gcláraítear feithicil atá cláraithe i mBallstát eile, déanfaidh an t‑údarás
ábhartha cláraithe feithiclí é sin a thuairisciú láithreach d'údarás cláraithe
feithiclí an Bhallstáit inar cláraíodh an fheithicil an uair dheireanach, i
gcomhréir le hAirteagal 7. Airteagal 5
Diúltú feithicil atá cláraithe i mBallstát eile a chlárú 1. Ní
fhéadfaidh údaráis chlárúcháin feithiclí diúltú feithicil atá cláraithe i
mBallstát eile a chlárú ach amháin in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha atá
leagtha amach in Airteagal 4(2); (b)
i gcás inarb infheidhme, más
rud é nár íocadh na tobhaigh nó na táillí a d'fhorchuir an Ballstát sin don
chlárú dá dtagraítear in Airteagal 4; (c)
i gcás nár gnóthaíodh na
seiceálacha fisiciúla dá dtagraítear in Airteagal 4(4); (d)
i gcás ina léiríonn an
fhaisnéis a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 aon cheann de na nithe
seo a leanas: (i) go bhfuil damáiste
tromchúiseach déanta don fheithicil, gur goideadh an fheithicil nó gur
scriosadh í; (ii) gur goideadh
doiciméid chlárúcháin na feithicle, mura bhféadann sealbhóir an deimhnithe
clárúcháin a léiriú go follasach gur leisean an fheithicil; (iii) go bhfuil dáta an
chéad deimhnithe ródacmhainneachta éigeantaigh eile imithe in éag. 2. Aon
chinneadh a dhéanfaidh údarás clárúcháin feithiclí lena ndiúltaíonn sé
feithicil atá cláraithe i mBallstát eile a chlárú, beidh sé cuí-réasúnaithe.
Laistigh de mhí amháin ón gcinneadh diúltach a fháil féadfaidh an duine lena
mbaineann iarraidh ar an údarás inniúil clárúcháin feithiclí an cinneadh a
athbhreithniú. Áireofar san iarratas sin cúiseanna an athbhreithnithe sin.
Laistigh de mhí amháin ón iarratas sin a fháil, deimhneoidh nó aisiompóidh an t‑údarás
inniúil clárúcháin feithiclí a chinneadh. Airteagal 6
Cláruithe sealadacha le haghaidh aistrithe chuig Ballstát eile 1. Aon duine
a cheannaigh feithicil i mBallstát eile agus i gcás nach bhfuil deimhniú
clárúcháin ann don fheithicil sin, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás
clárúcháin feithiclí deimhniú clárúcháin sealadach a eisiúint d'fheithicil i
bhfianaise a haistrithe chuig Ballstát eile. Beidh an deimhniú clárúcháin
sealadach bailí ar feadh 30 lá. 2. Nuair a
fhaigheann sé an t‑iarratas ar an deimhniú clárúcháin sealadach dá
dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t‑údarás clárúcháin feithiclí an
fhaisnéis faoi na míreanna sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a
bhailiú láithreach go díreach ó údarás clárúcháin feithiclí an Bhallstáit ina
bhfuil an fheithicil cláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 7, agus
aistreoidh sé na sonraí chuig a chlár féin. 3. Féadfaidh
údaráis chlárúcháin feithiclí an deimhniú clárúcháin a dhiúltú sealadach dá
dtagraítear i mír 1 a eisiamh in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
i gcás inarb infheidhme, más rud é nár íocadh na
tobhaigh nó na táillí a d'fhorchuir a mBallstáit don chlárú sealadach; (b)
i gcás ina léiríonn an
fhaisnéis a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 nó an fhaisnéis sna cláir
náisiúnta oifigiúla feithiclí aon cheann de na nithe seo a leanas: (i) go bhfuil damáiste
tromchúiseach déanta don fheithicil, gur goideadh an fheithicil nó gur
scriosadh í; (ii) gur goideadh
doiciméid cláraithe na feithicle, mura bhféadann sealbhóir an deimhnithe
clárúcháinclárúcháin a léiriú go follasach gur leisean an fheithicil; (iii) go bhfuil dáta an
chéad deimhnithe ródacmhainneachta éigeantaigh eile imithe in éag. Airteagal 7
Malartú faisnéise faoi shonraí clárúcháin feithiclí 1. Chun
críocha feithicil atá cláraithe i mBallstát eile a chlárú, déanfaidh údaráis
chlárúcháin feithiclí rochtain ar na sonraí arna stóráil sna cláir oifigiúla
feithiclí faoi mhíreanna sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a
dheonú d'údaráis chlárúcháin feithiclí na mBallstát eile. 2. Chun
críocha mhír 1, úsáidfidh údaráis chlárúcháin feithiclí feidhmchlár mar atá
leagtha amach in Iarscríbhinn II. Is ag údaráis chlárúcháin
feithiclí amháin a bheidh rochtain dhíreach ar na sonraí arna stóráil agus atá
réidh le haisghabháil faoin bhfeidhmchlár. Déanfaidh údaráis chlárúcháin
feithiclí na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar an méid seo a leanas a
chosc: (a)
rochtain arna fáil ag daoine neamhúdaraithe ar an
trealamh próiseála sonraí; (b)
faisnéis a bheith á léamh, á
cóipeáil, á leasú nó á scriosadh ag daoine neamhúdaraithe; (c)
ceistiú neamhúdaraithe nó
tarchur neamhúdaraithe faisnéise; (d)
léamh nó cóipeáil
neamhúdaraithe faisnéise le linn tarchuir. 3. Déanfaidh
na húdaráis chlárúcháin feithiclí sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i
gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus faoi mhaoirseacht údarás neamhspleách
poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin. Ní úsáidfidh údaráis
chlárúcháin feithiclí faisnéis arna tarchur i gcomhréir leis an Rialachán seo
ach amháin chun feithicil atá cláraithe i mBallstát eile a chlárú. I gcás ina malartaítear
faisnéis idir údaráis chlárúcháin feithiclí i gcomhréir leis an Rialachán seo,
déanfar an t‑údarás clárúcháin a sholáthraíonn an fhaisnéis a chur ar an
eolas, má iarrtar amhlaidh, faoin úsáid atá le baint as an bhfaisnéis arna
soláthar agus faoin bhfaireachán a rinneadh. Féachfaidh an t‑údarás
clárúcháin feithiclí a sholáthraíonn an fhaisnéis do chruinneas na faisnéise
atá le soláthar agus breithneoidh sé an bhfuil gá léi agus an bhfuil sí i
gcomhréir leis an gcríoch dá soláthraítear í. Cloífidh sé leis na rialacháin
ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Má thagann sé chun solais gur
soláthraíodh faisnéis mhícheart nó faisnéis nár cheart a sholáthar, déanfar an
t‑údarás clárúcháin feithiclí a fhaigheann an fhaisnéis a chur ar an
eolas láithreach. Déanfaidh an t‑údarás clárúcháin feithiclí a fhaigheann
an fhaisnéis í a scriosadh ansin nó ceartóidh sé an fhaisnéis a fuarthas. 4. Glacfaidh
an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus na
sonraíochtaí coiteanna a leagan síos le haghaidh an fheidhmchláir dá
dtagraítear in alt 2, lena n‑áirítear an fhormáid le haghaidh na
sonraí a mhalartaítear, na nósanna imeachta teicniúla chun féachaint ar na
cláir leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna imeachta rochtana agus
meicníochtaí slándála. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 12(2). Airteagal 8
Cláruithe gairmiúla feithiclí 1. Féadfaidh
údarás clárúcháin feithiclí deimhniú gairmiúil clárúcháin feithicle amháin nó
cúpla deimhniú a eisiúint d'aon fhiontar a chomhlíonann na critéir seo a
leanas: (a)
tá sé bunaithe ar a chríoch; (b)
dáileann sé feithiclí nó
soláthraíonn sé seirbhísí deisithe, cothabhála nó tástála le haghaidh
feithiclí; (c)
tá cáil mhaith air agus tá an
inniúlacht ghairmiúil is gá aige. 2. Áiritheoidh údaráis
chlárúcháin feithiclí go ndéantar na sonraí feithiclí dá dtagraítear in
Iarscríbhinn I a thaifeadadh ina gclár i gcás gach clárúcháin ghairmiúil
feithicle. 3. Ní fhéadfar feithiclí a
bhfuil deimhniú gairmiúil clárúcháin feithiclí ann dóibh a úsáid ach amháin
mura bhfuil riosca díreach láithreach do shábháilteacht ar bhóithre ag baint leo.
Ní fhéadfar na feithiclí sin a úsáid le haghaidh iompair thráchtála daoine nó
earraí. 4. Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar
chúiseanna a bhaineann le clárú feithicle, bac a chur ar shaorghluaiseacht
feithiclí atá cumhdaithe ag deimhniú gairmiúil clárúcháin feithiclí. 5. Glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme chun formáid agus múnla an deimhnithe ghairmiúil
chlárúcháin feithiclí a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 12(2). Airteagal 9
Údaráis chlárúcháin feithiclí 1 Déanfaidh
Ballstáit ainmneacha agus sonraí teagmhála na n‑údarás clárúcháin
feithiclí atá freagrach as na cláir oifigiúla feithiclí ina gcríoch a
bhainistiú agus as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur in iúl don
Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún liosta
údarás clárúcháin feithiclí agus aon nuashonruithe ar an liosta sin ar a
shuíomh gréasáin. 2. Déanfaidh údaráis chlárúcháin
feithiclí a áirithiú go bhfuil rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis seo
a leanas: (d)
an fhaisnéis maidir le clárú feithiclí i mBallstát
an údaráis ábhartha (e)
ainm agus sonraí teagmhála an
údaráis ionas gur féidir dul i dteagmháil leis go díreach Airteagal 10
Gníomhartha Tarmligthe Tabharfar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11
maidir le: (1) leasuithe
ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an
Rialachán seo i bhfianaise dul chun cinn theicniúil, go háirithe chun leasuithe
ábhartha ar Threoir 1999/37/CE a chur san áireamh nó leasuithe ar
ghníomhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, ar leasuithe iad atá
ábhartha go díreach chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a
ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta. (2) na coinníollacha atá le
comhlíonadh ag fiontair chun na ceanglais atá leagtha síos in
Airteagal 8(1)(c); (3) fad
bhailíocht na ndeimhnithe gairmiúla clárúcháin feithiclí dá dtagraítear in
Airteagal 8(1) Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Is go
ceann tréimhse éiginnte ama ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 don Choimisiún. 3. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 10 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta arna shonrú sa chinneadh sin.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos
déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe
a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní
thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm
ach amháin murar chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne
laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé
curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don
Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse
sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 12
Nós imeachta coiste 1. Beidh
coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin. 2. I gcás
ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás
ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta scríofa, cuirfear
deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach
an choiste amhlaidh nó i gcás ina n‑iarrfaidh tromlach simplí de
chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a
sholáthar. Airteagal 13
Meastóireacht Déanfaidh an Coimisiún
tuarascáil faoi mheastóireacht an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle faoin [ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo]. Tíolacfaidh an Coimisiún, más gá, tograí iomchuí d'fhonn an
Rialachán seo a leasú, agus gníomhartha eile de chuid an Aontais a ailíniú,
agus na féidearthachtaí maidir le tuilleadh simplithe riaracháin a dhéanamh do
shaoránaigh agus do ghnóthaí á gcur san áireamh go háirithe. Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht Tiocfaidh an Rialachán seo
i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón xxxx
[an dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo]. Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4.4.2012 Thar ceann
Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I Tacar sonraí i dtaca le cuardach
uathoibríoch a dhéanamh ar na sonraí i ndáil le clárú feithiclí dá dtagraítear
in Airteagal 7(1) Mír || Treoir 1999/37/CE maidir le Cóid Chomhchuibhithe 1. Tír chlárúcháin || -- 2. Uimhir chlárúcháin || (A) 3. An dáta ar a cláraíodh an fheithicil den chéad uair || (B) 4. Uimhir/uimhreacha aitheantais an deimhnithe clárúcháin || -- 5. Ainm an údaráis a d'eisigh an deimhniú clárúcháin || -- 6. Feithicil: déanamh || (D.1) 7. Feithicil: cineál: - Athróg (más ann dó); - Leagan (más ann dó); || (D.2) 8. Feithicil: tuairisc/tuairiscí tráchtála || (D.3) 9. Uimhir Aitheantais na Feithicle (VIN) || (E) 10. Mais: an uasmhais ualaithe atá ceadaithe ar bhonn teicniúil, seachas i gcás gluaisrothar || (F.1) 11. Mais: an uasmhais ualaithe atá ceadaithe i gcás feithicle atá i seirbhís sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe || (F.2) 12. Mais na feithicle atá i seirbhís agus cabhailobair san áireamh mar aon le feiste cúplála i gcás feithicle tarraingthe atá i seirbhís ó aon chatagóir seachas M1. || (G) 13. Tréimhse bailíochta, murar tréimhse neamhtheoranta í || (H) 14. Dáta an chlárúcháin dá dtagraíonn an deimhniú seo || (I) 15. Uimhir chineálcheadaithe (más ann dó) || (K) 16. Líon na n‑acastóirí || (L) 17. Rothfhad (mm) || (M) 18. I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán cheadaithe os cionn 3500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: acastóir 1 (kg) || (N.1) 19. I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán cheadaithe os cionn 3500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: acastóir 2 (kg), nuair is iomchuí || (N.2) 20. I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán cheadaithe os cionn 3500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: acastóir 3 (kg), nuair is iomchuí || (N.3) 21. I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán cheadaithe os cionn 3500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: acastóir 4 (kg), nuair is iomchuí || (N.4) 22. I gcás feithiclí a bhfuil mais iomlán cheadaithe os cionn 3500 kg acu, dáileadh na huasmhaise iomláine atá ceadaithe ar bhonn teicniúil idir na hacastóirí: acastóir 5 (kg), nuair is iomchuí || (N.5) 23. Uasmhais intarraingthe an leantóra atá ceadaithe ar bhonn teicniúil: coscánaithe (kg) || (O.1) 24. Uasmhais intarraingthe an leantóra atá ceadaithe ar bhonn teicniúil: gan bheith coscánaithe (kg) || (O.2) 25. Inneall: toilleadh (cm3) || (P.1) 26. Inneall: uaschumhacht ghlan (kW) (más ann di) || (P.2) 27. Inneall: cineál breosla nó an fhoinse chumhachta || (P.3) 28. Inneall: luas rátáilte (min -1) || (P.4) 29. Uimhir aitheantais an innill || (P.5) 30. Cóimheas cumhachta/meáchain (kW/kg) (le haghaidh gluaisrothar amháin) || (Q) 31. Dath na feithicle || (R) 32. Cóir suí: líon na suíochán, lena n‑áirítear suíochán an tiomána || (S.1) 33. Cóir suí: líon na n‑áiteanna le seasamh (nuair is iomchuí) || (S.2) 34. Uasluas (km/u) || (T) 35. Leibhéal fuaime: ina stad (dB(A)) || (U.1) 36. Leibhéal fuaime: luas an innill (min -1) || (U.2) 37. Leibhéal fuaime: ag tiomáint thart (dB(A)) || (U.3) 38. Astaíochtaí sceite: CO (g/km nó g/kWh) || (V.1) 39. Astaíochtaí sceite: HC (g/km nó g/kWh) || (V.2) 40. Astaíochtaí sceite: NOx (g/km nó g/kWh) || (V.3) 41. Astaíochtaí sceite: HC + NOx (g/km) || (V.4) 42. Astaíochtaí sceite: caithníní díosail (g/km nó g/kWh) || (V.5) 43. Astaíochtaí sceite: comhéifeacht ionsúcháin cheartaithe le haghaidh díosail (min -1) || (V.6) 44. Astaíochtaí sceite: CO2 (in g/km) || (V.7) 45. Astaíochtaí sceite: ídiú iomlán breosla (l/100 km) || (V.8) 46. Astaíochtaí sceite: tásc ar chatagóir comhshaoil an chineálcheadaithe CE; tagairt don leagan is infheidhme de bhun Threoir 70/220/CEE nó Threoir 88/77/CEE || (V.9) 47. Toilleadh an umair/na n‑umar breosla (lítir) || (W) 48. Dáta na tástála deireanaí ródacmhainneachta || -- 49. Dáta na chéad tástála ródacmhainneachta eile || -- 50. Míleáiste (más ann dó); || -- 51. Scrios na feithicle (Is ea/Ní hea) || -- 52. Dáta eisiúna an deimhnithe scriosta[24] || -- 53. Bunaíocht nó gnóthas a eisíonn an deimhniú scriosta || -- 54. Cúis leis an scriosadh || -- 55. Feithicil a goideadh (Is ea/Ní hea) || -- 56. Deimhniú clárúcháin agus/nó plátaí a goideadh (Is ea/Ní hea) || -- 57. Clárú neamhghníomhach || -- 58. Clárú ar fionraí || -- 59. Athrú ar an uimhir chlárúcháin || -- 60. Tástáil ródacmhainneachta de dhith tar éis timpiste ina ndearnadh drochdhamáiste don fheithicil || -- 61. Tástáil bhreise de dhith tar éis aon cheann de mhíreanna 9 go 47 a athrú nó a mhodhnú || IARSCRÍBHINN II Úsáid an fheidhmchláir dá
dtagraítear in Airteagal 7 1. Déanfar faisnéis a mhalartú
trí mhodh leictreonach idir‑inoibritheach gan sonraí a bhaineann le
bunachair sonraí eile a mhalartú. Déanfar an malartú faisnéise sin ar bhealach
costéifeachtúil agus slán agus áiritheofar sláine agus cosaint na sonraí a
tharchuirfear a mhéid is féidir agus úsáid á baint as na feidhmchláir atá ann
cheana. 2. Chun críocha an Rialacháin
seo, déanfar foráil san fheidhmchlár maidir le modh malartaithe fíorama ar line
agus/nó modh malartaithe baisce. Déanfaidh an modh malartaithe baisce foráil
maidir le haistriú iliomad iarrataí nó freagraí laistigh de theachtaireacht
amháin. 3. I gcás gach Ballstáit, is
orthu féin a bheidh na costais a thiocfaidh as riarachán, úsáid agus cothabháil
an fheidhmchláir dá dtagraítear i bpointe 1. 4. Gheobhaidh na húdaráis chlárúcháin,
ag baint úsáide as na nósanna imeachta uathoibríocha dá dtagraítear i bpointí 1
agus 2, an fhaisnéis ar na míreanna sonraí dá dtagraítear in
Iarscríbhinn I ó chláir leictreonacha feithiclí Ballstáit amháin nó níos
mó. 5. Beidh an feidhmchlár i bhfeighil
cumarsáide sláine a dhéanfar leis na Ballstáit eile agus déanfaidh sé teagmháil
le seanchórais chúil na mBallstát trí bhíthin XML. Déanfaidh na
Ballstáit teachtaireachtaí a mhalartú trína gcur go díreach chuig an
bhfaighteoir. 7. Déanfar na teachtaireachtaí
XML a chuirfear tríd an líonra a incriptiú. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag
an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
simplítear aistriú mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile laistigh den
mhargadh aonair 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[25] Teideal 2
– Fiontar – Caibidil 02 03: An margadh inmheánach in earraí agus beartas
earnálach 1.3. An cineál togra/tionscnaimh Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe 1a.
Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir
sonrach Uimh. 1: An acquis atá ann
cheana agus a bhaineann leis an margadh inmheánach a athbhreithniú go leanúnach
agus gníomhaíocht reachtach nó neamhreachtach nua a bheartú nuair is iomchuí. 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Is
é an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón tionscnamh seo feidhmiú an mhargaidh
aonair a fheabhsú trí bhacainní riaracháin a bhaineann le nós imeachta
athchlárúcháin mótarfheithiclí a bhaint, ar bacainní iad a chuireann isteach ar
shaorghluaiseacht mótarfheithiclí faoi láthair. Ba cheart go ndéanfadh an togra
seo nósanna imeachta athchlárúcháin na mótarfheithiclí atá cláraithe i
mBallstát eile a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shimpliú le haghaidh
saoránach, fostaithe, fostóirí, cuideachtaí carranna ar cíos agus ar léas agus
údarás clárúcháin. Ba cheart go ndéanfadh an togra seo ualach riaracháin na
ngníomhaithe ar fad lena mbaineann a laghdú gan cur isteach ar shábháilteacht
ar bhóithre nó ar choireanna agus calaois a chosc. Beidh
tionchar ag an togra seo ar shaoránaigh atá ag gluaiseacht ó thír amháin go tír
eile nó ar dhaoine a bhfuil teach saoire acu i mBallstát eile, agus ar dhaoine
a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin agus atá ag baint úsáide as
mótarfheithicil atá cláraithe ag a bhfostóir i mBallstát eile. Chomh maith leis
sin, is iad saoránaigh an príomhghrúpa custaiméirí do mhargadh athláimhe
mótarfheithiclí laistigh den AE. Beidh tionchar díreach ag an togra seo ar
thrádálaithe athláimhe agus ar chuideachtaí léasaithe agus ar chuideachtaí
carranna ar cíos freisin. Ar deireadh, beidh tionchar ag an togra seo ar
údaráis chlárúcháin mótarfheithiclí. Tugtar cur síos níos mionsonraithe sa mheasúnú
tionchair a ghabhann leis seo ar an tionchar a bheidh ag an togra. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. - Líon na ngearán; - Líon na gcásanna SOLVIT; - Líon na gcásanna cúirte; - Líon na n‑iarrataí chuig Lárionaid Eorpacha do
Thomhaltóirí; - Líon na n‑athchláruithe agus na ndí-chláruithe; - Comhairliúchán poiblí, go háirithe maidir leis an ualach
riaracháin; - Suirbhé a dhíríonn go sonrach ar an earnáil seo; - Suirbhé a dhíríonn go sonrach ar údaráis chlárúcháin
náisiúnta; - Staidreamh EUCARIS. 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is
é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú
trí bhacainní riaracháin a bhaineann le nós imeachta athchlárúcháin
mótarfheithiclí a bhaint, ar bacainní iad a chuireann isteach ar
shaorghluaiseacht mótarfheithiclí faoi láthair. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Tá
na gnéithe trasteorann a bhaineann le clárú mótarfheithiclí ag cruthú fadhbanna
fós laistigh den mhargadh aonair. Mar shampla, rinne an Chúirt Bhreithiúnais 17
mbreithiúnas agus ordú maidir leis na bacainní ar shaorghluaiseacht earraí,
seirbhísí agus daoine de thoradh cúrsaí a bhaineann le clárú carranna ó 2000 i
leith. I ngeall ar na héagsúlachtaí idir rialacha riaracháin ar an leibhéal
náisiúnta i ndáil le hathchlárú mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile,
cuirtear isteach ar shaorghluaiseacht na bhfeithiclí sin laistigh den AE. Dá
bhrí sin, tá sé de cheart ag an AE gníomhú ar bhonn Airteagal 114 den
CFAE, ar mhaithe le feidhmiú ceart an mhargaidh aonair a áirithiú le haghaidh
mótarfheithiclí athláimhe a ceannaíodh i mBallstát eile, le haghaidh saoránach
a aistríonn mótarfheithicil chuig Ballstát eile ina bhfuil cónaí orthu, le
haghaidh saoránach a úsáideann mótarfheithicil atá cláraithe i mBallstát a
bhfostaíochta, agus le haghaidh gnóthas carranna ar cíos (agus gnóthas
léasaithe freisin, ar leibhéal níos lú) a mbíonn bacainní maidir le húsáid
trasteorann na bhfeithiclí seo orthu féin nó ar a gcuid cliaint de thoradh ar
na riachtanais maidir le clárú. D’fhonn cloí le prionsabal na comhréireachta,
áfach, ní bheidh tionchar ag an togra seo ar athchláruithe laistigh den
Bhallstát céanna, ná ar aistriú mótarfheithicle laistigh den Bhallstát céanna. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Sa
bhreis ar thús a chur le nósanna imeachta um shárú, d'fhoilsigh an Coimisiún
teachtaireachtaí léirmhínitheacha ina dtugtar achoimre ar dhlí an AE i leith an
ábhair sin. Mar sin féin, tá dlí an AE agus dlí-eolaíocht na Cúirte
Breithiúnais ar an ábhar sin ag forbairt i gcónaí, agus mar sin téann formhór
na dteachtaireachtaí léirmhínitheacha maidir le clárú carranna as dáta go tapa,
lena n‑áirítear an teachtaireacht a foilsíodh in 2007. Ina theannta sin,
níl teachtaireacht léirmhínitheach ceangailteach, agus go dtí seo, ní Treoir ná
bac éifeachtach ar na Ballstáit é. Lena chois sin, cé go bhfuil na
teachtaireachtaí éagsúla léirmhínitheacha seo eisithe cheana féin ag an
gCoimisiún, ní féidir a mhaíomh gur éirigh leo líon na bhfadhbanna a laghdú. Tá
na húdaráis náisiúnta ar an eolas – nó ba cheart dóibh a bheith ar an eolas –
faoin teachtaireacht léirmhínitheach is déanaí, ach de ghnáth cuireann siad an
dlí náisiúnta i bhfeidhm i gcás coimhlinte idir rialacha náisiúnta agus an
teachtaireacht léirmhínitheach. Ní cosúil go mbeadh saoránaigh ná fiontair ar
an eolas faoin teachtaireacht, agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh
cúnamh sa teachtaireacht - ina bhfuil príomheilimintí dhlí an AE agus
dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais - dóibh i gcás coimhlinte. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Tá
an tionscnamh seo go hiomlán comhoiriúnach le hionstraimí ábhartha eile, go
háirithe Treoir 1999/37/CE an 29 Aibreán 1999 maidir leis na
doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí, Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le
feithiclí a bhfuil a ré caite, Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i
gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus
forfheidhmiú an dualgais chun árachú i gcoinne an dliteanais sin, Treoir 2004/919/CE
ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le dul i ngleic le coireacht
feithiclí a bhfuil impleachtaí trasteorann aici, Treoir 2008/615/JHA ón
gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar
trasteorann, go háirithe i leith sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann
a chomhrac, agus Treoir 2008/616/JHA ón gComhairle an
23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Treoir 2008/615/JHA
maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i leith
sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh
tréimhse neamhtheoranta 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Eagraítear
in Airteagal 13 den togra seo an measúnú ar an Rialachán ar cheart
tuarascáil a theacht as, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na
hEorpa agus na Comhairle ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin. Ba cheart go sainaithneofaí fosta sa mheasúnú fadhbanna agus easpaí
a d'fhéadfadh bheith ag an Rialachán agus d'fhéadfadh sé bheith mar phointe
tosaigh ag tuilleadh beart, lena n‑áirítear togra féideartha chun an
Rialachán a leasú ar mhaithe le simpliú breise riaracháin do shaoránaigh agus
do chuideachtaí agus comhtháthú níos fearr ar mhargadh aonair na
mótarfheithiclí athláimhe. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Níor
aithníodh aon rioscaí airgeadais a bheith ag baint leis an rogha seo. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Tá
na modhanna rialaithe atá beartaithe leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus
i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Ní mór don Choimisiún a áirithiú go gcosnaítear
leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i
gcoinne na calaoise, an éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile,
trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí
a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí a bheith ann, trí phionóis
éifeachtacha chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh, i gcomhréir le
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96
agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN[26] || ó thíortha CSTE[27] || ó thíortha is iarrthóirí[28] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta || [XX.YY.YY.YY] || LD/LN || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamhar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || 1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta || || DG: ENTR || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || IOMLÁN || Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG ENTR || Gealltanais || =1+1a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" || || DG ENTR || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || IOMLÁN || Acmhainní daonna || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 1.0 || Caiteachas riaracháin eile || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.5 || TOTAL DG ENTR || Leithreasuithe || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 || IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanais = Iomlán íocaíochtaí) || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 || IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 || Íocaíochtaí || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || Acmhainní daonna || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 1.0 Caiteachas riaracháin eile || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.1 || 0.5 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[29] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 0.3 || 1.5 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || || 02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[30] || || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "gclúdach iomlánaíoch") || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || XX 01 04 yy[31] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Línte buiséid eile (sonraigh) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || IOMLÁN || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || 0.2 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 || FTE = 1.5 Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe
taobh istigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Cur chun feidhme an Rialacháin a bhainistiú inter alia trí na gníomhartha cur chun feidhme agus b'fhéidir na gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tríd an meastóireacht a sheoladh. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha Tá an togra comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra
ar ioncam. [1] COM(2010) 603, 27.10.2010. [2] COM(2010) 2020, 3.3.2010. [3] http://ec.europa.eu/enterprise/policies/single-market‑goods/free-movement‑non‑harmonised-sectors/car-registration/view_contributions_en.htm [4] IO L 138, 1.6.1999, lch. 57. [5] IO L 263, 9.10.2007, lch. 1. [6] IO L 124, 9.5.2002, lch. 1. [7] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais
an 6 Meán Fómhair 2011, Philippe Bonnarde v. Agence de Services
et de Paiement, Cás C‑443/10. [8] IO L 105, 23.04.1983, lch. 59. [9] Breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2007, Coimisiún
na gComhphobal Eorpach v. Ríocht na hÍsiltíre, Cás C-297/05. [10] IO L 269, 21.10.2000,
lch. 34. [11] IO L 389, 30.12.2004,
lch. 28. [12] IO L 263, 7.10.2009, p. 11. [13] COM(2010) 744, 16.12.2010. [14] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [15] IO C , , lch. . [16] COM(2010)603 an 27.10.2010. [17] IO L 138, 1.6.1999,
lch. 57. [18] IO L 389, 30.12.2004,
lch. 28. [19] IO L 281, 23.11.1995,
lch. 31. [20] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [21] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13. [22] IO L 263, 9.10.2007,
lch. 1. [23] IO L 124, 9.5.2002, lch. 1. [24] Dá dtagraítear i
dTreoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO
L 269, 21.10.2000, lch. 34) arna leasú. [25] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [26] LD – Leithreasuithe difreáilte / LN –
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [27] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [28] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is
iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiara d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí. [29] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [30] CA= Gníomhaire ar conradh; INT=
Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune
Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire
áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [31] Faoin uasteorainn do phearsanra
seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA").